seal le cormac ‘glas’ Ó mainnín€¦ · domhain, béarla agus sín déanann séamus barra Ó...

12
BHUEL! BEALTAINE 2014, Eagrán 5 © Ionad na Gaeilge Labhartha Eagarthóir:Nuala de Búrca Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín Ainm? Cormac Ó Mainnín (Cormac Manning) Aois? 21 Cad as duit? Baile an Chollaigh, Co Chorcaí Cén cúrsa atá ar siúl agat? Dlí agus An Ghaeilge Bliain sa choláiste: 3ú bliain An rud is fearr mar gheall ar UCC? Na cairde agus an muintearas atá ann! An cumann nó an club is fearr in UCC? Is breá liom An Philosoph agus an Óige Ghlas ach bíonn an-chraic ag muintir na Cuallachta, chomh maith! chomh maith! An focal Gaeilge is fearr leat? Glas, dar ndóigh ;) www.focal.ie www.focloir.ie ? www.focal.ie Is cuimhin liom na hoícheanta fada is focal.ie ar scáileán mo ríomhaire agus mé ag iarraidh aiste a chríochniú roimh an spriocdháta! Tá focloir.ie an-mhaith, chomh maith. An rud is fearr mar gheall ar chultúr na hÉireann: An tslí gur féidir linn cairdeas a dhéanamh le cách! Cad é do mheas ar shaol na Gaeilge sa choláiste? Tá cumann iontach sa choláiste, An Chuallacht, ach is dócha go bhfuil mé claonta mar bhíos mar bhall den choiste anuraidh! Bíonn atmaisféar deas ag na ciorcail chomhráidh. Bheifeá ar do shuaimhneas ann. Is trua go bhfuil roinnt mhaith daoine gan aon bhaint acu leis an gCuallacht agus An Ghaeilge á staidéar acu mar ábhar sa choláiste! Chuas chun na Gaeltachta ar scoláireacht i Mí Mheán Fómhair seo caite agus b'shin í ceann de na seachtainí is fearr a chaith mé riamh! An polaiteoir is fearr in Éirinn: Tá buanna maithe ag Eamon Ryan. Bhíos ag obair le Steven Agnew, MLA, sa Tuaisceart anuraidh agus tá an-mheas agam air. Taobh amuigh de mo pháirtí féin, measaim go bhfuil obair mhaith ar siúl ag Catherine Murphy TD. An duine nó na daoine a spreagann tú: Na daoine cróga atá ag iarraidh cruinne níos fearr a chruthú do gach éinne! Spreagann an t-iriseoir George Monbiot mé go háirithe. An páirtí polaitiúil: An Comhaontas Glas

Upload: others

Post on 22-Aug-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

BH

UEL

! BE

ALT

AIN

E 20

14, Ea

gr

án

5

© I

on

ad

na

Ga

eilg

e La

bh

ar

tha

Ea

ga

rth

óir

:Nu

ala

de

rc

a

Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín

Ainm? Cormac Ó Mainnín (Cormac Manning)

Aois? 21

Cad as duit? Baile an Chollaigh, Co Chorcaí

Cén cúrsa atá ar siúl agat? Dlí agus An Ghaeilge

Bliain sa choláiste: 3ú bliain

An rud is fearr mar gheall ar UCC? Na cairde agus an muintearas atá ann!

An cumann nó an club is fearr in UCC? Is breá liom An Philosoph agus an Óige Ghlas ach bíonn an-chraic ag muintir na Cuallachta, chomh maith! chomh maith!

An focal Gaeilge is fearr leat? Glas, dar ndóigh ;)

www.focal.ie nó www.focloir.ie ? www.focal.ie Is cuimhin liom na hoícheanta fada is focal.ie ar scáileán mo ríomhaire agus mé ag iarraidh aiste a chríochniú roimh an spriocdháta! Tá focloir.ie an-mhaith, chomh maith.

An rud is fearr mar gheall ar chultúr na hÉireann: An tslí gur féidir linn cairdeas a dhéanamh le cách!

Cad é do mheas ar shaol na Gaeilge sa choláiste? Tá cumann iontach sa choláiste, An Chuallacht, ach is dócha go bhfuil mé claonta mar bhíos mar bhall den choiste anuraidh! Bíonn atmaisféar deas ag na ciorcail chomhráidh. Bheifeá ar do shuaimhneas ann. Is trua go bhfuil roinnt mhaith daoine gan aon bhaint acu leis an gCuallacht agus An Ghaeilge á staidéar acu mar ábhar sa choláiste! Chuas chun na Gaeltachta ar scoláireacht i Mí Mheán Fómhair seo caite agus b'shin í ceann de na seachtainí is fearr a chaith mé riamh!

