foras feasa ar an aontas eorpach taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid...

12
Taighde agus nuálaíocht FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Is rathúla an Eoraip, agus is folláine saoránaigh agus sochaí na hEorpa, de thoradh taighde agus nuálaíochta Teorainneacha a shárú agus an caighdeán saoil a fheabhsú

Upload: others

Post on 06-Mar-2020

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

Taighde agus nuálaíocht

F O R A S F E A S A A R A N A O N T A S

E O R P A C H

Is rathúla an Eoraip , agus is fo l lá ine saoránaigh agus sochaí na hEorpa, de thoradh ta ighde agus nuála íochta

Teorainneacha a shárú agus an caighdeán

saoil a fheabhsú

Page 2: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

2F O R A S F E A S A A R A N A O N T A S E O R P A C H

CLÁR

An fáth a bhfuil gá againn le beartas Eorpach taighde agus nuálaíochta . . . . . . . . . . . . . . . . 3

An chaoi a dtacaíonn AE le taighde agus le nuálaíocht . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 5

Amach romhainn . . . . . . . . . . . . . . . . 12

Tuilleadh eolais . . . . . . . . . . . . . . . . . 12

FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH

Foras Feasa ar an Aontas Eorpach: Taighde agus nuálaíocht

An Coimisiún Eorpach Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide Faisnéis don Saoránach 1049 An Bhruiséil AN BHEILG

Arna thabhairt cothrom le dáta mí na Samhna 2014

Na grianghraif ar an gclúdach agus ar leathanach 2: © Glowimages RF/F1online

12 lch. — 21 × 29.7 cm ISBN 978-92-79-42389-5 doi:10.2775/74218

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2014

© An tAontas Eorpach, 2014 Tá atáirgeadh údaraithe. Chun grianghraf a úsáid nó a atáirgeadh, ní mór cead a iarraidh ar shealbhóirí an chóipchirt.

Cuid de shraith foilseachán is ea an foilseachán seo. Tugann an tsraith sin léargas ar obair an Aontais Eorpaigh i réimsí éagsúla beartais, ar na fáthanna a bhfuil an tAontas

bainteach leis na réimsí sin agus ar thorthaí na hoibre sin.

Is féidir teacht ar na foilseacháin ar líne: http://europa.eu/pol/index_ga.htm

http://europa.eu/!rY48Gu

How the EU worksEurope in 12 lessons

Eoraip 2020: Straitéis na hEorpa i leith an FháisBunaitheoirí an Aontais Eorpaigh

An tAontas CustaimAn tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus an Euro

Baincéireacht agus Gnóthaí Airgeadais An Beartas Réigiúnach

An BuiséadCabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta

CánachasCeartas, Cearta Bunúsacha agus Comhionannas

An Clár Oibre Digiteach Comhar Idirnáisiúnta agus Forbairt An Comhrac i gcoinne na Calaoise

An ComhshaolCultúr agus Gnóthaí Closamhairc

FiontraíochtFostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta

FuinneamhGníomhú ar son na hAeráide

Gnóthaí Eachtracha agus an Beartas SlándálaGnóthaí Muirí agus Iascach

Imirce agus TearmannIomaíocht

IomparAn Margadh Inmheánach

Méadú an Aontais EorpaighOideachas, Oiliúint, an Óige agus Spórt

Sábháilteacht BiaSláinte Phoiblí

Taighde agus NuálaíochtTalmhaíocht

Teorainneacha agus SlándáilTomhaltóirí

Trádáil

Page 3: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

3T A I G H D E A G U S N U Á L A Í O C H T

Is fearrde an Eoraip mar áit chónaithe agus áit oibre taighde agus nuálaíocht a bheith ar siúl. Fágann an taighde agus an nuálaíocht go bhfuil an Eoraip níos iomaíche, go bhfuil borradh faoin bhfás agus go gcruthaítear poist. Ag an am céanna, cabhraíonn an taighde agus an nuálaíocht chun feabhas a chur ar shaol an duine trí chúram sláinte, córais iompair, agus seirbhísí digiteacha a fheabhsú agus an iliomad táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt.

Tá ról tábhachtach ag AE san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idirnáisiúnta, agus is ceannródaí amach is amach é i mórchuid réimsí amhail fuinneamh in-athnuaite agus cosaint an chomhshaoil.

Tá dlúthbhaint ag todhchaí na hEorpa leis an acmhainn atá san Eoraip dul i mbun nuálaíochta: táirgí agus seirbhísí a dhéanamh de smaointe nuálacha, táirgí agus seirbhísí a chuirfidh borradh faoin ngeilleagar agus a chabhróidh linn poist a chruthú. Leis an tionscnamh um an aontas nuálaíochta – an straitéis atá ag AE chun an próiseas seo a chur chun cinn – cruthófar timpeal-lacht inar féidir smaointe nuálacha a chothú san Eoraip. Tá an tAontas Nuálaíochta ina chuid den straitéis Eoraip 2020 – straitéis fáis AE, straitéis ina leagtar síos go gcaithfear 3 % den olltáirgeacht intíre a infheistiú i dtaighde agus i nuálaíocht, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, faoin mbliain 2020.

Is é AE an príomhionad ginte eolais ar domhan. Is ann a ghintear aon trian, nach mór, d'eolaíocht agus de theicneolaíocht an domhain. D'ainneoin ghéarchéim eacnamaíoch na mblianta deireanacha, d’éirigh le hAE agus a Bhallstáit an stádas iomaíoch seo ó thaobh an eolais de a choinneáil.

Mar sin féin, tá an iomaíocht dhomhanda i bhforbairt taighde agus teicneolaíochta ag méadú i gcónaí, agus san Eoraip ní mór dúinn a chinntiú gur féidir feidhm a bhaint as ár smaointe nuálacha le táirgí agus teic-neolaíochtaí rathúla nua a fhorbairt. Tá a gcuid beartas taighde agus scéimeanna maoinithe féin ag gach Ballstát ar leith, ach tá saincheisteanna móra áirithe ann arbh fhearr aghaidh a thabhairt orthu in éineacht – sin an fáth a maoinítear taighde agus nuálaíocht ar leibhéal AE freisin.

