scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh na ......ach bhí an tafann ag...
TRANSCRIPT
Léigh seo go cúramach:
1. Ná hoscail an leabhrán seo go n-iarrtar ort.
2. Is teist ilrogha é seo.
3. Thig leat obair gharbh a dhéanamh ar an leathanach breise.
4. Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh na freagraí ar an teist seo.
5. Marcáil d’fhreagra sa cholún a bhfuil an uimhir chéanna aige is atá sa cheist teiste
trí líne dhubh a tharraingt tríd an litir.
6. Má dhéanann tú meancóg, scrios amach é go hiomlán agus cuir d’fhreagra nua
isteach. Ná marcáil ach freagra amháin do gach ceist.
7. Bí cinnte go gcoinníonn tú d’áit ar an leathanach freagraí.
8. Oibrigh chomh cúramach agus chomh gasta agus is féidir leat. Muna dtig leat
ceist a dhéanamh, ná cuir d’am amú léi ach gabh ar aghaidh chuig an chéad cheist
eile. Muna bhfuil tú cinnte den fhreagra, roghnaigh an freagra a shíleann tú atá
ceart.
9. Tá 60 ceist sa teist agus tá 50 bomaite agat leis an teist a dhéanamh.
1
Tá roinnt scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta as cineálacha éagsúla leabhar ann. Tá
súil againn go mbeidh siad suimiúil agus sultmhar agat. Beidh ceisteanna ann ar na
sleachta iad féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta.
Agus tú ag obair tríd an leabhrán seo, bain úsáid as ‘Gluais’ agus ‘Clár’ nuair is mian
leat.
CLÁR
Lch.
Barraíocht Daoine 2
Fuinneog Bhriste 4
Seilg 5
Ag Fanacht le Daidí 8
Meidiúsa agus na Gorgáin 9
Ceisteanna Ginearálta 12
Gluais 13
Leabharliosta 13
Innéacs 13
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
2
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
Barraíocht Daoine!
(Arna chur in oiriúint ó Paxman, J. (2012) An Domhan)
1. Tá cuid mhór daoine ina gcónaí ar an domhan na laethanta seo. Níl a fhios
againn go beacht cá mhéad atá beo ar an domhan ach meastar go bhfuil thart
fá 7 billiún ann! Sin 7,000,000,000! Creidtear go bhfuil níos mó daoine beo
ar an phláinéad inniu ná iad siúd uilig a bhíodh beo riamh curtha le chéile.
5. Is í an Rúis an tír is mó ar an domhan ach níl an méid is mó daoine ina gcónaí
sa tír sin, ach sa tSín. Síltear go bhfuil níos mó ná billiún duine ina gcónaí sa
tSín agus go bhfuil daonáireamh na tíre sin ag méadú go fóill. Is í an Áise an
roinn leis an líon is mó daoine ar an domhan, agus ní ábhar iontais ar bith é
nuair a smaoiníonn tú ar an líon daoine atá ina gcónaí san India, is é sin naoi
10. gcéad milliún (900,000,000) agus go bhfuil an tSín agus India beirt san Áise.
Má chuireann tú líon na ndaoine atá ina gcónaí sa tSín agus san India le chéile,
faigheann tú beagnach ⅓ de mhuintir an domhain ina gcónaí sa dá thír.
Cuir sin i gcomparáid le hÉire, le beagnach cúig mhilliún ina gcónaí sa tír
seo, is tír bheag bhídeach i gcomparáid le tíortha eile. Ach, ag an am céanna,
15. tá tíortha eile ann atá níos lú ná sin go fiú. Is tír í an Vatacáin (áit a bhfuil an
Pápa ina chónaí) atá sa Róimh, cé gur lú é na cathair, le níos lú ná céad míle
ina gcónaí ann.
