imúscraí, eagrán #2

8
iMúscraí iMúscraí Eagrán #2, Dé hAoine 4 Samhain 2011 http://www.imuscrai.com SAOR IN AISCE Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí Iniata leis an eagrán seo de iMúscraí tá suirbhé ina ndeintear fiosrú faoi thuairimí an phobail i leith na seirbhisí agus na h-áise- anna atá á chur ar fáil agus atá ag teastáil i Múscraí. An bhfuil a dhothain áiseanna ann don aos óg? An bhfuil go leor áiseanna spóirt agus spraoi sa che- antar? An bhfuil gá le h-aon áis ar leith chun an teanga a chur chun cinn? Tá siad san i measc na ceis- teanna atá faoi chaibidil sa suirbhé seo. Tá fiosrú ann faoin úsáíd atá á bhaint agat as na seirbhísí is na h-áiseanna atá anseo. An Comharchumann atá ag dé- anamh an suirbhé seo chun cabhrú linn eolas cruinn a bheith againn ar na bearnaí, má tá siad ann, sa solathar atá á dhéanamh sa chean- tar. Bheimís ana bhuioch díbh dá ndéanfadh sibh an suirbhé a líonadh agus a thabhairt ar ais chomh luath agus is féidir. Cuirfear boscaí ar leith ar fáil sna scoileanna agus i siopaí áítiúla. Úsáidfear an t-eolas seo chun cabhrú leis an gComharchumann agus plean oibre le h-aghaidh 2012 a dhréachtú. Tá an t-eolas á lorg ag Údarás na Gaeltachta freisin agus iad i mbun pleanáíl don bhlian seo chugainn agus na blianta amach romhainn. Ceistneoir faoi áiseanna agus seirbhísí éagsúla i Múscraí ‘App’ Mhúscraí Do thuairim á lorg i suirbhé Comharchumann Forbartha Mhúscraí Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha Co. Chorcaí. Tel: 026 65781 085 8130777 http://www.imuscrai.com Seo an chéad radharc den ‘App’ nua atá á orbairt ag Comhar- chumann Forbartha Mhúscraí chun súáilcí agus áiseanna an cheantair a chur i láthair. Fán am seo tá aithne orlea- than ar na bhfeidhm chláracha seo a bhionn ar fóin phóca ar nós an iPhone agus a leithéid. Bealach é seo chun Múscraí a chur chun cinn i slí áisiúil agus éasca ag am go bhfuil níos mó úsáide ná riamh á bhaint as na gléasanna seo. Tá roinnt oibre fós le dé- anamh ar an gclár - agus níl sé ró dhéanach eolas a chur ar fáil má tá seirbhís á chur ar fáil agat a bheadh úsáideach do thurasóirí, siúlóidí, lóistín, siamsaíocht. Beifear ag súil go gceadófar ar iTunes é le linn na seachtainí romhainn. Faoi láthair is féidir teacht ar leagan trialach ag an suíomh http://ibuildapp.com/ projects.php?action=info&proje ctid=59271php?action=info&pr ojectid=59271 Be in with a chance to win a luxury hamper of lo- cal food,music and wine in time for Christmas by completing the survey on Page 2 and returning it to ‘Survey’, Comharchuman Forbartha Mhúscraí, Cúil Aodha before 30 Novem- ber. Aire na Gaeltachta ar an eolas L7 Aoibheanna álainn mhná Bhéal Átha Is cróga an beart é gnó nua a oscailt na laethannta seo agus tá ard mholadh ag dul do Ais- ling de Búrca agus Caitríona Ní Riordáin as dul sa bhearna baoil. Gnó na h-ailleachta atá ar bun ag an mbeirt - tá gruagaire ann darbh ainm Scoth Stíle agus seirbhis áilleachta ‘Mná Áille’. Seo iad Aisling agus Caitríona in éineacht le mná na h-áíte tar éis dóibh cúram gruaige agus áilleachta a áil ag an oscailt le déanaí. Pic le Nóirín Uí uama

Upload: concubhar-o-liathain

Post on 21-Mar-2016

248 views

Category:

Documents


9 download

DESCRIPTION

An dara eagrán de iMúscraí, nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí. The second edition of iMúscraí, the newsletter of Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

TRANSCRIPT

Page 1: iMúscraí, Eagrán #2

iMúscraíiMúscraíEagrán #2, Dé hAoine 4 Samhain 2011 http://www.imuscrai.com SAOR IN AISCENuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí

Iniata leis an eagrán seo de iMúscraí tá suirbhé ina ndeintear fiosrú faoi thuairimí an phobail i leith na seirbhisí agus na h-áise-anna atá á chur ar fáil agus atá ag teastáil i Múscraí.

An bhfuil a dhothain áiseanna ann don aos óg? An bhfuil go leor áiseanna spóirt agus spraoi sa che-antar? An bhfuil gá le h-aon áis ar leith chun an teanga a chur chun cinn? Tá siad san i measc na ceis-

teanna atá faoi chaibidil sa suirbhé seo. Tá fiosrú ann faoin úsáíd atá á bhaint agat as na seirbhísí is na h-áiseanna atá anseo.

An Comharchumann atá ag dé-anamh an suirbhé seo chun cabhrú linn eolas cruinn a bheith againn ar na bearnaí, má tá siad ann, sa solathar atá á dhéanamh sa chean-tar.

Bheimís ana bhuioch díbh dá ndéanfadh sibh an suirbhé a

líonadh agus a thabhairt ar ais chomh luath agus is féidir.

Cuirfear boscaí ar leith ar fáil sna scoileanna agus i siopaí áítiúla.

Úsáidfear an t-eolas seo chun cabhrú leis an gComharchumann agus plean oibre le h-aghaidh 2012 a dhréachtú.

Tá an t-eolas á lorg ag Údarás na Gaeltachta freisin agus iad i mbun pleanáíl don bhlian seo chugainn agus na blianta amach romhainn.

Ceistneoir faoi áiseanna agus seirbhísí éagsúla i Múscraí

‘App’ Mhúscraí

Do thuairim á lorg i suirbhé

Comharchumann

Forbartha Mhúscraí

Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó LiatháinCúil AodhaCo. Chorcaí. Tel: 026 65781 085 8130777http://www.imuscrai.com

Seo an chéad radharc den ‘App’ nua atá á fhorbairt ag Comhar-chumann Forbartha Mhúscraí chun súáilcí agus áiseanna an cheantair a chur i láthair.

