idirghabhÁlaÍ pharlaimint na heorpa...maith leis sin, tarlaíonn thart ar aon mhilliún amháin...

32
IDIRGHABHÁLAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA UM FHUADACH IDIRNÁISIÚNTA LEANAÍ ARNA DHÉANAMH AG TUISMITHEOIR LÁMHLEABHAR

Upload: others

Post on 01-Feb-2021

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • IDIRGHABHÁLAÍPHARLAIMINT NA hEORPA

    UM

    FHUADACH IDIRNÁISIÚNTA LEANAÍARNA DHÉANAMH AG TUISMITHEOIR

    LÁMHLEABHAR

  • IDIRGHABHÁLAÍPHARLAIMINT NA hEORPA

    UM

    FHUADACH IDIRNÁISIÚNTA LEANAÍARNA DHÉANAMH AG TUISMITHEOIR

    LÁMHLEABHAR

  • 4

    BROLLACH

    1. Forbairtí sa reachtaíocht maidir leis an dlí is infheidhme, dlínse, aitheantas

    agus forghníomhú breithiúnas in ábhair dlí teaghlaigh san Aontas

    Eorpach.

    2. An gá atá le bearta AE a thabhairt isteach maidir le cásanna d’fhuadach

    idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir.

    2.1. An bonn do dhlínse a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh.

    2201/2003 in ábhair a bhaineann le fuadach idirnáisiúnta leanaí.

    3. Ó idirghabháil in ábhair shibhialta agus tráchtála go dtí idirghabháil in

    ábhair teaghlaigh.

    4. Idirghabháil mar uirlis mhalartach i socrú díospóide i gcásanna d’fhuadach

    idirnáisiúnta leanaí.

    5. Ról Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta

    Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir.

    6. Iarratas a dhéanamh chuig Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um

    Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir Child

    Abduction

    7. An próiseas idirghabhála.

    8. Cásanna a tarchuireadh chuig an Idirghabhálaí.

    8.1.1. Iarratais ina ndéantar gearán i dtaobh chur chun feidhme

    éagórach Choinbhinsiún na Háige.

    8.1.2. Iarratais ina ndéantar gearán i dtaobh chur chun feidhme éagórach

    Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 (Rialachán An Bhruiséil IIa).

    9. Obair eile a bhíonn ar siúl ag Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um

    Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir.

    CLÁR

    … 7

    … 8

    … 10

    … 11

    … 12

    … 13

    … 14

    … 15

    … 16

    … 17

    … 21

    … 22

    … 25

  • 5

    FORBHREATHNÚ

    a) Cad is brí le fuadach idirnáisiúnta leanaí?

    b) Dlí idirnáisiúnta agus Eorpach maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí

    arna dhéanamh ag tuismitheoir abduction.

    c) Conas is féidir le tuismitheoir a chinntiú nach ndéantar leanbh a fhuadach?

    d) Cad is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh má fhuadaítear duine dá leanaí?

    IARSCRÍBHINNÍ:

    Treoirlínte d’Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta

    Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir

    Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh 2201/2003

    … 26

    … 26

    … 26

    … 27

    … 28

    … 30

  • 7

    Is buncharraig na sochaí i mBallstáit an AE iad teaghlaigh agus caithfidh na hinstitiúidí iad a chosaint, trí bhearta ad hoc, lena n-áirítear nuair a theipeann ar ghaoil i dtosach. Go háirithe, caithfidh barrleasanna leanaí a chosaint a bheith ina phríomhthosaíocht do na hinstitiúidí.

    De réir na sonraí is déanaí ó Eurostat, déantar thart ar 2 mhilliún pósadh a chonrú gach bliain san AE, agus áirítear lánúineacha dénáisiúnta i gcás 300.000 acusan. Chomh maith leis sin, tarlaíonn thart ar aon mhilliún amháin colscaradh gach bliain, agus áirítear lánúineacha dénáisiúnta i gcás 140.000 acusan.

    Mar fhreagra ar an ardú réidh sna figiúirí seo, chuir Parlaimint na hEorpa post mar Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir ar bun i 1987. Is é an ról atá ag an Idirghabhálaí ná cabhrú chun réitigh atá inghlactha go frithpháirteach a fháil ar mhaithe le leasanna eisiacha an linbh, nuair a thógann duine de thuismitheoirí an linbh an leanbh leis nó léi, tar éis do na céilí sin, a bhfuil náisiúntachtaí difriúla acu nó atá ag cur fúthu i dtíortha éagsúla, scaradh ó chéile.

    Ba é an chéad Idirghabhálaí a cheap Parlaimint na hEorpa ná Marie-Claude Vayssade (1987-1994). Lean Mary Banotti (1995-2004) agus Evelyne Gebhardt (2004-2009) í siúd ina dhiaidh sin. Ceapadh mar Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir mé féin i mí Meán Fómhair 2009, agus thug mo dhualgais sa phost sin an deis dom breathnú go cúramach ar an ábhar agus líon áirithe saincheisteanna criticiúla dlíthiúla agus reachtacha a shainaithint, saincheisteanna a chlúdaítear sa doiciméad oibre seo.

    Ghlac Oifig an Idirghabhálaithe ról tábhachtach thar na blianta i gcomhordú agus in imscrúdú ábhar den sórt sin agus tá réitigh molta aici i gcásanna ar leith. Le déanaí, luadh an fhéidearthacht chun leas a bhaint as idirghabháil teaghlaigh i gcásanna d’fhuadach idirnáisiúnta leanaí mar chuid de chonclúidí Comhairle Eorpach Stócólm (2009) agus i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin do Chur chun feidhme Chlár Stócólm (2010).

    Glacann Parlaimint na hEorpa ról gníomhach sa réimse seo, ní hamháin ina cáil reachtach ach trí thairbhí na taithí atá bailithe ag Oifig an Idirghabhálaí a chur ar fáil don phobal, agus an oifig sin ag gníomhú síoraí ar mhaithe le barrleasanna eisiacha an linbh.

    Roberta Angelilli Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

    Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa umFhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir

    Brollach

  • 8

    Forbairtí sa reachtaíocht maidir leis an dlí is infheidhme, dlínse, aitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair dlí teaghlaigh san Aontas Eorpach.

    Próiseas eacnamaíoch go bunúsach a bhí i lánpháirtíocht na hEorpa i dtosach báire. Dá réir sin, rinneadh na hionstraimí dlí a cuireadh ar bun i dtosach a chur in oiriúint don chineál seo próisis. Tá an staid tar éis athrú ó bhonn ó na 1990í i leith, áfach, go mór mhór toisc an méadú a tháinig ar líon na ndaoine a bhogann timpeall an Aontais.

    I measc nithe é, is é iomadú na ngaol clainne idir daoine a bhfuil náisiúntachtaí difriúla acu nó idir daoine atá ag cur fúthu i dtíortha éagsúla an toradh a bhí ar shoghluaisteacht mhéadaithe shaoránaigh an hEorpa.

    Bhí freagra dlíthiúil ón Aontas Eorpach ag teastáil toisc na bhforbairtí nua seo, d’fhonn coinbhleachtaí dlí agus dlínse in ábhair dlí teaghlaigh (córais pósta, tuismíocht, córais maoine pósta, socruithe comharbais, etc.) a rialú.

    San am atá thart, rinne Ballstáit an AE coinbhleachtaí dlí agus dlínse a rialú trí choinbhinsiúin idirnáisiúnta, go príomha, inter alia ar bhonn fhorálacha Airteagal 220 de Chonradh CCE (a ndearna Airteagal 293 de Chonradh Amsterdam de ina dhiaidh sin agus a bhfuil aisghairm déanta anois air le Conradh Liospóin), arbh í an t-aon ionstraim Chomhphobail í a d’fhéadfaí a úsáid trí chaibidlíocht oscailte chun go simpleofaí na foirmiúlachtaí a rialaíonn breithiúnais agus dámhachtainí eadrána 1, chun leasa shaoránaigh na mBallstát.