An polaiteoir is fearr in Éirinn: Tá buanna maithe ag Eamon Ryan. Bhíos ag obair le Steven Agnew, MLA, sa Tuaisceart anuraidh agus tá an-mheas agam air. Taobh amuigh de mo pháirtí féin, measaim go bhfuil obair mhaith ar siúl ag Catherine Murphy TD.

An duine nó na daoine a spreagann tú: Na daoine cróga atá ag iarraidh cruinne níos fearr a chruthú do gach éinne! Spreagann an t-iriseoir George Monbiot mé go háirithe.

An páirtí polaitiúil: An Comhaontas Glas

Page 2: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

Cén fáth gur roghnaigh tú an páirtí san? Bhraith mé go raibh fís mhachnamhach acu chun sochaí níos fearr a bhaint amach. Nílid ag smaoineamh ar an gcéad toghchán eile amháin, ach ar an gcéad ghlúin eile, chomh maith.

Cén fáth go bhfuil tú mar iarrthóir sa toghchán áitiúil? Níl aon mhaitheas a bheith ag gearán sa bhaile faoi na fadhbanna atá againn an t-am ar fad. Cheapas gur fearr dul amach agus rud éigin a dhéanamh faoi! Tá polaitíocht mhacánta agus pleanáil fhadtéarmach uainn.

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár: Baile an Chollaigh go Carraig Uí Leighin (Dúglas, Baile an Róistigh, An Tóchar Theas, An Pasáiste, agus Tobar an Iarla, san áireamh)

Cad iad na fadhbanna is mó atá sa toghcheantar san? Tá go leor daoine gan a ndóthain airgid acu agus tá an cúlú eacnamaíochta tar éis dochair a dhéanamh dár sochaí. Bainim úsáid as an mbus gach lá agus ba chóir an tseirbhís seo a fheabhsú.

Cad iad na polasaithe atá agat? Táid go léir ar fáil ar an suíomh idirlín seo: http://www.greenparty.ie/policies

Cad a dhéanfaidh tú chun saol na ndaoine i do thoghcheantar a fheabhsú? Táim ag iarraidh insliú a chur chun cinn - laghdaíonn sé billí, laghdaíonn sé carbón, cruthaíonn sé postanna agus coimeádann sé daoine níos teo!

Cén fáth nach gcaitheann roinnt daoine óga vóta? Is dócha go gceapann siad nach bhfuil éagsúlacht mhór idir na hiarrthóirí nó nach mbaineann an pholaitaíocht lena gcuid saolta ach is mór an trua é sin, mar fiú muna mbíonn suim agat sa pholaitíocht, bíonn suim ag an bpolaitaíocht ionat!!

Conas a spreagfaidh tú mic léinn UCC chun vóta a chaitheamh sa toghchán? Tá siúl agam má thugann siad faoi deara go bhfuil mac léinn a thuigeann saol na mac léinn mar iarrthóir go mbeidh siad níos sásta vóta a chaitheamh!

Fiú muna mbíonn sé ar mo shon, molaim do dhaoine óga vóta a chaitheamh ar 23 Bealtaine. D’fhéadfadh an Rialtas gan an aird cheart a thabhairt do dhaoine óga toisc nach gcaitheann siad vótaí chomh minic agus a chaitheann grúpaí eile.

Do mhana: Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.

Cormac Ó Mainnín.