Agus creid é nó ná creid é, tá cathracha ann a bhfuil daonáireamh acu atá níos
mó ná tír mhór. Samhlaigh Cathair Mheicsiceo, tá cúig mhilliún is fiche ina
20. gcónaí ann (25,000,000) cuir sin i gcomparáid leis an dá mhilliún atá ina
gcónaí i mBaile Átha Cliath. Is mó daonáireamh Chathair Meicsiceo ná
daonáireamh na Astráile iomláine, nach bhfuil aici ach fiche milliún cé gur
roinn ann féin í!
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
1. Cá mhéad duine atá ina gcónaí ar an domhan, go garbh?
A. 4 billiún
B. 5 billiún
C. 6 billiún
D. 7 billiún
E. 7 milliún
2. Cad é an tír is mó ar an domhan?
A. an Ghearmáin
B. an Fhrainc
C. an tSín
D. an Rúis
E. an India
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
3
3. Cad é an tír leis an méid is mó daoine ar an domhan?
A. an Ghearmáin
B. an Fhrainc
C. an tSín
D. an Rúis
E. an India
4. Cá mhéad duine atá ina gcónaí san India?
A. sé chéad mhilliún
B. seacht milliún
C. ocht milliún
D. naoi gcéad milliún
E. billiún
5. Cá mhéad duine atá ina gcónaí in Éirinn?
A. cúig mhilliún
B. sé mhilliún
C. seacht milliún
D. ocht milliún
E. naoi milliún
6. Cá bhfuil an Pápa ina chónaí?
A. Éire
B. Béal Feirste
C. an Vatacáin
D. Meicsiceo
E. an Rúis
7. Cá mhéad duine atá ina gcónaí i gCathair Mheicsiceo?
A. 2500
B. 25,000
C. 250,000
D. 2,500,000
E. 25,000,000
8. Cé acu frása thíos a bhfuil an chiall is cóngaraí aige do ‘ní ábhar iontais é’?
A. is rud iontach é
B. ní rud iontach é
C. tá sé déanta d’ábhair iontacha
D. tá sé deacair é a dhéanamh
E. níl sé deacair é a admháil
9. Cá bhfuil an Vatacáin?
A. Róimh B. Páras C. Londain D. Beirlin E. Baile Átha Cliath
10. Cad é an roinn leis an daonáireamh is mó ar an domhan?
A. Eoraip B. Meiriceá C. Astráil D. Afraic E. Áise
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
4
Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga litrithe a
aimsiú. Ar chuid de na línte, tá meancóg amháin. Ar línte eile, níl meancóg ar bith
ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir cheart ar
do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.
Fuinneog Bhriste
11. Chuir sé gliondar croí orum nuair a thug m’uncail camán nua agus sliotar dom ar
12. mo bhreithlá. Tá m’uncail ina chónaí faoin tua agus bhí sé ar fheabhas mar
13. iománaí nuair a bhí sé óg. D’iarr mé ar mo chara Tomás teacht ar chuairt chugainn
14. le dul amach ag imirt lom ar an bhóthar. Is cúl báire é Tomás ar fhoireann na
15. scoile. Thosaigh muid ag imirt iománaíochta ar an tsráid. Bhí spórt an domhain
16. againn ar fad. Ansin thug Tomás buille fíochmar don sliotar. Níor éirigh liom é
17. a stopadh agus bhuail an sliotar fuinnóg i dteach na comharsan. Baineadh geit
18. asam nuair a bhriss an fhuinneog ina smidiríní. D’amharc muid ar a chéile agus
19. chonaic bean an tí amach. Thug sí íde béil agus léasadh dúinn beirt. Dúirt muid
20. go ró brón orainn agus bheadh ar dhaidí an fhuinneog a dheisiú ar theacht abhaile dó.
A B C D
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
5
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
Seilg (Arna chur in oiriúint ó Parker, P. (2001) Madaí)
1. Chuala sí an tafann. An raibh sé ag éirí níos airde? D’éist sí go cúramach.
Bhí sé ag éirí níos airde...bhí siad ag teacht níos cóngaraí!
