treoir maidir le scéimeanna Íocaíochta dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a...

32
Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí Incháilitheacht Talún 2015

Upload: others

Post on 08-Jul-2020

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Treoir maidir le Scéimeanna

Íocaíochta Dírí Incháilitheacht Talún

2015

Page 2: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 2

Cláir Ábhair 1 RÉAMHRÁ………………………………………………………………………………3

2 TALAMH INCHÁILITHE……………………………………………………………...5

3 TALAMH NEAMH-INCHÁILITHE…………………………………………………..5

4 LIMISTÉIR ÓNA DTEASTAÍONN EISIAMH IOMLÁN………………………….. 6

5 LUACHAIR, FRAOCH AGUS RAITHNEACHA…………………………………….6 5.1 LUACHAIR…………………………………………………………………….6

5.2 FRAOCH………………………………………………………………………..8

5.3 RAITHNEACHA……………………………………………………………….11

6 AN BHAIL A CHOIMEÁD AR LIMISTÉIR THALMHAÍOCHTA A

OIREANN D’FHÉARACH NÓ DO SHAOTHRÚ……………………………………… 13

7 INCHÁILITHEACHT TALÚN A DHEIMHNIÚ……………………………………....14

8 AN CÓRAS AITHEANTA DÁILEACHTAÍ TALÚN (LPIS)…………………………15

9 AN TIARRATAS A CHOMHLÁNÚ…………………………………………………….15

10 NÓS IMEACHTA NA COMHÉIFEACHTA LAGHDAITHE……………………….17

11 GNÉITHE NÓ LIMISTÉIR NEAMH-INCHÁILITHE………………………………18 11.1 CLÓIS FEIRME, LIMISTÉAR FAOI CHOINCRÉIT NÓ

GHAIRBHÉAL AGUS BÓITHRE FEIRME……………………………….……. 18

11.2 LINNTE, AIBHNEACHA, SRUTHANNA…………………………………...19

11.3 LOMÁN CARRAIGE………………………………………………………… 19

11.4 SCROBARNACH………………………………………………………………20

11.5 CAIRÉIL, CLAISEANNA GAINIMH AGUS GAIRBHÉIL…………………. 21

11.6 LIMISTÉIR RÉISC NÓ FHLIUCHA…………………………………………. 21

11.7 LIMISTÉIR A NGABHANN FÁL THART ORTHU………………………….23

11.8 LIMISTÉIR NACH NÚSÁIDTEAR DE DHÁILEACHTAÍ ARÚLA…………23

12 DÓ…………………………………………………………………………………………23

13 GNÉITHE TÍRDHREACHA……………………………………………………………24

14 NATURA 2000 AGUS AN CHREAT-TREOIR UISCE……………………………… 25

15 SAMPLAÍ BREISE D’INCHÁILITHEACHT TALÚN……………………………….26

16 MEASÚNACHT TIONCHAIR TIMPEALLACHTA…………………………………31

17 CIGIREACHTAÍ…………………………………………………………………………31

18 SEIRBHÍS CHOMHAIRLEACH FEIRME (FAS)…………………………………… 31

IARSCRÍBHINN 1. AN REACHTAÍOCHT FORFHEIDHMITHE……………………..32

Page 3: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 3

1 Réamhrá

Cuirtear an leabhrán seo ar fáil mar threoir chun cabhrú le feirmeoirí na rialacha maidir le hincháilitheacht talún a thuiscint agus cloí leo i dtaobh scéimeanna éagsúla ceantarbhunaithe an AE. Nuashonraíonn an leabhrán seo cáipéis na dTéarmaí agus Coinníollacha a eisíodh d’fheirmeoirí cheana féin agus ba cheart é a léamh i gcomhar leis an gcáipéis sin. Ní mór an dá cháipéis seo, agus rialacháin an AE atá mar bhonn agus taca leo, a chomhlíonadh go hiomlán. Liostaítear Rialacháin ábhartha Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle na hEorpa agus an Choimisiún an Eorpaigh in Iarscríbhinn 1. Is iad scéimeanna an AE atá bainteach:

An Scéim Buníocaíochta (BPS)

An Íocaíocht Ghlasaithe

Scéim na bhFeirmeoirí Óga

An Scéim Dheonach Chúpláilte Tacaíochta (Barra Próitéine)

Scéim na Limistéar faoi Shrian Nádúrtha (ANC)

REPS

AEOS

GLAS

An Clár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola (BDGP) Anuas air sin, ní mór d’iarratasóirí a bhfuil os cionn 10 heicteár de thalamh arúil acu na rialacha breise a chomhlíonadh maidir le hÉagsúlú Barr agus Limistéir Fócais Chomhshaoil chun an íocaíocht Ghlasaithe a fháil. Soláthraítear sonraí ar na riachtanais don íocaíocht Ghlasaithe sa leabhrán faoi Ghlasú a eisítear do gach feirmeoir arúil. Maidir le REPS, AEOS agus GLAS, baineann rialacha breise leo a leagtar amach i bhfoilseacháin bhreise na Roinne ar na scéimeanna seo, atá ar fáil ó láithreán gréasáin na Roinne. Tá dhá phríomhphionsabal ann maidir le hincháilitheacht na talún faoi scéimeanna nua an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) nach mór iad a chomhlíonadh:-

Ar an gcéad dul síos, ní mór go mbeadh an dáileacht ar fáil don iarratasóir ar feadh tréimhse cibé acu ó thús na bliana go dtí dáta i ndiaidh an 31 Bealtaine nó ó dháta roimh an 31 Bealtaine go dtí deireadh na bliana. I dtaobh scéimeanna ANC, AEOS, REPS agus GLAS, ní mór don iarratasóir feirmeoireacht a dhéanamh ar an talamh ar feadh na bliana iomláine;

Page 4: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 4

Ar an dara dul síos, ní mór gur talamh “thalmhaíochta” atá sa talamh agus go bhfuil “an bhail á coimeád uirthi a oireann d’fhéarach nó do shaothrú nach sáraíonn an gníomh ullmhaithe na gnáthmhodhanna agus na gnáthinnealraí talmhaíochta”.