Misneach Ní fada ó shoin go raibh na sluaite ó gach cearn den tír ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ag máirseáil ar son na Gaeilge. Cearta daonna á n-éileamh acu, ‘Dearg le fearg’ á liú acu, is meirgí daite ag luascadh san aer. Cad é a spreag an chorraíl úr seo? An bhfuil fathach á mhúscailt? Mar is eol daoibh, d’éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost mar choimisinéir teangan cúpla mí ó shoin. Fear a raibh cúram air líon na ndaoine le Gaeilge sa státseirbhís a ardú ó 1.5 % go 3%. Ní aon dóithín é go ndúirt an fear ceannann céanna ná fuil dealramh ar bith le cuspóirí na straitéise fiche bliain, is gur ag snámh in aghaidh easa a bhí sé. Bhain Ó Cuirreáin meas a dhúiche amach de dheasca a dhíograise thar na blianta. Léiríodh an gean sin sa chomh-litir a d’eisigh Pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge; ‘is móide ár meas ort gur ar bhonn prionsabail a bheartaigh tú an cinneadh sin a ghlacadh.’ Níl dabht fén spéir ‘Nach Féidir Linn’ dul in iontaoibh na hinstitiúide chun ár bpobal mionlach a chaomhnú. Tá teipthe ar an stát fiú riachtanais bhunúsacha sa Ghaeltacht .i. Gardaí le Gaeilge, seirbhísí, ardú ar líon na gcainteoirí, poist do Ghaeilgeoirí, srl. a sholáthar. Tá a mhalairt de mhodhanna ag teastáil uainn. Cad é go díreach atá ag cur baic orainn an tAthrú Mór a dhéanamh? Is in am an ghátair so a nochtar na naimhde. Tá

Page 3: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

briatharchath ar siúl i láthair na huaire sna nuachtáin agus ar líne ina nochtar an meon searbhasach atá á chothú ag na meáin Angla-Mheiriceánacha, tuairimí atá cloiste againn na mílte uair san fhásach iarchoilíneach ‘Éireannach’. Seo litir a foilsíodh ó chianaibh atá ábhairín coimeádach ó thaobh aineolais ar an nGaeilge. Dá ndéanfainn aistriúchán ar cheann de na samplaí ní b’fheanntaí, ba dhóigh leat gurbh aoir é a scríobh printíseach de chuid Myles na gCopaleen.

“ A dhuine uasail, Caithim tréimhse sa Bhreatain Bheag gach bliain, is mó Breatnais a chloistear ann i gcúig neomat ná Gaeilge i mbeagnach gach ball d’Éirinn ar feadh bliana (ní haon áibhéil é seo). Is í an fhírinne shearbh ná fuil diabhal spéise ag formhór dínn An Ghaeilge a labhairt go deo. Ina hionad tá roghnaithe againn an ‘cúplafocalachas’. Is é sin ná; comharthaíocht bóithre, fógraí, cáipéisí oifigiúla, agus a leithéid, a aistriú go Gaeilge (níos fearr fós má dheintear ar chaighdeán na hEorpa é!) in ainneoin dá méid atá in úsáid! Idir an dá linn, leanaimid linn go gealgháireach ag labhairt i mBéarla ár ndúchais. Ní bhuailfeadh sé bob ar pháiste deich mbliana d’aois fiú! Ach fós, táimid sásta cur suas leis an áiféis seo agus is mairg don té a d’fhiafródh mar gheall ar bhalcaisí an impire. le dea-ghuí..srl.”

Ní gá dul níos sia ná campas an ionaid iontach oiliúna atá againn in UCC chun an tuairim seo a dhearbhú. Impím ar gach éinne dul amach ag stocaireacht ar son na teangan is fén éagóir mhillteanach atá déanta orainn ag an rialtas. Níor thúisce an chéad thumb-tackín beag bheith sáite trí chluas an phóstaeir ná go mbeadh guthanna ag drannadh leat, gaois na staire á riar go húdarásach acu. Raiméis mhór ghroí á radadh acu mar gheall ar Pheig Sayers, Acht Oideachais 1914, an fhírinne ná fuil an teanga á labhairt ach ag sagairt is siúracha broinnstuacacha an chórais oideachais, na billiúin euro órga á slogadh aici go craosach, na focail úr-bhréagacha á gcacadh amach ag an gCoiste Téarmaíochta i mBaile

Átha Cliath, gur teanga mharbh í, gur fearr Sínis, Meiriceánais, (cén teanga eile atá i bhfaisean? Eabhrais?) a fhoghlaim srl. Is deacair a chreidiúint go bhfuiltear ann atá fós srianta ag na tróip seo ach, tá, is iad chomh caolaigeanta is beag beann, is a bhí riamh, ar an ní atá á nochtadh féin i ngach orlach den inis. Caithfidh gur lochtach an t-oideachas atá á chur orainn. Is baolach ná beadh go leor scoláirí Gaeilge ábalta dul in adharca leis na tuairimí thuasluaite nó nach dtuigfidís gur fiú tuairimí eile i leith na teangan. Is minic gur fhiafraíos de scoláirí na chéad bhliana canathaobh go raibh An Ghaoluinn ar siúl acu agus is é seo an mantra macánta a thugadar dom mar fhreagra, fé mar a bheadh ó fhia scinnideach sáite fé cheannsoilse thrucail ola, mar déarfá.