Fán am seo tá aithne fhorlea-than ar na bhfeidhm chláracha seo a bhionn ar fóin phóca ar nós an iPhone agus a leithéid.

Bealach é seo chun Múscraí a chur chun cinn i slí áisiúil agus éasca ag am go bhfuil níos mó úsáide ná riamh á bhaint as na gléasanna seo.

Tá roinnt oibre fós le dé-anamh ar an gclár - agus níl sé ró dhéanach eolas a chur ar fáil má tá seirbhís á chur ar fáil agat a bheadh úsáideach do thurasóirí, siúlóidí, lóistín, siamsaíocht.

Beifear ag súil go gceadófar ar iTunes é le linn na seachtainí romhainn. Faoi láthair is féidir teacht ar leagan trialach ag an suíomh http://ibuildapp.com/projects.php?action=info&projectid=59271php?action=info&projectid=59271

Be in with a chance to win a luxury hamper of lo-cal food,music and wine in time for Christmas by completing the survey on Page 2 and returning it to ‘Survey’, Comharchuman Forbartha Mhúscraí, Cúil Aodha before 30 Novem-ber.

Aire na Gaeltachta ar an eolas L7

Aoibheanna álainn mhná Bhéal Átha

Is cróga an beart é gnó nua a oscailt na laethannta seo agus tá ard mholadh ag dul do Ais-ling de Búrca agus Caitríona Ní Riordáin as dul sa bhearna baoil.

Gnó na h-ailleachta atá ar bun ag an mbeirt - tá gruagaire ann darbh ainm Scoth Stíle agus seirbhis áilleachta ‘Mná Áille’.

Seo iad Aisling agus Caitríona in éineacht le mná na h-áíte tar éis dóibh cúram gruaige agus áilleachta a fháil ag an oscailt le déanaí. Pic le Nóirín Uí Thuama

Page 2: iMúscraí, Eagrán #2

Suirbhé Dé hAoine, 4 Samhain, 2011iMúscraí2

Treoir

Ceisteanna againn oraibh...Seol an suirbhé chugainn roimh 30 Samhain chun seans a bheith agat ‘Hamper’ a bhuachaint

Cúil Aodha Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre Cill na Martra Reidh na nDoirí Béal Átha’n Ghaorthaidh

Halla pobailCommunity hallOifig an PhoistPost OfficeNaíonraNurseryScoil NáisiúntaNational SchoolIonad/Seirbhís Iar ScoileAfter School Centre/ServiceMeánscoilSecondary schoolIonad ÓigeYouth CentreClub ÓigeYouth ClubPáirc súgarthaPlaygroundIonad Seirbhísí TeangaLanguage Services CentreIonad SláinteHealth centreIonad lae d’aosaighDay centre for elderly citizensIonad AthchúrsálaRecycling facilityMargadh feirme/pobailFarmers/community marketPáirc SpóirtSports fieldPáirc Uile-aimsearthaAll weather sports facility

Ainm:Name:Ceantar:Area:Guthán:Phone:Ríomhphost:Email:An mó duine i do chlann?How many in your family?0-12bl/yr 12-18bl/yr 18b/yr+

Sa léaráid thíos tugtar léargas ar na seirbhísí/na h-áiseanna atá ar fáil i ngach ceantar. Sa chás go n-úsáideann tú áis go seachtainiúil, cuir x i mbosca #1. Cuir x i mbosca #2 más úsáideoir laethúil tú.

This is a snapshot of the available facilities and services in Múscraí. Please indicate if you’re a weekly user by marking ‘x’ in box #1. If you’re a weekly user, mark ‘x’ in box #2.

#1 #2 #1 #2 #1 #2 #1 #2 #1 #2X X

X X XXX

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

XX

XX

X

X

X

XXX

X

X

X

XX

X

X X X

An bhfuil aon áis spóirt go mbainfeá úsáid as ach nach bhfuil ar fáil i do cheantar?

Is there any sports facility you would use that is not currently available in your area?An bhfuil aon seirbhís/áis go mbainfeá úsáid as ach nach bhfuil sé ar fáíl i do cheantar?

Is there any service/facility which you would use but isn’t available in your area?

An bhfuil aon seirbhis ar cheart don Chomharchumann cur ar fáíl?

Is there any service you would like the Comharchumann to make available?

Cad é an sprioc ar cheart bheith ag an Comharchumann do 2012? (marcáil 1,2..in órd tosaíochta)What main aim should the Comharchu-mann have in 2012? (Please mark 1,2 in order of preference.)

Cur chun cinn na GaeilgePromotion of Irish languageForbairt turasóireacht chultúrthaCultural tourism developmentForbairt áiseanna/seirbhísíphobailDeveloping community facilitiesservicesTacú le coistí pobail/áitiúlaSupporting local/commuity groupsSprioc eile?Another aim?

Cad é an teanga an tí?What is the language of the house-hold?Gaeilge/IrishBéarla/EnglishGaeilge agus BéarlaEile/otherMás eile, cén teanga?If other, specify?An mbeadh suim agat freastal ar ranganna Gaeilge?Would you attend Irish classesBun Libhéal/beginnerMeán libhéal/ImproverArd RangGaoluinn Mhúscraí

An mbeadh suim agat togra turasóireachta chultúrtha a bhunú?

Would you be interested in establish-ing a cultural tourism initiative?Más sea, tabhair sonraíIf yes, give details.

An bhfuil aon moladh agat chun feabhas a chur ar an nuachtlitir seo? Do you have any suggestions to improve this newsletter?

Go raibh maith agat/Thanks

Ciseán d’earraí áitiúla - agus cúpla buidéal fíona - le buachaint. Send complet-ed survey to ‘Survey’ Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cúil Aodha.

Page 3: iMúscraí, Eagrán #2

NuachtDé hAoine, 4 Samhain, 2011 iMúscraí 3

Cúpla focal

Eagrán 2 de nuachlitir an Chomharchumainn anseo agaibh! Is mór an chúis áthais dúinn an dea thoil a léiríodh i leith eagrán #1 a seoladh ag deireadh mhí Mheán Fhom-hair. Cuirfear fáilte i gconaí roimh bhúr dtuairimí - bídís moltach nó cáinteach. Déan-faimid ár míle dícheall feabhas leanúnach a chur ar an nu-achtlitir.