Le Fís 2020, creatchlár nua taighde an AE, neartófar ceannaireacht an AE sa nuálaíocht trí bharr feabhais a chothú sa taighde agus teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt. Déanfar €80 billiún, nach mór, a infheistiú i dtionscadail taighde agus nuálaíochta sa tréimhse 2014-20. Cabhróidh sé sin le hAE táirgí agus seirbhísí nua iomaíocha a fhorbairt don mhargadh idirnáisiúnta.

Ach ní hé sin an scéal ar fad. Faoi 2020, d’fhéadfadh daonra an domhain a bheith chomh líonmhar le 9 billiún duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de mhuintir an domhain i gcathracha, agus breis agus 60 % díobh i dteaghlaigh bheaga – ina n-aonar nó le duine amháin eile. Titfidh na hathruithe ollmhóra déimeagrafacha sin amach laistigh de scór nó de thríocha bliain eile. Sin an fáth a bhfuil cuid mhór de Fís 2020 dírithe ar fhreagraí a fháil ar shaincheisteanna amhail soláthar cobhsaí fuinnimh, téamh domhanda, sláinte an phobail, slándáil, nó acmhainní uisce agus bia. Ní mór airgead a infheistiú sa taighde agus sa teicneolaíocht chun éifeachtacht agus éagsúlacht acmhainne a bhaint amach, an comh-shaol a chosaint, an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac – i bhfocail eile, chun sochaí níos fearr a chruthú dár saoránaigh.

Má tá an Eoraip le réitigh a fháil ar dhúshláin shochaío-cha, agus fás agus iomaíocht a spreagadh ag an am céanna, beidh gá aici le líonra taighde barr feabhais a oibríonn gan teip. Níor chóir an taighde céanna a mhaoiniú arís is arís eile le hairgead poiblí i ngach Ballstát ar leith; níor chóir é a dhéanamh ach uair amháin ag an ionad taighde is oiriúnaí, agus na torthaí a roinnt le chéile. I bhfianaise an éilimh ar thaighdeoirí den scoth, ba chóir go mbeadh sé níos fusa dóibh bogadh trasna na hEorpa ná trasna an Atlantaigh. Tá gá againn le córas earcaíochta oscailte agus trédhearcach, agus le comhionannas idir fir agus mná sa taighde. Tá gá ag AE le margadh aonair smaointe a chabhróidh le

An fáth a bhfuil gá againn le beartas Eorpach taighde agus nuálaíochta

Is fearr an tsochaí a bheidh ag na saoránaigh má infheistítear i dtaighde agus i nuálaíocht.

© European U

nion

Page 4: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

4F O R A S F E A S A A R A N A O N T A S E O R P A C H

a bhaint agus an Limistéar Eorpach Taighde a chruthú. Meastar go ngnóthóidh an socrú sin, in éineacht le Fís 2020, an luach is fearr is féidir ar gach euro a chaitear ar thaighde.

taighdeoirí agus a chuirfidh ar a gcumas a gcuid eolais agus torthaí a scaipeadh ar fud na hEorpa le gur féidir teacht orthu go héasca. Sin an fáth ar chomhaontaigh Ballstáit AE dul i gcomhar le chéile chun bacainní

Cuntas gearr ar stair bheartas taighde an AENa 1950í: Cuireadh forálacha maidir le taighde isteach i gconradh an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (1951) agus i gconradh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (EURATOM, 1957).

1957: Faoin gconradh lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (an CEE nó an “Cómhar‑gadh”) bunaíodh roinnt clár taighde i réimsí a measadh a bheith ina dtosaíochtaí ag an am, réimsí ar nós an fhuinnimh, an chomhshaoil agus na biteicneolaíochta.

1983: Faoin gClár Straitéiseach Eorpach ar Thaighde i dTeicneolaíocht an Eolais (Esprit) seoladh sraith clár comhtháite sa taighde ar theicneolaíocht an eolais, chomh maith le tionscadail forbartha agus bearta aistrithe teicneolaíochta tionsclaíche.

1984: Seoladh an chéad “chreatchlár” le haghaidh taighde. Príomhionstraimí maoin ithe AE do chúrsaí taighde atá sna cláir sin. Díríodh an chéad chreatchlár ar thaighde sa bhiteicneolaíocht, sa teileachumarsáid agus sa teicneolaíocht thionsclaíoch.

1986: Rinneadh beartas foirmiúil Comhphobail den taighde, agus díríodh caibidil ar leith den Ionstraim Eorpach Aonair air. Is é an cuspóir a bhí leis “bonn eolaíoch agus teicneolaíochta thionscail na hEorpa a neartú agus cabhrú leis bheith níos iomaíche ar leibhéal idirnáisiúnta”.

2000: Chomhaontaigh AE dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde: limistéar amháin taighde atá ar oscailt don domhan mór agus bunaithe ar an margadh inmheánach, inar féidir le taighdeoirí aistriú ó phost go post go héasca, agus ina bhfuil fáil éasca ar eolas eolaíoch agus ar theicneolaíocht.

2007: Cruthaíodh an Chomhairle Eorpach um Thaighde mar chuid den seachtú creatchlár. Is é an misean atá aici tacú le taighde ar thús cadhnaíochta sna réimsí uile, ar bhonn bairr feabhais san eolaíocht.

2008: Cruthaíodh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, atá suite i mBúdaipeist: an chéad tionscnamh AE ar éirigh leis na trí thaobh den “triantán eolais” (ardoideachas, taighde agus gnó) a chom‑htháthú trí thacaíocht a chur ar fáil do Phobail Eolais agus Nuálaíochta. Tháinig sé i bhfeidhm in 2010.

