dréimire caibidil 4 – 2018-2019 gael linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an...

22
Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn Cúpla dúshlán eile daoibh! freagraí samplacha, ailt léamhthuisceana, alt, athdhéanamh foclóra, gramadach, scrúdú cainte nósmhar Hurlamaboc, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, Bígí ag caint agus sraith pictiúr Féachaigí siar ar leathanaigh 50 agus 51 – freagraí anseo daoibh! Fadhb na hinimirce (lch 50) 6 (a) Aimsigh sampla d’ainmfhocal uatha sa tuiseal tabharthach in alt 1 agus de bhriathar sa mhodh ordaitheach in alt 2. ainmfhocal uatha sa tuiseal tabharthach faoi inimirce ar choilíniú ar an gceist ó imeacht i gcéin ó am go ham sa fichiú haois briathar sa mhodh ordaitheach – déanaimis 6 (b) Cén cineál/genre é an sliocht seo? Tabhair dhá shampla mar fhianaise. (Bíodh an freagra i d’fhocail féin. Is leor 60 focal.) Is dóigh liom gur tuairisc staire atá sa sliocht seo toisc (i) go ndéantar tagairtí do stair na himirce tríd síos agus (ii) go dtugtar cur síos ar éifeacht stairiúil na hinimirce ar an saol polaitiúil. (i) Sa chéad cheithre alt insítear dúinn faoi nithe mar ionsaithe na Breataine ar Éirinn, ar an imirce ó Éirinn go tíortha eile agus ar ar tharla do Pholannaigh agus do Shiaraigh. ©Nice_Media.shutterstock (ii) Maidir le tionchar stairiúil na hinimirce, insítear dúinn, in alt 3, gurb é Béarla príomhtheanga na tíre seo mar gheall ar ionsaithe ón mBreatain – agus, in alt 4, faoin gciníochas a bhris amach mar gheall ar theitheadh na ndídeanaithe óna dtíortha féin. Ábhar roghnach (lch 51) 6 (a) Aimsigh sampla den ghinideach uatha baininscneach in alt 3 agus den chopail san aimsir chaite in alt 5. an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile an chopail san aimsir chaite ba mhór an tionchar chreid dílseoirí gurbh í 6 (b) Agus an sliocht léite agat, cad é do thuairim faoin stair a bheith ina hábhar roghnach? (Bíodh an freagra i d’fhocail féin. Is leor 60 focal.) Creidimse go láidir gur cheart stair a bheith éigeantach mar ábhar i scoileanna na tíre seo. Caithfidh mé a rá go raibh idir uafás agus díomá orm nuair a léigh mé, sa chéad alt, nár aithin daltaí an © Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Upload: others

Post on 09-Mar-2020

23 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn

Cúpla dúshlán eile daoibh! freagraí samplacha, ailt léamhthuisceana, alt, athdhéanamh foclóra, gramadach, scrúdú cainte nósmhar

Hurlamaboc, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, Bígí ag caint agus sraith pictiúr

Féachaigí siar ar leathanaigh 50 agus 51 – freagraí anseo daoibh!

Fadhb na hinimirce (lch 50) 6 (a) Aimsigh sampla d’ainmfhocal uatha sa tuiseal tabharthach in alt 1 agus de bhriathar sa mhodh ordaitheach in alt 2. • ainmfhocal uatha sa tuiseal

tabharthach faoi inimirce ar choilíniú

ar an gceist ó imeacht i gcéin ó am go ham sa fichiú haois

• briathar sa mhodh ordaitheach – ná déanaimis

6 (b) Cén cineál/genre é an sliocht seo? Tabhair dhá shampla mar fhianaise. (Bíodh an freagra i d’fhocail féin. Is leor 60 focal.) Is dóigh liom gur tuairisc staire atá sa sliocht seo toisc (i) go ndéantar tagairtí do stair na himirce tríd síos agus (ii) go dtugtar cur síos ar éifeacht stairiúil na hinimirce ar an saol polaitiúil. (i) Sa chéad cheithre alt insítear dúinn faoi nithe mar ionsaithe na Breataine ar Éirinn, ar an imirce ó Éirinn go tíortha eile agus ar ar tharla do Pholannaigh agus do Shiaraigh. ©Nice_Media.shutterstock

(ii) Maidir le tionchar stairiúil na hinimirce, insítear dúinn, in alt 3, gurb é Béarla príomhtheanga na tíre seo mar gheall ar ionsaithe ón mBreatain – agus, in alt 4, faoin gciníochas a bhris amach mar gheall ar theitheadh na ndídeanaithe óna dtíortha féin.

Ábhar roghnach (lch 51) 6 (a) Aimsigh sampla den ghinideach uatha baininscneach in alt 3 agus den chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach

mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile

• an chopail san aimsir chaite ba mhór an tionchar chreid dílseoirí gurbh í

6 (b) Agus an sliocht léite agat, cad é do thuairim faoin stair a bheith ina hábhar roghnach? (Bíodh an freagra i d’fhocail féin. Is leor 60 focal.) Creidimse go láidir gur cheart stair a bheith éigeantach mar ábhar i scoileanna na tíre seo. Caithfidh mé a rá go raibh idir uafás agus díomá orm nuair a léigh mé, sa chéad alt, nár aithin daltaí an

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 2: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

logainm Cnoc Fhiodh na gCaor. Tá sé náireach nár aithin siad ceann d’imeachtaí móra stair na tíre seo – Éirí Amach 1798.

Chomh maith leis sin, is léir, ón bhfianaise in ailt 4 agus 5, gur mór an tionchar a bhíonn ag eolas ar chúrsaí staire ar staid pholaitiuil na tíre.

Ba cheart stair a bheith ina hábhar éigeantach gan aon dabht.

Trialacha léamhthuisceana eile daoibh! Saoirse agus neamhspleáchas 1 Tá praghsanna tithe imithe chomh mór sin ó smacht nach féidir le tuismitheoirí óga morgáiste a thógáil amach gan a bheith ag obair ó dhubh go dubh. Agus bíonn orthu táillí móra chúram leanaí a íoc chomh maith. Le linn laethanta saoire scoile, mar shampla, is gá airgead breise a chaitheamh ar pháistí chun iad a choinneáil sona a fhad is a bhíonn Mam agus Daid ag obair. Is é an donas ná nach bhfaigheann páistí bochta saoirse ar bith ó imeachtaí eagraithe – idir champaí samhraidh, chúrsaí ealaíne agus a leithéidí. Bíonn siad teanntaithe i gcónaí ag feighlithe, ag múinteoirí agus ag tuismitheoirí. Maoirseacht gan stad!

2 Tráth dá raibh bhíodh muintir óg na hÉireann saor i rith an tsamhraidh. Ligtí amach an doras ar maidin iad, d’fhillidís ar an mbaile don lón agus ní fheictí arís iad go dul faoi na gréine! Mo léan, ní fheictear mórán páistí ag imirt cluichí ná ag súgradh ar na sráideanna na laethanta seo. Bíonn eagla ar thuismitheoirí go leagfaidh carr iad nó go bhfuadófar nó go n-ionsófar iad. Ach ag an am céanna, níl sé

nádúrtha gasúir óga a bheith faoi smacht an t-am ar fad. Nuair a shroicheann siad deich mbliana d’aois, is breá leo an ceantar máguaird a iniúchadh nó a fhiosrú. Agus is tríd an spraoi a fhoghlaimíonn siad faoin saol mór.

3 Níl go leor scileanna ag páistí áirithe chun déileáil le páistí eile. Ní fhaigheann siad an deis sin toisc nach gcaitheann siad go leor ama, gan mhaoirseacht, i gcuideachta daoine ar comhaois leo. Caoga bliain ó shin ba ar éigean teilifiseán a bheith ag teaghlach. Níorbh ann d’aon teicneolaíocht a mheallfadh páistí ó bheith ag spraoi le

chéile. Sheoltaí páistí amach as bealach máith-reacha a bhíodh ag iarraidh aire a thabhairt do scata naíonán, teach a ghlanadh agus béilí a ullmhú! Anois tá saol na n-óg millte ag fóin phóca, ag leithéidí Netflix agus ag táibléid.

4 Mar gheall ar an méid ama a chaitheann an dream óg os

comhair scáileáin, tá an-chuid acu ag titim chun feola. Ní dhéanann siad cleachtadh coirp mar is ceart agus ní hamháin sin, ach coirp mar is ceart agus ní hamháin sin, ach coirp mar is ceart agus ní hamháin

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 3: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

sin, ach itheann siad an iomarca bia ghasta freisin. Beidh galar croí agus tinnis eile orthu amach anseo mura dtagann athrú ar a saol. Chomh maith leis sin, beidh impleachtaí móra ag an otracht ar sparán an rialtais. Fásfaidh an buiséad sláinte as cuimse agus ardófar cánacha dá réir.

