cuireann an seicteachas thar bharr mo chÉille mÉ · 2019. 6. 26. · mé rud ar bith ar mhaithe...

18
An Seicteachas – Áis 10 CUIREANN AN SEICTEACHAS THAR BHARR MO CHÉILLE MÉ REACAIRE Ba shaorsmaointeoir í Sandra. Chinn sí ar a comhairle féin ar rudaí agus ní mórán suime a bhí aici inar shíl daoine eile. SANDRA Déanfaidh mé mo rogha rud agus ní déarfaidh duine ar bith liom cad é ba cheart dom a dhéanamh ná cá háit ar cheart dom dul. REACAIRE D’éirigh le Sandra sa Teist Aistrithe agus chinn sí ar fhreastal ar an scoil ghramadaí áitiúil. Níor shásaigh a cinneadh gach duine, áfach. MÁTHAIR Ní thuigim cad chuige nach féidir leat dul chuig m’iarscoil. Bhí sí maith go leor domsa agus, cibé ar bith, tá an scoil mhórluachach sin lán le Tadhganna*. REACAIRE Bhí Sandra ina cónaí in eastát dílseoirí agus bhí sciar maith Caitliceach ag freastal ar an scoil a roghnaigh sí, ach bhí Sandra tiomanta dul ann. ATHAIR A fhad is nach dtugann tú duine ar bith acu abhaile leat. REACAIRE Thaitin an scoil nua go mór le Sandra. Ba chailín cuideachtúil Sandra, d’oibrigh sí go crua agus bhí gean ag a páirtithe ranga uirthi. Bhí spórt ar dóigh ina cara is fearr, Teresa, agus bhí aiféala ar Sandra nach raibh sí in ann cuireadh abhaile a thabhairt di i ndiaidh na scoile. TERESA Bhuel, cad chuige nach dtagann tusa tigh s’agam? REACAIRE Bhain Sandra agus Teresa sult as an tráthnóna. Ansin thug Sandra an t-am faoi deara. SANDRA Éist, ní mór dom dul abhaile. Beidh mo mham ar mire glan. REACAIRE Ar an bhealach abhaile di, bhain seachrán slí do Sandra cúpla uair cionn is nach raibh sí eolach ar an cheantar agus d’éirigh sí go hiomlán caillte. Ansin thug sí faoi deara go raibh dath uaithne, bán agus flannbhuí ar na cosáin agus gur fhógair an múrmhaisiú ‘Amach leis na Briotanaigh’. SANDRA Ach is Briotanach mé. Rugadh anseo mé agus tá an ceart ceannann céanna agam a bheith anseo is atá ag duine ar bith eile. AILEEN Amharc, seo Prot chugainn. Cad é atá tusa ag déanamh anseo? REACAIRE Chas Sandra thart agus chonaic sí grúpa ógánach. Chonaic siad a héide scoile agus ghlac siad leis gur Protastúnach a bhí inti, rud a bhí fíor, ar ndóigh. SANDRA Bhí mé ar cuairt chuig mo chara Teresa – táimid ar an scoil chéanna. REACAIRE Tháinig siad ina treo agus shocraigh Sandra gurbh fhearr di imeacht léi. Rith sí chomh gasta le cú. SANDRA Nach dána an mhaise dóibh é! Nach bhfuil a fhios acu go mbím i gcónaí ag dul i leith Caitliceach? REACAIRE Bhí gáire na n-ógánach le cluinstin ag Sandra agus í ag déanamh a bealaigh ar ais thar an líne shíochána. SANDRA A leithéid de líne shíochána! A leithéid d’shíocháin! REACAIRE Bhí fuadach faoina croí agus bhí sí dearg san aghaidh. Ghabh sí de dhoirne ar an bhalla. Bhí fearg uirthi * TADHGANNA – FOCAL MASLACH AR CHAITLICIGH

Upload: others

Post on 12-Feb-2021

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • An Seicteachas – Áis 10

    CUIREANN AN SEICTEACHAS THAR BHARR MO CHÉILLE MÉ

    REACAIRE Ba shaorsmaointeoir í Sandra. Chinn sí ar a comhairle féin ar rudaí agus ní mórán suime a bhí aici inar shíl daoine eile.