“Caithfidh daoine staidéar a dhéanamh uirthi don Ardteist.” An meon na saoirse é sin? An cheist is mó atá agam ná an bhfuilimid, mar phobal, ag dul i ngleic leis na dúshláin seo nó an cuma linn? Tá ré na siamsaíochta sa chlub thart, dar liom. Beidh orainn dul chun cogaidh as so amach, mura mian linn bheith fágtha ar an mblár folamh mar dhaoine is mar phobal cailcithe go deo na ndeor. Luann Eoghan P. Ó Murchú slite dearfacha go bhféadfaí an slánú a ionramháil inár saol laethúil in alt dá chuid atá ar an suíomh idirlín nuachta, An Tuairisceoir, atá in úsáid níos mó ó ligeadh Gaelscéal chun feoite: http://antuairisceoir.com/2014/02/25/ta-an-rialtas-o-dheas-ag-maru-na-gaeilge-ach-ta-nios-mo-den-lucht-ort/

Focal mór i gcaint na nGael i láthair na huaire is ea Misneach. Gluaiseacht úr phobalda ag agóid ar son na Gaeilge ar fud na tíre atá i gceist. Is eagraíocht é de dhaoine óga radacacha atá gníomhach sa Ghaillimh, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath. Is é an cuspóir is mó atá acu ná aird a tharrac ar an teanga mar chuid oirirc d’fhéiniúlacht na tíre agus cearta daonna a cuid cainteoirí a chosaint. Ba mhian leo pobal úr a chruthú trí obair

Page 4: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

dheonach. Tá sé thar am ag na Gaeil óga bheith ag triall ar ár gcuid féin de dhioscúrsa na tíre, ár bpobal féinig a fhorbairt in ainneoin constaicí an stáit, is cás ár gcultúr a chur i gcomhthéacs díothú craosach an chaipitleachais. Deireann Jim McCloskey ina leabhar ‘Guthanna in Éag’ go mbeidh deireadh le 90% de na teangacha atá á labhairt faoi láthair taobh istigh de 100 bliain. Ní mór féachaint ar an slad atá déanta ar an mBriotáinis le céad bliain anuas len é seo a mheá. Áirítear an Ghaeilge mar theanga atá ‘sábháilte’. Dia dár bhfóirithint!

Má tá spéis agat páirt a ghlacadh san athrú mór, bí i dteangmháil linn.

Is í cathair Chorcaí an t-aon chathair mhór sa tír ná fuil a craobh féin aici cheana.

Dúisímis a Mhuimhnigh!

[email protected] www.facebook.com/misneach2012

Séamus Barra Ó Suilleabháin.

Teanga an Spóirt

Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’, smaoinítear ar an leathan mór de thréithe a bhaineann leis; creideamh, ealaín, cluichí srl. agus go háirithe inár gcás, spórt agus teangacha. Ní cheaptar, de ghnáth, go mbíonn mórán naisc idir sacar agus teangacha, ach bíonn. Is tír í an Spáinn a bhfuil cultúr fada sacair aici. Níl aon dabht ach go bhfuil an fhoireann agus an tsraith náisiúnta is fearr lonnaithe sa tír seo faoi láthair, seachas sa Ghearmáin, b’fhéidir. Ó thaobh an chultúir de, tá cáil mhór ar an Spáinn de bharr saibhreas na dteangacha atá inti. Is iad An Spáinnis, An Bhascais agus An Chatalóinis na trí phríomhtheanga sa tír. Labhraítear An Spáinnis i bhformhór na gclubanna, gan amhras, ach labhraítear An Chatalóinis sa chlub FC Barcelona agus labhraítear An Bhascais sa chlub Athletic Bilbao, áfach. Féach ar na suíomhanna oifigiúla agus tabhair na teangacha éagsúla fé deara. I gcás FC Barcelona, is féidir a suíomh idirlín a léamh trí mheán na Catalóinise agus i gcás Athletic Bilbao, is féidir a suíomh a léamh trí mheán na Bascaise. Cuir é seo i gcomparáid le suíomh idirlín Real Madrid, ina bhfuiltear in ann é a léamh trí mheán na Spáinnise amháin, i dteannta le príomhtheangacha eile an domhain, Béarla agus Sínis, mar shampla. Ní thugtar aon aird ar an dá theanga Spáinnise eile. Déanann FC Barcelona i bhfad Éireann níos mó ná aitheantas amháin a thabhairt do theanga an réigiúin. Deirtear i mbunreacht an chlub, Estatuts del Futbol Club Barcelona, gurb í an Chatalóinis teanga oifigiúil an chlub. Níl aon fhoráil den saghas sin a thugann aitheantas ar bith don Spáinnis. Tá sé sofheicthe go bhfuil an-mheas acu ar a gcultúr féin agus nach bhfuil suim rómhór acu, fiú, i dteanga an náisiúin. Feictear an nasc seo idir an Ghaeilge agus sacar in Éirinn, fiú más ar leibhéal i bhfad níos ísle é. Chraol TG4 go leor cluichí de Shraith na hÉireann sna blianta atá thart. Ó thaobh na gcluichí i gCorcaigh de, bhí go leor díobh craolta trí mheán na Gaeilge sa bhliain 2005. Is Gaeilgeoirí iad go leor tacadóirí inár gclub, Cumann Peile Chathair Chorcaí agus oibrímid le cumainn ghaelacha ar nós