D’amharc an madadh rua ar na coileáin bheaga a bhí ina luí taobh léi.
Dá dtiocfadh na madaí seilge chuig an pholl s’aici, gheobhadh siad a beirt
5. choileán. Cad é a dhéanfadh sí? B’fhéidir nach dtiocfadh siad orthu, bhí siad
i bhfolach i bpoll dorcha i gcoill thiubh. Ní thiocfadh siad orthu.
Ach bhí an tafann ag éirí níos airde, bhí siad ag teacht níos cóngaraí. I
bhfaiteadh na súl, d’éirigh an mháthair agus rith sí amach an poll. Sheas sí ag
an doras agus d’amharc sí ar na coileáin a bhí ina gcodladh go fóill, in
10. ainneoin an tafainn a bhí ag éirí níos airde agus níos airde. Bhí siad ag teacht
níos cóngaraí.
Shiúil sí i dtreo an tafainn go bhfeice sí na madaí seilge. Bheadh uirthi
ligean dóibh í a fheiceáil ar eagla go rachadh siad don pholl agus na coileáin a
fheiceáil. Chuir sí a srón san aer, cé go raibh a fhios aici cá raibh na madaí ón
15. tafann s’acu, a bhí iontach ard ar fad anois. Bhí a boladh acu anois. Ní raibh
mórán ama aici anois.
Thosaigh sí ag rith agus go tobann, chonaic sí an chéad cheann,
madadh mór donn agus bán le cluasa mar dhuilleoga fliucha. Thiontaigh sí
agus rith sí ar nós na gaoithe, ar shiúl ón pholl, ar shiúl ó na coileáin. Bhí an
20. tafann iontach ard anois agus chuala sí adharc ag screadaíl. Bhí a croí féin ag
screadaíl ach rith sí léi, eagla uirthi amharc ar a cúl.
Ach d’amharc. Chonaic sé paca madaí agus na fir le cótaí dearga ar a
gcúl. Chuala sí an screadaíl arís agus rith sí léi. Bhí sí cóngarach don pholl
domhain anois. Ní bhfaigheadh na madaí ansin í, ní bhfuair an uair
25. dheireanach. Bhí siad cóngarach di anois ach smaoinigh sí ar na coileáin
s’aici, is dócha ina gcodladh go fóill ach ar a laghad bhí siad slán sábháilte.
Chuaigh sí faoin pholl beag sa tom a bhí roimpi, chuirfeadh sin moill
ar na madaí. Bhí sí ar an pháirc mhór anois agus tafann na madaí ag ísliú. Bhí
sí slán sábháilte anois, cé go raibh na madaí ag tochailt ar na toim ar a cúl.
30. Chonaic sí oscailt an phoill os a comhair agus shleamhnaigh sí isteach.
Chuaigh sí go domhain, domhain isteach sa pholl go dtí go raibh sí i ndoimhne
an domhain. Bhí an tafann ann go fóill agus bhí boladh na madaí, na bhfear
agus a gcapall ina srón go fóill, ach bhí a fhios aici go raibh sí slán sábháilte.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc ar an sliocht arís más gá.)
Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus an litir a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