2010: Sheol AE an tAontas Nuálaíochta, tionscnamh ina bhfuil breis agus 30 pointe gníomhaíochta a fhéachann le feabhas a chur ar na coinníollacha faoina dtugtar rochtain ar mhaoiniú le haghaidh taighde agus nuálaíochta san Eoraip. Tá an tAontas Nuálaíochta ag croílár na straitéise Eoraip 2020 le cinntiú gur féidir táirgí agus seirbhísí a chothaíonn fás agus poist a dhéanamh as smaointe nuálacha.

2014: Seoladh Fís 2020, an creatchlár taighde agus nuálaíochta is mó riamh a bhí ag AE. Is príomhionstraim airgeadais é chun an tAontas Nuálaíochta a chur chun feidhme, agus mairfidh sé ó 2014 go 2020 agus beidh €80 billiún, nach mór, de bhuiséad aige. Is cuid den iarracht fás nua agus poist a chruthú san Eoraip Fís 2020.

Page 5: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

5T A I G H D E A G U S N U Á L A Í O C H T

An chaoi a dtacaíonn AE le taighde agus le nuálaíocht

Ó 1984 i leith, rinneadh beartas taighde agus nuálaíochta an Aontais Eorpaigh a reáchtáil agus a mhaoiniú trí shraith creatchlár ilbhliantúil. Rith-eadh seacht gcinn de chreatchláir (FP1 – FP7) idir 1984 agus 2013. Seoladh Fís 2020, clár nua taighde agus nuálaíochta an AE, ag tús 2014.

Fís 2020: Creatchlár Taighde agus Nuálaíochta an AE le heolaíocht den scoth a chur ar fáil

Is é Fís 2020 an creatchlár taighde agus nuálaíochta is mó riamh a bhí ag AE. Fágfaidh sé go ndéanfar dul chun cinn mór agus go n-aimseofar fionnachtana nua agus táirgí ceannródaíocha nua trí smaointe nuálacha a thabhairt ón tsaotharlann chomh fada leis an margadh. Tá €80 billiún, nach mór, de mhaoiniú ar fáil thar thréimhse 7 mbliana (2014 go 2020), agus formhór an mhaoinithe sin á chur ar fáil i dtrí cholún: Eolaíocht den Scoth, Ceannaireacht Thionsclaíoch agus Dúshláin Shochaíocha. Anuas air sin, meallfaidh an infheistíocht seo infheistíocht náisiúnta, idir infheistíocht phríobh-áideach agus infheistíocht phoiblí araon.

Thug rialtais Bhallstáit an AE agus Parlaimint na hEorpa a gceadú do Fís 2020. Bhí siad ar aon fhocal gur gá infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i nuálaíocht ar mhaithe le todhchaí na hEorpa, agus rinneadh páirt lárnach den straitéis Eoraip 2020 de. An sprioc ná a chinntiú go gcuireann an Eoraip eolaíocht agus teicneolaíocht den chéad scoth ar fáil, rud a chothóidh fás eacnamaíoch.

I gcláir roimhe seo, is é a tharla leis an maoiniú a thug AE don taighde gur tugadh eolaithe agus lucht tionscail laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain le chéile chun réitigh a fháil ar raon leathan dúshlán. Tá a gcuid forbairtí nuálaíochta siúd tar éis saol daoine a fheabhsú agus tionscail na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche; lena chois sin, chabhraigh siad chun an comhshaol a chosaint. Is féidir le taighdeoirí ar fud an domhain a bheith rannpháirteach in Fís 2020.

An tslí a gcabhraíonn Fís 2020 le taighdeoirí agus tionscail an AE

Caithfear leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ceannródaíoch den scoth. Is minic gurb é sin is bunús don dul chun cinn sa nuálaíocht agus sa teicneolaíocht, lena gcuirtear na síolta as a bhfásann tionscail agus margaí nua.

Is ar bhonn bairr feabhais, agus ar an mbonn sin amháin, a roghnaítear an taighde ceannródaíoch a fhaigheann tacaíocht ón gComhairle Eorpach um Thaighde. Ach nuair a tharlaíonn dul chun cinn nua, nach raibh súil leis, sa teicneolaíocht, cuireann Fís 2020 na hacmhainní ar fáil chun fionnachtana nua a thabhairt ar aghaidh go dtí na chéad chéimeanna eile dá bhforbairt.

Is cabhair iad an oiliúint agus an fhorbairt gairme chun taighdeoirí den scoth a dhéanamh. Tairgtear tacaíocht do thaighdeoirí óga, agus do thaighdeoirí a bhfuil taithí acu, chun a ngairmeacha agus a gcuid scileanna a neartú trí chúrsaí oiliúna, nó tréimhsí socrúcháin i dtír eile nó san earnáil phríobháideach.

Is cabhair iad an oiliúint agus an fhorbairt gairme chun

taighdeoirí den scoth a dhéanamh.

© European U

nion

Page 6: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

6F O R A S F E A S A A R A N A O N T A S E O R P A C H

Cuireann Comhaltachtaí Marie Skłodowska‑Curie deiseanna ar fáil do thaighdeoirí chun gur féidir leo eolas agus taithí nua a shealbhú, agus barr a gcumais a bhaint amach.

Léirigh an ghéarchéim eacnamaíoch a lárnaí atá bonn tionsclaíoch an AE agus a riachtanaí atá sé go ndéanfaí é a athnuachan. Ach d’fhéadfadh teipeanna sa mhargadh an earnáil phríobháideach a lagú ionas nach mbaileofaí na hacmhainní airgeadais agus eolais is gá chun ár mbonn tionsclaíoch a athnuachan.

Chun fás agus rathúnas a chur ar ais san Eoraip, beidh gá le fócas níos doimhne ar iomaíochas na tionsclaíochta, a bheidh bunaithe ar ardtáirgí agus ardphróisis teic-neolaíochta ar fud an tslabhra luacha dhomhanda. Is é Fís 2020 an clár taighde agus nuálaíochta is báúla le gnó a bhí ag AE go dtí seo. Tá sraith beart tacaíochta ar leith ann a dhíríonn ar an tionsclaíocht i gcoitinne agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe, m.sh. cabhair chun teacht ar mhaoiniú.