    SANdRA Déanfaidh mé mo rogha rud agus ní déarfaidh duine ar bith liom cad é ba cheart dom a dhéanamh ná cá háit ar cheart dom dul.

    REACAIRE D’éirigh le Sandra sa Teist Aistrithe agus chinn sí ar fhreastal ar an scoil ghramadaí áitiúil. Níor shásaigh a cinneadh gach duine, áfach.

    MÁTHAIR Ní thuigim cad chuige nach féidir leat dul chuig m’iarscoil. Bhí sí maith go leor domsa agus, cibé ar bith, tá an scoil mhórluachach sin lán le Tadhganna*.

    REACAIRE Bhí Sandra ina cónaí in eastát dílseoirí agus bhí sciar maith Caitliceach ag freastal ar an scoil a roghnaigh sí, ach bhí Sandra tiomanta dul ann.

    ATHAIR A fhad is nach dtugann tú duine ar bith acu abhaile leat.

    REACAIRE Thaitin an scoil nua go mór le Sandra. Ba chailín cuideachtúil Sandra, d’oibrigh sí go crua agus bhí gean ag a páirtithe ranga uirthi. Bhí spórt ar dóigh ina cara is fearr, Teresa, agus bhí aiféala ar Sandra nach raibh sí in ann cuireadh abhaile a thabhairt di i ndiaidh na scoile.

    TERESA Bhuel, cad chuige nach dtagann tusa tigh s’agam?

    REACAIRE Bhain Sandra agus Teresa sult as an tráthnóna. Ansin thug Sandra an t-am faoi deara.

    SANdRA Éist, ní mór dom dul abhaile. Beidh mo mham ar mire glan.

    REACAIRE Ar an bhealach abhaile di, bhain seachrán slí do Sandra cúpla uair cionn is nach raibh sí eolach ar an cheantar agus d’éirigh sí go hiomlán caillte. Ansin thug sí faoi deara go raibh dath uaithne, bán agus flannbhuí ar na cosáin agus gur fhógair an múrmhaisiú ‘Amach leis na Briotanaigh’.

    SANdRA Ach is Briotanach mé. Rugadh anseo mé agus tá an ceart ceannann céanna agam a bheith anseo is atá ag duine ar bith eile.

    AILEEN Amharc, seo Prot chugainn. Cad é atá tusa ag déanamh anseo?

    REACAIRE Chas Sandra thart agus chonaic sí grúpa ógánach. Chonaic siad a héide scoile agus ghlac siad leis gur Protastúnach a bhí inti, rud a bhí fíor, ar ndóigh.

    SANdRA Bhí mé ar cuairt chuig mo chara Teresa – táimid ar an scoil chéanna.

    REACAIRE Tháinig siad ina treo agus shocraigh Sandra gurbh fhearr di imeacht léi. Rith sí chomh gasta le cú.

    SANdRA Nach dána an mhaise dóibh é! Nach bhfuil a fhios acu go mbím i gcónaí ag dul i leith Caitliceach?

    REACAIRE Bhí gáire na n-ógánach le cluinstin ag Sandra agus í ag déanamh a bealaigh ar ais thar an líne shíochána.

    SANdRA A leithéid de líne shíochána! A leithéid d’shíocháin!