Eagarfhocal

Seo daoibh an t-eagrán deireanach de Bhuel don bhliain seo. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháilt le gach éinne a chabhraigh liom agus a scríobh altanna dom i rith na bliana. Go n-éirí le lucht na scrúduithe agus go mbaine sibh taitneamh as an Samhradh.

Page 5: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

Ghael-Taca. Tháinig an club sa chúigiú háit sa chomórtas, Gradam Phádraig Uí Chuanacháin sa bhliain 2011. Bhíodh nasc idir Ghaillimh Aontaithe agus Fhoras na Gaeilge sa Ghaillimh agus craoladh go leor de na cluichí i bPáirc Thír Oileáin nó Páirc Éamoinn Deacy mar atá air anois. Tá naisc ag an gclub, Salthill Devon, atá suite ar imeall Ghaeltacht na Gaillimhe, leis an teanga, freisin. “Cairdeas Tré Spórt” is ea mana an chlub. Níl na naisc seo ar comhchéim le Barcelona, gan amhras. Níl aon chlub in Éirinn a aithníonn an Ghaeilge amháin ina bhunreacht, ach, fós, tá naisc ann. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh naisc níos láidre ag an sacar leis an nGaeilge. Tá an obair tosnaithe ach beidh orainn leanúint orainn. B'fhéidir go bhféadfadh Cumann Peile Chathair Chorcaí naisc a dhéanamh leis na gaelscoileanna sa chathair is sa chontae agus leis an nGaeltacht thiar i mBaile Bhúirne. Naisc bheaga a bheadh ann ach chabhróidís go léir. Tá ceangail ann idir an sacar agus an teanga go mór mór in áiteanna ar nós na Spáinne ach tá níos mó ceangal in Éirinn ná a cheapfá. Ba chóir tacú leis an obair fhiúntach seo agus beidh na ceangail seo ag dul i bhfeabhas, i méid agus i neart, de réir a chéile. Paul de Barra

Glór aoibhinn na Cuaiche Tagann an tEarrach agus bíonn fáilte is fiche roimhe agus ag deireadh an tséasúir sin, bímid ag súil go mór le cuairt na cuaiche, An Chuach Uasal! Bhuel, caithfidh mé a rá go raibh mé fiosrach agus b'fhéidir go raibh díomá orm i slí amháin nuair a dheineas beagánín taighde ar nádúr an éinín seo. Bhí leathanach deas ag Seán de Paor i nuachtán na nDéise 'An Dungarvan Leader' an tseachtain seo caite agus pictiúirí cruinne, ildathacha den chuach bhaineann agus den chuach fhireann, chomh maith. Bhí an-suim agam ins an cleas a bhíonn ag an gcuach maidir le seadánachas goir, an nós a bhíonn aici na huibheacha a bhreith i neadanna na n-éan eile agus tarlaíonn an gníomh céanna laistigh de nóiméad amháin. Bíonn an 'Daid' ag eitilt os cionn agus nuair a bhíonn an t-éan, gur léi siúd an nead sin, ag coimhlint le 'Daid', isteach leis an chuach (Mam) agus díbríonn sí ubh nó dhó ón nead agus fágann sí a huibheacha féin ann ina n-ionad. Bhuel, bhuel, bhuel! Nach casta, cliste an gníomh sin agus ní hé sin an scéal ar fad maidir le soláthar bia dos na gearrcaigh. Dúirt an t-údar go bhfuil glór na cuaiche le cloisteáil os ard i ndúthaigh ‘An Vee’ agus áiteanna ina bhfuil crainn agus toir ann go flúirseach agus go teann. Níl glór níos deise agus níos suaimhní ná an glór sin, cinnte ach cad iad na tuairmí atá ag éanlaith eile na spéire maidir le guth aoibhinn na cuaiche?! N’fheadar sa diabhal! Eilís Uí Bhriain