An príomh ghnó ag an nuachtlitir seo dhá rud a chur in bhúr láthair - suirbhé faoi áiseanna, cúrsaí teanga agus an Chomharchumainn a chur ós bhúr gcomhair. Bheimís ana bhuioch as freagraí a fháil uaibh ar seo.

An dara rud, leathnach ag cur síos ar Mhúscraí do chuairteoirí go dtí an dúthaigh. Tá súil againn go mbeidh seo ina chabhair do lucht na turasóíreachta sa cheantar agus, ós rud é go mbeidh an leathnach seo i ngach eagrán de iMúscraí, is féidir é a uasdatú go rialta.

Tá súil againn go mbeidh an t-eolas seo i bhfoirm ‘App’ chomh maith agus go mbeidh sé ar fáil ar fón póca cosúil leis an iPhone nó gléasanna leis an gcóras ‘android’. Beidh an t-eolas ar fáil freisin ar www.imuscrai.com.

Tá seirbhís nua á sheo-ladh againn san eagrán seo. Ar chostas bheag is féidir d’imeacht a fhógairt. Beidh an t-ioncam seo ag dul i dtreo costaisí clódóireachta ionas go mbeimid ábalta leanúint leis an seirbhis.

Thanks for all your positive feedback to the first edition of iMúscraí. Feedback be it posi-tive or negative will always be welcome as our efforts will be aimed at the ongoing improve-ment of the newsletter.

Highlights of this edition include a survey as to facilities and language use in Múscraí. The results of this survey will in-form us as we are preparing our plan of work for 2012 and there will be a further opportunity to discuss this at a public meeting which will shortly be advertised.

Also we have a bilingual ‘Guide to Múscraí’ page which will be useful to visitors to the area. As this page will be included in future editions of iMúscrai, it can be updated or amended or added to as needed. So if you have a tourism related business which isn’t included in this edition’s guide, please do get in touch and we will make sure your details are included in the next edition.

Work is ongoing on an iMúscraí App and we hope to launch that facility in the coming weeks. This will include infor-mation for tourists and links to our website, www.imuscrai.com.

We are also including a small ad service which will be useful for advertising events. There will be a nominal fee for this service, to go towards printing costs.

Faigheann Comharchumann Forbartha Mhúscraí tacaíocht ó:

Omós don oideSlua d’iarscoláirí an Mhaistir Ó Ceallaigh ag coisir

Bhíomar oíche in Áras Mhic Suibhne

Bhíomar ann do chóisir an Cheallaíoch ann

Bhí ‘buns’ ag gach éinne is fonn chun rínce

Is chloisfí ceoil ó chuid acu ro-imh dheireadh na h-oíche!

Ní fheadar an é sin an chéad véarsa is fearr a fhéadfaí cumadh chun cur síos ar an oíche cheiliúrtha ar shaol agus ar shaothar Mhichíl Uí Cheallaigh a reachltáladh in Aras Éamoinn Mhic Suibhne i gCúil Aodha le déanaí.

Ach seans go mbeidh cúpla véarsa eile níos fearr le clos ag an Dáimh Scoil nó ocáid éigean eile amach san am.

Ar aon nós bhí slua brea i láthair, idir daltaí agus iarscoláirí, tui-smitheoirí, cáirde, comhleacaithe agus comharsain a fhreastal ar an oíche san halla i gCúil Aodha.

Seacht bliain agus triocha a chaith Mícheál Ó Ceallaigh ina mhúinteoir, agus a bhfurmhór mhór acu san sa Scoil i gCúil Aodha. D’eirigh sé as an chúram éachtach seo i mí an Mheithimh agus tá sé anois ar a sháimhín só!

Beartaíodh ar an oíche cheili-urtha seo a chur ar siúl chun an t-éacht oideachais seo a cheiliu-radh agus a aithint. Agus chuaigh meitheal na dtuismitheoirí agus na múinteoirí chun oibre chun an oíche den scoth a chur ar fáil. Thug Comhaltas Chosanta Chúil Aodha tacaíocht fonnmhar don oíche agus athlonnaíodh bear an

Mhuilinn go dtí Cúil Aodha don oíche, a bhuiochas do Don Ó Lao-ire agus a fhoireann.

Cuireadh tús leis an oíche le h-Aifreann sa séipéal i gCúil Aodha agus as go brach leis an slua ina dhiaidh sin go dtí an Halla.

B’é Príomh Oide Scoil Náisiúnta Chúil Aodha/Barr d’Ínse, Cathal Ó Riada an fhear a tí agus b’íontach an seó a chur sé inár láthair.

Tháinig na naíonáin - atá faoi chúram Nuala Bean Uí Dhálaigh - ar an árdán ar dtúis agus chan siad roinnt amhráin go binn agus le h-aisteoireacht oiriúnach. Ina ndiaidh san tháinig Ranganna 1,2 agus 3, iad san faoi stiúr Eibhlís Uí Shúilleabháin agus an múinteoir nua, Ann Bn Uí Loingsigh. Bhí

amhráin acu ar nós ‘Samhradh, Samhradh’ agus ‘Bhíosa Lá i bPort Lairge’.

Tá meitheal íontach ceoltóirí anois i Scoil Chúil Aodha - sein-teoirí cumasacha ar an bhfeadóg, an chonsairtín, an fidil, an feadóg stáin agus ar an gcruit. Is mór an chreidiúint do na daltaí féin an dul chun cinn atá déanta acu agus an don scoil gan amhras.

Ina dhiaidh sin bhí oráid ó Dhomhnall Ó hÉalaithe a rinne cur síos ar stair Scoil Chúil Aodha-Barr d’Ínse ón am gur bunaíodh é in 1853 go dtí an lá inniu. Ba ghreannmhar agus ba thaithneam-hach na scéalta a d’inis sé faoi na freagraí aisteacha a thug daltaí ar cheisteanna a múinteoirí. Rinne sé aithris ar liosta fada múinteoirí/ard mháistrí a bhí i mbun oibre ag an scoil i gcaitheamh an 158 bliain sin.