    REACAIRE Bhí fuadach faoina croí agus bhí sí dearg san aghaidh. Ghabh sí de dhoirne ar an bhalla. Bhí fearg uirthi

    * TADHGANNA – FOCAL MASLACH AR CHAITLICIGH

  • An Seicteachas – Áis 11

    RATHAÍONN AN EAGLA AN SEICTEACHAS

    REACAIRE Bhí an-áthas ar Elizabeth. Bheadh sí ag imeacht go luath ón scoil mar go raibh a tuismitheoirí chun í fein agus a deirfiúr mhór a thabhairt ar cuairt chuig a n-aintín i mBaile Átha Cliath don deireadh seachtaine. Bhí sí ag insint dá cara Linda gach rud faoi.

    ELIzABETH Tá spórt ar dóigh i m’aintín, deirim leat, agus tá sí chun muid a thabhairt isteach go Baile Átha Cliath a shiopadóireacht.

    LINdA Baile Átha Cliath? Ach is áit Fhíníneach í sin.

    REACAIRE Ní raibh Elizabeth cinnte faoin chiall a bhí le ‘Fíníneach’ ach d’aithin sí ó ghuth Linda nár rud é a thaitin le Linda.

    LINdA An Fínín í d’aintín?

    REACAIRE Bhí cuma iontach bagarthach ar Linda anois.

    ELIzABETH Ní hea.

    REACAIRE Bhí míshuaimhneas mór ar Elizabeth anois. Deifiúr a máthar a bhí in Maeve, aintín Elizabeth. Bhíodh a mam, Bernadette, ina Caitliceach agus ba Phrotastúnach a hathair George. Thug an teaghlach Críostaithe orthu féin.

    LINdA An Fínín tusa?

    ELIzABETH Is Críostaí mé.

    LINdA Éist, an Protastúnach nó Caitliceach tú? Ná cuir fiacail ann – an de thaobh s’againne nó de thaobh s’acu tú?

    REACAIRE Bhí Linda ina seasamh anois agus ag stánadh ar Elizabeth. Theip an chaint ar Elizabeth. Bhí sí ag éirí níos deirge agus níos deirge san aghaidh. Bhí buille a croí ag éirí níos gasta agus níos gasta. Mhothaigh sí tinn ina goile. Bhí fonn teite uirthi. Bhí eagla uirthi. Go díreach ansin, bhuail an clog agus chuaigh siad uile isteach sa rang.

  • An Seicteachas – Áis 12

    CUIREANN AN SEICTEACHAS THAR BHARR MO CHÉILLE MÉ

    REACAIRE Ba shaorsmaointeoir í Pauline. Chinn sí ar a comhairle féin ar rudaí agus ní mórán suime a bhí aici inar shíl daoine eile. Bhí sí ag dul ar sheal cónaithe lena rang TR chuig Corrymeela. Bhí roinnt daoine óga ó 3 scoil eile sa bhaile ag dul agus bhí sí ag súil go mór leis. Bhain sí an-sult as díospóireachtaí agus thaitin na grúpaí beaga léi.

    REACAIRE I gceann amháin de na seisiúin, bhí orthu ‘suaitheantais féiniúlachta’ -déantáin reiligiúnacha nó pholaitiúla éagsúla de chuid na bpobal i dTuaisceart Éireann - a phlé. Bhí ar gach duine ceann amháin a roghnú, é a chur ar chuilt na scéalta agus scéal a insint faoi.

    MICHAEL Bhuel, ba mhaith liom níos mó a fháil amach faoin phoipín sin. Is Caitliceach mé agus ní chaitheann Caitlicigh poipíní, an dtuigeann sibh?

    PAULINE Mise a thóg an ceann sin. Is le cuimhneamh ar dhaoine a d’éag sa chogadh atá sé.

    REACAIRE Bhí sin-seanathair Pauline ina bhall den Gharda Bhaile agus fuair sé bás agus é ag tarrtháil daoine le linn an Blitz i mBéal Feirste. Ghlac Michael leis gur Protastúnach Pauline cionn is go raibh sí ar scoil a bhí Protastúnach den chuid is mó.

    MICHAEL Ach bheinn ag dúil go gcaithfeá poipín – ní Caitliceach tú.

    PAULINE Is Caitliceach mé.