5 Caithfear páistí a mhealladh chun páirt ghníomhach rialta a ghlacadh in imeachtaí spóirt. Is dóigh liom féin gur laochra iad tuismitheoirí a ghlacann páirt sa spórt mar bhainisteoirí nó mar thraenálaithe. Cuir-eann siad an t-aos óg ar bhealach a leasa. Ní foláir do thuismitheoirí, don rialtas agus d’údaráis scoile daoine óga a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le bia sláintiúil agus faoin dochar a dhéanann mearbhia don chorp. Agus creidimse gur den riachtanas go gcuirfí dlíthe trí Thithe an Oireachtais chun srian a chur le margaíocht bhia ghasta. Tuigim go bhfuil na dlíthe seo ar na bacáin cheana féin. Más mall is mithid. Neosfaidh an aimsir!

Gluais teanntaithe = sáinnithe hemmed in mearbhia = bia gasta

maoirseacht = stiúradh supervision ar na bacáin = á ullmhú otracht obesity neosfaidh = inseoidh

Ceisteanna 1 (a) (i) Luaigh dhá fhadhb a chruthaíonn praghsanna tithe do thuismitheoirí óga. (Alt 1) (ii) Céard a bhíonn le déanamh le linn laethanta saoire? (Alt 1) (b) Dhá phointe uait maidir leis an ‘donas’ a luaitear. (Alt 1) 2 (a) Tabhair dhá phíosa eolais faoin tsaoirse a bhíodh ag páistí in Éirinn fadó. (Alt 2)

(b) (i) Cén dá chúis eagla a bhíonn ag tuismitheoirí? (Alt 2) (ii) Conas a fhoghlaimíonn páistí faoin saol mór? (Alt 2) 3 (a) (i) Cad chuige nach mbíonn go leor scileanna ag cuid acu chun déileáil le páistí eile? (Alt 3) (ii) Luaigh dhá rud a bhíodh á ndéanamh ag máithreacha. (Alt 3) (b) Ainmnigh dhá ní a loiteann saol na bpáistí inniu. (Alt 3) 4 (a) Cén fáth a bhfuil

daoine óga ‘ag titim chun feola’? Bíodh dhá chúis agat i do fhreagra. (Alt 4) (b) (i) Cad a tharlóidh dá sláinte amach anseo? (Alt 4) (ii) Luaigh dhá impleacht a bheidh ag an otracht ar sparán an rialtais. (Alt 4) 5 (a) Cén chaoi ar ‘laochra’ iad tuismitheoirí áirithe? Bíodh dhá phointe i do fhreagra agat. (Alt 5) (b) (i) Breac síos dhá rud ar cheart a dhéanamh chun daoine óga a chur ar bhealach a leasa. (Alt 5) (ii) Céard ba cheart a dhéanamh i dTithe an Oireachtais? (Alt 5) 6 (a) Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach sa ghinideadh uatha in alt 4 agus den saorbhriathar sa mhodh coinníollach in alt 5.

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 4: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

(b) Cén cineál/genre é an sliocht seo? Tabhair dhá shampla mar fhianaise. (Bíodh an freagra i d’fhocail féin. Is leor 60 focal.) Oileán agus oileáin eile 1 Stát é Singeapór atá déanta suas d’oileán mór amháin agus 62 oileáinín eile, suite san Áis i ndeisceart leithinis an Mhalae. Tá clú agus cáil air mar gheall ar an gclaochlú a tháinig ar an tír faoi cheannas a bunaitheora Lee Kuan Yew. Sa bhliain 1965 a bunaíodh an náisiún ardcheannasach seo, tar éis blianta faoi chumacht na Breataine ag amanna éag-súla agus faoi chumhacht na Seapáine i rith an dara cogadh domhanda. Bhí blianta diana aige nuair a baineadh an neamhspleáchas amach. B’oileán bocht, neamhfhorbartha é, le ráta ard dífhostaíochta, ráta fáis an-tapa sa daonra, tithe agus sláintíocht ar dhrochchaighdeán agus teannas idir ghrúpaí éagsúla eitneacha. Ainneoin gan acmhainní nádúrtha a bheith aige, áfach, agus ainneoin gan mórán de thalamh thart air, d’éirigh leis na daoine, faoi stiúir Lee Kuan Yew, geilleagar láidir cumhachtach a bhunú, bunaithe ar thrádáil eachtrach agus ar lucht saothair na tíre.

2 Is cathairstát é, cosúil le Monacó agus le Cathair na Vatacáine, áiteanna nach bhfuil iontu ach cathair nó baile amháin agus an ceantar máguaird. Tá cathair Shingeapór 98 n-uaire níos lú ná Éire – agus daonra 5.6 milliún ina gcónaí ann! Tagann 39% den daonra ó thíortha eile ó dhúchas. Tá ceithre theanga oifigiúla ann – Béarla,

Malaeis, Mandairínis agus Tamailis. Labhraíonn an chuid is mó de na daoine dhá theanga agus úsáidtear an Béarla mar theanga don chuid is mó den chumarsáid idir dhreamanna éagsúla. Tá ilchiníochas an-tábhachtach ann – agus é cumhdaithe sa Bhunreacht ó fuair an náisiún a neamhspleáchas. Bíonn tionchar láidir ag an

ilchiníochas ar pholasaithe náisiúnta san oideachas, i dtithíocht, sa pholáitíocht agus i gcodanna eile den saol.

3 Faoi mar a tharlaíonn in Éirinn, tug-ann an stát tacaíocht don oideachas ag gach leibhéal – bunscoileanna, scoil-eanna dara leibhéal agus ionaid tríú leibhéal. Is é an Béarla an teanga a úsáidtear sna scoileanna, agus fiú má bhíonn teanga eile ó dhúchas ag dalta, foghlaimíonn sé gach ábhar trí mheán an Bhéarla. Tá an córas bunscolaíochta, a mhaireann sé bliana, éigeantach do gach duine agus dírítear sa chuid seo den

oideachas ar fhorbairt scileanna sa Bhéarla, sa mháthairtheanga, san eolaíocht agus sa mhatamaitic. Maireann an córas dara leibhéal ceithre nó cúig bliana agus bíonn rogha ann idir oideachas speisialta, oideachas tapa, oideachas normálta (acadúil) agus oideachas normálta (teicniúil). Bíonn gach ceann acu ar fáil i ngach scoil, agus braitheann an rogha ar chumas an dalta. Bíonn leibhéal eile – leibhéal réamhollscolaíochta – ar fáil ina dhiaidh sin dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh freastal ar ollscoil. Éiríonn go hiontach le daltaí Shingeapór i dtástálacha tagarmhairc. Sa bhliain 2015 tháinig daltaí bunscoile agus iar-bhunscoile sa chéad áit i rangú an OECD as 76 thír.

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 5: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

4 Tá an córas sláinte i Singeapór an-éifeachtach agus is cosúil go bhfuil muintir na tíre an-sláintiúil, go háirithe i gcomparáid linne anseo in Éirinn. Le fiche bliain anuas tá an ráta báis naíonán is ísle ar domhan aici, le beirt as gach míle i gcomparáid le triúr as gach míle in Éirinn. Seasann an t-ionchas saoil ag 80 d’fhir agus ag 85 do mhná, i gcomparáid le 80 agus 83 faoi seach in Éirinn. Tá ráta murtaill níos lú ná 10% ann, i gcomparáid le ráta 25% in Éirinn! 5 Mar gheall ar an dlús daonra a bheith an-ard, cruthaíonn Cathairstát Shingeapór go leor deacrachtaí don timpeallacht – truailliú aeir agus uisce ina measc. Ó bunaíodh an stát sa bhliain 1819 glanadh 95% den fhásra chun spás a dhéanamh do dhaoine. Dá bharr sin, cailleadh go leor speicis éan agus ainmhithe. Ach é sin ráite, tá iarrachtaí á ndéanamh go leanúnach le troid i gcoinne fadhb-anna timpeallachta. Tá sráideanna na cathrach an-ghlan ar fad. Ní bhíonn boscaí bruscair le feiceáil orthu – ná aon bhruscar ina luí thart ach oiread. Bíonn gach duine freagrach as a bhruscar féin a thabhairt abhaile agus fáil réidh leis ar bhealach stuama – rud a dhéantar gan teip.