Bhí cur síos aige freisin ar Mhicí

ón am gur fhag sé Scoil Bhaile Mhúirne i 1958 go dtí an lá inniu agus é ag tracht ar a chuid éachtaí ar pháirc an spóirt chomh maith leis an ról tabhachtach a ghlacann sé in obair ar nós an Coiste Chom-hcheangail, Comhaltas Cosanta Chúil Aodha agus a leithéid.

B’é an bronnadh ar an Maistir Ó Ceallaigh buaicphointe na searma-naisí oifgiúla. Tugadh Ríomhaire Glúine agus Clódóir do Mhici - agus blathfhleasc do Mháire Ní Shuilleabháin. Agus é ag caint thug Micí léargas ar an gcur chuige a bhí aige féin ina mhúinteoir agus ghabh sé buiochas le gach éinne a d’oibrigh sé leo. Ghabh sé buio-chas le gach éinne a thug aon chú-namh chun oíche seo a chur le cé-ile freisin.

I ndiaidh na mbronntanaisí a bheith bronnta luiodh isteach ar an gceol is an amhránaiocht agus ba liosta le h-áireamh na h-am-hránaithe a chuaigh ar an árdán. Bhí tae agus soláistí - a d’ullmhaigh meitheal na dtuismitheoirí - ar bhórd agus go leor bia agus dí chun gach aois is gach mian a shásamh.

Anois beidh ar na filí is na fon-nadóirí tabhairt faoi cúntas níos ceolmhaire a dhéanamh ar an oíche úd.

Seo agaibh gach éinne ag taoscadh tae is pórtair

Ag canadh amhráin is ag rínce steip nó dhó ann

Ag aithris na scéalta ar laeth-annta ár n-óige

Míle buiochas leat a Mhící, ba túsa ár sár mhúinteoirin!

Past pupils, colleagues, neighbours and friends attended a celebration in Coolea last week to mark the retirement of Mícheál Ó Ceallaigh after 37 years of teaching in Scoil Chúil Aodha/Barr d’Inse. It was a splendid occasion with excellent performances from the schoolchildren, a presentation to Máistir Ó Ceallaigh and a night packed with song, music and dance which lasted till morning.

Micí Ó Ceallaigh

Seo iad daltaí Scoil Fhionnbarra i mBéal Átha’n Ghaorthaidh a ghlac páirt i gCoirm Cheol san Áras CLG le déanaí.

Bhí ana shlua i láthair don oíche brea ceoil agus b’é Seosamh Ó Críodáin ó Ostán Uí Chríodáin in Ínse Geimhleach an fhear a’tí.

Ar an árdán bhí leithéidí Richard Lucey, Ger Wolfe, Tomás Ó Duinn agus go leor eile a bhionn ag seinnt go rialta ag na h-oícheannta scoraíochta ar son na seanóirí. Ar son Cumann Soisialta Naomh Fhionnbarra agus Naomh Rónán a reachtáladh na Coirme.

Ag canadh go bínn i mBéal Átha

Daltaí Scoil Fhionnbarra faoi stiúr Deirdre Ní Dhriosceoil. Pic: Nóirín Uí Thuama

Page 4: iMúscraí, Eagrán #2

4 Mórthimpeall Mhúscraí iMúscraí Dé hAoine 4 Samhain 2011

Áine Máire Uí Chroinín,Mairéad Ní Luasa,Mairéad Uí Chathasaigh agus Eithne Uí Shuilleabháin ag oscailt an salon nua gruaige agus áilleachta i mBéal Átha’n Ghaorthaidh. Pic le Nóirín Uí Thuama

Scoth Stíle agus Mná Áille - sa-lon nua oscailte i mBéal Atha’n Ghaorthaidh - trasna an bhóthair ó Centra. Seo iad an beirt fiontraí atá ag i mbun an ghnó, Caitríona Ní Riordáin - ó Bhaile Mhúirne - agus Aisling de Búrca ó Bhéal Atha’n Gha-orthaidh. Pic le Nóirín Uí Thuama

:Mairéad Ui Chriodáin, Dan Ó Croinín, Concubhar & Áine a’ Choitir, Doireann Ní Chriodáin le Cristine & Cuan ó Chaifé Na hEaspaig Beaga. Reachtáladh maidin caifé ann le déanaí ar son Build A Life/Cystic Fibrosis. Pictiúr le Nóirín Uí Thuama

Páidrigín Ui Chreimín, Julie Uí Laoire & Angela Ui Laoire ag an Maidin Caifé i gCaifé na hEaspaig Bheaga. Pictiúr le Nóirín Uí Thuama

Eibhlín Uí Dhuinnín & Gobnait Uí Choinceannáin ag an ceolchoirm ar son Cumann Shoisialta Naomh Fhionnbarra agus Naomh Ronáín. Pictiúr le Nóirín Uí Thuama

Siobháine, Gearóid & Eibhlín Uí Cheilleachair ag baint taithnimh as an oíche ceoil ar son Cumann Soi-sialta Naomh Fhionnbarra agus Naomh Rónáin i Halla an CLG le déanaí. Pictiúr le Nóirín Uí Thuama .

Denis Moynihan,Cahir, Eibhlís & Seán Ó Tuama an tSráid ar an ardán ag an ceolchoirm ar son Cu-mann Shoisialta Naomh Fhionnbarra agus Naomh Ronáín. Pictiúr le Nóirín Uí Thuama

Ger & Cristine agus iad ag obair go dian ar son Build a Life/Cystic Fibrosis ag Caifé na nEasbaig Bheaga le déanaí.Pictiúr le Nóirín Uí Thuama

Cuirfear fáilte roimh phictiúirí ó ocáid atá á reachtáil agat in iMúscraí. Táimíd ana bhuioch as na pictiúirí ach ní féidir linn táillí a íoc ar a son. Ní luaifear ainm an ghrian-grafadóra le gach pictúir.

Page 5: iMúscraí, Eagrán #2

5iMúscraíDé hAoine, 4 Samhain 2011 Mórthimpeall Múscraí

Is leatsa an micreafón anois....Fear a’tí na h-oíche agus Príomhoide Scoil Chúil Aodha/Barr d’Ínse, Cathal Ó Riada ag tabhairt cuireadh chun cainte do Mhicí Ó Ceallaigh ag an oíche chomortha i Halla Chúil Aodha le déanaí. Sa phictiúir freisin tá Máire Ní Shúilleabháin.

Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá...Seán Óg Ó Duinnín agus Cormac Ó hAodha, beirt iar-scoláire, ag canadh ag an oíche cheiliúrtha don Mháistir Ó Ceallaigh le déanaí.

Tá cóir bunaithe le déanaí i Reidh na nDoirí agus tá siad ag cleachtadh faoi láthair le h-aghaidh coirm cheol ag an Nollaig (11 Nollaig) chun airgead a bhailiú le h-aghaidh athchóiriú a dhéanamh ar Thobar Naomh Laictín atá sa cheantar.

Donncha Mac Fhionnghaile, Aire Stáit ag an Roinn Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta in éineacht le hOifigeach na Roinne i gCúige Mumhan, Oilibhéar Ó hIarfhlaithe, ag Daonscoil na Mumhan.

Cuid den slua a mealladh chuig an aonach pobail a reachtáladh le linn Féile na Laoch Cuid II. Beidh aonach pobail ar siúl arís ar an 13ú Samhain tar éis Aifrinn Chúil Aodha. (11pm-1pm).

Cuid de ghaolta Dhónail Uí Mhulláin ag nochtadh na leachta don bhfile a chum na focail do ‘An Poc Ar Buile’ ag an ocáid le linn Féile na Laoch ag deireadh mhí Mheán Fómhair.

Banna Ceoil Scoil Chúil Aodha Barr d’Inse ag seinnt ag an ocáid cheiliúrtha don Máistir Ó Ceallaigh. Sa phictiúr tá Cáít Ní Fhuartháin, Seán Ó Riordáin, Danu Fachem, Síle Ní Mheachair, Tadhg Ó Riordáin, Lena Ní Shuibhne, Jerry Mac Suibhne, Ailsa Ní Fhuartháin agus Róisín Ní Riordáin .

Ranganna 1,2 agus 3 i Scoil Chúil Aodha/Barr d’Ínse ag canadh ag an oíche chomórtha don Mháistir Ó Ceallaigh in Áras Éamoinn Mhic Suibhne, Cúil Aodha, le déanaí.

Page 6: iMúscraí, Eagrán #2

6 Dé hAoine, 4 Samhain, 2011iMúscraíNuacht an Chomharchumainn

Léiriú ar mhisneach Mhúscraí go bhfuil tithe á thogáil sa che-antar nuair atá tógálaithe di-omhaion sa chuid eile den tír.

Thosnaigh obair le seachtain anuas sa ghort le h-ais Ionad Lae Bhaile Mhúirne ar chúig thig do sheanóirí. Comhlacht Tithe Soisialta agus Forbairt an tSuláin. Togra é seo a chos-nóidh suas le €400,000 san iom-lán, An tógálaí áitiúil ó Chill na Martra, Dónal Ó Riordáin atá i mbun an chonartha.

Tithe á dtógáil i Múscraí

Tá sé faoi Comharchumann Forbartha Mhúscraí plean tean-ga a chur in áit agus i bhfeidhm i Múscraí, ar mhaithe le cur le h-úsáid na Gaeilge sa cheantar Gaeltachta seo.

Tá creatlach de phlean cumtha - dar teideal Mórtas Mhúscraí - agus is é an ché-ad chéim eile sa phroiseas ná meitheal áitiúil a thabhairt le cheile chun breis feola a chur ar an bplean sin agus a chinntiú go cuirtear i bhfeidhm é go h-

éifeachtach. Tá tabhacht ar leith leis an obair seo nó, luath nó mall, beidh athbhreithniú á dhéanamh ar stadas Gaeltachta na gceantaracha éagsúla ar fuaid na tíre agus beidh sé fíor thabhachtach go mbeidh pleán teanga laidir ag feidhmiu sa cheantar seo chun go gcoime-adfaimíd an stadas Gaeltachta sin agus na buntáistí éagsúla a ghabhann leis.

Mar sin ba mhaith linn cuireadh a thabhairt dod eagras

duine a ainmniú chun a bheith páirteach sa mheitheal seo. Oiliúint faoin phleanáil teanga agus a bhaineann leis an chéad rud ar chlár oibre na meithle seo agus beidh an Comhar-chumann á chur seo ar fáil tre seimineáir eolais agus ceardlan-naí.

Beidh seisiún eolais á reach-táil ag an gComharchumann faoin obair seo ag 9pm ar an Aoine, 11 Samhain san Ionad Óige i gCúil Aodha. Beidh

cainteoir i láthair chun bun phrionsabail na pleanála teanga a chur i láthair agus deinfear plé ar na riachtanaisí eile a bheidh ag teastáil chun an obair seo a bhrú ar aghaidh,

Ba mhór againn ionadaí ó bhúr gcoiste bheith páirteach linn san obair seo agus teacht i láthair don seisiún eolais seo chun céim tabhachtach a ghlacadh sa phroiseas.

Cruinniú eolais fé phleanáil teangaCuireadh do choistí aitiúla bheith páírteach i meitheal pleanála

Duaiseanna fiúntacha le buachaint; 2.30in Dé Satharn sa Glen EagleTá furmhór pho bal Mhúscraí tar éis athlonnú go dtí Cill Airne don Oireachtas atá faoi lán seol ann go dtí Dé Domhn-aigh (6 Samhain).

Le h-ais na gcomórtaisí traid-isiúnta ar fad, beidh comórtas nua atá á reachtáil ag Comhar-chumann Forbartha Mhúscraí i gcomhar leis an Oireachtas agus le h-urraíocht ó udar.ie.

Is é sin Comórtas Scrabble as Gaeilge an Oireachtais. Beidh sé ar siúl sa Halla Rínce ag Os-tán an Gleneagle ar an Satharn, Samhain 5, ag 2.30pm.

Comórtas foirne a bheidh

ann agus beidh beirt ar gach fhoireann. Imreoidh siad an cluiche Scrabble sa ghnath shlí - ach beidh sé i nGaeilge - agus an fhoireann leis an marc is airde ag deireadh an chluiche, is iad na buaiteoirí. Beidh fé-irín freisin don t-é a chumann an focal leis an luach is airde.

Beidh go leor duaiseanna ann - ina measc dearbháin ar fiú €150 ó udar.ie, boinn an Oireachtais agus pacáiste saoire i Múscraí do theaghlach.