    Ní go dtí Conradh Maastricht i 1992 a tosaíodh ar an tsaincheist seo a ionchorpú de réir a chéile i gcóras an AE. Tháinig sé faoin tríú colún (i.e. fós sa sféar idir-rialtasach) i dtosach ach áiríodh ina dhiaidh sin é le Conradh CE é féin, tar éis na n-athruithe a rinneadh le Conradh Amstardam (1997) agus, dá réir sin, rinneadh é a ‘chomhphobalú’ ar bhonn Airteagal 65 de Chonradh CE 2.

    I mí Dheireadh Fómhair 1999, d’ainmnigh Comhairle Eorpach Tampere cur i bhfeidhm fhorálacha an dlí teaghlaigh mar thosaíocht, mar fhreagra ar an mbrú méadaithe sóisialta chun córas dlí a bhunú a thabharfadh cinnteacht dhlíthiúil agus a shásódh riachtanais na saoránach. Ar bhonn an ordaithe go gcaithfí breithiúnais agus cinntí a chomhlíonadh agus a fhorghníomhú ar fud an Aontais Eorpaigh, agus, ag an am céanna, go gcaithfí cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt do shaoránaigh phríobháideacha agus d’oibreoirí eacnamaíocha, rinne an Chomhairle Eorpach, i roinn a conclúidí a dhéileáil le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, cur chun feidhme iomlán phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a fhormheas, in ábhair shibhialta agus choiriúla araon, a ndearna fíorbhunchloch den chomhar breithiúnach san AE

    1.

  • 9

    de dá réir sin. Ar bhonn chinntí Chomhairle Eorpach Tampere, rinne an AE, den chéad uair riamh, reachtaíocht a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha chun coinbhleachtaí dlínse i réimse an dlí teaghlaigh a réiteach, i bhfoirm Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (ar a dtugtar Rialachán An Bhruiséil II), a dhéileálann le póstaí a neamhniú nó a thuaslagadh agus le cinntí a bhaineann le freagracht tuismitheoirí do leanaí an dá chéile. Rinneadh raon feidhme an rialacháin a shrianadh go dtí lánúineacha pósta agus go dtí freagracht tuismitheoirí do leanaí den dá chéile. Le Rialachán Uimh. 2201/2003 (ar a dtugtar Rialachán An Bhruiséil IIa), a rinne Rialachán Uimh. 1347/2000 a aisghairm, rinneadh mórán de theorainneacha an bhunthéacs a cheartú.

    Sa rialachán nua tá forálacha maidir le cúrsaí pósta agus cúrsaí a bhaineann le freagracht tuismitheoirí lena n-áirítear bearta chun leanaí a chosaint beag beann ar aon nasc le himeacht pósta (Aithris 5 den rialachán 3). Dá réir sin, is téacs é a bhfuil infheidhmeacht níos leithne aige agus a chlúdaíonn raon níos leithne staideanna a bhaineann le cúinsí sonracha lánúineacha agus clainne. Dá bhrí sin, d’ainneoin an ról comhlántach atá ag an AE i leith na mBallstát in ábhair den sórt sin, cé go bhfuil teorainneacha leagtha síos chuige seo, le hAirteagal 81 CFAE cuirtear iachall ar na hinstitiúidí AE éifeachtúlacht trasteorann a áirithiú i gcás bearta a ghlacann na húdaráis náisiúnta nó daoine ar leith faoi na nósanna imeachta idirghabhála agus idir-réitigh dá bhforáiltear i ngach Ballstát ar leith.

    1. Ba é ar bhonn Airteagal 220 de Chonradh CCE a rinneadh, mar shampla, Coinbhinsiún na Bruiséile ar

    Dhlínse agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála a ghlacadh an 27 Meán

    Fómhair 1968. Cé gur chéad chéim chun cinn shuntasach a bhí sa choinbhinsiún, chuir sé raon iomlán

    saincheisteanna, lena n-áirítear dlí teaghlaigh, as an áireamh óna raon feidhme, áfach.

    2. Tar éis na n-athruithe a rinneadh le Conradh Liospóin ar Airteagal 65 de Chonradh CE, déanann an

    mhír a bhfuil Airteagal 81(2) de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ as seo

    feasta) déanta anois de coinníoll de go ndéanfaidh an tAontas Eorpach forbairt ar an gcomhar breithiúnach

    sna hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, arna bhunú ar phrionsabal an aitheantais

    fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha. Faoin bhforáil seo,

    déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta a ghlacadh, go háirithe a mhéid is gá d’oibriú

    cuí an mhargaidh inmheánaigh, arb é is aidhm dóibh aitheantas frithpháirteach agus forghníomhú do

    bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha idir Ballstáit a áirithiú (Art. 81(2)(a)) agus

    modhanna roghnacha a fhorbairt chun díospóidí a réiteach. Maidir le dlí teaghlaigh go sonrach, déanann

    an tríú mír d’Airteagal 81 CFAE coinníoll de go mbunóidh ‘an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le

    nós imeachta reachtach speisialta, bearta maidir le dlí teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu.

    Gníomhóidh an Chomhairle d’aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Déantar é seo in áit

    dul i mbun an ghnáthnós imeachta, ina bhfuil an Pharlaimint agus an Chomhairle ar comhchéim agus ina

    bhfuil tromlach cáilithe ag teastáil chun gníomhartha a ghlacadh. Chun an fhoráil seo a mhaolú, tugtar

    isteach le Conradh Liospóin an fhéidearthacht chun clásal ‘passerelle’ a chur isteach, ina bhféadfaidh an

    Chomhairle, ar bhonn togra ón bParlaimint, cinneadh a ghlacadh chun infheidhmeacht an ghnáthnós

  • 10

    imeachta reachtaigh a leathadh amach go dtí gníomhartha a bhaineann le gnéithe sonracha den dlí

    teaghlaigh a ghlacadh. Tugtar cumhacht chrosta, áfach, do na Ballstáit, ar dá bun a fhéadfaidh parlaimint

    náisiúnta cur in aghaidh (laistigh de shé mhí ón dáta ar a ndéantar é a chur in iúl i nóta) cur i bhfeidhm

    clásal ‘passerelle’ den sórt sin. Dealraíonn sé go ndeimhníonn na heilimintí seo go bhfuil drogall ar na

    Ballstáit inniúlachtaí i réimse an dlí teaghlaigh a thabhairt don Aontas.

    3. Murab ionann agus an rialachán a bhí ann roimhe (Rialachán (CE) 1347/2000), déanann Aithris 5 de

    Rialachán (CE) 2201/2003 coinníoll de go gclúdódh an rialachán bearta do chosaint an linbh ‘beag

    beann ar aon nasc le himeacht pósta’ agus dá réir sin tá feidhm aige i gcás páirtnéireachtaí sibhialta,

    aontíos céileachais neamhphósta, leanaí nádúrtha agus leanaí a saolaíodh do dhuine amháin den dá

    pháirtí le linn caidreamh a bhí ann roimhe sin. Féach chomh maith Coinbhinsiún na Háige 1980.

    An gá atá le bearta AE a thabhairt isteach maidir le cásanna d’fhuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir.

    Le blianta beaga anuas, tá méadú dramatúil tagtha ar líon na gcásanna d’fhuadach idirnáisiúnta leanaí arna ndéanamh ag tuismitheoir a bhfuil cead coimeádta acu i gcás na leanaí lena mbaineann.