Gluais leithinis peninsula ilchiníochas multiracialism claochlú = athrú mór

cumhdaigh = clúdaigh, cosain ardcheannasach sovereign tagarmharc benchmark sláintíocht sanitation dlús = tiús density ionchas saoil life expectancy murtall obesity stuama = ciallmhar

geilleagar = eacnamaíocht eachtrach = iasachta foreign faoi seach respectively éigeantach compulsory míntíriú reclamation

Ceisteanna 1 (a) Cén áit a bhfuil Singeapór suite? Tabhair dhá phointe eolais. (Alt 1) (b) (i) Ainmnigh dhá dheacracht a bhí ag an tír le linn blianta tosaigh an neamhspleáchais. (Alt 1) (ii) Cén duine a stiúir an obair atógála sna blianta sin? (Alt 1)

2 (a) Luaigh difríocht amháin idir Singeapór agus Éire. (Alt 2) (b) (i) Tabhair dhá phointe eolais faoi na teangacha a labhraítear i Singeapór. (Alt 2) (ii) Ainmnigh dhá earnáil ina dtugann an rialtas aghaidh ar na deacrachtaí a bhaineann le hilchiníochas sa tír. (Alt 2) 3 (a) Luaigh dhá chosúlacht idir na córais oideachais i Singeapór agus in Éirinn. (Alt 3) (b) (i) Dhá phíosa eolais uait

faoi chóras oideachais Shingeapór ag an dara leibhéal. (Alt 3) (ii) Cén cruthúnas atá ann go bhfuil an córas sin éifeachtach? (Alt 3) 4 (a) (i) Breac síos an t-eolas a thugtar maidir le ráta báis naíonán agus le hionchas saoil i Singeapór. (Alt 4) (ii) Cén t-eolas a thugtar maidir le ráta báis naíonán agus le hionchas saoil in Éirinn. (Alt 4) (b) (i) Cad deirtear faoin ráta murtaill i Singeapór? (Alt 4) 5 (a) (i) Ainmnigh dhá bhealach ina gcruthaíonn Cathairstát Shingeapór fadhbanna timpeallachta. (Alt 5) (ii) Luaigh dhá speiceas a fhulaingíonn mar gheall air sin. (Alt 5)

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 6: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

(b) ‘Tá sráideanna na cathrach an-ghlan ar fad.’ Cad chuige sin? 6 (a) Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach in alt 3 agus d’ainmfhocal baininscneach leis an alt in alt 5. (b) Bunaithe ar an eolas sa sliocht, déan plé, i d’fhocail féin ar na cúiseanna ar scríobh an t-údar an sliocht seo. (Is leor 60 focal.) Éire aontaithe i ndán dúinn? Níos lú ná céad bliain ó shin ba thír aontaithe í Éire, cé go raibh sí faoi cheannas na Breataine. Is beag náisiún atá go hiomlán aontaithe inniu, ar ndóigh. Tá deighiltí ann ó thaobh na polaitíochta agus na heacnamaíochta de, fiú sa domhan thiar. Agus nach íorónta gurb é an fáth a bhfuiltear ag caint ar athaontú na hÉireann anois ná go bhfuil easaontú idir ár gcomharsa, an Bhreatain, leis an Aontas Eorpach?

Tháinig sé aniar aduaidh ar a lán daoine trí bliana ó shin, nuair a vótáil pobal na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil ina ndiaidh. Is cosúil go dtarlóidh Breatimeacht i gceann cúpla mí, pé cineál socraithe a bheidh ann.

Cad é an tionchar a bheidh aige sin ar Éirinn, áfach? Maíonn Theresa May go mairfidh an ‘caidreamh speisialta’ idir an Ríocht Aontaithe agus Éire tar éis an Bhreatimeachta. Ach is deacair a fheiceáil nach mbeidh deacrachtaí ag baint leis an teorainn ar an oileán seo nuair a fhágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach.

Vótáil tromlach na ndaoine sna Sé Chontae i gcoinne Brexit agus, mar gheall air sin, mhol roinnt polaiteoirí gur chóir pobalbhreith ar cheist na teorann a bheith ann. An chiall a bhí taobh thiar den mholadh sin ná nach mbeadh sé daonlathach cur ar phobal na Sé Chontae an tAontas Eorpach a fhágáil in éadan a dtola.

Go deimhin, tá tromlach mhuintir na hAlban i bhfách le fanacht san Aontas Eorpach chomh maith. De réir Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon, ciallaíonn sé sin gur chóir do phobal na tíre sin reifreann eile a bheith acu i dtaca leis an neamhspleáchas. Má tharlaíonn sé sin, creideann cuid mhór daoine go roghnóidh Albanaigh an neamh-spleáchas an uair seo.

Céard faoi na Sé Chontae, áfach? An bhfuil sé in am anois a bheith ag caint ar scoilt leis an mBreatain níos mó ná céad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca? De réir polaiteoirí náisiúnacha ó thuaidh agus eacnamaithe mar David McWilliams, tá.

Deir McWilliams go bhfuil athruithe móra tarlaithe sa tír seo le céad bliain anuas. Ba trí chlaonroinn toghlach a bunaíodh stát Thuaisceart Éireann ag tús an fichiú haois – sa chaoi go mbeadh tromlach aontachtaithe ann. Tá an tromlach sin beagnach imithe anois, áfach. D’imigh a lán de na haontachtaithe óga chun na hollscoile i Sasana agus in Albain na blianta ó shin agus d’fhan siad thall. Ar an láimh

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 7: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

eile, tá líon na náisiúnach óg ag méadú agus iad oilte, ábalta agus muiníneach. Cad a cheapann muintir na Sé Chontae anois, mar sin? An bhfuil an t-am ann Éire aontaithe a bheith ann arís? Rinne The Times pobal-bhreith roimh an Nollaig, inar cuireadh an cheist ar léitheoirí ó thuaidh. Dúirt beagnach 50% de na daoine a d’fhreagair an suirbhé gur cheap siad gur chóir go mbeadh Éire Aontaithe ann tar éis Brexit. De réir McWilliams, déanann athaontú ciall eacnamaíoch freisin. An dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht?

©TheOldMajor/shutterstock.com Gluais

deighilt = scoilt split claonroinn toghlach gerrymander íorónta ironic tuar = comhlíonadh tairngreacht prophecy

i bhfách le = i bhfabhar neamhspleáchas independence pobalbhreith = vótáil phoiblí public poll

Obair duit Scríobh aiste dar teideal Buntáistí an Bhreatimeachta.

Athdhéanamh foclóra ar ábhar an dlúthdhiosca Chuala tú na téarmaí seo thíos ar chlé ar an dlúthdhiosca. An féidir leat iad a mheaitseáil leis na cinn ar dheis?

1 urlabhraí A inis, píosa talún agus uisce thart air 2 i gceannas ar B cloisteáil 3 seirbhís iompair C plean, córas gníomhaíochta 4 oileán D duine a chuireann eagar ar iris, ar

nuachtán nó ar leabhar 5 díosal E i mbun 6 scéim F go ginearálta 7 go luath G córas chun paisinéirí a iompar ó áit go

háit 8 eagarthóir H barúlacha 9 cluinstin J cabhraigh 10 i gcoitinne K duine a labhraíonn thar ceann daoine

eile 11 cuidigh L breosla a chuirtear i gcarranna 12 tuairimí M i gceann tamaill ghairid

Cum abairtí de do chuid féin agus bíodh nathanna cainte ón liosta ar chlé thuas agat iontu. Sampla – Scríobh mé chuig eagarthóir an nuachtáin chun gearán a dhéanamh faoi alt a d’fhoilsigh an páipéar le déanaí.

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo)

Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 8: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

Baineann na nodanna thíos le hábhar an dlúthdhiosca. An féidir libh iad a oibriú amach agus a líonadh isteach sa chrosfhocal?

Freagraí ar an leathanach deireanach thíos

Gramadach – Réamhfhocal simplí ó lch 53

Leid Nuair a thagraíonn ar nó thar d’am nó do staid, ní leanann séimhiú iad.

ar maidin ar ceal thar ceann thar fóir

An réamhfhocal simplí leis an alt (an) San aiste ar leathanach 52 tá línte faoi roinnt samplaí de réamhfhocail shimplí a leanann alt agus ainmfhocal iad.

Obair bheirte Sula mbreathnaíonn sibh ar na treoracha thíos, bígí ag obair i mbeirteanna. Féachaigí ar na samplaí san aiste agus déanaigí iarracht na rialacha a oibriú amach daoibh féin.