Ní mór an dá riachtanas a shásamh go mbeidh an talamh incháilithe chun íocaíocht a tharraingt ag iarratasóir. Tá an méid a leanas ina riachtanais bhreise ar leibhéal dáileachta:

Ní mór go mbeidh rochtain neamhspleách agus oiriúnach ar gach dáileacht a fhógraítear d’ainmnithe agus/nó d’innealra;

Ní mór go bhfuil teorainneacha seachtracha a shainítear go soiléir i gcás coimíneachtaí. Is amhlaidh atá seo chun tomhais achar na dáileachta a éascú;

Ní mór go bhfuil na fálta cuí ann don fhiontar feirmeoireachta lena chinntiú go bhfuil smacht ag an iarratasóir ar an dáileacht. Ciallaíonn na fálta cuí fálta ar féidir leo stoc a choimeád istigh a choimeádfaidh smacht ar ainmhithe iarratasóra agus ar ainmhithe an fheirmeora ina (h)aice. Eisceacht i leith na rialacha seo is ea nach dteastaíonn fálta a choimeádann an stoc istigh i gcás tailte cnoic atá faoi úinéireacht eisiach, a fhad agus a leanann feirmeoirí sléibhe le feirmeoireacht a dhéanamh orthu ar an mbealach traidisiúnta i gcomhlíonadh cheanglais rialacháin an AE a rialaíonn na Scéimeanna Íocaíochta Dírí.

Leagtar amach riachtanais incháilitheachta eile i leabhrán na dTéarmaí agus na gCoinníollacha. Anuas ar an méid thuas, ní mór do gach iarratasóir na ceanglais Traschomhlíonta (an GAEC san áireamh) a chomhlíonadh go seachnófar smachtbhannaí. Tá leabhrán treorach maidir le Traschomhlíonadh ar fáil ina leagtar amach na ceanglais seo ó láithreán gréasáin na Roinne. Is é cuspóir an leabhráin “Incháilitheacht Talún” seo a leagan amach cad go díreach atá i gceist le talamh incháilithe thalmhaíochta, cad í/iad talamh/gnéithe neamh-incháilithe agus cad a chiallaíonn “an bhail a coimeád uirthi a oireann d’fhéarach nó saothrú” i gcomhthéacs talamh atá incháilithe d’íocaíocht a fhógairt faoin Scéim Buníocaíochta agus faoi Scéimeanna Íocaíochta Dírí eile in Éirinn.

Page 5: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 5

2 Talamh Incháilithe Níl ach “tailte talmhaíochta” incháilithe. Tá limistéir thalmhaíochta a úsáidtear le haghaidh

barra arúla, glasraí, plandlann agus talamh a úsáidtear chun féar a fhás, bíodh féar a fhásann go nádúrtha nó féar a fhástar ón síol i gceist, incháilithe. Tá athrú tagtha ar an sainmhíniú a thugtar ar fhéarach buan faoin CAP leasaithe. Áirítear le féarach buan báinseach ina bhfuil seagalach tháirgiúil den chuid is mó, báinseach

nach bhfuil chomh táirgiúil céanna, lena n-áirítear speicis luachra agus luibheacha neamhfhéir eile agus féarach, lena n-áirítear fraoch ar féidir le hainmhithe é a ithe agus sa chás nach speicis luibheacha is mó atá ann. Anuas ar an méid thuas, tá talamh ar ar éilíodh ar iarratas SPS in 2008 agus a raibh íocaíocht mar thoradh air agus a rinneadh a chur blianta ina dhiaidh sin faoi scéim foraoisithe incháilithe le haghaidh BPS agus Glasú don duine a tharraingíonn an phréimh foraoiseachta. Maidir le tailte Natura nó tailte atá faoi réir cheanglais na Creat-Treorach Uisce (WFD), beidh na limistéir siúd a fógraíodh ar iarratas ar SPS in 2008 agus a raibh íocaíocht mar thoradh orthu agus a raibh codanna díobh neamh-incháilithe ina dhiaidh sin, mar gheall ar chomhlíonadh cheanglais bhainistíochta nó chuspóirí éiceolaíochta an SPA, SAC nó an WFD, incháilithe d’íocaíocht. Tá an limistéar faoi ghnéithe sainithe tírdhreacha, ar nós fálta sceach agus draenacha, incháilithe chomh maith – féach Mír 13 chun teacht ar bhreis sonraí. 3 Talamh Neamh-Incháilithe Níl “limistéir neamhthalmhaíochta” incháilithe. Níl portach, cibé acu má bhaintear nó mura mbaintear úsáid as le haghaidh táirgeadh móna, incháilithe. Leanann Bratphortach a úsáidtear le haghaidh cuspóirí talmhaíochta incháilithe go fóill. Níl

talamh atá faoi chrainn a cuireadh in 2008 nó níos luaithe incháilithe. Anuas air sin, níl foraoiseacht a cuireadh ó 2008 i leith nach bhfuil préimh foraoiseachta á híoc aisti incháilithe. Níl coillearnach agus limistéir faoi chrainn Nollag incháilithe. I dteannta an mhéid thuas, d’fhéadfadh nach bhfuil talamh ar a ndearnadh feirmeoireacht

incháilithe a thuilleadh mar gheall ar chúngach scrobarnaí. Níl talamh ar an bhfuil fraoch nach n-itheann ainmhithe agus atá anois éirithe aibí agus adhmadach, incháilithe. D’fhéadfadh seo baint le dáileachtaí iomlána, agus níl an dáileacht

Page 6: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 6

incháilithe sna cásanna siúd agus ní mór an t-achar a éilítear a laghdú anuas go dtí náid. Sa chás nach bhfuil ach cuid de dháileacht faoi chaibidil, ní mór na hasbhaintí cuí a dhéanamh ar an achar a éilítear agus an treoir a úsáid a sholáthraítear i Mír 9. 4 Limistéir óna dTeastaíonn Eisiamh Iomlán Gnéithe iad an méid an leanas laistigh de dháileachtaí nach bhfuil incháilithe:

Clóis feirme, limistéar faoi choincréit nó ghairbhéal, bóithre feirme;

Linnte;

Aibhneacha agus sruthanna;

Lomán carraige;

Scrobarnach;

Cairéil, claiseanna gainimh agus gairbhéil;

Limistéir réisc nó fhliucha;

Limistéir a ngabhann fálta thart orthu chun beostoc a choimeád amach;

Limistéir nach n-úsáidtear i bpáirceanna arúla.