Má tá suim ag daoine cur isteach ar an gcomórtas, is féi-dir leo teacht ar an lá, timpeall

ar 2.15in, le clarú. Cuirfear fáilte ar leith roimh

iontrálaithe óga. Bhí oíche Scrabble as Gaeilge

ar siúl le déanaí ag an Comhar-chumann mar chuid d’Oiche

Chultúr 2011 agus d’eirigh go maith leis.

Mura n-éiríonn leat bheith ag an Oireachtas, beidh seans agat bheith ag oíche eile Scrab-ble as Gaeilge san Ionad Óige i gCúil Aodha ar an18ú Sam-hain, ag tosnú ag 8in. Beidh duaiseanna beaga le buachaint, ina measc an cluiche ‘Scrabble as Gaeilge’ féin agus féiríní eile. Tuilleadh eolais ó 026 65781 nó 085 8130777.

Mar sin níl aon leithscéal agat. Tóg amach d’fhoclóir agus ullmhaigh le h-aghaidh imeartas focail den scoth.

Scrabble ag an Oireachtas

Beidh aonach i gCúil Aodha

Amchlár an bhainisteora

Beidh aonach pobail ar siúl tar éis aifrinn Dé Domhn-aigh 13ú Samhain ag Áras Éamon Mhic Suibhne i gCúil Aodha.

Agus tá cuireadh oscailte á fhearadh roimh lucht díolta agus ceannach teacht go dtí an ocáid seo. Reach-táladh aonach pobail roim-he seo le linn Féile na Laoch agus d’eirigh go h-án mhaith leis an dream a tháinig chun trádáil ann.

Iarracht é seo ag an gCom-harchumann spreagadh a thabhairt d’fhiontraithe sa cheantar tre spás/deis dío-lacháin a chur ar fáil go h-áitiúil.

“Tuigimíd go bhfuil cear-daithe, ceoltóirí, ealaíontóirí agus cocairí amuigh ansin a bheadh sásta stuif a dhíol go díreach leis an bpobal ach an deis sin a fháil,” arsa Con-cubhar Ó Liatháin, bainis-teoir an Chomharchumainn. A community market is to be held after Mass at the hall in Coolea on Sunday, 13 November. There’s an open invitation to local craftspeople, cooks, artists and musicians and any-body with goods to sell to attend. Tables will cost just €10 each and the mar-ket will last till 1pm. Further info: 026 65781

Bionn Concubhar Ó Li-atháin, bainisteoir Chom-harchumann Forbartha Mhúscraí, i láthair ag oifig na h-eagraíochta san Ionad Óige i gCúil Aodha óna 9-5in Dé Luain, Déardaoin agus Dé hAoine de ghnath.

Ar an Máirt, bionn sé i gCúil Aodha go dti 1in agus ansan i gCois Cille i gCill na Martra óna 2in go dtí 4in. Ar an gCéadaoin bionn sé i gCúil Aodha go dtí 1in agus i gCuan Barra i mBéal Atha’n Ghaorthaidh idir 2in-4in.

Fáílte roimh gach éinne teacht chun cainte leis agus is féidir teacht air ag an uimhir fón: 026 65781 nó ar an bhfón póca, 085 8130777.

Concubhar Ó Liatháin

Page 7: iMúscraí, Eagrán #2

Gaoluinn MhúscraíiMúscraíDé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011 7

A Eagarthóir, “Beidh béim láidir ar an nGaoluinn agus mar a labhar-tar anseo i Múscraí í………..”

Is maith an rud é go bh-fuil Nuachtlitir áitiúil ann do Mhuintir Mhúscraí agus is iontach an rud é go mbeidh ‘béim láidir ar an nGaoluinn agus mar a labhartar i Muscrai í’ agus a bhuíochas san don gComharchumann.

Ach ba mhaith liom d’aird a tharrac ar chúpla rud a chuireann díomá orm féin. Is baolach ná fuil ‘beart de réir a mbriathar’ á dhéanamh ag lucht an Chomharchumann san eagrán seo más cur chun cinn Gaoluinne Mhúscraí atá mar cheann des an spriocanna atá i gceist leis an Nuachtlitir mar go bhfuil an iliomad dearúdaí gramadaí, litriú, abairtí aist-rithe díreach ón mBéarla 7rl. Ann. (samplaí fé iamh)

Tugaim fé ndeara go bhfuil laghdú suntasach a’ teacht ar chaighdeán Gaelainne mhuin-tir Mhúscraí go háirithe imeasc an dream óg ó thaobh grama-daí, foclóra agus Béarlachais de - i.e. “an grian” nó “an fuin-neog” in ionad “an ghrian” nó “an fhuinneog”. Tá an Tuiseal Ginideach imithe i léigh go mór i.e. “mála Séan” in ionad “mála Shéain nó “ag labhairt an Gaolainn” in ionad “ag labhairt na Gaolainne” agus maidir leis an dTuiseal Gairimeach níl ann do a thuilleadh - i.e. “a Shéain” nó “a Mháre”, ní chloisim ach “Seán, tair i leith…” nó “Máire, féach air seo…”. Bhídís so go nádúrtha sa chaint ag an nglúin atá imithe romhainn agus is mór an trua é má cailltear an Ghaoluinn fé mar a labhradh an seana dhream í.

Tá sé de dhualgas ar an nglúin seo Gaoluinn ár sinsear a fhágaint mar oidhreacht ag an gcéad ghlúin eile, mar sin, dar liom, go bhfuil dúshlán mór roimh údair an phlean teanga má tá Gaoluinn Mhúscraí le caomhnú mar ba cheart.

Mar sin, mar thosnú, ba mhaith liom a mholadh go ndéanfaí profáil ar an ábhar sa Nuachtlitir sara gcuirtear i gcló é feasta chun dea-shampla a thabhairt don lucht léite..Mise, le meas, Nóirín Ó Dálaigh

Freagra: Go raibh maith agat a Nóirín as do thuairim a roinnt linn. Is cinnte go bhfuil dúshláin le sarú ag iMúscraí agus sinn ag iarraidh nuachtlitir shlachtm-har a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. Leanaimíd orainn ag déanamh ár ndícheall taobh istigh de na h-acmhainní atá againn agus ar barr ár gcumas i dtreo na sprice sin a bhaint amach.