21. Cén sórt ainmhí a bhfuil na madaí seilge sa tóir air?
A. broc
B. madadh rua
C. gráinneog
D. coinín
E. nathair
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
6
22. Cá bhfuil an madadh rua ina chónaí?
A. díog
B. poll
C. crann
D. cathair
E. cró
23. Cá mhéad coileán atá ag an mhadadh rua?
A. 1
B. 2
C. 3
D. 4
E. 5
24. Cad é mar a bhí a fhios ag an mhadadh rua go raibh paca madaí amuigh ag seilg?
A. chonaic sí iad
B. chuala sí an tafann
C. fuair sí boladh uathu
D. chuala sí na capaill
E. chonaic sí na cótaí dearga
25. Cad chuige ar fhág an madadh rua an poll le dul i dtreo na madaí seilge?
A. bhí sí ag iarraidh an chonairt a thabhairt i dtreo na gcoileán
B. bhí sí ag iarraidh troid a dhéanamh leis na madaí
C. bhí a fhios aici go mbeadh na madaí cairdiúil
D. bhí sí ag iarraidh tuisle a bhaint as na capaill
E. bhí sí ag iarraidh na coileáin a shábháil
26. Cén dath a bhí ar an chéad mhadadh seilge a chonaic an madadh rua?
A. dubh agus bán
B. bán agus liath
C. liath agus dubh
D. donn agus bán
E. donn agus dubh
27. Cén dath a bhí ar chótaí na bhfear a bhí sa tóir ar an mhadadh rua?
A. dubh
B. bán
C. liath
D. donn
E. dearg
28. Cé acu frása thíos a bhfuil an chiall is cóngaraí don fhrása ‘ar nós na gaoithe’?
A. go fadálach
B. go réidh
C. go séimh
D. go gasta
E. go mall
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
7
29. Cad é mar a d’éalaigh an madadh rua ón chonairt sa deireadh?
A. dhreap sí crann
B. chuaigh sí isteach i bpoll domhain
C. léim sí isteach san uisce
D. chuaigh sí trasna an bhóthair
E. léim sí ar thraein
30. Tá an focal ‘chuala’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 1)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
31. Tá an focal ‘croí’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 20)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
32. Tá an focal ‘i’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 6)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
33. Tá an focal ‘beag’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 27)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
34. Tá an focal ‘agus’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 32)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
8
Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga poncaíochta
a aimsiú. Ar chuid de na línte, tá meancóg amháin. Ar línte eile, níl meancóg ar bith
ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir cheart ar
do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.
Ag Fanacht le Daidí
35. Bhí imní orm ag fanacht le daidí teacht abhaile ón obair saige. Bhí mamaí crosta
36. go fóill agus ní raibh sí ag caint liom, cé go raibh mo bhreithlá ann Chuala mé
37. daidí ag teacht isteach. “Lá breithe sona duit, a mhic, a dúirt sé nuair a tháinig sé
38. isteach sa seomra suí. Bhí a fhios aige go raibh rud éigin cearr nuair a Chonaic sé
39. an smut a bhí ar aghaidh mhamaí. “Cad é atá cearr,” ar seisean. “Bhris mé an
40. fhuinneog béal dorais le sliotar, timpiste a bhí ann,” arsa mise. “Ná bí buartha,”
41. arsa mo dhaidí “tarlaíonn timpistí.” Tháinig aoibh an gháire ar aghaidh mhamaí,
42. ní raibh sí crosta níos mó. “Rachaidh muid amach d’uachtar reoite” ar sise.
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
9
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil siad
sa Ghluais ar leathanach 13.
Meidiúsa agus na Gorgáin (Arna chur in oiriúint ó Ovid (2001) Miotais na Gréige)
1. Mná gránna a bhí i Meidiúsa agus a beirt dheirfiúr, na Gorgáin, a rinne cónaí
sa Ghréig na mílte bliain ó shin. Bhí a deirfiúracha neamhbhásmhar (bíonn
siad beo go deo agus ní féidir iad a chur chun báis) ach ní raibh Meidiúsa
bhocht amhlaidh, chaill sí a cloigeann sa deireadh.
5. Bhí nathracha mar ghruaig ag Meidiúsa agus starrfhiacla collaigh aici
in áit fiacla daonna. Bhí sí ábalta eitilt as siocair go raibh eiteoga aici, bhí
bolgshúile aici agus teanga mhór fhada go díreach mar a bheadh ag nathair
nimhe! Bhí crúba cré-umha aici fosta in áit lámh nó cos.
Ach níos measa ná sin arís, rinneadh dealbh chloiche de gach duine a
10. d’amharc uirthi! Bhí a háit chónaithe lán de dhealbha saighdiúirí a tháinig
chun í a mharú ach a fuair bás a luaithe agus a leag siad súil uirthi. Bhí an áit
lán de dhealbha d’ainmhithe agus d’éin a d’amharc uirthi chomh maith, agus
iad ina seasamh thart gan bhogadh. Ní raibh a lán cairde aici.