    MICHAEL Ach ní thig leat a bheith.

    PAULINE Is mé. Ná habair liom cad é nach dtig liom a bheith. Agus cad é atá cearr le poipín a chaitheamh?

    REACAIRE Bhí fuadach faoi chroí Pauline. Mhothaigh sí a haghaidh ag deargadh. Bhí sí ina seasamh. Bhí a doirne druidte aici. Bhí fearg uirthi.

  • An Seicteachas – Áis 13

    RATHAÍONN AN EAGLA AN SEICTEACHAS

    REACAIRE Bhí an-áthas ar Bronagh. Bheadh a col ceathar Debbie ag teacht ó Phort an Dúnáin le fanacht don deireadh seachtaine, agus bheadh sí ag dul chuig Cóineartú Bronagh. Chomh maith le bheith ina col ceathar, ba chara maith í Debbie do Bronagh. Bhí sí ag insint dá cara Sinead faoin chuairt.

    BRONAGH Tá spórt ar dóigh in Debbie, deirim leat. Is geal liom dul a fhanacht léi i bPort an Dúnáin Seinneann sí an fhliúit i mbanna agus tá an-acmhainn ceoil aici.

    SINEAd An Prot do chol ceathar? Más ea, tá a fhios agat nach mbeadh cead aici dul chuig an Chóineartú?

    BRONAGH Is í mo chol ceathar í agus ar ndóigh beidh cead aici dul chuig an Chóineartú. Bhí sí i láthair ag mo Chéad Chomaoineach

    REACAIRE Bhí míshuaimhneas ag teacht ar Bronagh anois. Deifiúr a hathar a bhí in Sandra, aint Bronagh agus máthair Debbie. Ba Phrotastúnaigh iad. Cosúil le Sandra, ba Phrotastúnach George, athair Bronagh, agus bhí a mam Maeve ina Caitliceach.

    SINEAd An Caitliceach nó Prot í? Agus cé acu tusa? I ndáirire?

    REACAIRE Bhí Sinead ina seasamh anois agus ag stánadh ar Bronagh. Theip an chaint ar Bronagh. Bhí sí ag éirí níos deirge agus níos deirge san aghaidh. Bhí buille a croí ag éirí níos gasta agus níos gasta. Mhothaigh sí tinn ina goile. Bhí fonn teite uirthi. Bhí eagla uirthi. Go díreach ansin, bhuail an clog agus chuaigh siad uile isteach sa rang.

  • PEAdAR AGUS COIRNÉILIAS(Gníomh Caibidil 10: 1-48)

    PEAdAR

    Ina chónaí sa Phalaistín

    Giúdach – duine de lucht leanúna ÍosaChleacht dlíthe Giúdacha bia –

    gan chead aige bia áirithe a ithe

    Ni bheadh caidreamh aige le daoine nár Ghiúdaigh iad.

    CORNÉILIAS

    Ina chónai sa Phalaistín

    Saighdiúir Rómhánach

    Chreid sé i nDia agus ghuigh sé chuige

    Ní raibh eolas aige ar Íosa.

    San fhís, d’inis Dia do Pheadar gur cheart dó gach cineál bia a ithe agus gur cheart dó dul

    tigh Coirnéilias le hinsint dó faoi Íosa.

    San fhís, d’inis Dia do Chornéilias fios a chur ar Pheadar le bualadh leis agus le

    labhairt leis. D’inis sé dó cuireadh chuig a theach a thabhairt do Pheadar.

    Chónaigh an bheirt fhear go síochánta (an chuid is mó den am) sa Phalaistínach ní raibh siad ina gcairde ná ní théidís go dtí na háiteanna céanna.

    Bhí fís ó Dhia ag an bheirt fhear

    Chuaigh Peadar tigh Cornéilias agus d’ith béile leis agus lena chlann.D’inis sé dóibh faoi Íosa, agus thosaigh siad ag glacadh páirte san Eaglais Chríostaí.