Ní mór don AE foinsí nua fáis eacnamaíoch a fhorbairt, foinsí a bheidh bunaithe ar mhonarú nua-aimseartha, agus beidh timpeallacht ghnó nua-aimseartha dhinimiciúil ag teastáil chuige sin. I réimsí áirithe a bhfuil tábhacht straitéiseach leo, níl ar chumas na hearnála príobháidí an bunathrú sin chun feabhais a bhaint amach ina haonar mar go dteastaíonn rochtain ar thaighde ar thús cadhnaíochta chun na cineálacha teicneolaíochtaí a dhéan-ann athrú ó bhonn a fhorbairt. Mír amháin de Fís 2020 is ea an Pacáiste Infheistíochta sa Nuálaíocht, lena spreagtar infheistíocht i gcomhpháirtíochtaí láidre poiblí príobháideacha i réimsí ar leith, m.sh. an chógaisíocht, an aerloingseoireacht agus tionscail bhithbhunaithe.

Cuirfidh comhpháirtíochtaí agus taighde eile sna príomh-theicneolaíochtaí cumasúcháin ar a gcumas do thionscail na hEorpa an t-eolas agus an bonn scileanna riachtanach a fhorbairt.

De bharr na tacaíochta atá á cur ar fáil do theic‑neolaíochtaí todhchaí agus do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn beidh ar chumas taighdeoirí torthaí ó bhuntaighde eolaíoch a thiontú go teicneolaíochtaí nua agus beidh lucht tionscail agus FBManna ard-teicneolaíochta in ann leas a bhaint astu ionas gur féidir leo a bheith iomaíoch ar bhonn domhanda i gcónaí. Lena chois sin, cabhróidh Fís 2020 chun bonneagar taighde den scoth a chruthú, bonneagar a bheidh ar fáil ag taighdeoirí uile na hEorpa, le gur féidir leo gach buntáiste a bhaint astu chun barr a gcumais san eolaíocht agus sa nuálaíocht a bhaint amach.

An leas a bhainfidh an saoránach as Fís 2020

Is gá comhar éifeachtach idir lucht eolaíochta agus an tsochaí chun daoine éirimiúla a mhealladh isteach san eolaíocht agus barr feabhais eolaíoch a nascadh le feasacht agus freagracht shóisialta. Chuige sin, is gá tuiscint a fháil ar gach gné a bhaineann leis na sain-cheisteanna. Dá bhrí sin, tacaíonn Fís 2020 le tionscadail ina mbíonn deis ag an saoránach a rá cén cineál taighde a dhéanfadh difear dá shaol laethúil. Ach tuiscint níos leithne ar na cuspóirí agus ar an tslí le hiad a bhaint amach a bheith ag eolaithe agus ag daoine nach eolaithe iad, is mó seans go mbainfear amach barr feabhais san eolaíocht agus go mbeidh páirt ag an tsochaí sna torthaí sin.

BUISÉAD FÍS 2020

Infheistíocht i dtaighde agus i nuálaíocht a d'fhéadfadh feabhas mór a chur ar shaol an tsaoránaigh

Ag cabhrú le daoine éirimiúla san Eoraip barr a gcumais a bhaint amach, cur le buntáistí na nuálaíochta a mhéad is féidir agus iad na buntáistí sin a scaipeadh ar fud an AE

An eolaíocht mar chuid den tsochaí agus ar mhaithe leis an tsochaí, barr feabhais a scaipeadh agus cur le rannpháirtíocht an phobail, bearta díreacha neamhnúicléacha an Áireamháin Chomhpháirtigh Taighde (JRC)

Taighde AE ar eamhnú agus ar chomhleá núicléach a mhaoiniú, saincheisteanna sábháilteachta agus slándála, taighde míochaine, cosaint

ar radaíocht, bainistíocht dramhaíola, feidhm a bhaint as radaíocht ar mhaithe leis an tionsclaíocht, úsáidí i dtáirgeadh fuinnimh

Borradh a chur faoi iomaíochas an AE, poist a chruthú, caighdeáin

mhaireachtála a ardú

Infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí forásacha straitéiseacha, gnólachtaí a mhisniú chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i dtaighde agus chun dul i mbun oibre leis an earnáil phríobháideach

chun borradh a chur faoin nuálaíocht

Euratom (2014-18) €1.6 billiún

Eolaíocht den Scoth €24.4 billiún

Ceannaireacht Thionsclaíoch €17 billiún

Eile €3.2 billiún

An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht €2.7 billiún

Dúshláin Shochaíocha €29.7 billiún

Page 7: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

7T A I G H D E A G U S N U Á L A Í O C H T

An taighde ar na hEolaíochtaí Sóisialta agus na Daonnachtaí, is taighde é a bhfuil baint aige linn ar fad, agus is dlúthpháirt é, dá bhrí sin, de gach ceann de chuspóirí ginearálta Fís 2020. Déanfar an taighde sin a neadú i ngach cuid de Fís 2020 chun tionchar an chláir a mhéadú agus an toradh is fearr is féidir ar in fheistíocht san eolaíocht agus sa teicneolaíocht a bhaint amach don tsochaí. Beidh sé níos fusa réitigh a fháil ar fhadhbanna sochaíocha ach an ghé shocheacnamaíoch den taighde a bheith ina cuid bhunúsach den tslí ina ndéantar taighde agus nuatheicneolaíochtaí a leagan amach, a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Go deimhin, fianaise ar an gcur chuige nua seo is ea an fócas ar "dúshláin", seachas ar réimsí disciplíneacha, in Fís 2020. Tá dúshláin shochaíocha, m.sh. an tsláinte, an comhshaol, nó an t-iompar, tábhachtach do gach duine. Téann Fís 2020 i ngleic le seacht gcinn de dhúshláin shochaíocha, dúshláin atá leagtha amach thíos; déanfar infheistíocht spriocdhírithe i dtaighde agus i nuálaíocht chun difríocht shuntasach a dhéanamh do shaol an tsaoránaigh.

