céard é sin?...leigheas a bhí ag fionnán dom,’ arsa learaí. ‘ná bac fionnán,’ arsa...

32
Céard é sin? Céard é sin? Siobhán Ní Dhúill Steve Simpson a mhaisigh Leagan Connachtach C

Upload: others

Post on 10-Feb-2021

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • Céard é sin? Céard é sin?

    Siobhán Ní Dhúill Steve Simpson a mhaisigh

    Leagan Connachtach C

  • An chéad eagrán 2007

    © An Roinn Oideachais agus Eolaíochta / Foras na Gaeilge, 2007

    Obair ealaíne© Steve Simpson, 2007

    Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe

    ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

    Baineann an saothar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá ann chun áiseanna Gaeilge a sholáthar do na bunscoileanna Gaeltachta agus do na

    bunscoileanna lán-Ghaeilge.

    Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh

    Dearadh agus leagan amach: Designit

    Printset and Design Teo a chlóbhuail in Éirinn

    An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

  • Baile Átha Cliath

    Céard é sin?

    Siobhán Ní DhúillSteve Simpson a mhaisigh

  • Oíche chiúin ghealaí a bhí ann. Bhí

    Learaí Leipreachán ag obair leis

    go sásta.

    ‘Tic teaic tiú, péire bróga nua.

    Cuirfidh mise an tairne agus

    cuirfidh tusa an crú.’3

  • Tar éis scaithimh bhuail tuirse é.

    ‘Tá mé tuirseach,’ ar seisean.

    ‘An-tuirseach. Tá sé thar am

    baile agam.’

    Bhailigh Learaí na bróga a bhí

    déanta aige agus chuir sé ina mhála

    iad. Bhailigh sé a chuid giuirléidí le

    chéile agus chuir sé ina mhála iad.

    Ansin chuir sé an mála ar a dhroim

    agus thug sé aghaidh ar an mbaile.

    4

  • 5

  • ‘Tic teaic tiú, péire bróga nua.

    Cuirfidh mise an tairne agus

    cuirfidh tusa an crú.’

    Bhí Learaí ar a bhealach abhaile

    agus é breá sásta leis féin nuair

    a chuala sé torann aisteach:

    Hic! Hic! Hic!

    6

  • Baineadh geit as Learaí. Ní raibh

    torann mar é cloiste riamh cheana

    aige.

    ‘Céard é sin?’ ar seisean agus

    sheas sé gan cor as.7

  • Chuir Learaí cluas air féin.

    Bhreathnaigh sé ina thimpeall. Ach

    ní raibh duine ná deoraí le feiceáil.8

  • Ach níorbh fhada gur thuig Learaí

    gurbh as a bhéal féin a bhí an

    torann aisteach seo ag teacht.

    Ansin chuala sé an torann arís:

    Hic! Hic! Hic!

    ‘Céard é sin?’ arsa Learaí. ‘Céard

    a bheadh ag déanamh torainn mar

    sin?’

    9

  • Léim Learaí suas agus anuas.

    ‘Caithfidh mé mo bhéal a dhúnadh,’

    ar seisean. ‘Agus ansin stopfaidh sé.’

    Dhún Learaí a bhéal ach … níor stop

    an torann.

    10

  • Ach mar sin féin … níor stop an

    torann.

    Rith sé soir agus rith sé siar.

    11

  • Nuair nár stop an torann bhuail

    faitíos Learaí.

    ‘Tá mé ag ceapadh go bhfuil galar

    éicint orm,’ ar seisean. ‘Caithfidh

    mé a ghabháil chuig an dochtúir.’

    12

  • Bhreathnaigh Fionnán Frog amach

    agus chonaic sé a chara Learaí

    ag gabháil síos an bóthar.

    13

  • ‘Heileó, a Learaí,’ arsa Fionnán.

    ‘Cén chaoi a bhfuil tú?’

    ‘Hic! Hic! Hic!’ arsa Learaí.

    Scairt Fionnán amach ag gáire.

    ‘Cén fáth a bhfuil tú ag gáire fúm?’

    a d’fhiafraigh Learaí de. ‘Tá mé ag

    ceapadh go bhfuil galar éicint orm.’

    ‘Níl ná galar,’ arsa Fionnán. ‘Fail

    atá ort.’14

  • ‘Fail?’ arsa Learaí. ‘Céard é sin?

    Tá súil agam nach gcaithfidh mé

    a ghabháil chuig an dochtúir.’

    ‘Ní chaithfidh tú, muise,’ arsa

    Fionnán. ‘Tá leigheas agamsa duit.