Is féidir a rá nach raibh Meidiúsa ar an bhean ab áille ar an domhan ach
15. tráth den saol bhí sí, nó sin a rud a shíl sí féin! Bá ghnách léi bheith sár-
ghalánta ar fad, agus ba cheart a rá nach raibh duine ar bith chomh galánta léi,
ach bhí a fhios aici go raibh sí galánta. Bhí sí ag caint lena cairde lá amháin
nuair a dúirt sí go raibh sí níos deise ná duine ar bith ar an domhan agus níos
deise ná dia ar bith sna Flaithis. Is dócha gurbh fhearrde di gan sin a rá mar
20. chuala an bhandia Ataene í. Chuir sin fearg ar Atanae mar shíl Ataene go
raibh sí féin dóighiúil go leor. Le húsáid a draíochta rinne Ataene ollphéist
ghránna de Mheidiúsa agus dhíbir sí í le cónaí lena deirfiúracha millteanach
gránna, na Gorgáin.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
43. Cá mhéad deirfiúr a bhí ag Meidiúsa?
A. 1
B. 2
C. 3
D. 4
E. 5
44. Cén sórt ainmhí a bhí ag Meidiúsa mar ghruaig?
A. gráinneoga
B. féileacáin
C. eilifintí
D. nathracha
E. cuiteoga
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
10
45. Cén dóigh a raibh Meidiúsa ábalta eitilt?
A. bhí faoileoir aici
B. bhí héileacaptar aici
C. bhí eitleán aici
D. bhí eiteoga aici
E. bhí paraisiút aici
46. Cad é an chiall atá leis an fhocal ‘neamhbhásmhar’?
A. ní féidir bás a fháil
B. ní féidir duine a mharú
C. is féidir dealbh a dhéanamh de dhuine
D. is féidir troid mhaith a dhéanamh
E. ní féidir troid ar bith a dhéanamh
47. Cé a rinne ollphéist de Mheidiúsa?
A. Zeus
B. Apollo
C. Earcail
D. Ulysses
E. Atanae
48. Cad é an t-ainm a tugadh ar dheirfiúracha Mheidiúsa?
A. Hiodraí
B. Gorgáin
C. Cnámharlaigh
D. Ceinteáir
E. Dragain
49. Cé acu abairt thíos atá fíor?
A. Bhí Meidiúsa galánta tráth den saol.
B. Bhí Meidiúsa i gcónaí gránna.
C. Bhí Meidiúsa iontach cairdiúil.
D. Bhí cuid mhór cairde ag Meidiúsa.
E. Bhí Meidiúsa neamhbhásmhar.
50. Cad é a tharla do dhuine ar bith a d’amharc ar Mheidiúsa?
A. rinneadh dealbh adhmaid díobh
B. rinneadh dealbh óir díobh
C. rinneadh dealbh airgid díobh
D. rinneadh dealbh cré-umha díobh
E. rinneadh dealbh cloiche díobh
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
11
51. Cad é a bhí ag Meidiúsa in áit lámha nó cosa?
A. crúcaí
B. crúba
C. crúscaí
D. crústaí
E. cróite
52. Cé acu an t-ainmfhocal dílis ón chéad phargraf?
A. neamhbhásmhar
B. mílte
C. bhí
D. Mná
E. Gorgáin
53. Cé acu na focail le fléiscín sa dara pargraf?
A. fiacla daonna
B. nathair nimhe
C. cré-umha
D. colgshúile
E. starfhiacla
54. Cé acu an focal san aimsir chaite thíos?
A. cuireann
B. cuirfidh
C. cur
D. chuir
E. curtha
55. Is é an príomhrud a insíonn an cheathrú paragraf dúinn ná:
A. an dóigh ar mharaigh Peirséas Meidiúsa
B. an fáth a ndearnadh ollphéist de Mheidiúsa
C. an chuma a bhí ar Mheidiúsa
D. an rud a tharla do dhuine ar bith a d’amharc ar Mheidiúsa
E. cén uair a bhí na Gorgáin ar an saol
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
12
Ceisteanna Ginearálta
Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, caithfidh tú smaoineamh ar na sleachta atá
léite agat. Amharc siar, más mian leat, agus amharc ar an Innéacs agus ar an
Ghluais ar leathanach 13.