SLÁINTE AGUS FOLLÁINESaol fada sona sláintiúil atá uainn ar fad, agus tá na heolaithe ag déanamh a ndíchill féachaint go bhfuil sin fíor. Tá siad ag dul i ngleic le roinnt d’fhadhbanna sláinte an lae inniu, agus le bagairtí atá ag teacht chun cinn, m.sh. an méadú ar an tionchar atá ag galar Alzhei-mer, diaibéiteas agus “tarbhfhrídí” atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach.

Infheistíocht inár sláinte is ea taighde agus nuálaíocht an AE de bhrí go gcabhróidh sé chun daoine scothaosta a choimeád ar a gcosa agus neamhspleách go ceann tréimhse níos faide, idirghabhálacha nua a cheapadh – idirghabhálacha a bheidh níos sábháilte agus níos éifeachtaí ná idirghabhálacha an lae inniu – agus ár gcórais sláinte agus cúraim a choimeád ar bhonn inbhuanaithe. Tabharfaidh sé do dhochtúirí na huirlisí a bhfuil gá acu leo chun an córas leighis a dhéanamh níos pearsanta, cuirfidh sé dlús le cosc agus le cóireáil na ngalar ainsealach agus ionfhabhtaíoch agus cabhróidh sé sa troid i gcoinne frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh.

Mar thoradh ar an infheistíocht seo, soláthrófar slite nua chun galair a chosc, modhanna fáthmheasa níos fearr agus teiripí níos éifeachtaí, chomh maith le samhlacha nua cúraim agus nuatheicneolaíochtaí trína gcothófar dea-shláinte agus folláine. Braithfidh an dul chun cinn sin ar thuiscint níos cruinne ar nádúr bunúsach na sláinte agus na drochshláinte, agus ar an tslí leis an tsláinte a chothú agus an drochshláinte a chosc agus a chóireáil.

SCÉAL RATHA: nanacháithníní mar chuid de theiripe agus d’fháthmheas ar ghalar alzheimerTrí thionscadal NAD, atá á mhaoiniú ag AE, tá teiripí nuálacha nanacháithnín á bhforbairt le cóireáil a chur ar dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu. Tá nanacháithníní ceaptha ag an bhfoireann, nanacháithníní a bhfuil ar a gcumas an bhacainn fola inchinne a thrasnú, le gur féidir an galar a bhrath le scanadh íomháithe athshondais mhaighnéadaigh (MRI), nó scanadh tomagrafaíoch astúchán posatrón (PET), ar an inchinn. Deimhníodh freisin le linn an tionscadail seo go bhféadfadh “nanacháithníní iompróra” feidhm theiripeach a bheith acu. Ceapadh na nanacháithníní sin chun substaintí teiripeacha a threorú isteach sa bhacainn inchinne chun a sheachaint go gcruinneodh peiptídí amalóideacha béite‑phróitéine le chéile agus go dtarraingeoidís galar.

SLÁNDÁIL BIA AGUS ÚSÁID INBHUANAITHE A BHAINT AS ACMHAINNÍ BITHEOLAÍOCHADíol spéise do shaoránaigh uile na hEorpa is ea aistí bia fholláin, laghdú ar dhramhaíl agus eolas a chur ar an áit as a dtagann an bia a cheannaítear sa siopa. Meastar go mbeidh daonra an domhain chomh hard le 9 billiún duine faoin mbliain 2050; mar sin ní mór dúinn athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcur chuige atá againn maidir le táirgeadh, tomhailt, próiseáil, agus stóráil bia, agus athchúrsáil agus diúscairt dramhaíola, agus a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú ag an am céanna.

Mar chuid de sin beidh orainn cothromaíocht a bhaint amach idir an fheidhm a bhainimid as acmhainní in-athnuaite agus neamh-in-athnuaite na mara agus na talún, acmhainní luachmhara a dhéanamh as an dramhaíl, agus bia an duine, bia ainmhithe, táirgí bithbhunaithe agus bithfhuinneamh a tháirgeadh ar shlí inbhuanaithe.

© iS

tock

phot

o.co

m/a

nned

de

Page 8: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

8F O R A S F E A S A A R A N A O N T A S E O R P A C H

Is tríd an mbithgheilleagar a dhéanfar an t-athrú seo i dtreo sochaí nua iarpheitriliam ina bhfeicfear athruithe marthanacha ar shlite maireachtála agus ar úsáid acmhainní i ngach cuid den tsochaí agus den gheilleagar. Braithfidh leas agus folláine shaoránaigh na hEorpa anois agus feasta ar an tslí ina ndéanfar na bunathruithe sin.

SCÉAL RATHA: béilí a athchruthú chun cabhrú le daoine a bhfuil deacrachtaí coganta acuDaoine a bhfuil deacrachtaí coganta nó slogtha acu, de bhrí nach féidir leo ach brúitín nach bhfuil aon chosúil idir é agus an bia as a ndearnadh é a ithe, is minic a chailleann siad spéis i mbia agus nach n‑itheann siad a ndóthain. Is féidir leo a bhfolláine coirp agus intinne a chur i mbaol dá réir. Chun an fhadhb sin a réiteach, féachann an tionscadal Performance, a fhaigheann maoiniú ón AE, le béilí neamhchostasacha ilchineálacha a sholáthar dóibh siúd a bhfuil na deacrachtaí sin acu trí fheidhm a bhaint as teicneolaíocht nuálach 3D le bianna a athchruthú as brúitín bog de na bianna sin.

FUINNEAMH INBHUANAITHEIs é an fuinneamh a bhrúnn an geilleagar atá againn chun cinn ach teastaíonn an t-uafás fuinnimh díreach chun an caighdeán maireachtála atá againn a choinneáil sa siúl.