    Tarlaíonn sé seo in ainneoin Choinbhinsiún na Háige 1980 maidir le fuadach leanaí a bheith daingnithe ag formhór na Stát sínitheach. Ceann de na comhaontuithe iltaobhacha is tábhachtaí do chosaint leanaí isea an Coinbhinsiún seo agus tá sé bunaithe ar an mbonn go bhféadfadh cúirt na tíre ar tugadh an leanbh chuici breithiúnas a thabhairt maidir leis an leanbh a chur ar ais. Sa chás go dtabharfaidh tuismitheoir amháin leanbh go héagórach chuig Stát eile atá ina pháirtí de Choinbhinsiún na Háige, caithfear an leanbh a chur ar ais go dtí a áit nó a háit chónaithe a luaithe agus is féidir. Ní chiallaíonn sé seo, áfach, nach n-ordódh an chúirt go gcuirfí leanbh ar ais i gcásanna áirithe (Airteagal 13 den Choinbhinsiún 4). Chuir an rialachán san Aontas Eorpach, mar sin, leis an gcosaint a chuir Choinbhinsiún na Háige ar fáil.

    4. Airteagal 13: “In ainneoin fhorálacha an Airteagail roimhe seo, níl aon iachall ar údarás breithiúnach ná

    riaracháin an Stát iarrtha go gcuirfí an leanbh ar ais, má shuíonn an duine, an institiúid nó comhlacht eile a

    théann ina choinne sin an méid seo a leanas: (a) nach raibh na cearta coimeádta á bhfeidhmiú i ndáiríre ag

    an duine, ag an institiúid ná ag comhlacht eile a raibh cúram an pearsa an linbh aige nó aici nuair a tógadh

    nó nuair a coimeádadh an leanbh féin, nó nach raibh an duine, an institiúid ná an comhlacht sin ag toiliú ná

    ag comhthoiliú ina dhiaidh sin leis go dtógfaí nó go gcoimeádfaí an leanbh; nó b) má tá baol tromchúiseach

    ann go nochtfadh filleadh an linbh iad do dhíobháil fhisiceach nó shíceolaíochta nó go gcuirfí an leanbh i staid

    dhofhulaingthe. Chomh maith leis sin, féadfaidh an t-údarás breithiúnach nó riaracháin diúltú go gcuirfí an

    leanbh ar ais má chinneann sé go ndiúltaíonn an leanbh go gcuirfí é/í ar ais agus go bhfuil aois agus leibhéal

    aibíochta sroichte aige/aici ina bhfuil sé oiriúnach a chuid tuairimí nó a cuid tuairimí a chur san áireamh. Agus

    na cúinsí dá dtagraítear san Airteagal á mheas acu, déanfaidh na húdaráis bhreithiúnacha agus riaracháin an

    fhaisnéis a bhaineann le cúlra sóisialta an linbh a bheidh tugtha ag an Údarás Lárnach nó aon údarás inniúil eile

    in áit ghnáthchónaithe an linbh a chur san áireamh”.

    2.

  • 11

    An bonn do dhlínse a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 in ábhair a bhaineann le fuadach idirnáisiúnta leanaí.

    Le Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 leagtar síos critéir aonfhoirmeacha chun an chúirt a bhfuil dlínse aici a shainaithint chun breithiúnas a thabhairt ar chúrsaí pósta agus ar chúrsaí a bhaineann le freagracht tuismitheoirí, lena n-áirítear cásanna d’fhuadach idirnáisiúnta leanaí arna ndéanamh ag tuismitheoirí.

    Go ginearálta, tugann an rialachán seo tosaíocht do chritéir phearsanta an ghnáthchónaithe seachas na náisiúntachta (mar a úsáidtear go traidisiúnta i dtíortha dlí shibhialta) nó critéar oibiachtúil lex fori (an critéar tosaíochta i dtíortha dlí choiteann).

    Go sonrach, maidir le cúrsaí a bhaineann le “colscaradh, scaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta”, leagtar síos sa rialachán raon critéar a bhunaítear ar áit chónaithe duine de na céilí, nó ar bhonn a gcomhnáisiúntachta (Airteagal 3).

    Maidir le “freagracht tuismitheoirí” as leanbh, foráiltear sa rialachán gur ag cúirteanna na háite ina bhfuil cónaí ar an leanbh ag an tráth a mbíonn an chúirt i seisiún atá an dlínse ghinearálta (Airteagal 8).

    Ar deireadh, leis an tagairt shainiúil don téarma “fuadach leanaí”, tugtar dlínse speisialta do chúirteanna an Bhallstáit ina raibh gnáthchónaí ar an leanbh díreach sula ndearnadh an t-aistriú nó an coimeád éagórach (Airteagal 10).

    Go háirithe, i dtaca leis an gcinneadh maidir leis an leanbh a thabhairt ar ais, foráiltear in Airteagal 11 go bhféadfaidh an chúirt a bhfuil dlínse aici faoin rialachán breithiúnas a thabhairt (i ndiaidh an bhreithiúnais arna thabhairt ag an gcúirt a bhfuil dlínse aici faoi Choinbhinsiún na Háige 1980), dá mba rud é gur rialaigh an dara cúirt sin atá luaite anseo in aghaidh an leanbh a chur ar ais go dtína Stát gnáthchónaithe (faoi Airteagal 13 den Choinbhinsiún).

    Tá an breithiúnas ina dhiaidh sin, arb é a aidhm tabhairt ar ais an linbh a dhaingniú, infhorghníomhaithe má bhíonn an deimhniúchán dá dtagraítear in Airteagal 42 den rialachán ag gabháil leis.

    Foráiltear sa rialachán mar sin do chosaint bhreise le cois na cosanta a thugtar sa choinbhinsiún. D’fhéadfadh sé, áfach, nach gcomhlíonann an chosaint bhreise seo go hiomlán an riachtanas chun leasanna an linbh a chosaint. D’fhéadfadh sé, mar shampla, go mbeadh sé dodhéanta faoin rialachán achomharc a dhéanamh in aghaidh forghníomhú breithiúnais um thabhairt ar ais a dhéantar de bhun Airteagal 11 den rialachán, ó bhíonn sé deimhnithe faoi Airteagal 42, fiú amháin má bhíonn an breithiúnas sin curtha ó bhail ag sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha. I

    2.1.

  • 12

    gcás a tarchuireadh le deireanas chuig an gCúirt Bhreithiúnais 5, mar shampla, níor éisteadh tuairimí an linbh sa dara sraith imeachtaí, a tionscnaíodh faoi Airteagal 11 den rialachán, de bhrí go ndearnadh é sin sa chéad sraith imeachtaí um thabhairt ar ais faoi Choinbhinsiún na Háige. Sa chéad sraith imeachtaí, dúirt an leanbh go raibh sé ar intinn aici fanacht sa tír ina raibh cónaí uirthi de thuras na huaire. Shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais, áfach, nach bhféadfaí in imthosca ar bith achomharc a dhéanamh in aghaidh forghníomhú breithiúnais um thabhairt ar ais arna dheimhniú faoi Airteagal 42, fiú amháin sa chás go raibh an breithiúnas sin curtha ó bhail ag sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha.

    Tá cásanna cosúla curtha faoi bhráid Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir (an tIdirghabhálaí).

    Tá staidéar á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach a bhfuil sé mar aidhm aige faisnéis maidir le cur chun feidhme praiticiúil Rialachán Uimh. 2201/2003 a bhailiú chomh maith le staidreamh a bhailiú a chlúdaíonn, i measc rudaí eile, an líon cásanna d’fhuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoirí. Bunaithe ar an staidéar sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil in 2012 maidir le cur chun feidhme an rialacháin agus cinnfidh sé cibé an bhfuil aon athruithe le moladh.

    5. Breithiúnas an 22 Nollaig 2010, Cás C-491/10 PPU, Aguirre Zarraga.

    Ó idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála go dtí idirghabháil in ábhair teaghlaigh.

    Ba cheart go dtabharfaí creat sainiúil don idirghabháil idirnáisiúnta teaghlaigh faoi dhlí a thugann aird chuí ar thréithe agus cheanglais na hidirghabhála sin.