Leid Leanann urú an réamhfhocal simplí agus an t-alt de ghnáth. ar an mbus ag an bhfuinneog faoin gcailín chuig an ngeata Leanann séimhiú don, den agus sa.

sa bhád don mháthair den chrann san roimh ghuta → san amharclann san oigheann

Ní chuirtear urú ná séimhiú ar d, ar t, ar s ná ar ghuta. in aice leis an doras faoin teach sa siopa ar an ardán

Cuirtear t roimh s nuair is ainmfhocal baininscneach a bhíonn i gceist. ar an tsrón don tseachtain sa tsaotharlann Ní dhéantar aon athrú tar éis go dtí an. go dtí an banc Tabhair aird faoi leith orthu seo! ó + an = ón go + an = go dtí an le + an = leis an faoi + an = faoin do + an = don i + an = sa (san roimh ghuta) de + an = den trí + an = tríd an

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Trasna 5 seomra ina ndéantar obair

eolaíochta (11) 6 tabhair eolas do dhuine (4) 7 ag súil go mór (2,5) 10 an tríú mí den bhliain (5) 11 beirt ar comhaois sa chlann

chéanna (5) 13 baile mór san iarthar (4,2,4) 15 ar ardchaighdeán (3,5) 16 más é do thoil é (2,2,5)

Síos 1 cuid bheag, méid beag (6) 2 grúpa ceoltóirí (5) 3 cineálta, mín, deas (5) 4 a lán tithe le chéile, ____

tithíochta (6) 8 líon tí (9) 9 taobh amuigh, amuigh faoin

aer (8) 12 contae san iarthar (5,2) 14 cúram (4)

1 2 3

4

5 6

7 8 9

10

11

12

13

14

15

16

Page 9: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíiní. 1 Bhí Dylan i láthair (ag : an : fleá). 2 Thit Diarmaid (i : grá) (le : Ciara). 3 Tógadh an Titanic (i : Béal Feirste) (i : an : bliain) 1911. 4 Bhí ceiliúradh acu (ar : an : sráid). 5 Beidh scrúdú againn (ag : tús) na míosa. 6 D’ith mé bricfeasta mór (ar : maidin). 7 Thit an leabhar (de : an : bord). 8 Labhair Caoimhe (thar : ceann) an ranga. 9 Léim na buachaillí (thar : an : balla). 10 Thiomáin m’athair (chuig : an : ospidéal).

Freagraí gramadaí (lch 61)

1 Tá triúr iníonacha ag Gordon Ramsey. 2 Ba sa bhliain dhá mhíle is a trí déag (dhá mhíle is a dó

dhéag / dhá mhíle is a haon déag / dhá mhíle is a deich) a rugadh mé.

3 Bhain sé an tríú háit amach sa rás. 4 Tá ceithre chéad daichead dalta sa scoil seo. 5 Ba í Máire Mhic Róibín an chéad bhan-Uachtarán ar

Éirinn. 6 Thosaigh an dara cogadh domhanda sa bhliain míle naoi

gcéad tríocha is a naoi. 7 Tá seacht n-ábhar agam don ardteist, ach tá mo chara ag

déanamh staidéir ar ocht gcinn. 8 Titeann a bhreithlá ar an tríú lá de mhí an Mhárta. 9 Is í seo m’uimhir ghutháin – a náid, a hocht, a trí, a dó, a

haon, a trí, a ceathair, a sé, a cúig, a hocht. 10 Tá cónaí ar phríomhaire na Breataine in Uimhir a Deich

Sráid Downing. 11 Tá ceathrar mac ag Wayne Rooney. 12 Bhí ochtar múinteoirí is fiche i mo bhunscoil. 13 Leagadh céad (is) tríocha bord amach sa halla.

14 Is é Micheál D Ó hUiginn an naoú hUachtarán ar Éirinn.

15 Fuair an milliúnú custaiméir in Tesco duais mhór.

16 Chaill an fear ramhar ceithre chloch déag

meáchain nuair a chuaigh sé ar aiste bia. 17 Chaith mo dheartháir deich mbliana san Astráil. 18 Tá aon bhall déag ar an mBord Stiúrthóirí. 19 Táim ag foghlaim Gaeilge le ceithre bliana déag. 20 Dúirt an príomhoide é sin cúig huaire as a chéile. 21 Tá a lán cóipleabhar caillte againn. Níl fágtha ach trí cinn. 22 Bíonn dhá sheachtain is caoga i ngach bliain. 23 Fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth, fiche bliain ag

cromadh, fiche bliain gur cuma ann nó as! 24 D’éirigh níos fearr leis an dalta sa dara bliain ná mar a

d’éirigh leis sa chéad bhliain. 25 Rinne mé cúrsa trí seachtaine sa Ghaeltacht.

Scrúdú cainte nósmhar (lch 58) 1 Cad a cheapann tú faoi Uachtarán na hÉireann? Caithfidh mé a rá go bhfuil meas mór agam ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn. Is dóigh liom gur fear ionraic macánta é, a oibríonn go dian dícheallach ar son na tíre. Tá áit speisialta ina chroí aige don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus don chultúr gaelach – agus is aoibhinn liom é sin. Is breá leis na cluichí gaelacha agus is minic é le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh. Tá múinín

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 10: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

iomlán agam as agus is breá liom é a fheiceáil ar an stáitse idirnáisiúnta le ceannairí eile an domhain. Labhraíonn sé go hoilte agus go cúramach i gcónaí agus is cainteoir an-suimiúil é. Tá mé an-sásta le hUachtarán na hÉireann – agus tá áthas an domhain orm gur toghadh arís é cúpla mí ó shin. ©Rihardzz/Shutterstock.com 2 Inis dom faoin bhfadhb shóisialta is mó atá in Éirinn faoi láthair, dar leat. Tá an-chuid fadhbanna sóisialta in Éirinn faoi láthair, ach is dóigh liom gurb í easpa tithíochta an ceann is measa. Níl go leor tithe ar fáil do mhuintir na tíre. Sin í an fhírinne lom. Tá na praghsanna imithe go hiomlán ó smacht, dar liom. Féach ar an méid daoine a chodlaíonn amuigh faoi sholas na gealaí faoi láthair. Tá sé náireach go dtarlaíonn a leithéid. Agus daoine eile ag cur futhú in óstáin!

Samhlaigh a bheith i do chónaí i seomra óstáin maidin agus oíche. Bheadh sé sin go huafásach. Is dóigh liom go gcaithfidh

an rialtas tabhairt faoin bhfadhb seo láithreach.

3 An leanann tú blag ar bith? Inis dom faoi. Is aoibhinn liom blaganna, go háirithe na cinn a bhíonn dírithe ar chúrsaí faisin. Bainim an-taitneamh as a bheith ag éisteacht le daoine ag cur síos ar na héadaí nua a bhíonn ar fáil i siopaí éagsúla gach seachtain. Is caitheamh aimsire iontach é a bheith ag féachaint orthu agus sábhálann sé an-chuid ama ag an deireadh seachtaine dom. Bíonn a fhios agam láithreach cad a bhíonn le ceannach agam nuair a théim go dtí an baile mór le mo chairde! 4 Cad iad na rialacha atá sa scoil seo? Tá rialacha i ngach scoil in Éirinn agus ní haon éisceacht í an scoil seo againne. Tá na gnáthrialacha againn – gan bulaíocht a dhéanamh, an éide scoile a chaitheamh i gcónaí, obair bhaile a dhéanamh go rialta agus meas a bheith againn ar a chéile. Ar ndóigh, níl drugaí, alcól ná tóitíní ceadaithe in aon chor. Tá rialacha eile ann freisin, a chabhraíonn go mór linn. Má thógann tú, mar

shampla, na treoracha a bhaineann leis an mbialann, níl deochanna súilíneacha ná bia gasta ceadaithe. Riail an-chiallmhar í sin, dar liom. Ní bhíonn ach bia sláintiúil ar díol sa cheaintín. 5 An bhfuil aon riail i bhfeidhm sa scoil seo nach n-aontaíonn tú léi? Labhair liom faoin riail sin. Níl an fón póca ceadaithe in aon chor anseo agus is fuath liom an riail sin. Sílim go bhfuil sé sin go huile is go hiomlán as dáta sa lá atá inniu ann. Cén fáth nach mbainfí leas as fón

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo)

Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 11: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

póca? Nach féidir linn é a úsáid mar áis foghlama? Nach mbeadh sé úsáideach chun sinn féin a thaifeadadh mar chleachtadh don scrúdú cainte seo, cuir i gcás? B’fhearr liom i bhfad dá ndéanfaí athmhacnamh maidir leis an tseanriail seo.

Sraith pictiúr 4 Ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead!

Ag obair i mbeirteanna, cuirigí na ceisteanna seo ar a chéile agus freagraígí iad. Ní gá na freagraí a scríobh síos. Is leor iad a phlé. © yakub88 Shutterstock.com 1 Cad a bhí ar siúl ag

Aoife agus ag Daragh? 2 Cén fógra a thug siad

faoi deara? 3 Cá raibh an cheol-

choirm ar siúl? 4 Cé mhéad a chosnódh

na ticéid? 5 Cá bhfuair Aoife cárta

creidmheasa Dhaid? 6 Céard a rinne Aoife

agus Daragh leis an gcárta creidmheasa?