Déanfar breis plé ar na gnéithe seo i Mír 11. 5 Luachair, Fraoch agus Raithneacha 5.1 Luachair Tá luachair neamhaibí inite agus féadfaidh ainmhithe feirme iad a ithe. Féadfaidh ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh. Sa chás nach rialaítear luachair, áfach, rachaidh siad i méid agus glacfaidh siad ceannas ar an mbáinseach. Is éard a bheidh mar thoradh air seo ná go gcaillfear limistéir féaraigh mar gheall nach mbíonn aon rochtain ag ainmhithe orthu a thuilleadh. Nuair is amhlaidh an cás, ní mór an talamh a asbhaint nó laghdú céatadánach a chur i bhfeidhm chun achar na dáileachta ar a bhfuil an bhail seo a chur i gcuntas – féach Mír 9. Tá na saintréithe a leanas ag luachair neamh-incháilithe:

Luachair ard nach mbíonn rochtain ag ainmhithe féaraigh orthu;

Page 7: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 7

Dlús ard de luachair agus ní fhaigheann ainmhithe rochtain orthu.

Incháilithe – Luachair a bhainistítear trí fhéarach agus bhearradh

Neamh-Incháilit Luachair ard agus ní fhaigheann ainmhithe rochtain ar an limistéar.

Page 8: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 8

Incháilithe – Dlús an luachra ag dul i méid agus an fhianaise ann go bhfuil ainmhithe á n-ithe, teastaíonn bainistiú leanúnach lena sheachaint go ndéanfar talamh neamh-incháilithe den talamh. 5.2 Fraoch Speiceas inite is ea fraoch íseal neamhaibí a itheann pórtha de chaoirigh shléibhe go háirithe, agus a itheann caoirigh agus eallaí eile sa chás go bhfásann sé ag ísealairdí. Tá talamh ar a bhfásann fraoch ar a bhfuil an bhail seo, neamh-incháilithe. Tá fraoch ard adhmadach nach bhfuil rochtain á fáil air ag ainmhithe a thuilleadh neamh-incháilithe. Nuair is amhlaidh an cás, ní mór an talamh a asbhaint nó laghdú céatadánach a chur i bhfeidhm chun achar na dáileachta ar a bhfuil an bhail seo a chur i gcuntas – féach Mír 9. Bíonn na saintréithe a leanas i gceist le fraoch neamh-incháilithe:

Fraoch atá ard agus adhmadach;

Limistéir ina bhfásann fraoch nach mbíonn rochtain ag ainmhithe féaraigh orthu.

Page 9: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 9

Neamh-Incháilithe – Fraoch ard adhmadach

Incháilithe – ach is gá laghduithe a dhéanamh i gcás aitinn

Page 10: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 10

Incháilithe – Teastaíonn bainistiú lena chinntiú go gcoimeádtar an bhail incháilithe air

Neamh-Incháilithe – Fraoch ard adhmadach

Page 11: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 11

Incháilithe 5.3 Raithneacha Is féidir le hainmhithe feirme raithneacha nó raithneacha móra a ithe. Fásann siad gach bliain go luath sa samhradh agus tagann cúlú orthu nuair a thiteann an sioc an chéad chúpla uair san fhómhar. Sa chás nach bhfuil féar faoi raithneacha, beidh bail infhéaraigh ar an talamh dá bharr. Dá thoradh sin, tá an limistéar incháilithe. Ní talamh infhéaraigh ag ainmhithe a bheidh i dtalamh ar a bhfuil raithneacha nach bhfuil aon fhéar fúthu agus ní mór an limistéar a asbhaint go hiomlán – féach Mír 9.

Radharc sa samhradh a

léiríonn caoirigh i mbun

féarach ghníomhach ar

fhéarach i raithneacha

measctha

Page 12: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 12

Taispeánann an tsraith pictiúr seo an limistéar céanna talún ag tráthanna éagsúla den bhliain gur féidir le limistéir faoi raithneacha, nuair a dhéantar bainistiú orthu, a bheith incháilithe.

Neamh-Incháilithe – Raithneacha nach bhfuil aon fhéar fúthu

Radharc san fhómhar a

léiríonn brat talún féir

den chuid is mó

Radharc sa

gheimhreadh a

léiríonn brat talún féir

den chuid is mó

Page 13: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 13

6 An bhail a choimeád ar Limistéir Thalmhaíochta a Oireann d’Fhéarach nó do Shaothrú Ar an gcéad dul síos, cinntigh go bhfágtar gach limistéar neamh-incháilithe as an áireamh faoi mar a leagtar amach thíos i Mír 9. D’fhéadfadh limistéar nua tagartha bheith mar thoradh air seo (limistéar uasta incháilithe) don dáileacht. Ón bpointe seo ar aghaidh, is éard atá i gceist ná pé rud a theastaíonn a dhéanamh chun bail incháilithe a choimeád ar an limistéar. Ní mór limistéir reatha scrobarnaí a rialú chun cosc a chur chlúdach breise driseacha agus speiceas eile adhmadach isteach sa dáileacht. Ní mór gníomh a dhéanamh chun cosc a chur ar scrobarnach nua a fhorbairt. Ní mór fálta sceach a choimeád chun cosc a chur orthu ó fhairsingiú isteach sa dáileacht. Ní mór draenacha a choimeád ionas go leanann siad le feidhmiú agus le cosc a chur ar limistéir neamh-incháilithe fhliucha a fhorbairt laistigh den dáileacht. Sa chás go mbíonn aon chinn de na tailte sainithe mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta nó mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta nó faoi réir cheanglais na Creat-Treorach Uisce, ní mór d’fheirmeoirí cloí, anuas air sin, leis na ceanglais bhainistíochta agus leis na cuspóirí éiceolaíochta do na limistéir seo.