    I láthair na huaire, tá Treoir 2008/52/CE 6 ag an AE maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála. Déantar a shainiú in Aithris 10 den treoir sin, nár cheart go mbeadh feidhm ag an treoir maidir le “cearta agus oibleagáidí nach bhfuil saorthoil ag na páirtithe iad a chinneadh dóibh féin faoin dlí ábhartha atá infheidhme. Tá cearta agus oibleagáidí den sórt sin le fáil go minic sa dlí teaghlaigh agus sa dlí fostaíochta, go háirithe”.

    Tá ról an Idirghabhálaí thar a bheith luachmhar ina leith sin. Agus is inmhianaithe, dá bhrí sin, a ról a fhorbairt agus a neartú tuilleadh.

    Ag coinneáil leis an gcur chuige sin, sa teachtaireacht ón gCoimisiún i bhFeabhra 2011 dar teideal “Clár Oibre AE maidir le Cearta an Linbh”, thug an Coimisiún chun suntais an gá a bhí le comhar leis na Ballstáit chun na bileoga fíricí ar an reachtaíocht náisiúnta maidir le hoibleagáidí cothabhála, le hidirghabháil agus le sainaithint agus forghníomhú breitheanna ar fhreagracht tuismitheoirí a choinneáil cothrom le dáta.

    3.

  • 13

    Maidir le fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir, dúirt an Coimisiún go mbeidh aird ar leith aige ar an bhfaisnéis a chuirfidh Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir ar fáil.

    Léirigh an Pharlaimint tuairimí den chineál céanna.

    I rún dá cuid a ritheadh i Meán Fómhair 2011 maidir le “An Treoir maidir le hidirghabháil sna Ballstáit, a thionchar ar idirghabháil agus glacadh na hidirghabhála sna cúirteanna”, chuir sí i bhfios go láidir:

    – “gur dóchúla, i gcás páirtithe atá toilteanach oibriú le chéile chun a gcás a réiteach, go n-oibreoidh siad le chéile seachas in aghaidh a chéile; go gcreideann sí gur minice na páirtithe sin dá bhrí sin níos toilteanaí éisteacht le seasamh an pháirtí eile agus oibriú ar na saincheisteanna is bonn don díospóid; go measann sí go bhfuil de thairbhe bhreise aige seo go minic go gcaomhnaítear an caidreamh a bhí idir na páirtithe roimh an díospóid, rud a bhfuil tábhacht ar leith leis in ábhair teaghlaigh a bhfuil leanaí i gceist leo”.

    Ina rún i nDeireadh Fómhair 2011 maidir le “modh malartach ar réiteach díospóide in ábhair shibhialta, thráchtála agus teaghlaigh”, tharraing an Pharlaimint aird ar ‘obair Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir’ agus chuir sí béim freisin ar ‘ról ríthábhachtach na gcineálacha éagsúla ADR (Alternative Dispute Resolution) i ndíospóidí teaghlaigh, sa chás ina bhféadfadh sé dochar síceolaíoch a laghdú, ina bhféadfadh sé cabhrú leis na páirtithe tosú ag caint le chéile arís agus ar an tslí sin, go háirithe, cabhrú le cosaint na leanaí a áirithiú’.

    6. IO L 136, 24.5.2008, lch. 7.

    Idirghabháil mar uirlis mhalartach i socrú díospóide i gcásanna d’fhuadach idirnáisiúnta leanaí.

    Is bealach malartach ar réiteach díospóide é an idirghabháil atá saindírithe ar bhainistiú dearfach coimhlinte. Is é an aidhm atá leis ná an tacaíocht a thabhairt do na páirtithe chun go bhféadfaidh siad réiteach a fháil atá inghlactha agus sásúil dóibh araon, trí chúnamh ó thríú páirtí: an tIdirghabhálaí.

    I gcásanna d’fhuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir, is é aidhm na hidirghabhála ná comhaontú caibidlithe a fháil idir na tuismitheoirí a rachaidh chun leasa eisiach an linbh nó na leanaí atá i gceist. I gcásanna den sórt sin, is é príomhchúram an idirghabhálaí ná a áirithiú, trí bhíthin nós imeachta lasmuigh den chúirt, go mbítear ag fónamh chun leasa an linbh agus nach gcuirtear an straidhn mhothaitheach agus shíceolaíoch ar na leanaí agus a dtuismitheoirí a bheadh ann de thoradh imeachtaí dlíthiúla ar minic leo a bheith fada agus costasach.

    4.

  • 14

    Ról Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir.

    Nuair a chliseann ar phósadh nó ar pháirtnéireacht idir beirt de náisiúntachtaí éagsúla, is minic go dtograíonn duine díobh filleadh ar a thír bhunaidh nó ar a tír bhunaidh nó a dhul chun cónaí i mBallstát eile den AE nó i dtír lasmuigh den AE.

    Má bhíonn leanaí ag an lánúin, is faoi na húdaráis bhreithiúnais inniúla atá sé na teidlíochtaí faoi seach a shuíomh ó thaobh coimeádta agus rochtana de.

    Faraor, d’fhéadfadh sé tarlú go ndéanfadh an tuismitheoir nár deonaíodh coimeád an linbh dó nó di an leanbh a fhuadach nó go ndiúltódh sé nó sí an leanbh a thabhairt ar ais tar éis gnáthchuairte, nó go n-aistreodh an tuismitheoir dár deonaíodh coimeád go háit éigin eile leis an leanbh, rud a d’fhágfadh i gcleachtas go gceilfí a cheart rochtana nó a ceart rochtana ar an tuismitheoir eile.

    Ní hamháin gur sárú ar phrionsabal na freagrachta tuismitheoirí é cásanna den sórt sin, ach, thar aon rud eile, is sárú freisin é ar an gceart bunúsach atá ag an leanbh teagmháil a bheith aige nó aici go tráthrialta lena bheirt nó lena beirt thuismitheoirí.

    Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

    Cearta an linbh:

    Beidh ag leanaí an ceart chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail. Féadfaidh siad a dtuairimí a nochtadh go saorálach. Cuirfear na tuairimí sin san áireamh i dtaca le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht.

    I ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, ní mór leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh.

    Beidh ag gach leanbh an ceart chun caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a bheith aige nó aici go tráthrialta lena bheirt nó lena beirt thuismitheoirí, mura rud é go bhfuil sé sin contrártha le leasanna an linbh.

    Féadfaidh tuismitheoirí iarratas a dhéanamh chuig údaráis bhreithiúnacha chun díospóidí den sórt sin a réiteach nó féadfaidh sé nó sí, i gcásanna d’fhuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir, próiseas idirghabhála a thionscnamh trí

    5.

  • 15

    Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa, arb é an ról atá ag an idirghabhálaí sin ná cúnamh a thabhairt do na tuismitheoirí ionas go dtiocfaidh siad ar shocrú is fearr a fhónann do leasanna an linbh.

    Séard a bheidh i gceist le hidirghabháil den sórt sin ná faisnéis a sholáthar faoin dlí atá infheidhme, comhairle a thabhairt agus moltaí a dhéanamh atá dírithe ar an díospóid a réiteach agus teacht ar chomhaontú idirghabhála.

    Is é an buntáiste is mó atá leis an nós imeachta seo ná go mbíonn an claonadh i dtuismitheoirí atá toilteanach tabhairt faoi idirghabháil cloí níos dlúithe le comhaontú a dtagann siad air i gcomhpháirt lena chéile ná mar a dhéanfaí le breith arna forchur ag cúirt dlí.

    Iarratas a dhéanamh chuig Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir.

    Féadfaidh saoránaigh den AE iarratas a dhéanamh chuig an Idirghabhálaí le facs, tríd an bpost, le ríomhphost nó ar an teileafón.