    D’éirigh siad mór lena chéile.

    An Seicteachas – Áis 16

    PEAdAR AGUS COIRNÉILIAS

  • An Seicteachas – Áis 17

    AN CHRÍOSTAÍOCHT

    Íosa: ‘Dé réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna.’

    SCRIOPTÚIR HIONdÚCHA

    Ní ceart riamh rud a mheasann tú a bheith díobhálach duit féin a dhéanamh do dhuine eile; sin,

    in achoimre, riail na fíréantachta.

    IOSLAM

    Mahamad, Fáidh (Síocháin Leis):‘Ní chreideann duine ar bith agaibh i ndáiríre go dtí gur mian leat do dhaoine eile a mian leat duit féin.’

    SAÍCEACHAS An Gúrú Granth Sahib: ‘Ní coimhthíoch mé leduine ar bith; agus ní coimhthíoch liom duine

    ar bith. Go deimhin, is cara le cách mé.’

    SÓROSTARACHAS Ná déan ar dhaoine eile a bhfuil

    díobhálach duit féin.

    TALMUd NA NGIÚdACH

    An rud is gráiniúil ort, ná déan éar do chompánach.

    SCRÍBHINNÍ BÚdAÍOCHA

    Mar a thugann máthair cúram dá páiste le linn a saoil, is amhlaidh gur chóir d’intinn a bheith

    cuimsitheach roimh gach rud beo.

    CREIdEAMH BAHÁ’ÍOCH Baha’u’llah: ‘Ná cuir ar anam ar bith ualach

    nár mhaith leat go leagfaí ortsa, agus námianaigh do dhuine ar bith na rudaí nár

    mhian leat duit féin.’

    JAINEACHAS Mahavira: ‘Ní mór caitheamh le créatúir uile an domhain mar ba mhaith leat go gcaithfí leatsa.’

    CONFÚICEACHAS

    Confúicias: ‘Ná déan ar dhaoine eile nár mhaithleat go ndéanfadh na daoine eile ort.’

    AN RIAIL ÓRGA

  • Ó thorthaí thaighde an dr J Liechty agus an dr C Clegg, Moving Beyond Sectarianism, (Columba Press 2001 lch. 184-242).

    CAITLICEACH PROTASTÚNACH

    DÚNMHARFÓIRÍ

    GRÚPAÍ PARAIMÍLEATACHA

    POLAITEOIRÍ;CEANNAIRÍ POBAIL AGUS CREIDIMH

    GNÁTHSHAORÁNAIGH

    Braitheann gach leibhéal ar an cheann thíos faoi le haghaidh tacaíochta.Mar shampla, muna ndéanann tú faic mar go síleann tú nach bhfuil baint agat leis,

    tabharfaidh seo tacaíocht don chóras i ndáiríre.

    An Seicteachas – Áis 18

    PIRIMId AN tSEICTEACHAIS

  • An Seicteachas – Áis 19 (1 de 2)

    Vótálaim leis an taobh eile a choinneáil amuigh.

    Ní dhéanfainn siopadóireacht i gceantar eile sa bhaile.

    Ní rachainn a chónaí i gceantar measctha.

    Creidimid go bhfuil ár bhféiniúlacht faoi bhagairt agusní mór dúinn í a chosaint ar ais nó ar éigin.

    Comharthaí dár bhféiniúlacht pobail atá inármúrmhaisiú agus inár gcosáin.

    Cuireann ár dtaispeántas nirt in iúl don taobh eilego bhfuilimid i ndáiríre.

    Mharaigh mé ar son mo thuairimí.

    Is é úsáid an fhoréigin an t-aon dóigh lenár bpobal a chosaint.

    Déanann ár bpáirtí polaitíochta ionadaíocht dár bpobal.

    RÁITIS SHEICTEACHA

    GEARR AMACH AGUS CUIR I GCLÚdACH

  • Tá a fhios agam cé a rinne é ach ní déarfaidh mé.