Seán Óg Ó hAilpín ag tabhairt cainte do chleas GA1121 cúpla mí ó shin.

SEOLADH LEABHAIR

‘The Loneliness Boy in the World’ le Gearóid Ó Catháin.

5pm sa Seomra Caidrimh

12 Meitheamh 2014

Page 6: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

Dedalus(agus(Dedalus(eile(

Eoghan Lyng, Buck Mulligan, a charaid, Agus mé ag siúl leat timpeall na cathrach, Labhraim go hiondúil is go geal leat, Fé lucht na tíre, Draíocht na maighdean, Agus fé ainmeacha Gréagacha. Do bhíomar óg, Do bhíomar glic. Do bhíos i ngrá leis an Máthair Molly, Agus anois, níl ionamsa ach páipéar. A leithéid. Beatha Chríost chugat, a chara. Níl ionamsa ach mo chroí. Seanchroí atá ann. D`éirigh mé mar pháiste, Críochnóidh mé cosúil leis an té a fuair bás. Táim i mo shuaimhneas anois. Is leatsa an chathair seo. Is linne na hamanna a bhí againn. Ach, caithfidh mé tosnú, Go láidir, Tá sé riachtanach. B`fhearr liom go gcríochnódh Dedalus eile, Na línte atá fágtha. Is iad atá stairiúil, is iad atá géilliúil. Níl aon suim agam iontu. ‘A riverderci’ a charaid. “Heureux, heuruex a en mourir” Nach ait an saol é agus é beagnach thart! Eoghan Lyng.

TIONÓL NA MUMHAN 2014

!6-8 Meitheamh

http://dailnamumhan.ie/

COMHDHÁIL NA NdÉISE 2014

!7 Meitheamh

www.wit.ie

Comhdháil NAACLT

4-6 Meitheamh !

http://www.naaclt.org/ !

COMÓRTAS

Cum teideal nó rann a bheadh in oiriúint don ghrianghraf thíos:

€30 an duais!

Seol do fhreagra chugam ag [email protected] faoin 13 Meitheamh.

Athchló

"Níl Aon Leabhairín mar do Mheabhair-chinn fhéin" le hEilís Uí Bhriain.

Ar fáil sna Siopaí Waterstones agus Porters

Tuilleadh eolais:

[email protected].

Page 7: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

Scoláireachtaí €500

Áras Uí Thuama 2014 / 2015

Ionad Cónaithe Gaeilge, Gaeltacht UCC

An bhfuil aithne agat ar éinne a bheidh ag freastal ar UCC an bhliain seo chugainn?

An mbeadh suim acu bheith ag maireachtaint trí mheán na Gaeilge? Fáilte roimh gach éinne!

Tuilleadh Eolais: Ionad na Gaeilge Labhartha, G02, Áras Uí Rathaille UCC 021-4902314 http://www.ucc.ie/ga/igl/