7 Cén fáth a raibh siad ‘an-sásta leo féin’?

8 Cad a rinne an slua a luaithe is a tháinig an banna amach ar an stáitse?

9 Conas a chaith an lucht féachana a gcuid ama le linn na ceolchoirme?

10 Cathain a fuair Daid cuntas an chárta creidmheasa sa phost? 11 Conas a mhothaigh sé nuair a léigh sé an cuntas, dar leat? 12 Cár bhuail an teaghlach le chéile? 13 Cad a cheap Mam faoi chúrsaí? 14 Cén míniú a thug Aoife ar an scéal? 15 Céard a cheap Daragh faoi sin? 16 Cén fáth a raibh díomá ar na tuismitheoirí? 17 Cén pionós a gearradh ar na páistí? 18 Conas a mhothaigh siad faoi sin, dar leat? 19 Cad a rinne na tuismitheoirí le linn do na páistí a bheith ag

glanadh an tí? 20 Mínigh an ceacht a bhí foghlamtha acu, i do thuairimse.

Sraith pictiúr 9

Breoite ar scoil Ag obair i mbeirteanna, cuirigí na ceisteanna seo ar a chéile agus freagraígí iad. Ní gá na freagraí a scríobh síos. Is leor iad a phlé. 1 Cén fáth a ndeachaigh Jodie agus Emer amach ar oíche scor-

aíochta? 2 Cá raibh an club? 3 Cén áit a ndeachaigh siad ag deireadh na hoíche? 4 Cad a d’ith siad? 5 Cén t-am a bhuail clog Jodie an mhaidin ina dhiaidh sin? 6 Conas a mhothaigh sí nuair a dhúisigh sí? 7 Cé uirthi ar ghlaoigh sí? 8 Céard a dúirt sí le Mam? 9 Cad a cheap Mam faoin smaoineamh sin? 10 Conas a léirigh sí nach raibh aon trua aici dá hiníon? 11 Cén chaoi a raibh an aimsir nuair a chuaigh sí amach? 12 Mínigh an chuma a bhí ar Jodie ag stad an bhus.

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 12: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

13 Ainmnigh an scrúdú a bhí ar siúl sa chéad rang. 14 Conas a d’éirigh le Jodie sa scrúdú sin? 15 Cén cead a d’iarr sí ar an múinteoir? 16 Cá ndeachaigh sí ansin? 17 Déan cur síos ar an gcomhrá a bhí ag Jodie leis an bpríomhoide. 18 Conas a chaith an príomhoide léi? 19 Cad dúirt an dochtúir léi? 20 Cén chaoi ar chabhraigh an dochtúir léi?

• Déanaigí liosta de na focail is tábhachtaí sa trí shraith, dar libh, agus cuirigí in abairtí iad. • Ag obair i d’aonar, scrúdaigh an script a bhaineann leis na sraitheanna pictiúr seo agus déan iarracht do leagan féin de na trí scéal a chumadh. Déan taifead díot féin ar d’fhón póca mar obair bhaile agus bí ag éisteacht leat féin. Ar chloígh tú leis an teorainn ama (3 nóiméad i ngach cás)? Hurlamaboc Éilís Ní Dhuibhne Leagtar béim ar bhaothghalántacht agus ar ardnós lucht na meánaicme sa sliocht seo.’ É sin a phlé. Go deimhin, tá tuiscint sármhaith ag an údar ar mheon lucht na meánaicme le linn ré an tíogair cheiltigh in Éirinn. Tuigeann sí gur éirigh daoine áirithe, a raibh rath orthu i gcúrsaí gnó agus airgeadais, an-ardnósach agus gur fhás cultúr ar leith ina measc. Ba thréimhse rachmais iad na nóchaidí deireanacha agus tús an dara mílaois. Bhí muintir na hÉireann ag tuilleamh ní ba mhó airgid ná riamh agus aithníodh Éire mar thír shaibhir. Ar ndóigh, bhí muintir na tíre an-sásta leis

sin, mar le fada an lá, ba bhochtaineacht gan dóchas a bhí luaite leo. Bhí ré nua tagtha agus bhí sé i gceist acu leas a bhaint aisti.

Is aoir é an t-úrscéal seo, dáiríre, agus déantar scigmhagadh ann faoi bhaois agus faoi dhuáilcí mhuintir Ascaill na Fuinseoige chun cultúr an phobail i gcoitinne a léiriú. Tá an scéal bunaithe ar theaghlach Albright. Tá íoróin ag baint leis an ainm sin fiú, mar tugann sé le fios go bhfuil gach ní foirfe agus geal. Bhraith cuid mhór daoine go bhfeicfí iad mar laochra a ngairme agus a gceirde. Bhain sé sin leis an mbaothghalántacht agus leis an ardnós a bhí mar chroílár shaol na ndaoine. Tugann struchtúr mhuintir an tí léargas suimiúil dúinn ar lucht na meánaicme ag an am.

Bíonn stádas ag baint le post agus le saibhreas duine agus is mar sin atá an scéal maidir le fear an tí, Pól. Is léachtóir ollscoile agus gnóthaire rathúil é. Is cruthúnas é seo gur duine éirimiúil glic é. Is bean chliste álainn í Lisín. Tugann sí aire dá teaghlach, dá teach agus di féin. Déanann sí obair an tí agus caitheann sí an-chuid ama ag dul chuig clubanna éagsúla. Ba bhreá le mná tí a léiriú go mbídís

gníomhach an t-am ar fad agus nach mbídís ina suí díomhaoin sa bhaile, lá i ndiaidh lae.

Tá beirt mhac sa chlann – Ruán agus Cuán. Gasúir chliste mhúinte iad. Ní chruthaíonn siad puinn trioblóide dá dtuismitheoirí agus is cineál frith-chaithimh é iompar na mbuachaillí ar chumas tuismitheoireachta Lisín agus Phóil. Léiríonn íomhá phoiblí mhuintir Albright gur teaghlach sona gan locht iad. Níl aon chúis náire acu – rud atá an-tábhachtach.

Éiríonn leis an údar cultúr na baothghalántachta agus an ardnóis a léiriú go han-éifeachtach trí mhuintir Albright.

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 13: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

Feicimd an saibhreas, an stíl agus an fhoirfeacht a bhaineann leo – chomh maith leis an bhfhalsacht, ar ndóigh. Is léir nach bhfuil caidreamh nádúrtha idir Lisín agus a páistí – ná idir Lisín agus a comharsana. Saol baothghalánta ardnósach ba ea é agus b’in an dá chloch ba mhó ar shlat tomhais daoine ag an am.

Gluais baothghalántacht = mórluachacht snobbery rath = dul chun cinn success

rachmas = saibhreas aoir satire scigmhagadh = fonóid mockery baois = díth céille folly duáilce = drochbhéas vice gnóthaire = fear gnó

cruthúnas = fianaise proof frithchaitheamh = scáthán reflection tuismitheoireacht parenting falsacht = bréige falseness caidreamh = gaol

slat tomhais yardstick Obair duit

• Déan cur síos ar phríomhábhar an tsleachta, Hurlamaboc. • Léiriú gairid uait ar an mbaothghalantacht in Ascaill na

Fuinseoige. • ‘I mbeagán focal, bhí Lisín foirfe.’ Déan plé ar an ráiteas

sin. Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne Úrscéal is ea Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne faoi na heachtraí a bhain do Dhiarmaid agus do Ghráinne, ach tá go leor foscéalta ann freisin. Roghnaigh dhá cheann ar bith de na foscéalta sin, inis cad a tharlaíonn iontu agus luaigh tréithe de thraidisiúin agus de chultúr na hÉireann atá le brath orthu. Tá go leor foscéalta sa scéal béaloidis seo. Cuireann siad go mór leis an aicsean sa phríomhscéal agus tugann siad isteach carachtair nua, logainmneacha agus go leor tréithe a bhain le traidisiún liteartha na hÉireann fadó.

Nuair nach bhfuil Diarmaid agus Gráinne rófhada le chéile, tagann Muadhán chucu agus fanann sé leo chun aire agus cuidiú a thabhairt

dóibh. Is ansin a thosaíonn Diarmaid ar a chuid cleasaíochta le rí-fhéinithe Mhara nÍocht. Ar dtús, seasann sé in airde ar bhairille fíona agus fanann sé air de réir mar a rollann sé anuas an cnoc. Níl na fir eile róthógtha leis sin, mar is dóigh leo gur féidir leo féin é sin a dhéanamh go héasca. Nuair a dhéanann an chéad duine acu iarracht an cleas céanna a dhéanamh tugann Diarmaid cic don bhairille, tit-

eann an fear agus rollann an bairille thairis á mharú. Faigheann caoga fear bás duine i ndiaidh a chéile, ar an dóigh seo!