Page 14: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 14

7 Incháilitheacht Talún a Dheimhniú

Page 15: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 15

8 An Córas Aitheanta Dáileachtaí Talún (LPIS) Is é an Córas Aitheanta Dáileachtaí Talún (LPIS) an bunachar sonraí ríomhaire ina gcuimsítear taifead ar na tailte a fhógraítear gach bliain. Grianghraf atá sna léarscáileanna a eisítear d’fheirmeoirí, i bhfírinne, a glacadh ag tráth cló an taifid léarscáilithe ar an LPIS a ngabhann an fhaisnéis comhoiriúnach limistéir leis. Nuashonraítear an fhaisnéis ar an LPIS ar na bealaí a leanas:

Faisnéis a sholáthraíonn an feirmeoir ag tráth an iarratais nó trí leasuithe;

Faisnéis a bhailítear ó na ngnáthchigireachtaí 5% ar incháilitheacht talún;

Athbhreithniú a dhéanamh ar dháileachtaí talún faoina dtugann an Roinn mar an ngníomhaireacht chreidiúnaithe íoctha.

Is tábhachtach go mbíonn an LPIS cruinn ó pheirspictíocht an fheirmeora lena chinntiú nach baol go ngearrtar pionós mar gheall ar ró-fhógairt limistéir. 9 An tIarratas a Chomhlánú Scrúdaigh an cháipéisíocht agus na léarscáileanna a d’eisigh an Roinn, ar dtús, leis an méid a leanas a chinntiú:

Fógraítear an talamh go léir;

Scriostar aon dáileachtaí nach ndéantar feirmeoireacht orthu;

Tá teorainneacha na ndáileachtaí i gceart;

Fágadh ar lár nó cuireadh línte dearga, mar is ceart, thart ar gach limistéar neamh-incháilithe.

Sa chas go dtugann tú faoi deara go bhfuil teorainn na dáileachta mícheart, ba cheart duit í a cheartú ar chóip den léarscáil a chuirtear ar fáil duit nó féadfaidh do chomhairleoir é a cheartú ar an gcóras léarscáilithe/iarratais ar líne agus an t-athrú a chur i gcuntas mar “ceartú teorainn dáileachta”. Sa chás go bhfuil limistéar a bhíodh neamh-incháilithe incháilithe anois, e.g. mar gheall gur baineadh scrobarnach, féadfaidh tú a iarraidh go méadaítear an t-achar tagartha. Iontráil X i gColún 6 (iarratas ar an achar tagartha a athrú) den fhoirm iarratais lena chur in iúl gur mian leat go méadófar an t-achar tagartha agus an limistéar nua a éilítear a iontráil. Ní mór duit léarscáil nó fianaise eile a

Page 16: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 16

sheoladh ar aghaidh, chomh maith, leis an láthair a thaispeáint agus an chúis a thabhairt a bhfuil leis an athrú. Sa chás nach bhfuil línte dearga thart ar limistéir neamh-incháilithe cheana féin a dteastaíonn eisiamh iomlán uathu, féach Míreanna 4 agus 11, is gá iad a léarscáiliú agus is gá an laghdú cuí a dhéanamh ar an limistéar a éilítear. D’fhéadfadh go leor díobh seo a bheith le feiceáil ar an léarscáil ach tharlódh nach bhfuil cinn eile, ar nós teach a tógadh le déanaí. Ba cheart duit an limistéar atá i gceist a mharcáil go cruinn ar an léarscáil le peann dearg nó tríd an gcóras léarscáilithe/iarratais ar líne a úsáid leis an limistéar atá i gceist a thabhairt le fios mar aon le nóta leis an gcúis a raibh leis an asbhaint a chur in iúl, e.g. suímh tí, clós feirme, cairéal, clais ghainimh, scrobarnach, etc. Sa chás go bhfuil Luachair nó Fraoch ag fás i ndáileacht, caithfidh tú a dheimhniú an bhfuil achar iomlán na dáileachta neamh-incháilithe agus ba cheart an t-achar a asbhaint go hiomlán nó ba cheart laghdú céatadánach a chur i bhfeidhm leis an achar neamh-incháilithe a thabhairt le fios laistigh den dáileacht. Tá limistéir de Raithneacha nach bhfuil aon limistéar infhéaraigh fúthu neamh-incháilithe agus ní mór iad a asbhaint ina n-iomláine. Féach Mír 5. Ní mór limistéir Charraige nó de Scrobarnach dhlúth nach bhfuil aon fhéarach measctha iontu a asbhaint ina n-iomláine. Sa chás gurb ann do limistéir Charraige nó Scrobarnaí laistigh de limistéar ar leith i ndáileacht agus atá measctha le féarach, ní mór duit an laghdú céatadánach a dheimhniú a chuirfear i bhfeidhm leis an limistéar neamh-incháilithe a thabhairt le fios laistigh den limistéar ar leith sin den dáileacht. Sa chás go ndeimhníonn tú go dteastaíonn ó limistéar sonrach laistigh de dháileacht go gcuirtear laghdú céatadánach i bhfeidhm, i.e. níl ach cuid den limistéar neamh-incháilithe, ba cheart duit an limistéar seo a mharcáil ar an léarscáil le peann dearg nó ar an gcóras iarratais/léarscáilithe ar líne agus an laghdú céatadánach a chuirfear i bhfeidhm a bhreacadh síos, e.g. 20%, 40%, 80%, etc. agus an chúis a bhfuil leis an laghdú, e.g. scrobarnach, carraig. Sa chás gurb ann do Charraig nó do Scrobarnach atá scaipthe go fairsing laistigh de dháileacht, is inghlactha laghdú céatadánach a chur i bhfeidhm d’achar iomlán na dáileachta, e.g. laghdú 5% a bheith curtha i bhfeidhm ar an dáileacht iomlán. Ar cheann de bhuntáistí an chórais léarscáilithe/iarratais ar líne is ea ná nuair a mharcálann tú an t-achar neamh-incháilithe go dtabharfar duit an t-achar tomhaiste. Ar deireadh, ba cheart duit achar éilithe na ndáileachtaí a leasú sa chás go bhfuil laghdú ar an achar le cur i bhfeidhm. Grafaic – Nós Imeachta an Dearglínithe a Úsáid