    Tá na sonraí teagmhála iomchuí tugtha ar láithreán gréasáin Pharlaimint na hEorpa i roinn ann féin ina dtugtar tuairisc ar na seirbhísí a chuireann Oifig an Idirghabhálaí ar fáil:

    Nasc:www.europarl.europa.eu/parliament/public/staticDisplay.do?language=EN&id=154

    Roberta ANGELILLIEdificio Altiero Spinelli09E130

    Duine teagmhála: Simona MangianteASP5G30260, rue Wiertz / Wiertzstraat 60B-1047 Bruxelles / Brussel

    Ríomhphost:[email protected]

    Tel : +32 (0)2 28 43 613Fax : +32 (0)2 28 46 952

    6.

    Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa umFhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir

  • 16

    An próiseas idirghabhála

    a/ Ar iarratas a fháil ó dhuine den phobal, is é an chéad rud a dhéanann Oifig an Idirghabhálaí ná an t-iarratas a mheasúnú;

    b/ mura bhfuil aon fhorais dhlíthiúla ann a chuirfeadh cosc ar idirghabháil (e.g. ar nós cion coiriúil a bheith déanta), cuirtear tús go foirmiúil le nós imeachta idirghabhála agus iarrtar ar na páirtithe ráiteas ag comhaontú leis an idirghabháil a shíniú;

    c/ cuirtear tús le comhráite idir na páirtithe agus déantar na comhráite sin trí sheisiúin glaonna comhdhála agus trí mhalartú comhfhreagrais tríd an bpost nó le ríomhphost, arb é an aidhm atá leis an méid sin na saincheisteanna bunúsacha a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sa chaibidlíocht a shuíomh;

    d/ ó a dhéantar príomhphointí comhaontaithe a shuíomh le toil fhrithpháirteach, tarraingítear dréacht-téacs suas agus ansin déantar é a phlé d’fhonn teacht ar chomhaontú ar théacs críochnaitheach i rith na seisiún idirghabhála;

    e/ déantar an idirghabháil in áitreabh Pharlaimint na hEorpa, i láthair na bpáirtithe (amanna trí chomhdháil físe/teileafóin), i láthair fhoireann Oifig an Idirghabhálaí agus, i gcás inarb iomchuí, i láthair ionadaithe dlíthiúla na bpáirtithe;

    f/ i gcás comhdhála físe/teileafóin, déanann na páirtithe caibidlíocht ó ‘institiúid’ amhail oifig de chuid ambasáide, consalachta nó toscaireachta AE;

    g/ a thúisce a bhíonn an comhaontú idirghabhála tugtha chun críche, déanann na páirtithe agus an tIdirghabhálaí é a shíniú agus gabhann stádas oifigiúil leis an gcomhaontú sin.

    Is conradh príobháideach idir na páirtithe é an comhaontú idirghabhála.

    Díorthaíonn an conradh sin a bhailíocht dhlíthiúil ón bhfíoras gur tháinig na páirtithe ar chomhaontú frithpháirteach i dtaobh na saincheisteanna a pléadh i rith an phróisis idirghabhála.

    Nuair a bhíonn Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa ag cabhrú leis na páirtithe teacht ar a gcomhaontú, áirithíonn an tIdirghabhálaí go mbeidh an comhaontú sin daingean ó thaobh dlí de trína sheiceáil go bhfuil an uile rud a chomhaontaítear dlíthiúil agus cothrom.

    Arna iarraidh sin ag na páirtithe, féadfar an comhaontú críochnaitheach idirghabhála a chur faoi bhráid na gcúirteanna inniúla i dtíortha bunaidh agus/nó i dtíortha cónaithe na bpáirtithe chun é a fhaomhadh agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar an comhaontú sin a úsáid mar bhonn d’idirscaradh nó do cholscaradh a dhéanfar a chomhaontú go frithpháirteach.

    7.

  • 17

    Cuirtear an tseirbhís idirghabhála ar fáil saor in aisce. Tá saineolaithe dlí ag Parlaimint na hEorpa a bhíonn ag obair in oifig thiomanta atá in ann an cúnamh atá de dhíth ar na páirtithe chun comhaontú dleathach atá struchtúrtha go cuí, arna ráthú ag Oifig an Idirghabhálaí, a thabhairt dóibh.

    Cásanna a tarchuireadh chuig an Idirghabhálaí.

    Idir Meán Fómhair 2009 agus Mí na Nollag 2011, fuarthas 98 iarratas ag Oifig an Idirghabhálaí:

    • deich (10) n-iarratas ar idirghabháil: socraíodh péire díobh sin trí chaibidlíochtaí in áitreabh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, i Meitheamh 2010 agus i Meán Fómhair 2011 faoi seach. In dhá chás eile, athchruthaíodh an caidreamh le haithreacha a raibh ceart rochtana ar a gcuid leanaí séanta orthu. Tá na sé chás eile ag an gcéim chaibidlíochta faoi láthair;

    • daichead a dó (42) gearán faoi mhírialtachtaí nó easnaimh i gcur chun feidhme Choinbhinsiún na Háige ar Ghnéithe Sibhialta d’Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí ag Stát conarthach;

    • daichead a cúig (45) gearán faoi gan Rialachán Uimh. 2201/2003 (Bruiséil IIa) a bheith á chur chun feidhme nó é a bheith á chur chun feidhme go mícheart nó faoi gan aitheantas a bheith á thabhairt do rialú arna thabhairt ag údarás breithiúnach inniúil i mBallstát i ndáil le coimeád linbh agus/nó cearta rochtana;

    • cás amháin (1) a bhaineann le nós imeachta idirnáisiúnta uchtála. Sa chás seo, ba é an toradh a bhí ar an ngníomhaíocht taidhleoireachta a rinne an tIdirghabhálaí ná gur tugadh an nós imeachta chun críche laistigh de thréimhse ama réasúnta.

    8.

  • 18

    Idirghabháil idir tuismitheoiríón Iodáil agus ón tSlóvaic

    Sa chás seo, bhí díospóid idir athair Iodálach agus máthair Shlóvacach faoi choimeád linbh agus cearta rochtana i ndáil le beirt leanaí, 5 agus 7 bliain d’aois, a rugadh san Iodáil agus ar thug a máthair go dtí an tSlóvaic iad.

    Cúlra

    Bhí cónaí ar an lánúin san Iodáil go dtí gur fhág an mháthair chun dul chuig an tSlóvaic lena leanaí ar cuairt chun a hathar a bhí tinn. Bhí siad tréimhse níos faide ann ná mar a bhíothas ag súil leis, agus níor éirigh leis an athair, a bhí fós san Iodáil, aon chineál teagmhála a dhéanamh lena leanaí.

    Dúirt an mháthair ansin go soiléir nár theastaigh uaithi filleadh ar an Iodáil agus gur theastaigh uaithi a leanaí a choinneáil léi sa tSlóvaic, a bhí mar áit chónaithe anois aici in éineacht lena páirtí nua.

    Chuir an t-athair tús le himeachtaí um cholscaradh san Iodáil, mar aon le himeachtaí coiriúla i gcoinne na máthar as na leanaí a fhuadach. Idir an dá linn, chuir an mháthair tús le himeachtaí um cholscaradh sa tSlóvaic. Bhí coinbhleacht dlínse mar thoradh air agus chuaigh dlíodóir an athar i dteagmháil leis an Idirghabhálaí chun socrú caibidlithe a bhaint amach leis an tuismitheoir eile chun leasa na beirte leanaí.

    Nós Imeachta

    Tar éis measúnú a bheith déanta ar na hiarratais óna páirtithe agus ar an gcúlra dlíthiúil, d’eagraigh an tIdirghabhálaí pléití idir na tuismitheoirí d’fhonn tús a chur le nós imeachta idirghabhála go foirmiúil, a seoladh ar áitreabh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg i Meitheamh 2010. Is iad na céimeanna seo a leanas a bhí sa nós imeachta:

    • seisiún comhdhála teileafóin idir an t-athair, a bhí in Strasbourg in éindí lena dhlíodóir, agus an mháthair a bhí éindí lena dlíodóir, in Ambasáid na hIodáile sa tSlóvaic leis an gConsal agus ateangaire.