    Tá a fhios agam go bhfuil an foréigean mícheart ach ní déarfaidh mé rud ar bith ar mhaithe le mo theaghlach a chosaint.

    Chuaigh mé isteach ann mar go ndeachaigh modheartháireacha isteach ann.

    Tá cumhacht agam i mo phobal.

    Féachaim le difear a dhéanamh.

    Féachaim lena chinntiú nach bhfaigheann an taobheile gach rud ba mhaith leo.

    Níl cumhacht ar bith agam i mo phobal.

    Tá meas orm i mo phobal.

    Chuaigh mé isteach ann cúig bliana ó shin agus anoistá mé róscanraithe le teacht as.

    Thuill siad a bhfuair siad.

    An Seicteachas – Áis 19 (2 de 2)

    RÁITIS SHEICTEACHA

    GEARR AMACH AGUS CUIR I GCLÚdACH

  • An Seicteachas – Áis 20 (1 de 2)

    PICTIÚIR dÁR bPOBAL

    GEARR AMACH dON GHNÍOMHAÍOCHT RANGAITHE.

  • An Seicteachas – Áis 20 (2 de 2)

    PICTIÚIR dÁR bPOBAL

    GEARR AMACH dON GHNÍOMHAÍOCHT RANGAITHE.

  • AG MAIREACHTÁIL GO SÍOCHÁNTA ACH GO LEITHLEACHÓ thorthaí thaighde an dr J Liechty agus an dr C Clegg, Moving Beyond Sectarianism, Columba Press.

    Is córas é apartheid a scarann daoine ar bhonn cine, creidimh, srl. Bhí sé i bhfeidhm san Afraic Theas ó 1948 go 1994 le daoine geala a scaradh ó dhaoine gorma. Faoin apartheid lách bíonn pobail ina gcónaí taobh le taobh, go síochánta ach go leithleach.

    CAd CHUIGE A dTARLAÍONN SÉ?

    • Ismórlinnantsábháilteachtagus mothaímid sábháilte inár bpobal féin.

    • Táimidsástalerudaímaratásiad (sa phobal, inár n-eaglaisí).

    • Measaimidnachbhfuilandararéiteach ann agus go gcuirfidh sé stad leis an fhoréigean.

    • Nílsuimagainnsaphobal‘eile’.

    • Nímaithlinnanpobal‘eile’.

    An Seicteachas – Áis 21

    AN APARTHEId LÁCH

  • An Seicteachas – Áis 22

    CRUACHÁS JEANNIE

  • An Seicteachas – Áis 23

    CRUACHÁS dECLAN

  • An Seicteachas – Áis 24

    CRUACHÁS SANJAY

  • An Seicteachas – Áis 25

    CRUACHÁS dEAN

  • RUdAÍ A dHÉANFAIMId, RUdAÍ NACH ndÉANFAIMIdÓ thorthaí thaighde an dr J Liechty agus an dr C Clegg, Moving Beyond Sectarianism (Columba Press: 2001).

    Baineann ‘An Leibhéal’ le rudaí a choinneáil mar atá siad agus le rudaí a ghlacadh mar atá siad gan amhras a chaitheamh orthu. Tugtar coinneáil an ‘status quo’ air seo. Cuireann sé teorainneacha ar cad é atá inghlactha agus cad é atá doghlactha maidir le gníomhaíochtaí daoine:

    ROINNT SAMPLAÍ FÉIdEARTHA:

    • Anáitandéanaimidsiopadóireacht/archeartdúinnsiopadóireachtadhéanamh. • Alabhraímidfaoilenár‘dtaobhféin’. • Alabhraímidfaoileisan‘taobheile’. • Antioncharabheadhlehiompúgoheaglaiseile. • Naspóirtatámeascthaagusnacinnatáleithleach. • Anáitarchóirdúinncónaí. • Céleisarcheartdúinntalamhadhíol.