Litir chuig iMúscraí Ceantar Glas Mhúscraí

Le Dónal Ó hÉalaithe

An rabhais riamh i nGúgán Barra, nó ar shleasa Chéim an FhiaIn Uibh Laoire maoineach aiceanta, nó ar mhacha Dhún Dá RadhaircAr Thearman Ghort na Tiobratan, nó iarghúltacht Fuithirí?Ceantar aoibhinn maisiúil, is ea Gaeltacht seo Mhúscraí

Sé’n áit is breatha in Éirinn é, tá féile ann is ceol.Dúthaigh álainn mhaorga, faoi bhrát druchta maidean cheoigh, Gleannta, gaorthaí, glaisí agus cumarach fraoigh;Dob’é sin fód mo shinsir i bhfearann glas Mhúscraí

Ansiud a bheir fé gheasa ag fuaim easa an tSuláin, Na h-éin go binn ag cantaireacht ar ghéaga is cnocáinCaomhghuth cuaiche ar chrannaibh, an sionnach glic imníoch,An fia’s a os dea dhathrach, ar shleasa glas Mhúscraí

Tá lus na meala go flúirseach ann go cumhra fior ar feoir, Raithneach is blath na fiúise ar chlathacha i ngach clósFraoch bán, an plúirín sneachta, an rós is an seamair chaoinIs an cuileann, rogha na coille, mar ornáid ar fuaid Mhuscraí.

Tá radharcanna dochreidte i bhfolach ansiúd faoi scáth,Plandaí nadúrtha fiáine agus crónán beach ar bhláth,An méaracán beag dearg is lus gleoite na mban sí, An smólach is an chéirseach is iad ag fógairt seoide Mhúscraí.

Tá ‘n earc luachra fé leac ann, an broc is an ghráinneog,An t-iora rua, an lasair choille, an eala is an easóg,An colúr balbh ar a sheachaint, an druid is an fheadóg bhuí, Is tá raidhse cearca feá i dtaobh tíre seo Mhúscraí.

Ansúd tá aibhnte gléineacha, an Laoi is an Sulán;An madra uisce ag léim ann, an breac is an bradán, An eascúin i ngach mionghlaise is an corr-iasc, ag leogaint scith,An nádúr ar taispeántas ar uiscí glan Mhúscraí

Tá láithreacha stairiúla ann, lorg uasal na laoch gan cháim, Béal a’Ghleanna, Cúl na Cathrach, Céim an Fhia is an Geata Bán, Cnoc Sathairn Chill na Martra, Túirín Dubh is an Charraig Mhín, Go raibh leabha ins na Flaithis ag fir chalma Mhúscraí.

Ceantar mór cultúrtha é do cheol is litríocht, Bhí Eibhlín Dubh Ní Chonaill, Ó Riada agus Máire Buí, Ó Síocháin, an tAthair Peadar is Bess Cróinín an bhéil bhinn, Tá na ceolta sí mar anlann ag amhránaithe Mhúscrai.

Tá fothracha creidimh ann gur mhór a gclú agus a gcáil,Bhí Fionnbarra agus Gobnait, Lachtain is Naomh Abán, Do mhair an oidhreacht chreidimh seo le paidir agus le h-aithrí, D’ainneoin géarleanúint an tSasanaigh ar phobal Mhúscraí.

Tá báighiúlacht is caradas in abhantracht seo na Laoi, Tá mórtas cine is diograis ag borradh i ngach croí, Tá’n smior Gaelach fós go daingean ann, ‘dir ceol is litríocht, Níl dáimhscoil eile in Éirinn ach amháin ag baird Mhúscraí.

Moladh le Rí na hAoine a chruthaigh ár ndúthaigh cháidh,Is a bhronn an gabháltas tíre seo ar ár sínsear le mórghrá, Gan truailliú, gan lot, gan ainnise, gan máchail ná céataí, An nádúr mar mhaoin bhuansheasamhach i gceantar glas Mhúscraí.

Má shiúlann tú gleannta is sléibhte ó Thóraí go Cúil Aodha,Beidh radharcanna na hÉireann le h-iniúchadh agus le plé;Ach níl aon áit chomh dea-thréitheach, dea-mháisithe, dea- chroioch,Leis an gceantar álainn maorga, Múscraí glas Uí Fhloinn.

Sna h-eagráin de iMúscraí as seo amach, beidh sliochtaí as stair Mhúscraí de réir mar atá scrite ag Dónal Ó hÉalaithe, ar saoi é i nDáimh Staire Acadamh Fódhla, á fhoilsiú anseo. Beidh fáilte roimh dánta, aistí agus a leithéid ó scríobhnóirí eile an cheantair seo. Cuir glaoch ar: 026 65781/085 813077 nó cuir r-phost chuig [email protected]

1. Fé/faoiTá sé ana-choitianta fé láthair go n-úsáidtear ‘faoi’ in ionad ‘fé’ i measc cainteoirí dúchais i gCúige Mumhan. Éist le Raidió na Gaeltachta.

Tá abairt a bhí coitianta uair: Ní bheadsa fé ort: I won’t be under any obligation to you.

Is cuimhin liom go maith breis is dachad bliain ó shoin é bheith ag Donncha Ó Cróinín ar chlár raidió: ‘Fadhbanna Gaeilge’. Tabhair fé: ‘Tackle it/try it’.

2. Réamhfhocail mar fé/do/de/le go ‘na’ iad bionn ‘s’ curtha leo.Mar shampla:Fé na - Fés naDo na - dos naDe na - des naLe na - les na

3. An fhuaim ‘ing’An fhuaim ‘ing’ sa Bhéarla bheith ag na h-aon fhocal go bhfuil “inn” nó “ainn” nó “unn”.Bainne - baingeDéarfainn - deerhingPáirc Uí Rinn - (reeing)

4. ‘-eas’Chonaic / ní fhacaChonaiceas - chonuc Chonaic mé.