    • cuireadh na páirtithe in iúl dá chéile agus cuireadh tús go foirmiúil leis na himeachtaí;

    • pléadh an dréachtchomhaontú idirghabhála a tarraingíodh suas, sna míonna roimhe sin agus rinneadh idirbheartaíocht maidir le príomhphointí an chomhaontaithe idirghabhála;

    Samplaí den idirghabháil

  • 19

    • tugadh an comhaontú idirghabhála chun críche (tar éis seisiúin a mhair ocht n-uaire a chloig);

    • síníodh an comhaontú idirghabhála agus tugadh an nós imeachta chun críche go foirmiúil;

    • folaíodh na saincheisteanna bunúsacha seo a leanas sa chomhaontú idirghabhála: an ceart coimeádta, cearta rochtana agus cothabháil.

    Idirghabháil idir tuismitheoirí ó Iosrael agusón bhFrainc/ón nGearmáina

    Sa chás seo, bhí díospóid idir bean de bhunadh Iosraelach ag a raibh náisiúntacht Fhrancach/Ghearmánach agus náisiúnach Iosraelach a bhí ina chónaí in Tel Aviv.

    Cúlra

    Choimpir an bhean, a mbíodh cónaí uirthi sa Fhrainc, leanbh le fear Iosraelach agus í ag cur fúithi go sealadach in Tel Aviv.

    Níor comhchónaigh an lánúin riamh agus chaith an leanbh a luathbhlianta lena mháthair ar dtús sa Fhrainc agus ansin i gCeanada. Chuir an t-athair deireadh leis an gcaidreamh a bhí aige le máthair an linbh agus í torrach le coicís, á rá nár theastaigh leanbh uaidh agus á lua den chéad uair go raibh sé pósta le bean eile cheana féin.

    Dhá bhliain ina dhiaidh sin, tharraing an t-athair imeachtaí coimeádta linbh ar an máthair, a bhí ina cónaí agus ag obair i gCeanada, os comhair cúirte raibíní in Iosrael a bhí dírithe ar choimeád an linbh a fháil agus an leanbh a thógáil i gcomhréir le dearbhphrionsabail an chreidimh Ghiúdaigh. Ar an gcéad dul síos, d’aontaigh an mháthair bogadh go hIosrael leis an leanbh sa chaoi go mbeadh an t-athair in ann páirt a bheith aige i dtógáil agus in oideachas reilgiúnach an linbh.

    Cúpla mí i ndiaidh dóibh filleadh ar Tel Aviv, chinn an mháthair a mac a thógáil léi go Páras ar cuairt chuig a máthair, a bhí tinn, agus fanacht sa Fhrainc chun cuidiú léi.

    Thionscain an t-athair láithreach imeachtaí um fhuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir ina coinne.

    Ag an am seo, tharchuir an mháthair, arna hionadú ag a dlíodóir, an cás chuig an Idirghabhálaí.

    Samplaí den idirghabháil

  • 20

    Nós Imeachta

    Tar éis measúnú a bheith déanta ar na horduithe óna páirtithe agus ar an gcúlra dlíthiúil, d’eagraigh an tIdirghabhálaí comhrá idir na tuismitheoirí d’fhonn tús a chur le nós imeachta idirghabhála go foirmiúil, a seoladh ar áitreabh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg i Meán Fómhair 2011 agus is iad na céimeanna seo a leanas a bhí i gceist:

    • bhí seisiún físchomhdhála idir áitreabh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg agus áitreabh Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh in Iosrael, agus bhí an dá pháirtí i láthair chomh maith le hionadaí dlíthiúil duine de na páirtithe.

    • cuireadh na páirtithe in iúl dá chéile agus cuireadh tús go foirmiúil leis na himeachtaí;

    • pléadh an dréachtchomhaontú idirghabhála a tarraingíodh suas, sna míonna roimhe agus rinneadh idirbheartaíocht maidir le príomhphointí an chomhaontaithe idirghabhála; rinneadh a lán gnéithe bunúsacha de na pointí sa chomhaontú a leasú le linn na hidirbheartaíochta idir na páirtithe;

    • tugadh an comhaontú idirghabhála chun críche (tar éis seisiúin a mhair naoi n-uaire a chloig);

    • síníodh an comhaontú idirghabhála agus tugadh an nós imeachta chun críche go foirmiúil;

    • folaíodh na saincheisteanna bunúsacha a leanas sa chomhaontú idirghabhála. Ar na saincheisteanna a folaíodh sna 43 airteagal den chomhaontú bhí:

    1. Iosrael a bhunú mar áit chónaithe an linbh;

    2. coimeád tuismitheora comhpháirteach agus freagracht chomhpháirteach;

    3. oideachas an linbh i gcomhréir le bunphrionsabail agus foraitheanta an chreidimh Ghiúdaigh;

    4. cothabháil;

    5. cearta rochtana;

    6. comhaontú chun aon díospóidí maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe a chur chuig réiteoir arna cheapadh le comhaontú an dá pháirtí, le maoirseacht an Idirghabhálaí.

  • 21

    Iarratais ina ndéantar gearán i dtaobh chur chun feidhme éagórach Choinbhinsiún na Háige.

    Déanann formhór na n-iarratas chuig Oifig an Idirghabhálaí gearán i dtaobh chur chun feidhme agus/nó forghníomhú Choinbhinsiún na Háige. Féachann Coinbhinsiún na Háige lena áirithiú, trí chomhoibriú idir na húdaráis lárnacha atá bunaithe i ngach ceann de na Stáit chonarthacha, go dtugtar leanaí a thógtar go héagórach óna ngnátháit chónaithe ar ais go pras.

    Déanann a lán de thuismitheoirí a dhéanann iarratas chuig Oifig an Idirghabhálaí gearán faoin easpa comhoibrithe a bhíonn idir na húdaráis lárnacha sna Stáit éagsúla agus faoin gclaonadh a bhíonn ar na húdaráis indibhidiúla a ‘náisiúnaigh’ féin a chosaint i gcásanna fuadaigh.

    I gcásanna eile, tugtar na leanaí ar ais chuig an Stát ina mbíonn gnáthchónaí orthu cé gur ann do riosca soiléir go bhfulaingeoidh siad dochar fisiceach nó síceolaíoch ar a bhfilleadh dóibh (in ainneoin na heisceachta dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Choinbhinsiún na Háige).

    I gcás den sórt sin,

    • scríobhann an tIdirghabhálaí chuig na húdaráis lárnacha sna stáit chonarthacha ábhartha, chun a n-aird a tharraingt ar na heasnaimh a aimsíodh i bhforghníomhú fhorálacha an choinbhinsiúin agus iarrann sé orthu na heasnaimh sin a réiteach go pras;

    • cuirfidh an tIdirghabhálaí síos ceisteanna don Chomhairle agus don Cho-imisiún, a dtagraíonn do na heasnaimh a aimsíodh sna hinstitiúidí eile agus a dhéanann cur síos ar an ngníomh a d’fhéadfaí a ghlacadh;

    • déanann an tIdirghabhálaí próiseas idirghabhála leathan leis na húdaráis uile ábhartha, leis na páirtithe agus lena n-ionadaithe dlíthiúla d’fhonn a áirithiú go gcuirtear imeachtaí idirnáisiúnta i gcrích go mear agus go ceart.

    8.1.1.

  • 22

    8.1.2. Iarratais ina ndéantar gearán i dtaobh chur chun feidhme éagórach Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 (Rialachán An Bhruiséil IIa).

    Rialaíonn Rialachán an Bhruiséil IIa dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí.

    Leagann sé síos forálacha maidir le fuadach linbh a fhorlíonann na forálacha atá leagtha síos i gCoinbhinsiún na Háige 1980 i gcásanna a bhaineann leis na Ballstáit chonarthacha.