Is í an Eoraip an dara geilleagar is mó ar domhan, ach braitheann sí an iomarca ar an gcuid eile den domhan maidir le foinsí fuinnimh – fuinneamh a fhaightear ó bhreoslaí iontaise agus a ghéaraíonn luas an athraithe aeráide. Mar sin tá spriocanna uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh socraithe ag AE dó féin.

Tá níos mó fuinnimh á ídiú againn ná mar is féidir linn a sholáthar, rud a chuireann slándáil, iomaíochas agus fostaíocht an AE i mbaol.

© D

e Grood Innovations

Is den riachtanas é go spreagfadh AE réabhlóid nua thionsclaíoch as a leanfaidh geilleagar lagfhuinnimh, agus feidhm a bhaint as foinsí fuinnimh níos sláine, níos iomaíche, níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe chun ár gcaighdeán maireachtála agus ár gcuid áiseanna nua-aimseartha a choinneáil sa siúl.

SCÉAL RATHA: ábhair nua do cheallraí nuaLe teicneolaíocht ceallraí ian litiam tá slí againn le glúin nua feithiclí leictreacha a chur ar fáil, gan trácht ar chumhacht a sholáthar do raidhse gléasanna iniompartha atá dian ar fhuinneamh. Tá taighdeoirí ag lorg slite nua chun éifeachtúlacht na teicneolaíochta a fheabhsú, agus tá tionscadail éagsúla ag AE, m.sh. Somabat, lena ndéantar fréamhshamhaltú ar chineálacha nua teicneolaíochta a bhfuil féide‑arthachtaí móra ag baint leo. Tá saineolaithe ar aon fhocal, mar sin féin, go mbeidh gá le hábhair nua don chéad ghlúin eile de cheallraí iar‑ian litiam, má táimid chun níos mó ná 250Wh/kg a ghiniúint – an uasteorainn atá tuartha do theicneolaíocht na gceallraí ian litiam. Tá measúnú á dhéanamh i láthair na huaire ar an teicneolaíocht nua Li‑air, a forbraíodh mar chuid den tionscadal Labohr, agus sa tionscadal ORION tá taighdeoirí ag déanamh taighde atá idir 5 bliana agus 10 mbliana chun cinn, taighde ar roghanna nua orgánacha‑neamhorgánacha hibrideacha a d'fhéadfaí feidhm a bhaint astu in ionad na modhanna tiontaithe agus stórála fuinnimh atá againn anois, rud a d'fhéadfadh cabhrú le hAE dul i gceannas ar an margadh sin.

© iS

tock

phot

o.co

m/a

pom

ares

Page 9: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

9T A I G H D E A G U S N U Á L A Í O C H T

IOMPARIs gá córas éifeachtach fuinnimh chun saibhreas agus rachmas na hEorpa a bhuanú. Fágann an tsoghluais-teacht go gcothaítear fostaíocht, fás eacnamaíoch, rathúnas agus trádáil dhomhanda agus go gcuirtear naisc riachtanacha ar fáil idir dhaoine agus idir phobail. Ach ní córais agus nósanna inbhuanaithe iad na córais agus nósanna iompair atá againn faoi láthair.

I láthair na huaire, braithimid an iomarca ar ola, ar mórthruailleán é nach mbeidh ar fáil, ar chaoi ar bith, i bhfad eile. Bíonn tionchar ag fadhbanna iompair, m.sh. plódú tráchta, sábháilteacht ar bhóithre agus truailliú an atmaisféir, ar ár sláinte agus ár saol laethúil.

Méadóidh costas eacnamaíoch an phlódaithe 50 % nó mar sin idir seo agus 2050, méadóidh an bhearna inrochtaineachta idir limistéir lárnacha agus limistéir imeallacha agus is airde a bheidh an costas sóisialta a ghabhann le timpistí agus truailliú de dheasca torainn.

Beidh ar Bhallstáit AE aghaidh a thabhairt le chéile ar na cineálacha dúshláin a bheidh le sárú sa 21ú haois.

Mura dtugaimid aghaidh ar na dúshláin sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí bac mór ar ár ndeiseanna taistil – agus ar an ngeilleagar – rud a dhéanfadh athrú chun donais ar ár gcaighdeán maireachtála. San earnáil iompair, is gá taighde a dhéanamh chun teicneolaíochtaí agus slite oibre nuálacha a cheapadh, trína bhféadfaí deiseanna taistil a choinneáil ar chostas íseal don tsochaí.

SCÉAL RATHA: teicneolaíochtaí nua chun astaíochtaí agus torann ó aerárthaí a laghdúCeapadh roinnt teicneolaíochtaí ceannródaíocha sa chéad chéim den chomhpháirtíocht “Spéir Ghlan” agus rinneadh trialacha gaoth‑tholláin orthu, trialacha atá riachtanach chun na teicneo‑laíochtaí sin a fhorbairt tuilleadh. Teicneolaíocht amháin díobh sin is ea an sciathán nádúrtha lannach. D’fhéadfadh an sciathán nua seo tarraingt a laghdú go suntasach agus suas le 4 % de bhreosla a choigilt. D’éirigh le trialacha gaoth‑tholláin ar dhá cheann eile de theicneo‑laíochtaí nuálacha a ceapadh faoi Spéir Ghlan, an rótar oscailte (inneall aerárthaigh nuálach) agus córais frithoighrithe agus dí‑oighrithe sciathán, agus léirigh siad go raibh an chéad leibhéal aibíochta iontu. Mheasúnaigh Rolls Royce agus an monaróir ilnáisiúnta Francach SNECMA, a mhonaraíonn innill aerárthaigh agus roicéid, an t‑inneall nuálach seo agus bhí siad sásta leis.

© d

utch

pilo

t22

Page 10: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

10F O R A S F E A S A A R A N A O N T A S E O R P A C H

AERÁIDTáimid ag druidim le deireadh ré sin na n-acmhainní líonmhara neamhchostasacha – is gá an ceangal idir fás an gheilleagair agus úsáid acmhainní a bhriseadh. Tá an bonn á bhaint dár n-éiceachórais agus dár mbithéagsúlacht ag éifeachtaí an athraithe aeráide agus ag patrúin reatha táirgeachta agus ídithe.