An lá dár gcionn, léiríonn Diarmaid cleas eile. An t-am seo sánn sé Crann Buidhe Manannáin (sleá) bunoscionn sa talamh, léimeann sé in airde uirthi go héadrom agus tuirlingíonn sé ar an gcuid is géire den tsleá. Arís níl na fir eile róthógtha leis seo ach oiread. Nuair a bhaineann siad féin triail as an gcleas, titeann caoga duine acu go trom ar an tsleá agus maraítear iad!

Ar an tríú lá taispeánann Diarmaid cleas nua. Sánn sé

brainse crainn le dhá chraoibhín air bunoscionn sa talamh, leagann sé a chlaíomh anuas ar na craoibhíní agus an lann ag gobadh in airde amach astu. Léimeann sé in airde agus tagann sé anuas go héadrom ar an nga gan é féin a ghortú. Tugann caoga fear faoin rud céanna. Gearrann an claíomh gach duine acu ina dhá leath agus maraítear é!

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 14: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

An chéad tréith a sheasann amach sa trí scéal seo ná an áibhéil –caoga fear a dhéanann an rud ceannann céanna ainneoin go bhfeiceann siad a gcairde ag fáil bháis. Is deacair a shamhlú conas nach dtuig-fidís an chinniúint a bhí rompu, ach nós a bhí sa traidisiún ag an am áibhéil a chur sna scéalta le go mbeidís ní ba shuimiúla don lucht éist-eachta.

Tarlaíonn gach rud trí huaire sna scéalta seo. Bhí trí chleas ag Diarmaid, rinne sé gach ceann de na cleasa sin trí huaire, trí lá i ndiaidh a chéile. Bhí tábhacht faoi leith ag baint leis an uimhir a trí i dtraidisiún na hÉireann agus, ar ndóigh, i dtraidisiún tíortha eile chomh maith. Tréithe eile a sheasann amach san fhoscéal seo ná foiréigean, barbarthacht agus bás brúidiúil. Faigheann na fir bás nuair a ghearrtar ina dhá leath iad nó nuair a thiteann a gcuid putóg amach ar an talamh!

An dara foscéal atá roghnaithe agam ná an ceann faoi Chaora Chaorthainn Dubhrois. Is é Oisín a insíonn an scéal seo do Chlanna Morna, atá ag lorg lán doirn de na caora sin d’Fhionn. Tarlaíonn coimhlint idir Aoife agus Áine, beirt iníonacha le Manannán. Tá an bheirt acu i ngrá – duine acu le Mac Lughadh agus an duine eile le Lir – agus maíonn siad araon go bhfuil a fear féin níos fearr i mbun iománaíochta ná an fear eile.

De bharr na conspóide seo socraítear comórtas iománaíochta a chur ar siúl idir Tuatha Dé Danann agus Fianna Éireann in aice le Loch Léin. Luaitear na himreoirí uaisle de chuid Thuatha Dé Danann a thagann chun imeartha. Caitheann na Fianna trí lá ag cleachtadh iomána le chéile roimh an gcluiche mór, ach i ngan fhios dóibh, tá Tuatha Dé Danann ag faire orthu agus iad i bhfolach. Tuigeann siad nach bhfuil seans acu sa chluiche agus beartaíonn siad imeacht

abhaile agus gan an cluiche a imirt. Tugann siad bia leo don turas abhaile – cnó corcra, úlla agus caora. Titeann caor amháin agus iad ar an mbealach agus fásann caorthann san áit sin. Má itheann duine caor ón gcaor-thann áirithe sin, ní éireoidh sé tinn go deo, beidh a sháith de bhia ar fáil aige i gcónaí agus mairfidh sé go deo.

Draíocht atá i gceist, ar ndóigh. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an draíocht seo mar go bhfuil bua an leighis ag na caora agus beidh sé sin tábhachtach amach anseo sa scéal.

Tréith eile a thagann chun solais san fhoscéal seo ná na ruthaig. Is éard is ruthag ann ná giota a bhíonn foghlamtha de ghlanmheabhair ag an seanchaí agus é lán de thréithe fileata mar uaim, chomh-fhuaim agus rithim rialta. Sa chás seo, is mar liodán é an liosta ainmneacha de bhaill Thuatha Dé Danann a thagann chun imeartha – agus ainm an-suntasach ag gach aon duine acu.

Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an uimhir a trí sa ruthag seo fosta. – triúr Laoghaire, triúr Conal, triúr Fionn agus triúr Rónán. Chomh maith leo sin, luaitear Donn Dumhach, Donn Oiléin, Donn Chnoic Ánais agus Donn Seanchnoic. D’aithneodh an lucht éisteachta cuid de na hainmneacha sin – tá Manannán Mac Lir ina measc freisin – agus ní aithneoidís cuid eile acu. Baineann tábhacht mhór le fuaim na bhfocal agus le rithim na cainte sa ruthag.

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 15: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

Is léir go bhfuil go leor tréithe de litríocht thraidisiúnta na hÉireann le brath sna foscéalta seo atá le fáil go flúirseach sa scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne.

Obair duit • Roghnaigh dhá fhoscéal eile as an Tóraíocht, inis a

dtarlaíonn iontu agus déan cur síos ar na tréithe traidisiúnta atá le sonrú iontu.

• Cén tábhacht a bhaineann le Tuatha Dé Danann sa scéal seo, dar leat?

• Déan taighde ar Mhanannán Mac Lir ar an idirlíon. Faigh amach gach eolas is féidir faoi.

Maidir le húrscéal a ndearna tú staidéar air le linn an chúrsa, léirigh gné éigin a chuaigh i bhfeidhm ar na príomh-charachtair ann. Is í an ghné is mó den Tóraíocht a chuaigh i bhfeidhm ar na príomhcharachtair ná na geasa, is dóigh liom. Nuair a chuirtí duine faoi gheasa, ní bhíodh aon dul as aige ach coinníollacha na ngeas sin a chomhlíonadh.

Ba í an tréith ba thábhachtaí a bhain le laochra na bhFiann ná onóir. Agus an duine a bhriseadh a gheasa, bhíodh cailliúint mhór onóra i ndán dó. B’ionann an bás agus a bheith faoi gheasa! ‘Is trú choilleas a gheasa,’ de réir seanfhocail a bhí coitianta ag an am.

Dá bhrí sin, bhí Diarmaid i bponc nuair a chuir Gráinne faoi gheasa é imeacht lei ó Theamhair. Thuig sé go mbeadh air na ceangail díl-seachta a bhí aige le Fionn mac Cumhaill a bhriseadh. Bhí an méid sin imní air gur ghlac sé comhairle óna chairde. Dúirt siadsan leis imeacht le Gráinne mar gheall ar na geasa a bhí air.

Bhí a fhios aige féin go raibh droch-chinniúint i ndán dó. Níorbh aon ionadh, mar sin, gur thug sé trí phóg do Ghráinne os comhair gach duine ag Doire Dá Bhaoth – agus arís ag Dubhros ó bhFiachrach – chun fearg a chur ar Fhionn.

Agus é ag imeacht ó Theamhair, léim Diarmaid amach thar na ballaí, mar bhí sé faoi gheasa gan dul trí dhoras éalaithe. B’in an fáth nár ghlac sé leis an deis, ina dhiaidh sin, éalú i gcomhluadar Ghráinne agus Aonghusa ó Dhoire Dá Bhaoth – ná ó Dhubhros ó

bhFiachrach ach oiread. Ba le tacaíocht óna dhá lansa a léim sé amach as Doire Dá Bhaoth – agus le cabhair óna shleá as Dubhros!

Ar bharr Bhinne Gulban d’inis Fionn scéal an toirc do Dhiarmaid. Tá ceithre shampla de gheasa sa scéal sin. Mar shampla, bhí Fionn faoi gheasa gan ní ba mhó ná naoi gcinn d’oícheanta as a chéile a chaitheamh in Almhain. B’in an fáth ar fhan Fionn i dteach Aonghusa an oíche sin.

Feicimid an dara sampla nuair a mharaigh Donn, athair Dhiarmada, mac an reachtaire.

Chuir an reachtaire geasa ar Fhionn a ordóg a chur lena fhiacail eolais agus a insint dó cé a mharaigh an páiste. Ní raibh aon dul as ag Fionn ach a ordóg a chur lena fhiacail agus an t-eolas a thabhairt dó. Chun éiric a bhaint amach, thóg an reachtaire slat draíochta amach agus bhuail sé corp a mhic leis. Rinne sé torc fiáin de agus chuir sé geasa air – a shaol féin a bheith ar comhfhad le saol Dhiarmada agus gur leis an torc sin a thitfeadh Diarmaid ar deireadh thiar.