Page 8: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

Áras Uí Thuama An#bhfuil#seomraí#le#ensuite#ann?#Tá.$#An#bhfuil#an#t3idirlíon#ann?#Tá.$$Tá$an$t(idirlíon$i$ngach$seomra$codlata$agus$tá$sé$saor$in$aisce.$#An#bhfuil#sé#i#bhfad#ón#gcoláiste?#Idir$5$–$10$neomat;$braitheann$sé$ar$an$áit.$#An#bhfuil#sé#i#bhfad#ón#gcathair?#Timpeall$10$neomat.$#An#mbeinn#in#ann#fanacht#in#árasán#le#mo#chara?#Gan$amhras.$#Cé#mhéad#áit#a#bhíonn#ar#fáil#ann?#27.$#Níl#Gaeilge#iontach#agam,#an#mbeinn#in#ann#cur#isteach#ar#Áras#Uí#Thuama?#Bheifeá,$ach$ná$déan$dearmad$go$gcaithfidh$tú$Gaeilge$a$labhairt$ó$mhaidin$go$hoíche.$#An#gcaithfidh#tú#labhairt#as#Gaeilge#an#t3am#go#léir?#Cinnte!$$Is$mionghaeltacht$í$an$áit$seo!$#Cad#a#bhíonn#ort#a#dhéanamh#ann?#Bíonn$ort$Gaeilge$a$labhairt$an$t(am$go$léir.$$Caithfidh$gach$áitritheoir$imeachtaí$a$eagrú$agus$freastal$ar$na$himeachtaí$a$eagraítear$i$rith$na$bliana.$$Beifear$ag$súil$go$nglacfaidh$gach$mac$léinn$páirt$ghníomhach$i$saol$cultúrtha$agus$saol$sóisialta$na$Gaeilge.$

CÚRSA IRISEOIREACHTA IGL 2014 Gearrchúrsa in Iriseoireacht na Gaeilge lena n-áireofar gné na hiriseoireachta raidió

is gné na hiriseoireachta clóite

Breis eolais: [email protected] / [email protected]

Gach Aoine ag 12.00 i G01, Áras Uí Rathaille.

Fad an chúrsa: Bealtaine / Meitheamh

Page 9: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

Súil Siar ar 2012 / 2013

Buaiceanna(na(Bliana:((

• D’fhreastail líon ard mac léinn ar chláir teanga Ionad na Gaeilge Labhartha i gcaitheamh na bliana. Is é an líon a bhí sa treis 1,530, líon a bhí beagán níos mó ná líon na bliana anuraidh.

• Bhí 2,649 mac léinn rannpháirteach sna scéimeanna agus sna gníomhaíochtaí cultúrtha. Nuair a

chuirtear gach cúrsa san áireamh, chítear gur dhein an tIonad freastal ar riachtanais teanga cheithre mhíle trí chéad is seasca mac léinn i rith na bliana. D’éirigh leis an Ionad méadú de seasca mac léinn nó méadú 1.4% a dhéanamh ar líon iomlán na mac léinn a ghlac páirt sna scéimeanna agus sna cúrsaí teangan i gcomparáid le líon na bliana 11/12.

• D’fhreastail 2,500 duine ar na gníomhaíochtaí sin teanga a bhí faoi choimirce dhíreach Bhord na Gaeilge:

Gníomhaíocht Rannpháirtithe Clár teanga na dteaghlach foirne ………………………... 30 Scéim na scol …………………………………………… 60 Léachtaí poiblí agus Imeachtaí Eile ………….................. 1,690 An Seomra Caidrimh …………………….……………... 760

Iomlán: ………………………….…………………….... 2,503 • Eagraíodh cúrsaí ar leith do mhuintir na Gaeltachta i gcaitheamh na bliana i nDún Chíomháin. Ina

measc bhí cúrsa nua do thionóntaithe tí na Comhairle Contae agus cúrsa sa ríomhaireacht a eagraíodh i gcomhar le Ógras na Gaeltachta.

• Múineadh dhá mhodúl Gaeilge (MX1004, MX1007) i gColáiste an Leighis, ceann d’eachtrannaigh

agus ceann d’Éireannaigh. Baineann siad leis na modúil roghnacha ar féidir le mic léinn leighis a thógaint mar chuid dá gclár acadúil.

• Chuir 135 mac léinn isteach ar scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta. Chuaigh timpeall cúigear mac

léinn is seachtó ar scoláireacht chun na Gaeltachta i ndeireadh báire. Is as an Ollscoil ar fad na mic léinn seo.

• Múineadh an Ghaeilge ar bhonn acadúil ar leibhéil éagsúla in Ollscoil Bochum na Gearmáine agus

eagraíodh dhá chúrsa do mhic léinn na hOllscoile céanna i nDún Chíomháin. D’fhreastail isteach is amach le ochtó mac léinn ar na cúrsaí seo.

