leabhar mór final layout 1 13/05/2013 13:03 page 3r_na_namhran.pdf · 104. an gamhain geal bán...

50
L EABHAR MÓR NA N A MHRÁN M ICHEÁL Ó C ONGHAILE a chnuasaigh L OCHLAINN Ó T UAIRISG agus P EADAR Ó C EANNABHÁIN a chuir in eagar Cló Iar-Chonnacht Indreabhán Conamara Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3

Upload: others

Post on 25-Jan-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

LEABHAR MÓR NA NAMHRÁN

M I C H E Á L Ó C O N G H A I L E

a c h n u a s a i g h

L O C H L A I N N Ó T UA I R I S G a g u sP E A DA R Ó C E A N N A B H Á I N

a c h u i r i n e a g a r

Cló Iar-ChonnachtIndreabhánConamara

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3

Page 2: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

An chéad chló 2012© Cló Iar-Chonnacht 2012

ISBN 978-1-909367-58-6

Dearadh: Deirdre Ní Thuathail / Clifford HayesEalaín an chlúdaigh: Meadhbh Ní EidhinDearadh clúdaigh:Abigail Bolt

Fuair an togra seo maoiniú ón gComhairle Ealaíon faoin scéim Deis le taighdea dhéanamh ar na hamhráin.

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo aatáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon bhealach ná slí, bíodhsin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile,gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Clóchur: Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.Teil: 091-593307 Facs: 091-593362 r-phost: [email protected]áil: Brunswick Press, Baile Átha Cliath.

Tá Cló Iar-Chonnacht buíoch de Fhoras na Gaeilgeas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.

Faigheann Cló Iar-Chonnacht cabhair airgid ón gComhairle Ealaíon.

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 4

Page 3: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

do na fonnadóirí agus do na filí

a bhí ann ach a d’imigh

a mhair ar an mbeagán

ach a d’fhág mórán

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 5

Page 4: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

CLÁR

Réamhrá 19Nóta eagarthóireachta 48

Na hamhráin1. A bhean úd thíos 512. A Bhríde bheag chrón 523. A Chomaraigh aoibhinn ó 544. A ghadaí a ghoid mo phíopa 555. A Mháire bhruinneall 566. A mhuirnín óg 577. A ógánaigh an chúil chraobhaigh 598. A Phaidí a ghrá 609. A Rí an Domhnaigh 6110. A Sheáin Bháin 6211. A Sheáin mhic Mhurchaidh 6312. A spailpín a rún 6413. Ag an phobal Dé Domhnaigh 6514. Ag Cuan Bhinn Éadair 6615. Ag goil fríd Bhaile an tSratha domh 68 16. Ag siúl chois na trá domh 6917. Aililiú na gamhna 7018. Ainnir dheas na gciabhfholt donn 7119. Aird Tí Chuain 7220. Aisling gheal 7321. Amáireach lá ’le Pádraig 7422. Amhrán an bháinín 7523 Amhrán an bheet 7724. Amhrán an chait 7825. Amhrán an leictreachais 7926. Amhrán an phoitín 8127. Amhrán an phortaigh 8328. Amhrán an phríosúin 84

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 7

Page 5: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

29. Amhrán an phúca 8630. Amhrán an steamer 8731. Amhrán an tae 8932. Amhrán an tobac 9233. Amhrán Bhaby Costello 9434. Amhrán Chamais 9535. Amhrán Fhoirnise 9636. Amhrán Johnny Geoghegan 98 37. Amhrán Khildare 9938. Amhrán Leitir Calaidh 10039. Amhrán Mhaínse 10240. Amhrán Mháirtín Mhóir 10441. Amhrán na heascainne 10642. Amhrán na leabhar 10843. Amhrán na mbád 10944. Amhrán na mBiollaí 11145. Amhrán na mbolmán 113 46. Amhrán na mianach 11447. Amhrán na n-asal 11648. Amhrán na n-iontas 11849. Amhrán na Páise 11950. Amhrán na scadán 12051. Amhrán na Seoighigh 12152. Amhrán na sméar 12253 Amhrán na speile 12354. Amhrán na Trá Báine 12555. Amhrán Phádraic Dharach 12756. Amhrán Phead Bhuí 12857. Amhrán Pheadair Bhreathnaigh 13058. Amhrán Pheait Sheáin Ainde 13359. Amhrán Pheter Mhicil Báille 13460. Amhrán Rinn Mhaoile 13661. Amhrán Shéamais Uí Chonchúir 13762. An Abhainn Mhór 13963. An baitsiléir 14164. An Bás 143

8 | C L Á R

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 8

Page 6: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

65. An bhanaltra 14566. An bhfaca tú mo Shéamaisín 14767. An bhó bhán 14868. An bhruinneall dheas 15069. An bhruinnillín bhéasach 15170. An bhuatais 15271. An binsín luachra 15372. An bobaire 15573. An bonnán buí 15674. An Brianach Óg 15775. An buachaill bán 15876. An buachaill caol ard 15977. An buachaill deas óg 16078. An buachaillín bán 16279. An buachaillín múinte 16380. An buachaillín spéiriúil 16481. An cailín deas rua 16582. An cailín fearúil fionn 16683. An cailín Gaelach 16784. An Caiptín Ó Máille 16885. An Caiptín Seán 16986. An carabhat 17087. An carraigín 17188. An Casaideach Bán 17289. An chaora ghlas 17490. An chéad Mháirt d’fhómhar 17691. An Ciarraíoch mallaithe 17892. An clár bog déil 17993. An crúiscín lán 18094. An deoraí 18195. An dílleachtaí fáin 18396. An draighneán donn 18497. An fáinne 18598. An faoitín 18699. An fear ceoil 188100. An fhaoileann 190