Thuig Aonghus cruachás Dhiarmada, pé scéal é, agus chuir sé geasa © Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo)

Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 16: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

air gan seilg mhuice a dhéanamh go deo. Níor thug Diarmaid aon aird ar na geasa sin, áfach, ach chuaigh sé chun troda leis an torc.

Ait go leor, bheadh Fionn in ann Diarmaid a leigheas le deoch uisce óna lámha – in ainneoin chumhacht na ngeas! Ní dhearna sé é sin luath go leor, áfach. Agus ba é sin ba chúis leis an droch-chríoch a rug ar Dhiarmaid ó Duibhne!

Obair duit ‘Is trú choilleas a gheasa.’ Mínigh an seanfhocal sin agus an tábhacht a bhaineann leis sa scéal seo. Bígí ag caint! Féilte na bliana Is minic a chuirtear ceist sa bhéaltriail faoi fhéilte na hÉireann. Ba chóir go mbeadh dátaí na bpríomhfhéilte ar eolas agat, go mbeifeá in ann labhairt faoi na nósanna a bhaineann leo agus faoina ndéanann tú féin ar na laethanta sin.

©Patryk Kosmider / Shutterstock.com

Obair beirte Léadh duine agaibh páirt Stiofáin agus an duine eile páirt Bhláithín sa chomhrá thíos. Athraígí an comhrá más maith libh (Bainigí úsáid as teanglann.ie nó as tearma.ie de réir mas is gá.) Stiofán Céard iad na mórfhéilte a cheiliúrtar in Éirinn, a

Bhláithín? Bláithín Fan go bhfeice mé, a Stiofáin. Bhuel, ag tús na bliana

ceiliúrtar an lá deireanach den tseanbhliain agus an chéad lá den bhliain úr. Tugtar Oíche Chinn Bliana ar oíche an aonú lá is tríocha de mhí na Nollag agus Lá Caille ar an

gcéad lá den bhliain úr. Is nós le daoine teacht le chéile Oíche Chinn Bliana chun ceiliúradh a bheith acu lena dteaghlaigh agus lena gcairde. Ar uair an mheán oíche guíonn siad gach rath ar a chéile agus ólann siad sláinte a chéile. Is maith le go leor daoine bualadh le grúpa ar an tsráid agus is minic a bhíonn taispeántas tinte ealaíne acu. In áiteanna eile buailtear clog an tséipéil agus, i mbailte cois farraige, séidtear na bonnáin cheo.

Stiofán Cathain a bheidh an chéad fhéile mhór eile ann? Bláithín Ceiliúrtar Lá Fhéile Bríde i roinnt áiteanna ar an gcéad lá d’Fheabhra, ach dáiríre, is é an chéad cheiliúradh mór eile ná Lá Fhéile Pádraig ar an seachtú lá déag de mhí an Mhárta. Lá saoire bainc a bhíonn ann agus bíonn a lán daoine saor ón obair. Eagraítear paráidí in an-chuid áiteanna ar fud na tíre agus bíonn ceann an-mhór ar siúl i mBaile Átha Cliath. Bíonn siad ar siúl ina lán cathracha ar fud an domhain freisin – agus i Nua-Eabhrac ach go háirithe. Stiofán An dtéann tú féin chuig aon cheann de na paráidí? Bláithín Téim, cinnte. Téim chuig an gceann áitiúil. Glacann bunscoileanna, foirne peile agus

roinnt comhlachtaí páirt inti gach bliain. Stiofán Ceard a bhíonn le feiceáil sa pharáid? Bláithín De ghnáth, bíonn Naomh Pádraig féin ann – agus go leor

daoine ag seinm ceoil thraidisiúnta nó ag rince. Stiofán Ar ghlac tú féin páirt in aon pharáid riamh, a Bhláithín? Bláithín Ghlac, cinnte, a Stiofáin. Ghlac mé páirt i gceann nuair a

bhí mé sa bhunscoil. Seinnimse an consairtín agus, ag an am sin, bhínn ag seinm le grúpa beag ón scoil ó am go

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 17: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

chéile. Bhí suaitheantas ar mo sheaicéad agam – agus seamróga á gcaitheamh ag mo thuismitheoirí.

Stiofán An mbíonn aon fhéile ar siúl le linn an tsamhraidh? Bláithín Bhuel, ní bhíonn aon cheann náisiúnta ann, ach bíonn

an-chuid féilte eile ar fud na tíre. Stiofán Tá Oíche Shamhna an-tábhachtach sa tír anois, nach

bhfuil? Bláithín Tá, gan dabht. Bíonn seachtain saor ag na scoileanna

agus bíonn lá saoire bainc ag an bpobal ar an Luan deireanach de mhí Dheireadh Fómhair.

Stiofán Céard iad na nósanna a bhaineann le hOíche Shamhna? Bláithín Gléasann daoine suas i mbréagéadach. Is féidir éadaí a

dhéanamh nó iad a cheannach sna siopaí chun a bheith i do chailleach, i do thaibhse, i do chnámharlach agus mar sin de. Tá sé de nós ag páistí dul ó theach go teach agus tugtar mil-seáin, barraí seacláide, oráistí, úlla agus cnónna dóibh. Imrítear cluichí éag-súla leis.

Stiofán Céard í an fhéile is tábhachtaí ar fad sa bhliain, dar leat?

Bláithín An Nollaig, gan amhras. ©PeterO’Toole/Shutterstock.com

Tuilleadh oibre daoibh Léigí na ceisteanna thíos amach os ard agus freagraígí ó bhéal iad. 1 Cén fhéile sa bhliain is fearr

leatsa? Cad a dhéanann tú chun í a cheiliúradh?

2 An bhfuil duine de do mhuintir thar sáile a thagann abhaile um Nollaig? Cé hé/hí? Cén tír ina bhfuil sé/sí? An mbíonn sé costasach dó/di teacht go hÉirinn um Nollaig?

3 Céard a dhéanann tú Lá Fhéile Pádraig? 4 An bhfuil aon eolas agat faoin gceiliúradh a dhéanann daoine i

dtíortha eile ar a lá náisiúnta féin? Inis dom faoi. 5 An raibh tú ag aon fhéile i rith an tsamhraidh anuraidh? 6 An bhfuil plean agat freastal ar aon fhéile i rith an tsamhraidh i

mbliana? 7 An seinneann tú uirlis? Ar sheinn tú riamh ar Lá Fhéile

Pádraig? 8 Cén dáta ar a mbíonn na féilte seo?

Lá Caille Lá Fhéile Pádraig Oíche Shamhna Lá Nollag Lá Fhéile Stiofáin Lá Fhéile Bríde

9 Ar imir tú cluichí ar Oíche Shamhna riamh? Inis dom fúthu. 10 Céard a itear, de ghnáth, do dhinnéar na Nollag?

Roinnt anagram duit Tá baint ag gach focal sna hanagraim thíos le féilte na bliana. An féidir leat iad a oibriú amach?

chíeo llnoga ál eilfhé dprágia hecoíe hnmaash paridá urctía lleachica; ógmar alnolg mlisáine

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 18: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

Sraith pictiúr 12 Sláinte na nÓg – Seachtain na Sláinte

Pictiúr 1 Ar leathuair tar éis a deich labhair an príomh-oide ar chóras fuaime na scoile. Dúirt sí gur mhaith léi Seachtain na Sláinte a reáchtáil sa scoil – agus go raibh sí ag súil le comhoibriú ó gach duine idir dhaltaí agus mhúinteoirí. Mhínigh sí dóibh gur ar a leas go léir a leithéid d’ócáid a bheith acu.

Pictiúr 2 Tar éis am lóin ar an Luan d’imir na daltaí cluiche sacair in aghaidh na múinteoirí agus ligeadh gach duine amach chun breathnú ar an gcluiche. Ba ag na múinteoirí a bhí an lámh in uachtar sa chluiche sin, faraor. Ar an Máirt imríodh cispheil idir rang na hArdteistiméireachta agus an cúigiú bliain. Foirne measctha a bhí ag imirt, ar ndóigh. agus, creid nó ná creid, ba ag foireann an chúigiú bliain a bhí an bua!

Pictiúr 3 Leagadh béim ar bhia sláintiúil sa cheaintín i rith na seachtaine. Roghanna sláintiúla amháin a cuireadh ar fáil – arán donn tí, iógart agus torthaí úra, mar shampla. D’éirigh go maith leis an bhfeachtas sin

agus cuireadh eolas ar fáil maidir leis an dochar a dhéanann an iomarca bia ghasta don chorp freisin. Cuireadh cosc iomlán ar dheochanna súilíneacha, ar ndóigh – agus ba mhór an dúshlán é sin do roinnt de na daltaí!