5. Rinne - DheinNí dhearna - nior dhein

6. An fhoim tháíteDhein mé - dheineasRinne muid - dheineamarDhein sibh - dheineabhúirBeidh mé - beadDéarfaidh mé - déarfad

Gnéithe de Ghaoluin Mhúscraí

Le Dónal Ó Loingsigh

Comórtas na míosaLe déanaí, ag Daonscoil na Mumhan, seoladh leabhar le dhá dhluth dhiosca de shaothar Sheáin Uí Mhúimhneacháin

Tá idir dánta, dramaí, agallaimh, luibíní, sceitseanna is amhráin sa bhail-iúchán seo ó pheann duine de mhór fhilí Mhúscraí, Seán Ó Muimhneacháin. Tá go leor de shár amhránaithe Mhúscraí le clos ar an dluth dhioscaí.

Is féidir cóip den leabhar bhrea seo a bhuachaint ach freagra a thabhairt ar an gceist seo: Cén scoil inar mhúin Seán Ó Muimhneacháin ar feadh na mblianta fada?

Seol freagra na ceiste seo chuig Comórtas, iMúscraí, Ionad Óige Dónal Ó Liatháín, Cúil Aodha nó chuig

[email protected]. Is féidir an leabhar seo a cheannach i

siopaí áitiúla agus ar www.litriocht.com. An chostas atá air ná €19.99.

Comórtas #1 iMúscraíCeist: Cén cór áitiúil lena gcanann Iarla Ó Lionaird?Freagra: Cór Chúil AodhaBuaiteoir: Lena Racine, Cloch Aidhneach Cill na Martra. Tá ‘Foxlight’ ar a shlí chugat, Lena!

Page 8: iMúscraí, Eagrán #2

Eolas do Thurasóirí/Tourist Information8 Dé hAoine, 4 Samhain, 2011iMúscraí

Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 よ

こそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать حرت

Múscraí

Treoir é seo atá dírithe ar chuairteoirí go Múscraí agus is é atá i gceist leis eolas riachtanach i leith lóistín, tab-hairní agus bialannaí, buaicphointí turasóireachta, imeachtaí agus eile a chur ar fáil. Beidh sé san nuachtlitir

seo go rialta agus cuirfear fáilte roimh eolas nua, leasuithe is eile. Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn. 026 65781/085 8130777 [email protected]

This is a guide for visitors to Múscraí and it is intended to contain information relating to accomodation, local bars and restaurants, tourist attractions, events. it will be a regular feature of iMúscraí. If you wish to have your

venue/event/location included in the guide, please contact 026 65781/085 8130777 or email [email protected]

Béal Átha’n Ghaorthaidh/BallingearyLóistín/Accommodation: Gougane Barra Hotel, www.gouganebarrahotel.com, 026 47069Cois na Coille, 026 47172 http://homepage.eircom.net/~coisnacoille/Tig Barra House, B&B, Gallery. 026 47016Buaicphointí Turasóireachta/Tourism AttractionsGougane Barra Oratory and Forestry ParkLakes of Lua Tour Jerry O’Sullivan 08608871 (weather permitting)Bia agus deochCronin’s Bar and Café, Gougane Barra 026 47031Ard na Laoi, Pub, Béal Atha’n Ghaorthaidh, 026 47092Tig Seartan, Pub, Béal Atha’n Ghaorthaidh, 026 47072Na hEasbaig Beaga Café, Béal Atha’n GhaorthaidhCentra/Oifig an Phoist, Béal Atha’n Ghaorthaidh

Cill na Martra/Kilnamartyra - Reidh na nDoirí/ReinareeLóistín/Accommodation: An Cuasán, B&B, Cill na Martra 026 40018 Findus House, B&B, Cill na Martra, 026 40023Buaicphointí Turasóireachta/Tourism AttractionsPrince August Toy Soldier Factory, Visitor Centre, www.princeaugust.ie, 026 40222Coolavokig Pottery, N22 between Ballyvourney and Macroom, http://www.coolavokigpottery.com 026 40172/ 087-9184024Bia agus deoch/Food and DrinkAn Chrois, Pub, Cill na Martra, 026 40076Halfway House (Mons Bar), 026 40333Tig Uí Mhurchú, Pub, 026 40002

Cúil Aodha - CooleaLóistín/Accommodation: Bun a’ Bhaile, B&B, www.bunabhaile.ie, 026 45213Tír na Meala, B&B, http://www.tirnameala-coolea.com/ 026 45651Buaicphointí Turasóireachta/Tourism AttractionsComharchumann Forbartha Mhúscraí, Ionad Óige, 026 65781, www.imuscrai.comSeán Ó Riada statue, Séipéal Chúil AodhaCór Chúil Aodha, Stiúrthóír: Peadar Ó Riada. Mass at 10am, Sunday. Bia agus deoch/Food and DrinkTop of Coom, the Highest Pub in Ireland, 064 6685373

Baile Mhúirne/Ballyvourney- Baile Mhic Íre/BallymakeeraLóistín/Accommodation: Abbey Hotel Baile Mhúirne 026 45324, www.theabbeyhotel.ieThe Mills Inn/An Muileann, 026 45237, www.millsinn.ieWeston House, Baile Mhúirne, B&B, 026 45097Buaicphointí TurasóireachtaEas Coille Art Studio, Máire Ní Shúilleabháin 026 45155Abhainn Gharbh Art Studio, Pauline Dodds, 026 45212Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Centre for Traditional and Contemporary Arts, www.ionadculturtha.ie, 026 45733Fabulous Fabrics, http://www.thefabulousfabriccompany.ie/ 026 45235Lee Valley Walking, http://www.leevalleywalking.com/ 026 45642Bia agus Deoch/Food and DrinkAn Cruiscín Lán, Baile Mhic Íre, 026 45237Ó Scanaill, Pub, 026 45079

Imeachtaí-EventsCork-Kerry Weekend - Setdancing with Timmy and Rhona McCarthy, 026 4508411-13 September, Abbey Hotel and The Mills Inn, BallyvourneyConcert, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Danny O’Mahony, Cyril O’Donoghue, Patsy Broderick and Johnny Ringo McDonagh, 8.30pm, 11 November. 026 45733Ceiliúradh of Oireachtas na Samhna, Ionad Cultúrtha Bhaile MhúirneLocal winners from Oireachtas competitions, 8.30pm, 25 November 026 45733Éigse Dhiarmuidín Ó Súilleabháin, Cúil Aodha agus Baile Mhúirne, www.eigse.ie2-4 December, 2011. [email protected] 026 45366