Is é an réiteach ar an bhfadhb sin infheistíocht a dhéanamh i nuálaíocht a thacóidh le geilleagar glas – geilleagar ina léireofar tuiscint ar an timpeallacht.

Agus acmhainní nádúrtha ag éirí gann, is den riachtanas é feidhm níos inbhuanaithe a bhaint as na hacmhainní aiceanta teoranta atá fágtha againn, ar mhaithe lenár bhfolláine agus le forbairt eacnamaíoch na hEorpa. Slí amháin chun é sin a dhéanamh is ea táirgeadh dramhaíola a laghdú a mhéad is féidir agus dramhaíl a athúsáid mar acmhainn. Tá saineolas cruthaithe ag an Eoraip i dtaca le dramhaíl a láimhseáil agus a chóireáil agus tá sí chun tosaigh i gcás na nuálaíochta san earnáil seo.

Ach teacht i dtír ar na foinsí nirt sin, chuirfí borradh faoi réitigh nuálacha chun dramhaíl a chosc agus a bhainis-tiú, ar mhaithe le spleáchas na hEorpa ar amhábhair allmhairithe a laghdú agus a stádas mar cheannaire ar an margadh domhanda a dhaingniú.

Gné bhunúsach de shláinte an duine, den tslándáil bia, den fhorbairt inbhuanaithe agus den timpeallacht is ea uisce. Tá earnáil an uisce ag éirí níos tábhachtaí an t-am ar fad san Eoraip. Ochtó billiún euro de láimhdeachas a bhíonn aici i ngnáthbhliain, rud a fhágann gur foinse fhíorluachmhar fáis agus fostaíochta í. Mar sin féin, tá acmhainní uisce faoi bhrú i gcónaí ag na nithe seo a leanas: an t-athrú aeráide, uirbiú, truailliú, róshaothrú na n-acmhainní fíoruisce agus méadú ar an iomaíocht idir dhreamanna éagsúla a bhaineann feidhm as uisce. Is é atá tuartha go mbeidh 40 % níos mó éilimh ar uisce ann faoi ceann fiche bliain.

Beidh gá le leibhéal ard éicea-nuálaíochta sa tsochaí agus i gcúrsaí teicneolaíochta má tá an geilleagar le bheith in ann dul in oiriúint don athrú aeráide, agus bheith níos tíosaí ar acmhainní, ach bheith chomh hiomaíoch céanna.

SCÉAL RATHA: an éiginnteacht faoin ardú ar leibhéal na farraige a laghdúTá dhá thrian den domhan faoi uisce. Is minic impleachtaí móra ag athruithe beaga ar leibhéal na farraige; is cúram práinneach é ar eolaithe an lae inniu, dá bhrí sin, a bheith in ann athruithe a d’fhéadfadh tarlú sna haigéin a thomhas, a rianú agus a thuar. Thug an tionscadal Ice2sea, a mhaoiníonn an Coimisiún Eorpach, oigheareolaithe, eolaithe aeráide agus eolaithe aigéin as 13 thír éagsúla le chéile chun tuiscint níos soiléire ar an ardú a d'fhéadfadh teacht ar leibhéal na farraige de thoradh an athraithe aeráide a thabhairt do lucht déanta beartas, chun gur féidir bonneagar na sochaí seo againne a ullmhú ar shlí níos fearr. Bunaíodh tionscadal Ice2sea toisc go raibh údar imní ann nach raibh na réamh‑mheastacháin ar ardú leibhéal na farraige cruinn a ndóthain; d’fhág an tionscadal go bhfuil níos mó cinnteachta ann sa réimse ríthábhachtach taighde seo agus chuir sé sonraí níos iontaofa ar fáil don IPCC (an Painéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide); bhí an IPCC in ann na sonraí sin a chur ina Chúigiú Tuarascáil Mheasúnachta (Deireadh Fómhair 2013).

CUIMSIÚDúshlán ríthábhachtach don Eoraip is ea neamhionannas agus eisiamh sóisialta a laghdú.

Is féidir leas a bhaint as taighde AE atá bunaithe ar chur chuige láidir ildisciplíneach, na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí san áireamh, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí iniúchadh a dhéanamh ar réitigh nuálacha agus an bonn fianaise atá le bearta beartais, ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon, a neartú. Cuireann a leithéid sin de thaighde comhar comhtháite éifeachtach chun cinn le tíortha lasmuigh den AE agus déantar iniúchadh ar shaincheisteanna éagsúla, m.sh. cuimhní cinn, féiniúlachtaí, caoinfhulaingt agus oidhreacht chultúrtha.

© d

oeth

ion

Page 11: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

11T A I G H D E A G U S N U Á L A Í O C H T

SCÉAL RATHA: timpeallachtaí atá feiliúnach do sheandaoine: líonra nua eorpach um nuálaíochtDe réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, is iad na timpeallachtaí fisiceacha agus sóisialta, thar aon ní eile, a chinneann an mbeidh daoine folláin agus neamhspleách i mblianta deireanacha a saoil. Réiteach an‑éifeachtach ar an athrú déimeagra‑fach, dá bhrí sin, timpeallacht atá feiliúnach do sheandaoine a chur chun cinn. Chun tacú leis an gcur chuige sin, bunaíodh AFE‑Innovnet, líonra atá struchtúraithe de réir téamaí éagsúla nuálaíochta chun timpeallachtaí atá feiliúnach do sheandaoine a chruthú; fuarthas tacaíocht ón gClár Eorpach CIP ICT PSP, agus mairfidh an líonra sin dhá bhliain.

SLÁNDÁILTá sé de dhualgas ar gach tír slándáil a cuid saoránach a chinntiú. Mura bhfuil an tsábháilteacht agus an tslándáil ina ndlúthchuid den tsochaí, ní bheidh rath ar an tsochaí. Is é a dhéanann rialtais maidir le slándáil a gcuid saoránach a chur chun cinn ná an choireacht agus an sceimhlitheoireacht a throid, na saoránaigh a chosaint ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéantús an duine, cibearshlándáil éifeachtach a chur ar agus teorain-neacha na tíre a chosaint ar gháinneáil neamhdhleathach.