Page 17: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 17

10 Nós Imeachta na Comhéifeachta Laghdaithe

Forálann reachtaíocht an AE anois do chóras pro-rata le hachar iníoctha dáileachtaí a dheimhniú áit arb ann do limistéir ina ndéantar laghduithe laistigh de na dáileachtaí. Cuirfidh an Roinn an córas seo i bhfeidhm leis an achar iníoctha a dheimhniú do gach dáileacht atá á héileamh. Tugtar cuntas sa tábla a leanas ar na catagóirí éagsúla de laghduithe atá le cur i bhfeidhm faoin gcóras pro-rata.

Comhéifeachtaí Laghdaithe a cuireadh i bhfeidhm faoin gCóras Pro-rata

Catagóir % Neamh-Incháilithe laistigh den Dáileacht agus/nó de Limistéar a ngabhann Líne Dhearg thart air

An Chomhéifeacht Laghdaithe le cur i bhfeidhm

1 0 a mhéid le 10 0

2 10 a mhéid le 30 20%

3 30 a mhéid le 50 40%

4 50 a mhéid le 70 60%

5 70 mhéid le 100 100%

Taispeánann an ghrafaic seo trí limistéar a ngabhann líne dhearg thart orthu laistigh de dháileacht. Baineann Laghduithe Céatadánacha éagsúla i ngach limistéar Achar A X01 Achar = 0.23 Ha Laghdú Céatadánach = 60% Limistéar Incháilithe Achar A = 0.23-(0.23 x 60%) = 0.09 Ha Limistéar Neamh-Incháilithe = 0.14 Achar B X02 Achar = 0.07. Laghdú Céatadánach = 20% Limistéar Incháilithe B = 0.07 - (0.07 X 20%) = 0.06 Ha Limistéar Neamh-Incháilithe = 0.01 Achar C X03 Achar = 0.41. Laghdú Céatadánach = 100%. Limistéar Incháilithe C = 0.0 Ha Limistéar Neamh-Incháilithe = 0.41 Is é an chéad chéim eile ná go gcuireann an Roinn an

Chomhéifeacht Laghdaithe a chur i bhfeidhm faoin

gCóras Pro-rata

Page 18: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 18

Trí úsáid a bhaint as na limistéir sa Ghrafaic Dhearglínithe thuas, is é an chéad chéim ná chun an t-achar atá go hiomlán neamh-incháilithe a bhaint chun achar coigeartuithe na dáileachta a dheimhniú, i.e. an t-achar tagartha lúide achar na talún atá go hiomlán neamh-incháilithe – Céim 1. Is é an toradh 2.29 heicteár – Céim 2. Sa chás gur sainaithníodh limistéir laistigh de dháileachtaí ina bhfuil níos lú ná 100% den achar neamh-incháilithe, ríomhtar an t-achar neamh-incháilithe agus deimhnítear an t-achar iomlán – Céim 3. Ríomhtar an laghdú foriomlán céatadánach ansin – Céim 4. Úsáidtear an figiúr seo chun an chatagóir chuí sa tábla pro-rata a dheimhniú – Céim 5. Mar gheall go dtagann 6.55% faoi chuimsiú Chatagóir 1, ní chuirtear aon asbhaint i bhfeidhm ar an achar coigeartaithe incháilithe, mar sin, déanfar an t-achar nua iníoctha de don dáileacht seo – Céim 6. Sampla de Chomhéifeacht Laghdaithe a chur i bhFeidhm Achar Tagartha Reatha Dáileachta: 2.70ha Céim 1 – Asbhain X03 (100% neamh-incháilithe): 0.41 heicteár Céim 2 – Achar Coigeartaithe Neamh-Incháilithe: 2.29 heicteár Céim 3 – Achair Iomlána Neamh-Incháilithe X01 agus X02: 0.15 heicteár (0.14 +0.01) Céim 4 – Céatadán Laghdaithe Chéim 3 0.15 / 2.29 heicteár x 100 = 6.55% Step 5 – Tá 6.55% i gCatagóir Chomhéifeacht Laghdaithe 1: Laghdú ar bith Céim 6 – Achar Iníoctha don Dáileacht: 2.29 heicteár Faoi mar a thugtar faoi deara ón tábla comhéifeacht laghdaithe, sa chás gurb ionann achar iomlán neamh-incháilithe laistigh de dháileacht agus a mhéid le 10% d’achar na dáileachta, mura n-asbhaintear an t-achar amhail bheith 100% neamh-incháilithe, ní chuirfear aon laghdú i bhfeidhm ar achar coigeartaithe tagartha na dáileachta. Sa chás gurb ionann an t-achar iomlán neamh-incháilithe agus 70% nó níos mó, fágfar achar iomlán na dáileachta as an áireamh ón íocaíocht. 11 Gnéithe nó Limistéir Neamh-Incháilithe 11.1 Clóis feirme, Limistéar faoi Choincréit nó Ghairbhéal agus Bóithre Feirme Ní mór limistéir faoi na gnéithe seo a asbhaint ina n-iomláine mar gheall go bhfuil siad neamh-incháilithe. Féadtar clóis

feirme agus limistéir ina stóráiltear burlaí féir, sadhlais nó tuí a áireamh le limistéir faoi ghairbhéal. Sa chás go ngabhann fálta thar ar bhóithre feirme a dhéanann iad a dheighilt ó na páirce ina n-aice, tá an t-achar idir línte na bhfál neamh-incháilithe. Sa chás go

