léachtaí poiblí 2010 · dírithe ar : fochéimithe, iarchéimithe, múinteoirí, foireann coc le...

4
BHUEL! Feabhra 2010 Ionad na Gaeilge Labhartha Eagarthóir:Nuala de Búrca Tradfest 2010 1 – 5 Feabhra Dé Luain : 9:30pm - Beidh ár seisiún seachtainiúil ar siúl mar is gnáth sa Spailpín Fánach. Dé Máirt : 6pm – Cóisir sa tSeomra Caidrimh 9:30pm – Céilí sa Spailpín Fánach. Is é Fionnán de Cógáin a bheidh mar fhear an tí. Dé Céadaoin: 1:00pm - Ceolchoirm le Holly Geraghty, Jonathan Roche agus Matt Griffin sa tSeomra Caidrimh, Áras Uí Ráthaille. 9:30pm - Ceolchoirm le Blackie O’ Connell, Karol Lynch agus Cyril O’ Donoughue sa Spailpín Fánach. Cead Isteach: 5 Déardaoin: 8:00pm - Ceolchoirm in Áras Uí Riada, Roinn an Cheoil agus seisiún san Avenue. Dé hAoine: 1:00pm - Ceolchoirm le hIarla Ó Lionáird agus Steve Cooney san Aula Max . 5:00pm - Léacht Sheáin Uí Riada. Is é Séamus de Barra a bheidh ag tabhairt na cainte ‘Re-visioning tradition: Aloys Fleischmann and the making of modern Irish music.’ 8:30pm Ceolchoirm sa Pavillion. Grúpa Tacaíochta: Caladh Nua. Príomhghrúpa: Danú. Dioscó Traidisiúnta ina dhiaidh. Cead Isteach: 15 / 20 Tuilleadh eolais le fáil ar an idirlíon ag: [email protected] www.ucc.ie/students/socs/tradmus Bígí linn!

Upload: others

Post on 15-Aug-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Léachtaí Poiblí 2010 · Dírithe ar : Fochéimithe, Iarchéimithe, Múinteoirí, Foireann COC le Gaeilge, agus Pobal na Gaeilge Má tá suim agat sa chúrsa dein teagmháil le

BH

UEL

! Fe

abh

ra

20

10

Io

na

d n

a G

aei

lge

Labh

ar

tha

E

ag

ar

thó

ir:N

ua

la d

e Bú

rc

a

Tradfest 2010 1 – 5 Feabhra

Dé Luain : 9:30pm - Beidh ár seisiún seachtainiúil ar siúl mar is gnáth sa Spailpín Fánach. Dé Máirt : 6pm – Cóisir sa tSeomra Caidrimh 9:30pm – Céilí sa Spailpín Fánach. Is é Fionnán de Cógáin a bheidh mar fhear an tí. Dé Céadaoin: 1:00pm - Ceolchoirm le Holly Geraghty, Jonathan Roche agus Matt Griffin sa tSeomra Caidrimh, Áras Uí Ráthaille. 9:30pm - Ceolchoirm le Blackie O’ Connell, Karol Lynch agus Cyril O’ Donoughue sa Spailpín Fánach. Cead Isteach: €5 Déardaoin: 8:00pm - Ceolchoirm in Áras Uí Riada, Roinn an Cheoil agus seisiún san Avenue.

Dé hAoine: 1:00pm - Ceolchoirm le hIarla Ó Lionáird agus Steve Cooney san Aula Max . 5:00pm - Léacht Sheáin Uí Riada. Is é Séamus de Barra a bheidh ag tabhairt na cainte ‘Re-visioning tradition: Aloys Fleischmann and the making of modern Irish music.’ 8:30pm – Ceolchoirm sa Pavillion. Grúpa Tacaíochta: Caladh Nua. Príomhghrúpa: Danú. Dioscó Traidisiúnta ina dhiaidh. Cead Isteach: €15 / €20 Tuilleadh eolais le fáil ar an idirlíon ag: [email protected] www.ucc.ie/students/socs/tradmus

Bígí linn!

Page 2: Léachtaí Poiblí 2010 · Dírithe ar : Fochéimithe, Iarchéimithe, Múinteoirí, Foireann COC le Gaeilge, agus Pobal na Gaeilge Má tá suim agat sa chúrsa dein teagmháil le

Ná Caill Léachtaí Poiblí 2010

♣ Dé Máirt 16 Feabhra 2010

5pm, G01, ÁUR “Tábhacht na Gaeilge don mhargaíocht agus

don ghnó le Gaeilge” Donnchadh Caomhánach

Roinn na Bainistíochta/Margaíochta Áras Uí Rathaille, COC

♣ Dé Máirt 2 Márta 2010

5pm, G01, ÁUR “An Ghaeilge mar spreagthóir pobail, cultúir

agus gnó” Rachel Ní Riada

Údarás na Gaeltachta Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí

Breis eolais:

021-4903529 / 4902314

Fáilte roimh chách

Gradam na Gaeilge

An spreagann tú an Ghaeilge san

ollscoil? Má spreagann tú tá seans iontach agat Gradam na Gaeilge a

bhuachaint!

Bronnfar an gradam seo ar an mac léinn is mó a dheineann iarracht an

Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste agus is fiú €1000 é don té

a bhaineann é.

Is féidir le gach mac léinn san Ollscoil cur isteach air.

Tuilleadh eolais le fáil ó Oifig na Gaeilge Labhartha, Seomra G02,

Áras Uí Rathaille ag 021-4903529.