© C

omug

nero

Silv

ana

Ach cé gur bunchúram gach rialtais é slándáil na saoránach a chinntiú, is réimse an-íogair é ina gcaithfear meas a léiriú ar phríobháideacht an duine agus ar chearta bunúsacha. Dá bhrí sin, tá meas ar phríobháideacht agus ar shaoirse an duine ag croílár an taighde atá ar siúl ag AE i réimse na slándála.

Tá tionscail iomaíocha in earnáil na slándála in AE in ann a lán a dhéanamh ar mhaithe leis an gcaighdeán maireachtála i sochaithe na hEorpa. Is gnólachtaí Eorpacha atá ina gceannródaithe domhanda i bhformhór na n-earnálacha slándála de bharr forbairtí nuálacha tábhachtacha atá á ndéanamh acu ar a dteicneolaíochtaí.

Tá deiseanna móra fáis agus fostaíochta in earnáil slándála AE.

SCÉAL RATHA: tionscadal a mhaoiníonn AE le forbairt mhór a dhéanamh ar chórais slándála bhithmhéadrachaTá córais bhithmhéadracha ag cruthú mar cheann de na réitigh slándála is éifeachtaí dá bhfuil ann. Mar sin féin, tá braiteoirí bithmhéadracha leochaileach i gcónaí, agus rinneadh tagairt sna meáin idirnáisiúnta do laigí áirithe. Dhá eagraíocht déag éagsúla i seacht dtír ar leith atá i gcuibhrean‑nas Tabula Rasa, eagraíochtaí a d’oibrigh le chéile ar feadh trí bliana chun taighde a dhéanamh ar a mhéad laigí agus ab fhéidir, chun frithbhearta a fhorbairt, agus é mar aidhm acu córais bhithm‑héadracha nua agus níos sábháilte a fhorbairt.

© E

urop

ean

Uni

on

Page 12: FORAS FEASA AR AN AONTAS EORPACH Taighde agus … · 2016-06-16 · duine, agus dhá chúigiú cuid díobh sin os cionn 50 bliain d’aois. Beidh cónaí ar thrí cheathrú cuid de

12F O R A S F E A S A A R A N A O N T A S E O R P A C H

NA-0

6-14

-047-G

A-C

Tuilleadh eolais

ISBN 978-92-79-42389-5 doi:10.2775/74218

X An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta: http://ec.europa.eu/research/index.cfm?pg=home&lg=en

X Eolas faoi FÍS 2020: http://ec.europa.eu/programmes/horizon2020/en/news/horizon-2020-brief-eu-framework-programme-research-innovation

X Irisleabhar HORIZON: http://horizon-magazine.eu X An bhfuil ceist agat faoin Aontas Eorpach? Europe Direct – seirbhís eolais an AE: 00 800 6 7 8 9 10 11

http://europedirect.europa.eu

Amach romhainn

Tá fianaise láidir ann gur fearr a chruthaíonn na tíortha sin is mó a chaitheann airgead, agus a chaith airgead i gcónaí, ar thaighde agus ar nuálaíocht. Tá sprioc socraithe ag an Aontas Eorpach dó féin, is é sin go mbeidh 3 % den olltáirgeacht intíre á chaitheamh aige ar thaighde agus ar nuálaíocht, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, faoi 2020.

Tá an infheistíocht sin, ar mhaithe le geilleagar rathúil iomaíoch, díreach chomh tábhachtach céanna lenár ngealltanas laghdú a dhéanamh ar fhiachas agus ar easnamh na hEorpa. D'fhéadfaí 3.7 milliún post a chruthú agus €800 billiún, nach mór, a chur leis an olltáirgeacht intíre faoi 2025, ach 3 % d'olltáirgeacht intíre an AE a bheith á chaitheamh ar thaighde agus ar nuálaíocht faoi 2020.

De bhrí go bhfuil daonra na hEorpa ag dul in aois agus go bhfuil geilleagar na hEorpa in iomaíocht le geilleagair nua atá ag teacht chun cinn, is den ríthábhacht é gur forbairtí nuálacha ar tháirgí, ar sheirbhísí agus ar shamhlacha gnó, lena n-áirítear nuálaíocht san earnáil phoiblí, a bheidh mar bhonn agus mar thaca le fás an gheilleagair agus le poist nua a chruthú san Eoraip sna blianta amach romhainn.

Téann an infheistíocht a dhéantar i dtaighde agus i nuálaíocht i gcion go mór ar earnálacha eile, go háirithe ar leibhéal na hEorpa. Mar sin féin, ní chaitheann an Eoraip an oiread céanna ar thaighde agus ar nuálaíocht agus a chaitheann SAM agus an tSeapáin. Ní mór dúinn

Ach an méid airgid a chaitear ar thaighde a mhéadú, d'fhéadfaí na milliúin post nua a chruthú agus na billiúin euro

a chur le holltáirgeacht intíre an AE.

© European U

nion

cur go mór leis an gcaiteachas sin le nach mbainfear dár gcumas iomaíochta amach anseo, agus cabhróidh Fís 2020 le lucht taighde agus nuálaíochta é sin a dhéanamh.

Tá an beartas taighde agus nuálaíochta an-tábhachtach sna 10 dTosaíocht atá ag Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker, go háirithe chun tacaíocht a thabhairt don Phacáiste “Poist, Fás agus Infheistíochta”; chun Margadh Aonair Digiteach idirnasctha a bhunú agus Aontas Fuinnimh buanseasmhach a chruthú maille le beartas réamhbhreathnaitheach um an athrú aeráide; chun bonn tionsclaíoch na hEorpa a láidriú agus chun gníomhaí domhanda níos láidre a dhéanamh den Eoraip.