Page 19: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 19

ngabhann an bóthar taobh le teorainn pháirce nó laistigh de pháirc agus go mbíonn an pháirc thart air, ní mór leithead an limistéir faoi ghairbhéal a asbhaint. 11.2 Linnte, Aibhneacha, Sruthanna Tá na limistéir faoi linnte, aibhneacha agus sruthanna neamh-incháilithe agus ní mór iad a mharcáil le haghaidh eisiaimh. Tá aibhneacha agus sruthanna marcáilte ar léarscáileanna de shraith ‘Discovery’ de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis le líne ghorm, ach ní mharcáiltear draenacha. Níl aon ghá an limistéar faoi dhraenacha a asbhaint mar gheall gur sainíodh iad mar ghnéithe tírdhreacha faoin GAEC agus mar dhea, tá siad incháilithe – féach Mír 13. Maidir le turlaigh, tá gach limistéar a mbíonn fáil air le haghaidh féaraigh i rith an tsamhraidh incháilithe. Ní mór limistéir atá neamh-incháilithe go buan, bíodh limistéir faoi uisce nó limistéir atá ró-fhliuch le haghaidh féaraigh, a asbhaint mar gheall go bhfuil siad neamh-incháilithe. Sa chás go ngabhann fálta thart ar aibhneacha agus sruthanna le cosc a chur ar ainmhithe díobháil a dhéanamh dóibh, faoi mar a theastaíonn faoi scéimeanna comhshaoil ar nós REPS, AEOS, GLAS, etc., leanann an limistéar laistigh den fhál bheith incháilithe. 11.3 Lomán Carraige Níl an limistéar faoi lomán carraige incháilithe mar gheall nach bhfuil fáil air le haghaidh féaraigh. Ní mór limistéir charraigeacha nach bhfuil aon fhéarach iontu a asbhaint amhail bheith neamh-incháilithe. Sa chás go mbíonn an charraig measctha le limistéir féaraigh,

ní mór céatadán laghdaithe a chur i bhfeidhm chun an caillteanas sa limistéar a léiriú mar gheall go bhfuil carraigí ann – féach Mír 9.

Page 20: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 20

11.4 Scrobarnach Ní mór limistéir faoi scrobarnach dhlúth nach bhfuil aon fhéarach measctha iontu a asbhaint amhail bheith 100% neamh-incháilithe. Ní mór caitheamh le scrobarnach scaipthe amhail a leagtar amach é i Mír 9. Ní féidir scrobarnach a bhaint i rith na tréimhse ón 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa. Anuas air sin, ní mór d’fheirmeoirí Rialachán um Measúnacht Tionchair Timpeallachta (EIA) na Roinne a chomhlíonadh – féach Mír 16. Má tá an talamh sainithe mar SAC nó SPA teastaíonn faomhadh roimh ré sula mbaintear scrobarnach ón NPWS.

Dáileacht óna dteastaíonn roinnt laghduithe líne deirge Dáileacht óna dteastaíonn % laghdú mar gheall ar scrobarnach scáinte

Fál neamhbhainistithe ina bhfuil scrobarnach atá Limistéar de scrobarnach atá 100% neamh-incháilthe 100% neamh-incháilithe

Page 21: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 21

Dáileacht atá go hiomlán neamh-incháilithe Limistéar d'aiteann scaipthe óna dteastaíonn laghdú %

11.5 Cairéil, Claiseanna Gainimh agus Gairbhéil Tá an limistéar faoi chairéil, claiseanna gainimh agus gairbhéil neamh-incháilithe. 11.6 Limistéir Réisc nó Fhliucha Níl limistéir a bhíonn ró-fhliuch i gcónaí le haghaidh ainmhithe nó go n-iontrálfaidh innealra iontu incháilithe agus ní mór iad a asbhaint go hiomlán ó achar na dáileachta.

Neamh-Incháilithe – Limistéar fliuch réisc

Page 22: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 22

Neamh-Incháilithe – Limistéar réisc neamhthalmhaíochta

Neamh-incháilithe – Limistéar portaigh neamhthalmhaíochta

Page 23: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 23

11.7 Limistéir a ngabhann fál thart orthu Níl limistéir nó codanna de dháileachtaí a ngabhann fál thart orthu incháilithe agus ní mór iad a asbhaint ina n-iomláine. Eisceachtaí iad gnáthóga nua REPS 4a sa chás go bhfuil iarratasóir rannpháirteach in REPS, Gnáthóga Sainithe agus Criosanna Inse. 11.8 Limistéir nach nÚsáidtear de Dháileachtaí Arúla Níl limistéir de dháileachtaí arúla incháilithe nach n-úsáidtear le haghaidh barr agus nach gcoimeád an bhail orthu atá oiriúnach d’fhéarach nó do shaothrú. Ní mór na limistéir siúd a asbhaint amhail bheith neamh-incháilithe. Go ginearálta, beidh na gnéithe/limistéir neamh-incháilithe a ndéantar cur síos orthu thuas infheicthe ar na léarscáileanna a eisítear do gach feirmeoir, mar sin, níl le déanamh ach iad a mharcáil le líne dhearg thart orthu ar chóip den léarscáil nó ar an gcóras iarratais/léarscáilithe ar líne agus an limistéar a éilítear a choigeartú dá réir. Sa chás gurb ionann achar gné neamh-incháilithe amháin nó sa chás gurb ionann comhachar dhá ghné neamh-incháilithe, nó níos mó, laistigh de dháileacht agus níos lú ná 0.01 heicteár, níl aon ghá asbhaint a dhéanamh. 12 Dó Sa chás gur dódh an talamh, níl an bhail uirthi atá oiriúnach d’fhéarach nó do shaothrú, agus níl sí incháilithe ar an gcúis sin. Eisceacht ina aghaidh seo is ea nuair a thugtar faoi dhó faoi rialú a chomhlíonann gach ceanglas ábhartha reachtaíochta comhshaoil agus aon cheanglais dhlíthiúla eile, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis na Gardaí agus leis na seirbhísí áitiúla dóiteáin agus iad a chur ar an eolas ar dtús. I gcás thailte Natura (tailte atá sainithe mar SAC agus/nó SPA), ní mór faomhadh roimh ré a fháil tríd an gcóras Gníomhaíochtaí a Éilíonn Toiliú (ARC) a chuireann an NPWS i bhfeidhm.