Pictiúr 4 Tugadh aird ar chúrsaí meabhair-shláinte agus aclaíochta le linn na seachtaine chomh maith. Reáchtáil na múinteoirí siúlóid urraithe ar an gCéadaoin agus shiúil gach duine cúig chilimeadár timpeall an bhaile mhóir chun trealamh spóirt a cheannach don scoil. Ba é an sprioc a bhain leis an tsiúlóid ná aird an phobail a dhíriú ar thábhacht na meabhair-shláinte. Lá dearfach ba ea é agus bhí an aimsir go haoibhinn freisin.

Pictiúr 5 Cuireadh críoch le himeachtaí na seachtaine maidin Dé hAoine. Tháinig aoi-chainteoir chun na scoile agus labhair sí leis na daltaí faoi fhadhbanna daoine óga, faoi bhrú na scrúduithe agus faoin tábhacht a bhaineann le fadhbanna a phlé. Séisiún fiúntach ba ea é, gan amhras.

Pictiúr 6 D’fhógair an príomhoide deireadh oifigiúil le Seachtain na Sláinte an tráthnóna sin. Ghabh sí buíochas ó chroí le gach duine as an bpáirt ghníomhach a ghlac siad in imeachtaí na seachtaine. ‘Is mór an t-éacht atá déanta agaibh go léir,’ ar sise. ‘Go raibh míle

maith agaibh. Rinne sibh iarracht den scoth.’ © Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo)

Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 19: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

Sraith pictiúr 4 Ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead!

Pictiúr 1 Le linn d’Aoife agus dá deartháir, Daragh, a bheith ag scimeáil ar an idirlíon lá, chonaic siad fógra faoi cheolchoirm a bheadh ar siúl i Staid Aviva. Ba bhreá leo dul ann, mar bheadh banna iontach ag seinm ann. Agus ní chosnódh na ticéid ach caoga euro an ceann. Ach cá bhfaighidís an t-airgead? ‘Chonaic mise cárta creidmheasa Dhaid ar an matal tamall ó shin,’ arsa Aoife. ‘Ní hamháin sin, ach tá an uimhir ar eolas agam.’

Pictiúr 2 D’aimsigh Daragh an cárta. Isteach leis ar shuíomh Staid Aviva. Trí úsáid chliste a bhaint as an gcárta agus as uimhir rúnda Dhaid, d’éirigh leis féin agus le hAoife na ticéid a cheann-ach. Bhí an beart déanta agus iad an-sásta leo féin!

Pictiúr 3 Faoi dheireadh tháinig oíche na ceolchoirme agus thaistil an bheirt acu go Staid Aviva. Ní fhaca siad riamh roimhe sin an méid sin daoine bailithe le chéile ag ceolchoirm. D’imigh an slua fiáin a luaithe is a tháinig an banna amach ar an stáitse. Bhain Aoife agus Darragh an-taitneamh as an gceol. A leithéid d’atmaisféar! Thosaigh daoine ag damhsa ar fud na háite – agus d’fhág cuid acu an áit gan chumas cainte acu mar gheall ar an méid béicíola a

bhí déanta acu i rith na hoíche. Ceolchoirm den scoth, go deimhin!

Pictiúr 4 Ag deireadh na míosa fuair Daid cuntas an chárta creidmheasa sa phost. Scrúdaigh sé go mion é. Baineadh geit as nuair a thug sé faoi deara gur caith-eadh céad euro ar cheolchoirm i Staid Aviva. Thuig sé ar an toirt go gcaithfeadh sé féin agus Mam an scéal a phlé leis na páistí sula nglanfaidís an bille. Bhí siad beirt ar deargbhuile.

Pictiúr 5 Bhuail an teaghlach ar fad le chéile sa chistin tamall gairid ina dhiaidh sin. Thaispeáin Daid an bille do na páistí. Lorg sé míniú ar an scéal. Ar ndóigh, bhí brón an domhain ar Aoife agus labhair sise ar dtús. D’admhaigh sí láith-reach bonn go raibh botún mór déanta ag an mbeirt acu agus ghabh

sí a leithscéal lena tuismitheoirí. Thuig sí gur cheart di cead a hathar a lorg ar dtús sular ceannaíodh na ticéid. Bhí Daragh ar aon fhocal léi.

Pictiúr 6 Tugadh obair do na déagóirí mar phionós. B’éigean dóibh an teach a ghlanadh ó bhun go barr i rith na míosa dár gcionn agus choinnigh a dtuismitheoirí súil

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 20: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

ghéar orthu. Bhí a gceacht foghlamtha acu agus ní dhearna siad a leithéid de chaimiléireacht arís!

Sraith pictiúr 9 Breoite ar scoil

Pictiúr 1 Oíche Dhomhnaigh chuaigh Jodie agus Emer amach le haghaidh oíche scoraíochta. Faoi mar a tharla, bhuaigh Gaillimh cluiche mór iománaíochta an lá sin agus theastaigh uathu an ócáid a cheiliúradh. Bhí oíche go maidin acu i gclub i lár na cathrach. Ar an mbealach abhaile thug siad cuairt ar bhialann ghasta agus d’ith siad burgair agus sceallóga. Béile an-bhlasta!

Pictiúr 2 An mhaidin dár gcionn bhuail clog Jodie ar a seacht a chlog. Níor bhraith sí rómhaith in aon chor – agus bhí sí tuirseach traochta. Ghlaoigh sí ar a máthair agus dúirt go raibh sí lag traochta. Ba mhaith léi fanacht sa leaba agus gan dul ar scoil, a dúirt sí.

Pictiúr 3 Go deimhin, ní raibh Mam róshásta leis an smaoineamh sin. Ar Jodie féin a bhí an locht go ndeach-aigh sí chuig cluiche iománaíochta i lár an lae agus gur fhan sí amuigh chomh déanach sin aréir. ‘Níl trua ar

bith agam duit,’ arsa Mam. ‘Imigh leat ar scoil agus éirigh as an amaidí sin.’ Ní raibh aon dul as ag an iníon ach glacadh le hordú a máthar. D’imigh sí léi go stad an bhus agus an bháisteach ag stealladh anuas uirthi. Sheas sí ansin ag feitheamh leis an mbus agus cuma an bháis uirthi.

Pictiúr 4 Le linn an chéad ranga an mhaidin sin tugadh scrúdú tíreolais do na daltaí. Jodie bhocht, mhothaigh sí an-tinn ar fad. Ní hamháin sin, ach ní raibh aon ullmhú-chán déanta aici don scrúdú toisc í a bheith amuigh ag

ragairneach an lá ar fad roimhe sin. Níor éirigh léi ach cúpla focal a scríobh sa scrúdú, faraor.

Pictiúr 5 Tar éis tamaill, d’ardaigh sí a lámh. D’iarr sí ar an múinteoir ligean di imeacht ón seomra. Ar aghaidh léi díreach chuig oifig an phríomhoide ansin. ‘Tá pian uafásach agam i mo bholg,’ ar sise. Chuir sí in iúl don phríomh-oide gur mhothaigh sí an-lag – agus go raibh imní an domhain uirthi go dtitfeadh sí i laige.

Pictiúr 6 D’aithin Bean Uí Riain go raibh Jodie an-tinn, dáiríre, agus thug sí go dtí an dochtúir í ar an toirt. Rinne an dochtúir mionscrúdú ar an gcailín agus labhair sé ansin léi. ‘Tá tú breoite, gan amhras, a Jodie,’ ar seisean. ‘Is dóigh liom go bhfuil nimhiú bia ort.’ Scríobh sé oideas amach ansin di agus mhol di trí nó

ceithre lá a chaitheamh sa leaba. ‘Tiocfaidh feabhas ort go luath,’ arsa an príomhoide. Ar ndóigh, bhí Jodie fíorbhuíoch den bheirt acu.

© Gael Linn (ar leanúint thíos faoi seo) Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

Page 21: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail

Athdhéanamh foclóra ar ábhar an dlúthdhiosca

Freagraí ar an gcrosfhocal (lch 8 thuas)

© Gael Linn

Dréimire | 2018-2019 | Gael Linn

B1 B2 S3

E E4 A ÉS5 A O T H A R L A N N I6 N I S

G S N MÁ T A7 G T N Ú T8 H L9

N M10 Á R T A E AT C11 Ú P L A S

M12 G MB13 É A L A N Á T H A U

I L IA14 G A GI H D15 E N S C O T HR E H

L16 E D O T H O I L

Page 22: Dréimire Caibidil 4 – 2018-2019 Gael Linn · chopail san aimsir chaite in alt 5. • an ginideach uatha baininscneach mí na Samhna droim láimhe ábhar meánscoile • an chopail