dánta agus rainn 3

16
Dánta agus Rainn 3 Dánta agus Rainn 3

Upload: akamu

Post on 02-Feb-2016

96 views

Category:

Documents


0 download

DESCRIPTION

Dánta agus Rainn 3. Bá, Bá, a Chaora Dhubh. Bá, Bá, a Chaora Dhubh, Tá olann dheas ort, Súgraigh liom, súgraigh liom, Istigh sa pháirc. Cá bhfuil an madadh? Ca bhfuil an bhó? Amharc ar an chaora dhubh ag súgradh leo!. Hé didil didil. Hé didil didil and cat ‘s an fhidil - PowerPoint PPT Presentation

TRANSCRIPT

Page 1: Dánta agus Rainn 3

Dánta agus Rainn 3Dánta agus Rainn 3Dánta agus Rainn 3Dánta agus Rainn 3

Page 2: Dánta agus Rainn 3

Bá, Bá, a Chaora Dhubh

Bá, Bá, a Chaora Dhubh,Tá olann dheas ort,Súgraigh liom, súgraigh liom,Istigh sa pháirc.Cá bhfuil an madadh?Ca bhfuil an bhó?Amharc ar an chaora dhubh ag súgradh leo!

Page 3: Dánta agus Rainn 3

Hé didil didilHé didil didil and cat ‘s

an fhidilChuaigh an bhó thar an

ghealach de léim!Ina shuí ar an staighre

rinne an coileán beag gáire

Is d’imigh an pláta leis an spunóg i gcéin!

Page 4: Dánta agus Rainn 3

Nigh na hÉadaíNigh na hÉadaíNigh na hÉadaíCuimil agus cuimilAgus nigh na héadaí

Fáisc na héadaíFáisc na héadaíFáisc agus fáiscAgus fáisc na héadaí

Page 5: Dánta agus Rainn 3

Nigh na hÉadaí

Croch amach na héadaí Croch amach na héadaí Croch agus crochAgus croch amach na héadaí

Séid, a ghaothSéid, a ghaothSéid agus séidAgus triomaigh na héadaí

Page 6: Dánta agus Rainn 3

Nigh na hÉadaíCrap isteach na héadaíCrap isteach na héadaíCrap agus crapAgus crap isteach na héadaí

Rith isteach abhaileRith isteach abhaileRith agus rithAgus rith isteach abhaile

Page 7: Dánta agus Rainn 3

Mo ChorpTá cluasa agam, tá súile agamTá gaosán abag i lárBéal faoi is fiacla istighIs teanga ar a bharr.

Gruaig, ceann, cosa, glúineDroim le bheith i mo luíLámha, méaraIs bolg mórIs tóin le bheith i mo shuí

Page 8: Dánta agus Rainn 3

Cinnín ÓirChuaigh Cinnín Óir go teach na

dtrí BhéarIs leim sí thart le bríChonaic sí babhla an-mhór,

babhla beag agus babhla beag bídeachIs lig sí a scíthD’ith sí ó gach ceann 1,2,3

Chonaic sí cathaoir an-mhór, cathaoir bheag,

Is cathaoir bheag bhídeachIs lig sí a scíthShuigh sí ar ghach ceann 1,2,3

Page 9: Dánta agus Rainn 3

Cinnín ÓirChonaic sí leaba an-mhór, leaba bheag,Is leaba bheag bhídeachIs lig sí a scíthLuigh sí ar ghach ceann 1,2,3

Chonaic sí Béar an-mhór, Béar beag,Is Béar beag bídeachAch níor lig sí a scíthMar chuala sí scread astu 1,2,3

Page 10: Dánta agus Rainn 3

An Tiománaí TraenachIs mise an tiománaí traenach puf, puf, puf, bíp, bíp.Is mise an tiománaí traenach puf, puf, puf, bíp, bíp.

Is mise an tiománaí traenach Ná bí thusa deánach

Is mise an tiománaí traenach puf, puf, puf, bíp, bíp.Is mise an tiománaí traenach puf, puf, puf, bíp, bíp.

Page 11: Dánta agus Rainn 3

NéilíAn bhfaca tusa Néilí?‘Sí mo bhábóg nua,Tá súile deas aici,Agus gruaig álainn rua.

Is girseach dheas í Néilí,

Ní chaoineann sí aon lá,Ach itheann sí a beilí,Agus codlaíonn sí go

sámh.

Page 12: Dánta agus Rainn 3

An GalrollóirTá an Galrollóir ag teachtTá an Galrollóir ag teachtAs an tslí, a sheilidíTá an Galrollóir ag teacht

...Teithigí, a phéistíní...

...Imigí, a fheithidí...

...Rithigí, a luchóga...

Page 13: Dánta agus Rainn 3

Amhrán na nGléasannaSeinnimid na castanéid, na

castanéid, na castanéidSeinnimid na castanéid,...

• Seinnimid na tamabóirín,...• Seinnimid na cloigíní,...• Seinnimid na

clingmhaidí,...• Seinnimid na triantáin,...

Page 14: Dánta agus Rainn 3

An ZúCad é a chonaic tú ag an zú inniu?Chonaic mé tíogar agus chonaic mé

rón,Chonaic mé nathair ag súgradh le

leon,Chonaic mé sin ag an zú inniu.

Page 15: Dánta agus Rainn 3

An ZúCad é a chonaic tú ag an zú inniu?Chonaic mé béar ag siúl anonn is

anall,Chonaic mé deilf insan uisce ag

snámh,Chonaic mé sin ag an zú inniu.

Page 16: Dánta agus Rainn 3

An ZúCad é a chonaic tú ag an zú inniu?Chonaic mé an séabra agus chonaic

mé a chlann,Chonaic mé moncaí ag léimnigh de

chrann,Chonaic mé sin ag an zú inniu.