    Déanann líon mór na n-iarratas a thíolactar chuig an Idirghabhálaí gearán maidir le easnaimh dháiríre sa chomhoibriú breithiúnach idir na Ballstáit. Is iondúil gur diúltú ag Ballstát breithiúnas deiridh a aithint agus a fheidhmiú a thug cúirt i mBallstát eile is ábhar dóibh, cé nach ann d’aon fhorais dhlíthiúla faoin rialachán sin maidir le diúltú den sórt sin.

    Is cúis iad easnaimh den sórt sin le neamhchinnteacht dháiríre dhlíthiúil agus bíonn drochthorthaí ann do na leanaí lena mbaineann.

    I gcás den sórt sin,

    • cuireann an tIdirghabhálaí ceisteanna parlaiminteacha síos don Choimisiún, ag tarraingt airde ar sháruithe ar Rialachán an Bhruiséil IIa a bheidh aitheanta agus iarrann sé go gcuirtear tús le himeachtaí mar gheall ar shárú i gcoinne an Bhallstáit a mhainníonn freastal ar a oibleagáidí;

    • tairiscíonn an tIdirghabhálaí comhairle dhlíthiúil maidir le forálacha um chosaint leanaí mar aon le ‘idirghabháil’ leis na húdaráis ábhartha, leis na páirtithe agus le hionadaithe na bpáirtithe dlíthiúla;

  • 23

    Rinne 98 lánúin iarratas ar Oifig an Idirghabhálaí i.e. 196 tuismitheoir san iomlán:

    • 40 duine nach saoránaigh den AE iad (páirtithe le saoránaigh den AE, a bhfuil leanbh amháin nó níos mó acu leo) ó na tíortha seo a leanas;

    • 156 saoránach AE ó na Ballstáit seo a leanas:

  • 24

    Baineann na cásanna a cuireadh ar aghaidh le fuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir ar 123 leanbh, agus as sin:

    • 76 cailín• 47 buachaill• idir 3 agus 11 bliain d’aois

  • 25

    Obair eile a bhíonn ar siúl ag Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir.

    Oibríonn Oifig an Idirghábhalaí i sineirgíocht agus i gcomhar leis na hinstitiúidí ábhartha uile, go háirithe an Coimisiún Eorpach, an Chomhairle, Comhairle na hEorpa agus an Chúirt Bhreithiúnais.

    Is cuid lárnach eile dá cuid oibre a bheith ag obair i gcomhar leis na húdaráis lárnacha náisiúnta a cuireadh ar bun faoi Choinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le fuadach Idirnáisiúnta Leanaí.

    Lena chois sin, tarraingítear aird ar leith maidir le malartuithe tráthrialta agus comhar le ENRanna a bhíonn ag obair sa réimse agus le saineolaithe idirghabhála, le síceolaithe, le síceolaithe leanaí, le speisialtóirí oideachais, le hoibrithe sóisialta, le saineolaithe dlí agus le breithiúna, chomh maith le comhar le Interpol agus le fórsaí póilíneachta náisiúnta.

    9.

  • 26

    a. Cad is brí le fuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir?

    Tá na nithe seo a leanas i gceist le fuadach idirnáisiúnta leanaí:

    • leanbh a bheith á aistriú go héagórach óna áit ghnáthchónaithe nó óna háit ghnáthchónaithe agus tuismitheoir nach air nó uirthi amháin atá freagracht an linbh a bheith á thógáil thar lear;

    • leanbh gan a bheith á chur ar ais go dtína Stát gnáthchónaithe ag tuismitheoir nach air nó uirthi amháin atá freagracht an linbh, rud a sháraíonn na cearta coimeádta agus rochtana.

    b. An dlí idirnáisiúnta agus an dlí Eorpach i ndáil le fuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir.

    Glacadh na hionstraimí idirnáisiúnta seo a leanas mar fhreagairt ar an líon méadaitheach d’fhuadaigh idirnáisiúnta arna dhéanamh ag tuismitheoir,

    • An Coinbhinsiún ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (an Háig, 25 Deireadh Fómhair 1980): faoin gcoinbhinsiún seo, féadfaidh tuismitheoir ar fuadaíodh a leanbh a iarraidh go dtabharfaí ar ais an leanbh (mar shampla, i gcás, gur fhuadaigh duine amháin de bheirt tuismitheoirí gur fhuadaigh an leanbh chuig tír eile nó go bhfuil an leanbh á choimeád go héagórach ann) nó go dtabharfaí cearta rochtana ar ais. Is é is aidhm dó sin an leanbh a chosaint in aghaidh na n-éifeachtaí trámatacha a bhainfeadh le haistriú éagórach chuig tír seachas chuig a Stát gnáthchónaithe nó a choimeád ann.

    • Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora (Rialachán na Bruiséile IIa): bunaítear leis an Rialachán seo infhorghníomhaitheacht na mbreithiúnas arna leagan síos ag cúirteanna an Stáit ina raibh gnáthchónaí ag an leanbh i gcásanna a bhaineann le fuadach leanaí. Ní cheanglaítear leis an rialachán seo go mbeadh dearbhú infhorghníomhaitheachta ann maidir le cinntí a dhéanfadh údarás i ndáil le cearta rochtana ar an leanbh.

    • Coinbhinsiún na Náisiún um Chearta an linbh, arna ghlacadh i Nua-Eabhrac an 20 Samhain 1989: seo í an ionstraim a chuireann ar fáil an chosaint is cuimsithí maidir le cosaint leanaí agus a chuireann an chosaint sin chun cinn.

    c. Conas is féidir le tuismitheoirí a bheith san airdeall maidir le fuadach leanaí?

    • Trí iad féin a chur ar an eolas maidir leis na dlíthe i ndáil le coimeád agus le cearta rochtana;

    FORLÉARGAS

  • 27

    • trína thabhairt ar an tuismitheoir eile gealltanas a shíniú chun an leanbh a thabhairt ar ais dá Stát gnáthchónaithe faoin dáta a bheadh leagtha síos dá mbeadh pleananna ann go dtaistealódh an leanbh chuig tír eile;

    • trína iarraidh ar an gcúirt inniúil ordú a eisiúint lena ndéanfaí aistriú an linbh ón tír a chosc go sonrach;

    • trína sheiceáil go bhfuil na húdaráis ar an eolas faoin ordú sin;• tríd an toiliú tuismitheora maidir le taisteal a tharraingt siar, rud a áiritheodh

    go dtarraingeofaí siar an pas a bheadh eisithe do pháiste;• trína áirithiú, i gcás ina ndéanfaidh tuismitheoir nach bhfuil coimeád an linbh

    aige a chearta/a cearta rochtana a fheidhmiú, nach gcoimeádfaidh sé/sí a leanbh thar an am a bheidh leagtha síos.

    d. Cad is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh má fuadaíodh leanbh dá gcuid?

    • Fógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta ionas go bhféadfaidh siad foláireamh a thabhairt dá n-ionadaithe taidhleoireachta agus consalacha sa tír ina meastar gur tógadh an leanbh chuici.

    • iarratas a chur chuig an údarás lárnach i Stát gnáthchónaithe an linbh de réir bhrí Choinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí agus/nó Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 i ndáil le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheoirí;

    • tuairisc a thabhairt láithreach do na póilíní faoin ábhar nó do na húdaráis bhreithiúnacha a bhfuil dlínse acu maidir le háit ghnáthchónaithe an linbh;

    • iarratas a chur chuig an gcúirt a bhfuil dlínse aici maidir le háit ghnáthchónaithe an linbh d’fhonn coimeád aonair a dheonú dóibh faoi nós imeachta práinne;

    • iarratas a chur chuig an gcúirt inniúil go gcuirfí ar fionraí freagracht tuismitheora an tuismitheora a bheadh ciontach as coir an fhuadaigh;

    • iarratas a chur chuig Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir chun nós imeachta idirghabhála teaghlaigh a oscailt.