Page 10: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

Gradam na Gaeilge 2014

Bronnadh Gradam na Gaeilge, ar bheirt mhac léinn de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar an 7 Bealtaine. Is iad Timmy Ó Coileáin agus Stephen Breatnach a bhain an Gradam amach i mbliana. Bronnadh Onóir na Gaeilge ar Lára Ní Dhálaigh, leis. Tá an duais urraithe ag an Dr. Diarmuid Ó Mathúna, Stiúrthóir Chomhairleoirí Maoine ‘City Life’. Mheas na moltóirí gur chóir an duais a roinnt de bharr chumas an triúr. Dhein na mic léinn an-obair i gcaitheamh na bliana maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn i dtimpeallacht na hollscoile. Ba é an Dr. Diarmuid Ó Mathúna a dhein an bronnadh ag ócáid speisialta a eagraíodh sa tSeomra Caidrimh.

Bhronn an Dr. Fiachra Long, Roinn an Oideachais, scoláireachtaí ar áitritheoirí an Ionaid Chónaithe, Áras Uí Thuama ag an ócáid chéanna.

Reáchtáladh an Gradam faoi choimirce Choiste Gnó Bhord na Gaeilge, COC. Ba iad an Dr Caoimhín Ó Muirigh (Roinn na Sean-agus Meán-Ghaeilge), Ruth Ní Riada (Aontas na Mac Léinn/Coiste Gnó Bhord na Gaeilge) agus Claire Ní Mhuirthile (Ionad na Gaeilge Labhartha) a bhí mar mholtóirí.

Lára Ní Dhálaigh, Timmy Ó Coileáin agus Stephen Breatnach, na buaiteoirí agus an Dr. Diarmuid Ó Mathúna, urra na scéime.

Scoláireachtaí Áras Uí Thuama 2014

Bhronn an Dr. Fiachra Long, Roinn an Oideachais, scoláireachtaí ar áitritheoirí an Ionaid Chónaithe, Áras Uí Thuama ar 7 Bealtaine 2014. Comhghairdeachas ó chroí libh is go n-éirí go geal libh amach anso!

Page 11: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

Th

ug

am

ar

féi

n a

n S

am

hr

ad

h l

inn

...

N

Scoláireacht Uí Ríordáin 2014 Thar ceann Bhord Gaeilge an Choláiste, bhronn An tUachtarán, an Dr. Micheál Ó Murchú, Scoláireacht Sheáin Uí Ríordáin na bliana seo ar Nicole Kirstein, dalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh. Is é Bord Gaeilge Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a dheineann urraíocht ar an scoláireacht seo agus comórann sí saothar an fhile cháiliúil Seán Ó Ríordáin a bhí ag obair ar feadh roinnt blianta i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste. Is Scoláireacht í seo a bhronntar go bliantúil ar dhalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin agus tugann sí caoi don mbuaiteoir trí seachtaine thairbheacha a chaitheamh ar scoláireacht i rith an tSamhraidh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Nicole Kirstein, buaiteoir na scoláireachta, a muintir, agus an tUachtarán, an Dr. Micheál Ó Murchú ag baint súip as an ócáid ar 13 Bealtaine 2014.

Scéim na Scol 2014

Baill fhoirne agus mic léinn a ghlac páirt i Scéim na Scol na bliana seo. Gabhaimid buíochas le gach éinne a ghlac páirt sa scéim.

Page 12: Seal le Cormac ‘Glas’ Ó Mainnín€¦ · domhain, Béarla agus Sín Déanann Séamus Barra Ó Suilleabháin. Teanga an Spóirt Nuair a chuimhnítear ar an bhfocal ‘cultúr’,

Léachtaí Poiblí 2014 D’éirigh go geal leis an tsraith léachtaí poiblí i mbliana. Ba é an téama a bhí ann ná ‘An Ghaeilge mar acmhainn ghairme, ghnó agus forbartha’. Ghlac Rachel Ní Riada, Údarás na Gaeltachta, Cathal Convery, Foras na Gaeilge, Dairíne Ní Shíthigh, Óispidéal an Daingin, Tadhg Ó Maoileoin, Nemeton agus an Dr. Neil Buttimer, Roinn na Nua-Ghaeilge, COC páirt sa scéim. Gabhaimid buíochas ó chroí leo.

Comhghairdeachas libh! Comhghairdeachas le Timmy Ó Coileáin a bheidh ina Reachtaire ar an gCuallacht an bhliain seo chugainn agus le Seán de Priondragás a bheidh mar Oifigeach Gaeilge. Guímid rath agus bláth na bliana oraibh!