56. Cad é an t-ainm atá ar phíosa scríbhneoireachta i ndialann?
A. iontráil
B. dán
C. caibidil
D. alt
57. Cad é an t-ainm atá ar phíosa scríbhneoireachta i nuachtán?
A. scéal
B. dán
C. caibidil
D. alt
58. De ghnáth, tosaíonn leabhar ar leathanach 4 nó 5. Cad chuige nach dtosaíonn sé
ar leathanach 1?
A. Bíonn pictiúir ann i gcónaí ag an tús.
B. Bíonn eolas ann i gcónaí faoin fhoilsitheoir.
C. Bíonn eolas ann i gcónaí faoin údar.
D. Bíonn eolas ann i gcónaí faoin mhaisitheoir.
59. Cad chuige a mbainimid úsáid as ‘gluais’?
A le treoir a thabhairt don léitheoir chuig codanna ar leith sa leabhar
B. le hinsint don léitheoir faoi leabhair eile a bhaineann leis an ábhar céanna
C. le focail aisteacha nó focail nua a mhíniú
D. le liosta a thabhairt de na focail dheacra sa leabhar
60. Cad é an t-ainm atá ann do dhuine a dhéanann na léaráidí i leabhar?
A. scríbhneoir
B. maisitheoir
C. file
D. foilsitheoir
13
Gluais
conairt paca madaí
daonáireamh an méid daoine atá ina gcónaí i dtír
iománaíocht spórt Éireannach a imrítear le camán agus sliotar
neamhbhásmhar duine nó ainmhí nach bhfaigheann bás
Leabharliosta
Ovid (2001) Miotais na Gréige
Paxman, J. (2012) An Domhan
Parker, P. (2001) Madaí
Innéacs
daonáirimh, 2
Gorgáin, 9
iománaíocht, 4
madaí, 5
teaghlach, 8
DEIREADH NA TEISTE
14
Léamhthuiscint Meancóga Litrithe Meancóga Poncaíochta
TIONTAIGH AN LEATHANACH
2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 0
1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
Ainm Dalta
Ainm na Scoile
Dáta na Teiste
Marcáil mar seo ‹ ›
UIMHIR DALTA UIMHIR SCOILE
DÁTA BREITHE
Lá Mí Bliain
Eanáir
Feabhra
Márta
Aibreán
Bealtaine
Meitheamh
Iúil
Lúnasa
M. Fómhair
D. Fómhair
Samhain
Nollaig
ÚSÁID MÚINTEORA AMHÁIN
Aois an dalta ag am na teiste bliain mí
Lomscór
Scór Caighdeánaithe
Ord Percintíle
90% Banda Muiníne do Scór
Caighdeánaithe
go
Túslitreacha an mharcálaí/na marcálaithe
Teist Thaithíoch
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 7 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
10 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15
27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
GAEILGE: TEIST 21 – LEATHANACH FREAGRAÍ
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Leathanaigh 2 agus 3
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo .
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
Leathanaigh 4 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 5, 6 agus 7
Leathanach 8 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 9, 10 agus 11
Leathanach 12 (Ceisteanna Ginearálta)
16
27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
GAEILGE: TEIST 21 – LEATHANACH FREAGRAÍ
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Leathanaigh 2 agus 3
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
Leathanaigh 4 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 5, 6 agus 7
Leathanach 8 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 9, 10 agus 11
Leathanach 12 (Ceisteanna Ginearálta)
17