Page 24: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 24

13 Gnéithe Tírdhreacha In 2009, shainigh Éire fálta sceach agus draenacha mar ghnéithe tírdhreacha. Ciallaíonn seo go bhfuil an limistéar faoi na gnéithe seo incháilithe d’íocaíocht. Ach is tábhachtach go dtugtar faoi deara, áfach, go gciallaíonn an sainiú seo nach féidir iad a bhaint faoi ghnáthchúinsí. Sa chás nach mór fál sceach a bhaint ar chúis ar bith, ní mór fál sceach ionaid dá mhacasamhail d’fhad, a chur sula mbaintear an fál sceach agus ní mór cothabháil a dhéanamh air ina dhiaidh sin. Ní mór nach mbaintear fálta sceach i rith shéasúr neadaithe na n-éan. Ní féidir fálta sceach a chuirtear ar mhaithe le cuspóirí na Scéime Comhshaol Talmhaíochta a úsáidtear chun teacht in ionad gnéithe tírdhreacha. Ní mór d’fheirmeoirí cothabháil a dhéanamh ar fhálta sceach go rialta lena chinntiú nach scaipeann siad ar an talamh feirme ina n-aice, nó ní féidir caitheamh leo a thuilleadh amhail bheith incháilithe d’íocaíocht agus beidh laghduithe comhfhreagracha le déanamh ar an limistéar a fhógraítear go dtí go bhfilleann an fál ar a leithead traidisiúnta. Sainítear draein mar ghné de dhéantús an duine agus tá sí incháilithe. Ar an taobh eile den phingin, gnéithe nádúrtha iad sruthanna agus aibhneacha agus ní mór asbhaintí a dhéanamh chun an limistéar a bhíonn i gceist a chur i gcuntas. Sa chás nach mbíonn aon fhál ann chun cosc a chur ar ainmhithe ó dhraenacha a iontráil, féadtar díobháil a dhéanamh dóibh an-tapa agus i gcásanna dona, féadtar pionóis traschomhlíonta a ghearradh mar gheall gur theip ar an bhfeirmeoir cothabháil a dhéanamh orthu. Sa chás go ngabhann fálta thart ar dhraenacha, faoi mar a theastaíonn faoi scéimeanna comhshaoil ar nós REPS, GLAS, etc., leanann an limistéar idir an draein agus an fál bheith incháilithe. Ní mór fálta sceach agus draenacha a choimeád agus cothabháil a dhéanamh orthu, agus má theipeann ar an bhfeirmeoir seo a dhéanamh, gearrfar pionóis traschomhlíonta air/uirthi.

Page 25: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 25

14 Natura 2000 agus an Chreat-Treoir Uisce Gréasán de limistéir faoi chosaint ar fud an AE is ea Natura 2000. Is éard atá ann ná Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) faoin Treoir maidir le hÉin. Sainíodh roinnt limistéar den tír d’fhonn marthain speiceas agus gnáthóg luachmhar a chinntiú. Ceanglaíonn sainiú na suíomhanna seo go gcomhlíontar roinnt coinníollacha. Cuireadh gach úinéir talún a bhfuil tailte acu sna suíomhanna seo ar an eolas faoina sainiú. Ina ainneoin seo, tá dualgas ar iarratasóirí d’íocaíocht dhíreach a chinntiú go bhfuil siad feasach ar stádas ar leith na dtailte seo agus ar na coinníollacha a bhíonn i gceist. Tá an fhaisnéis seo ar fáil ón tSeirbhís Pháirceanna agus Fiadhúlra (NPWS) ag: www.npws.ie Gearrann an Chreat-Treoir Uisce (WFD) ceanglais ar éin a bhainistiú i ngaireacht do dhobharlaigh áirithe, faoi mar a chuireann an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, i bhfeidhm. Sa chás go bhfuil limistéir bhreise neamh-incháilithe anois agus gurb amhlaidh atá seo mar gheall ar chomhlíonadh ceanglais bhainistíochta SPA nó SAC nó cuspóirí éiceolaíochta nó ceanglais na Creat-Treorach Uisce, leanfaidh na limistéir seo bheith incháilithe d’íocaíocht, a fhad agus:

go raibh an limistéar, as a ndearnadh limistéar neamh-incháilithe le déanaí, mar thoradh ar cheanglais/chuspóirí SPA, SAC nó WFD;

fógraíodh an limistéar atá faoi chaibidil ar fhoirm iarratais 2008 ar SPS;

fógraíodh an limistéar amhail bheith incháilithe chun íocaíocht SPS a tharraingt anuas in 2008;

íocadh an t-iarratasóir a d’fhógair an talamh sin ar fhoirm iarratais 2008 ar SPS faoi Scéim Aoníocaíochta 2008.