  • 28

    TREOIRLÍNTE MAIDIR LE hIDIRGHABHÁLAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA UM FHUADACH IDIRNÁISIÚNTA LEANAÍ ARNA DHÉANAMH AG TUISMITHEOIR

    1. SAINMHÍNITHE

    1.1 Chun críocha na nósanna imeachta a bhíonn á seoladh ag Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir:

    a/ ciallaíonn “Idirghabhálaí” Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag Tuismitheoir, ar duine é/í ar iarr na páirtithe air/uirthi idirghabháil a dhéanamh;

    b/ ciallaíonn “próiseas idirghabhála” nós imeachta lasmuigh den chúirt a sheoltar d’fhonn teacht ar chomhaontú, le cabhair an Idirghabhálaí, chun leasa an linbh fhuadaithe/na leanaí fuadaithe.

    2. RÓL AN IDIRGHABHÁLAÍ

    Is é ról an Idirghabhálaí:

    • cabhrú leis na páirtithe chun comhaontú idirghabhála a dhéanamh;• faisnéis a thabhairt faoin dlí atá infheidhme;• aird na n-údarás inniúil a tharraingt ar na heasnaimh atá saineathanta maidir

    le cur chun feidhme an dlí idirnáisiúnta agus an dlí Eorpaigh i ndáil le fuadach idirnáisiúnta leanaí arna dhéanamh ag an tuismitheoir.

    3. NEAMHSPLEÁCHAS AGUS NEAMHCHLAONTACHT

    Ní mór don Idirghabhálaí a bheith neamhspleách go hiomlán agus neamhchlaonta ina chuid oibre/cuid oibre agus ní mór dó/di gníomhú le toiliú sainráite na bpáirtithe.

    Ní mór don Idirghabhálaí gníomhú go neamhchlaonta sna déileálacha go léir a bhíonn aige leis na páirtithe agus iarracht a dhéanamh go measfaí é a bheith neamhchlaonta, agus caithfidh sé/sí féachaint leis an gcúnamh céanna a thabhairt do na páirtithe go léir sa phróiseas idirghabhála.

    4. COMHAONTÚ, NÓS IMEACHTA AGUS SOCRÚ NA DÍOSPÓIDE

    4.1. Nós Imeachta

    Ní mór don Idirghabhálaí a áirithiú go dtuigeann na páirtithe atá bainteach sa phróiseas idirghabhála cad atá i gceist sa phróiseas idirghabhála agus cén pháirt a bhíonn ag an Idirghabhálaí sa nós imeachta sin.

    Caithfidh an tIdirghabhálaí, go háirithe, a áirithiú, sula dtosóidh an próiseas idirghabhála, gur thuig na páirtithe téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe

  • 29

    idirghabhála agus gur aontaigh siad go sainráite leo, lena n-áirítear na ceanglais rúndachta a bhaineann leis an Idirghabhálaí agus leis na páirtithe.

    Caithfidh an tIdirghabhálaí an nós imeachta a sheoladh ar shlí iomchuí, agus na cúinsí sainiúla a chur san áireamh, lena n-áirítear aon mhíchothromaíocht chumhachta idir na páirtithe, aon mhianta sainiúla a bheadh curtha in iúl ag na páirtithe agus na ceanglais dhlíthiúla ábhartha go léir, agus faoin ngná an díospóid a shocrú a luaithe is féidir.

    4.2. Seoladh cuí na n-imeachtaí

    Ní foláir gurb iad leasanna an linbh/na leanaí a bhíonn i gceist an ní is tábhachtaí sa phróiseas idirghabhála.

    Caithfidh an tIdirghabhálaí a áirithiú gur féidir leis na páirtithe go léir páirt iomchuí a bheith acu sa nós imeachta.

    D’ainneoin dhualgas na bpáirtithe na gealltanais a rinneadh i rith an phróisis idirghabhála a urramú, go háirithe iad siúd a leagtar amach sa chomhaontú lenar socraíodh an díospóid, féadfaidh an tIdirghabhálaí an próiseas idirghabhála a fhoirceannadh más rud é:

    • go bhfuil cúis mhaith aige nó aici lena chreidiúint nach dócha go réiteofaí an díospóid dá leanfaí tuilleadh leis an nós imeachta;

    • gur mian leis na páirtithe go n-áireofaí forálacha neamhdhleathacha sa chomhaontú;

    4.3. An nós imeachta a thabhairt chun críche

    Caithfidh an tIdirghabhálaí na céimeanna iomchuí uile a ghlacadh chun a áirithiú gur ar thoiliú feasach a bhunófar aon chomhaontú a dhéanfaidh na páirtithe agus go dtuigeann na páirtithe go léir téarmaí an chomhaontaithe sin. Féadfaidh na páirtithe tarraingt siar ón bpróiseas idirghabhála ag aon am agus gan é de cheangal orthu na cúiseanna a thabhairt chun é sin a dhéanamh.

    5. RÚNDACHT

    Caithfidh an tIdirghabhálaí a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis go léir a thagann chun solais le linn an phróisis idirghabhála nó a bhaineann leis an bpróiseas sin –lena n-áirítear sonraí i dtaobh an bhfuil idirghabháil ar siúl nó ar tharla sé cheana féin – go bhfanfaidh sé rúnda, ach amháin i gcásanna ina gceanglaítear le dlí an fhaisnéis a nochtadh ar bhonn beartais phoiblí.

    Maidir le faisnéis rúnda a nochtfaidh ceann amháin de na páirtithe don Idirghabhálaí, ní foláir gan í a roinnt leis an bpáirtí eile gan cead an pháirtí a bheidh an nochtadh á dhéanamh aige.

  • 30

    Dlínse i gcásanna d’fhuadach leanaí

    I gcásanna maidir le haistriú éagórach nó coimeád leanaí, coinneoidh cúirteanna an Bhallstáit ina raibh gnáthchónaí ar an leanbh díreach sula ndearnadh an t-aistriú nó an coimeád éagórach a ndlínse go dtí go mbeidh áit ghnáthchónaithe faighte ag an leanbh i mBallstát eile agus:

    a. gur thoiligh gach duine, institiúid nó comhlacht eile a bhfuil cearta coimeádta acu, leis an aistriú nó leis an gcoinneáil; nó

    b. go bhfuil cónaí ar an leanbh sa Bhallstát eile sin ar feadh tréimhse bliana ar a laghad tar éis eolas a bheith ag an duine, ag an institiúid nó ag an gcomhlacht eile i ndáil le cá raibh an leanbh, nó ar cheart dóibh an t-eolas sin a bheith acu ina leith, agus go bhfuil an leanbh socraithe ina thimpeallacht nua/a timpeallacht nua agus go bhfuil ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

    I/ nár taisceadh aon iarraidh maidir le tabhairt ar ais an linbh le húdaráis an Bhallstáit inar aistríodh an leanbh nó ina bhfuil sé/sí á choimeád/á coimeád;

    II/ gur tarraingíodh siar iarraidh maidir leis an leanbh a thabhairt ar ais arna thaisceadh ag sealbhóir na gceart coimeádta agus nár taisceadh aon iarraidh nua laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír (I);

    III/ maidir le cás a bhí os comhair na cúirte sa Bhallstát ina raibh gnáthchónaí ar an leanbh díreach sular dúnadh an t-aistriú éagórach nó an coimeád éagórach de bhun Airteagal 11(7);

    IV/ gur eisigh cúirteanna an Bhallstáit ina raibh gnáthchónaí an linbh díreach sula ndearnadh an t-aistriú éagórach nó an coimeád éagórach breithiúnas maidir le coimeád an linbh nach raibh tabhairt ar ais an linbh i gceist leis.

    Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh 2201/2003;

  • ©Photos: Pharlaimint na hEorpa