    Nach minic a bhíonn fail orm féin.’15

  • ‘Tar anseo chugam,’ arsa Fionnán

    le Learaí ansin, ‘agus seas ar do

    chloigeann.’

    ‘Ar mo chloigeann?’ arsa Learaí.

    ‘Sea,’ arsa Fionnán. ‘Ar do

    chloigeann.’

    Sheas Learaí ar a chloigeann mar a

    d’iarr Fionnán air.16

  • Nuair a bhí Learaí ina sheasamh ar

    a chloigeann shín Fionnán deoch

    chuige.

    ‘Ól é sin anois agus stopfaidh an

    fhail,’ ar seisean.

    ‘Céard atá ann?’ arsa Learaí.

    ‘Braon uisce,’ arsa Fionnán. ‘Caith

    siar é go beo.’17

  • Nuair a bhí an t-uisce ólta ag Learaí

    dúirt Fionnán leis go bhféadfadh sé

    seasamh ar a chosa arís.

    ‘Tá an fhail imithe díom anois.

    Tá mé thar a bheith buíoch díot,

    a Fhionnáin,’ arsa Learaí leis an

    bhfrog agus síos an bóthar leis

    go sásta.18

  • Bhreathnaigh Labhrás Luch amach

    agus chonaic sé a chara Learaí

    ag gabháil síos an bóthar.19

  • ‘Heileó, a Learaí,’ arsa Labhrás.

    ‘Cén chaoi a bhfuil tú?’

    ‘Hic! Hic! Hic!’ arsa Learaí.

    Scairt Labhrás amach ag gáire.

    ‘Cén fáth a bhfuil tú ag gáire fúm?’

    a d’fhiafraigh Learaí de. ‘Tá mé ag

    ceapadh go bhfuil galar éicint orm.’

    ‘Níl ná galar,’ arsa Labhrás. ‘Fail

    atá ort.’

    ‘Sin é a dúirt Fionnán Frog chomh

    maith,’ arsa Learaí.20

  • ‘Tá leigheas agamsa duit,’ arsa

    Labhrás le Learaí ansin. ‘Nach

    minic a bhíonn fail orm féin.’

    ‘Tá súil agam gur fearr é ná an

    leigheas a bhí ag Fionnán dom,’

    arsa Learaí.

    ‘Ná bac Fionnán,’ arsa Labhrás.

    ‘Tá an leigheas atá agamsa

    thar cionn ar fad.’21

  • 22

  • ‘Tar anseo chugam,’ arsa Labhrás

    leis an leipreachán ansin. ‘Anois

    iompaigh do dhroim liom agus

    dún do shúile.’

    ‘An gcaithfidh mé seasamh ar mo

    chloigeann?’ arsa Learaí.

    ‘Ní chaithfidh,’ arsa Labhrás.

    ‘An gcaithfidh mé deoch uisce a ól?’

    arsa Learaí.

    ‘Ní chaithfidh,’ arsa Labhrás. ‘Níl

    le déanamh agat ach do shúile a

    dhúnadh agus seasamh ansin

    gan cor asat.’23

  • Dhún Learaí a shúile agus sheas sé

    gan cor as. Ach níor stop an fhail.

    ‘Hic! Hic! Hic! Níl maith ar bith leis

    an leigheas seo,’ arsa Learaí tar éis

    scaithimh. ‘Tá fail fós orm.’

    ‘Fan scaitheamh eile,’ arsa Labhrás

    leis.24

  • Nuair a chuala Learaí pléasc taobh

    thiar de ba bheag nár thit an t-anam

    as. D’oscail sé a shúile agus

    d’iompaigh sé timpeall.

    25

  • ‘Éist!’ arsa Labhrás Luch leis.

    Chuir Learaí Leipreachán cluas air

    féin.

    ‘Ní chloisim tada,’ ar seisean.

    ‘Nach in é díreach é,’ arsa an luch.

    ‘Ní chloiseann tú tada. Tá an fhail

    imithe díot anois.’26

  • ‘Nach iontach go deo an leigheas é

    sin atá agat!’ arsa an leipreachán.

    ‘Tá mé thar a bheith buíoch díot,

    a Labhráis. Fan go gcloise Fionnán

    Frog go raibh leigheas níos fearr

    agatsa ná mar a bhí aige féin!’27

  • ‘Tic teaic tiú, péire bróga nua.

    Cuirfidh mise an tairne agus

    cuirfidh tusa an crú.’28

  • Oíche chiúin ghealaí a bhí ann.

    Bhí Learaí Leipreachán

    ag obair leis go sásta …