    Tá leibhéil éagsúla taobh istigh de cheantair éagsúla. I gceantair áirithe, bíonn sé níos fusa do dhaoine meascadh agus do pháistí súgradh lena chéile ná mar a bhíonn i gceantair eile.

    IS BEAG CAITLICEACH A FHREASTALAÍONN ARSHIÚLÓIDÍ

    AN DARA LÁ DÉAG

    IS BEAG PROTASTÚNACH ATÁ PÁIRTEACH I GCLG

    An Seicteachas – Áis 26

    AN LEIBHÉAL

  • ARNA CHUR IN EAGAR Ó SCÉAL TRAIDISIÚNTA DE CHUID ‘AN MULLÁ NASRUDIN’,‘CAINT NA nDAOINE’.Féachhttp://en.wikibooks.org/wiki/Sufism/Nasrudinagus,dothuilleadhscéaltainGaeilge,‘Nasrúidín’,GRosenstock(Coiscéim2005).

    Lá amháin, bhí an Mullá Nasrudin agus a mhac ag siúl chuig an mhargadh lena n-asal. Le linn an aistir, bhuail siad le scaifte daoine a dúirt an méid seo: ‘Amharc anois ar na hamadáin seo. An bheirt acu ag siúl faoin ghrian the agus gan duine ar bith acu ar mhuin an asail!’ Mar sin, chuir an Mullá an gasúr ar mhuin an asail.

    I ndiaidh tamaill, bhuail siad le scaifte eile daoine a dúirt an méid seo: ‘Amharc ar an ghasúr láidir seo. An amhlaidh a bhíonn ógánaigh an lae inniu? Gan meas ar bith acu ar dhaoine aosta! Eisean ar mhuin an asail agus a athair bocht aosta ag siúl!’ Nuair a chuaigh an scaifte sin tharstu, tháinig náire ar an ghasúr óg agus ní shásódh rud ar bith é ach go rachadh a athair ar mhuin an asail agus go siúlfadh seisean ina áit. Mar sin tháinig an gasúr anuas agus chuaigh an t-athair aníos ar mhuin an asail.

    Tamall gairid ina dhiaidh, chas siad ar thuilleadh daoine a dúirt: ‘Féach air seo! Tá ar an ghasúr seo siúl le linn dá athair a bheith ar mhuin an asail!’ Nuair a chuaigh na daoine seo tharstu, arsa an Mullá lena mhac: ‘Sílim gurb é an réiteach is fearr go mbeimis beirt ar mhuin an asail. Ar an dóigh sin, seachnóimid cáineadh ar bith.’ Agus sin a rinne siad.

    I ndiaidh achar gearr, arís casadh daoine eile orthu a dúirt: ‘Féach an t-asal bocht sin agus an bheirt acu á n-iompar aige! Tá sé traochta.’ Mar sin, tháinig an bheirt acu anuas ó mhuin an asail agus d’iompair an fear an t-asal thar a ghualainn.

    Nuair a chonaic na daoine iad ag siúl an bóthar rinne siad gáire, shín siad méar i dtreo an fhir bhoicht ag fulaingt faoin teas faoi ualach an asail, agus dúirt: ‘Amharc ar an amadán sin ag iompar an asail! Cad é is fiú asal a bheith agat má bhíonn ort é a iompar gach áit.’ Chuir an fear an t-asal síos ar a chosa agus shiúil siad mar a shiúil siad ag tús an aistir.

    Ansin chas an Mullá chuig a mhac go ndúirt: ‘Taispeánann seo dúinn cé chomh deacair is atá sé réiteach le tuairimí daoine eile. Is é fírinne an scéil nach féidir leat gach duine a shásamh; mar sin caithfidh tú an rud is eol duit a bheith ceart a dhéanamh agus Dia a shásamh.’

    An Seicteachas – Áis 27

    AN tATHAIR, AN MAC AGUS AN tASAL