Page 26: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 26

15 Samplaí Breise d’Incháilitheacht Talún

Teastaíonn bainistíocht leanúnach lena sheachaint go ndéanfar talamh neamh-incháilithe den talamh

Incháilithe – Limistéar oscailte sléibhe

Page 27: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 27

Incháilithe – Radharc sa gheimhreadh de choimíneacht dhea-bhainistithe

Incháilithe – Féarach bhuan atá go hiomlán incháilithe

Page 28: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 28

Coimíneacht Incháilithe

Neamh-Incháilithe – Limistéar réisc atá clúdaithe le scrobarnach

Page 29: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 29

Talamh incháilithe

Portach neamh-incháilithe

Page 30: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 30

Dáileacht óna dteastaíonn laghdú céatadánach chun limistéar neamh-incháilithe a léiriú

Neamh-Incháilithe – Creimeadh ithreach mar gheall ar ró-innilt

Page 31: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 31

16 Measúnacht Tionchair Timpeallachta Déileálann ceanglais Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú Tionchair Timpeallachta) (Talmhaíocht), 2011 (EIA) le draenáil talún, teorainn pháirce a bhaint, ath-chomhrianú talún agus talamh leathnádúrtha a iompú ina talamh dhiantalmhaíochta. Sula dtugtar faoi aon cheann de na gníomhaíochtaí seo, ní mór duit na ceanglais a leagtar amach sa rialachán seo a chomhlíonadh. Tá fáil ar shonraí ar láithreán gréasáin na Roinne. 17 Cigireachtaí Faoi rialacháin an AE, is gá tabhairt faoi chigireachtaí ar incháilitheacht talún ar 5% d’iarratasóirí, ar a laghad, gach bliain. Tugtar faoi na cigireachtaí seo agus an nós imeachta cianbhraiteachta á úsáid agus seiceáil fíoraithe talún a dhéanamh ina dhiaidh sin, sa chás gur gá, nó trí thabhairt faoi chigireacht iomlán talún. Tá fáil ar bhreis sonraí ar chigireachtaí i leabhrán na dTéarmaí agus Coinníollacha. Tá fáil ar nós imeachta iomlán achomhairc ag aon iarratasóir, ar chúis ar bith, nach bhfuil sásta le torthaí na cigireachta. Anuas ar an íosráta cigireachta 5%, tá dualgas ar Bhallstát athbhreithniú a dhéanamh ar stádas incháilitheachta gach dáileachta ar an LPIS de réir mar a bhíonn fáil agus nuair a bhíonn fáil ar ortaighrianghraif agus d’fhéadfadh seiceálacha fíoraithe talún bheith i gceist leis seo. 18 Seirbhís Chomhairleach Feirme (FAS) Ceanglaíonn reachtaíocht an AE ar Bhallstáit córas comhairleach a bheith i bhfeidhm chun comhairle a thabhairt ar réimse limistéar, lena n-áirítear incháilitheacht talún. In Éirinn, tá thart ar 700 Comhairleoir FAS faofa faoi láthair. Chun an stádas FAS a fháil, tá dualgas ar gach comhairleoir tabhairt faoi ghnáthoiliúint ar gach gné de na scéimeanna íocaíochtaí dírí, lena n-áirítear na riachtanais íosta maidir le hincháilitheacht talún. Soláthraíonn Teagasc agus seirbhísí príobháideacha sainchomhairleoireachta an tseirbhís. Tá liosta de na comhairleoirí siúd ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne.

Page 32: Treoir maidir le Scéimeanna Íocaíochta Dírí ... · ainmhithe féaraigh forbairt luachra a rialú nó féadtar luachra a rialú ar bhealaí meicniúla ar nós iad a bhaint/a bhearradh

Leathanach 32

Iarscríbhinn 1. An Reachtaíocht Forfheidhmithe Rialacháin an AE RIALACHÁN (AE) Uimh. 1305/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)-OJ L347 an 20/12/2013 RIALACHÁN TARMLIGTHE ÓN GCOIMISIÚN (AE) Uimh. 807/2014 an 11 Márta 2014 a fhorlíonann Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe bearta Idirthréimhseacha á dtabhairt isteach. OJ L227 an 31/7/2014. RIALACHÁN FORFHEIDHMITHE GCOIMISIÚN (AE) Uimh. 808/2014 an 17 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha chun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) OJ L227 an 31/7/2014. RIALACHÁN (AE) Uimh. 1306/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air. OJ L347 an 20/12/2013 RIALACHÁN TARMLIGTHE ÓN GCOIMISIÚN (AE) Uimh. 640/2014 an 11 Márta 2014 a fhorlíonann Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riartha agus rialaithe agus coinníollacha chun íocaíochtaí agus pionóis riaracháin a dhiúltú nó a aistarraingt atá infheidhme ar íocaíochtaí díreacha, tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus traschomhlíonadh. OJ L181 an 20/6/2014. RIALACHÁN FORFHEIDHMITHE ÓN GCOIMISIÚN (AE) Uimh. 809/2014 an 17 Iúil 2014 lena mbunaítear na rialacha chun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir leis an gcóras comhtháite riartha agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíonadh. OJ L227 an 31/7/2014. RIALACHÁN (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreatlach an chomhbheartais talmhaíochta. OJ 347 an 20/12/2013. RIALACHÁN TARMLIGTHE ÓN GCOIMISIÚN (AE) Uimh. 639/2014 an 11 Márta 2104 a fhorlíonann Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreatlach an chomhbheartais talmhaíochta lena leasaítear Iarscríbhinn X leis an Rialachán sin. OJ L181 an 20/6/2014. RIALACHÁN FORFHEIDHMITHE ÓN GCOIMISIÚN (AE) Uimh. 641/2014 an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear rialacha chun Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreatlach an chomhbheartais talmhaíochta. OJ L181 an 20/6/2014. Tá reachtaíocht uile an AE ar fáil ag: http://www.europa.eu