Urraithe ag Banc na hÉireann.

Dáta deireanach le cur isteach ar an nGradam: Dé hAoine 19 Márta.

Eagarfhocal

Más mian le héinne píosa eolais, alt, scéilín nó dán a scríobh don chéad eagrán eile cuir do phíosa go hOifig in Ionad na Gaeilge Labhartha nó cuir ríomhphost chugam ag [email protected]

Comórtas

Cé a bheidh ag seinnt le linn Tradfest?

a) Danú b) Altan c) Kíla

Dearbhán €30 (An Post) an duais!

Seol do fhreagra a, b nó c chugam ag

[email protected] nó cuir do fhreagra go hOifig na Gaeilge Labhartha faoin 20 Feabhra.

Comhghairdeas le Nigel Ó Ceallacháin a bhuaigh comórtas na Nollag.

C

lár

gr

Page 3: Léachtaí Poiblí 2010 · Dírithe ar : Fochéimithe, Iarchéimithe, Múinteoirí, Foireann COC le Gaeilge, agus Pobal na Gaeilge Má tá suim agat sa chúrsa dein teagmháil le

Cúrsa i nGramadach na Gaeilge

“Cruinneas Úsáide i Scríobh na Teangan”

Cúrsa ar mhórghnéithe, mar aon le bunghnéithe, de ghramadach na Gaeilge. Déanfar trácht mar chuid den chúrsa ar an méid seo leanas : An t-ainmfhocal,

an chopail, na tuisil, iolraí, an aidiacht, uimhreacha, réimíreanna is iarmhíreanna, an séimhiú, cúrsaí foclóra is rl.

*Déanfar tagairt, leis, don Ghramadach mar ghné ar leith de cheird an aistriúcháin

Dírithe ar : Fochéimithe, Iarchéimithe, Múinteoirí, Foireann COC le Gaeilge, agus

Pobal na Gaeilge

Má tá suim agat sa chúrsa dein teagmháil le do thoil le hIonad na Gaeilge Labhartha, UCC ag : 021-4902314 / 4903794

nó cuir ríomhphost go dtí Seán Ó Laoi ag [email protected] / [email protected]

C

lár

gr

Cúrsa Ríomhaireachta

Ábhar an Chúrsa: 1. Aiste/tráchtas a scríobh. An rogha idir LaTeX agus Microsoft Word.

2. Grianghraifeanna agus Scannánaíocht. Scannán agus Taispeántas Sleamhnán a chruthú le do chuid grianghraifeanna ag baint úsáide as bogearraí a thagann le do

ríomhaire agus le Microsoft PowerPoint. 3. An Ghaeilge agus an Ríomhaire.

Tuilleadh Eolais:

Má tá tuilleadh eolais uait, cuir ríomhphost chuig Cearbhall ag an seoladh [email protected] nó ag an uimhir 021-4903794.

An mbeidh tú ag rith?

Rith 2010 10-17 Márta www.rith.ie

Duais Cholmcille 2010

Beidh duais ar fáil le tacaíocht Colmcille do dhán i nGaeilge nó i nGàidhlig ag

Féile Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí.

Spriocdáta iontrála 5 Feabhra 2010

Foirmeacha iontrála ag http://www.strokestownpoetry.org/

Page 4: Léachtaí Poiblí 2010 · Dírithe ar : Fochéimithe, Iarchéimithe, Múinteoirí, Foireann COC le Gaeilge, agus Pobal na Gaeilge Má tá suim agat sa chúrsa dein teagmháil le

Scoláireachta í Gaeltachta Is iad seo a leanas tuairimí na mac léinn maidir leis na Scoláireachtaí Gaeltachta, a bhronn Ionad na Gaeilge Labhartha orthu:

“Bhí an-am agam agus mé ar scoláireacht – ag damhsa le Christy MacGearailt, na siúloidí fada, an tsiamsaíocht i dTigh Siamsa, an tráth na gceist. Beidh sé i mo chroí go deo!” Siobhán

“Chuaigh mé siar sa chéad bhliain, gan aithne ar mhórán daoine agus bhuail mé le cairde buana idir mhic léinn agus mhuintir na háite. Beidh caidreamh iontach againn go deo mar beidh ceangal eadrainn. ’Sí sin an Ghaeilge.” Micheál

“Ní raibh mórán Gaeilge agam ach i ndiaidh seachtaine músclaíodh an méid sin suime ionam go dtéim thar n-ais cúpla uair sa bhliain.” Seán

“Chuaigh mé ar scoláireacht trí bliana ó shin. Ní amháin gur mhéadaigh mé mo stór focal ach bhuail mé le fear fial, flaithiúil ann agus táimid fós le chéile!” Deirdre

“Chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht le UCC agus n’fheadair éinne ach an spórt a bhí againn. Bhí fíorchraic againn go háirithe sna hoícheanta nuair a bhímis ag damhsa. Má bhíonn an seans agat téir go dtí an Ghaeltacht!” Karen

Buail isteach go dtí Ionad na Gaeilge Labhartha, G02 in Áras Uí Rathaille idir 22 – 25 Feabhra. Is féidir dul ar feadh seachtaine nó coicíse. Ná déan dearmad go bhfuil fáilte roimh gach éinne cur isteach orthu agus nach gá Gaeilge den scoth a bheith agat chun tairbhe agus sult a bhaint as do scoláireacht! Ná caill do sheans, bígí linn!!!