C L Á R | 9

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 9

Page 7: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

101. An Fial-Athair Dónall 192102. An frag 194103. An gabha ceártan 196104. An gamhain geal bán 197105. An gamhnaichín 198106. An Geata Mór 199107. An gheadach dá crú sa ghleann 200108. An ghiobóg 201109. An gleann i bhfad siar 203110. An goirtín eornan 205111. An Gréasaí 206112. An hide-and-go-seek 207113. An mhaighdean mhara 209114. An páistín fionn 210115. An pósadh a bhí i gCána 211116. An raicín álainn 212117. An rógaire dubh & Na ceannabháin bhána

& Páidín Ó Raifeartaigh 213118. An sagairtín 216119. An Sagart Ó Domhnaill 217120. An saighdiúir tréigthe 219121. An Saturday 221122. An sceilpín draighneach 222123. An scian 223124. An seanduine cam 225125. An seanduine dóite 227126. An snáithín céireach 229127. An spailpín fánach 232128. An t-amhrán bréagach 234129. An t-iolrach mór 235130. An táilliúir drúisiúil 237131. An tOileán Úr 238132. An tSailchuach 239133. An tseanbhean bhocht 241134. An tseanbhean liath 242135. An tsióg mhallaithe 244

10 | C L Á R

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 10

Page 8: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

136. An uair sin bhí an féar fada in Árainn 246137. Aonach Bhearna na Gaoithe 248138. Ar a ghabháil ’na chuain domh 249139. Ar a ghabháil go Baile Átha Cliath domh 250140 Ar Éirinn ní neosfainn cé hí 251141. Ar maidin Dé Máirt 252142. Árainn i bhfad i gcéin 253143. Aréir is mé ag machnamh 254144. Asal Mháinse 255145. Asal Pheadair Uí Laidhe 256146. Bá an cheathrair 257147. Báb na gcraobh 258148. Bacach mise ar aon chois 260149. Bádaí na scadán 261150. Bádóirín Thír an Fhia 262151. Baile an Róba 263152. Baile Bhuirne 265153. Baile deas Ghaoth Sáile 266154. Bainis Jimín Joe 267155. Bainne an ghabhair bháin 269156. Beairtlín an gadaí 270157. Béal Átha na hAbhann 272158. Bean an fhir rua 274159. Bean an leanna 275160. Bean an tseanduine 277161. Bean Pháidín 278162. Bean sléibhe ag caoineadh a mic 279163. Beauty deas an Oileáin 280164. Beir beannacht ó Rí na hAoine 281165. Beir mo dhúthracht 282166. Beití Sailí Deain 283167. Bó na leathadhairce 285168. Bóithríní an Locháin 286169. Bríd Bhán 288170. Bríd Ní Ghaora 289171. Bríd Thomáis Mhurcha 290

C L Á R | 11

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 11

Page 9: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

172. Bríde Ní Scannláin 291173. Brídín 293174. Brídín Bhéasaí 294175. Bruach na Cara Léith’ 296176. Bruach na Carraige Báine 297177. Cad é sin don té sin 299178. Cailín an tsléibhe ruaidh 300179. Cailín deas crúite na mbó 301180. Cailín na n-urla donn 302181. Cailleach an airgid 303182. Cailleach na Scríbe 305183. Caisleán an tsléibhe 307184. Caisleán Uí Néill 309185. Cáit Ní Dhuibhir 311186. Caitlín Triall 312187. Caoineadh na dtrí Muire 314188. Caoineadh Thomáis Uí Dhálaigh 315189. Caoirigh na Japs 316190. Carraig Aonair 318191. Casadh an tsúgáin 320192. Casam araon na géanna romhainn 322193. Cath Chéim an Fhia 323194. Cathair na Léige 324195. Céad slán le bliain an taca seo 325196. Ceaite an chúil chraobhaigh 326197. Cearc agus coileach 327198. Ceárta Mhicil de hÓra 328199. Ceo draíochta 330200. Cianach corrach 332201. Cibé fear in Éirinn 333202. Cití na gcumann 334203. Cití Ní Eadhra 335204. Cnoc Leitir Móir 336205. Coinleach glas an fhómhair 337206. Cois Abha Móire na nDéise 339207. Cois Abhann na Séad 340

12 | C L Á R

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 12

Page 10: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

208. Condae Mhaigh Eo 341209. Crann úll 342210. Críocha an Oileáin Úir 343211. Cruach Dhomhnaill Uí Ríordáin 344212. Cuaichín Ghleann Néifinn 346213. Cúirt an tSrutháin Bhuí 347214. Cúirt Bhaile Nua 351215. Cúirt mhallaithe Dhoire an Fhéich 352216. Cuisle mo chroí 353217. Cúl na Binn 355218. Cúl na Cruaiche 357219. Cumha an fhile 358220. Cúnnla 359221. Dán an bháis 361222. Digeas ó deabhas 363223. Dóín dú 364224. Domhnall Ó Maoláine 365225. Dónall Óg 366226. Donncha Bán 368227. Éamonn an chnoic 370228. Éamonn Mhágáine 371229. Eanach Cuain 372230. Eascann Bhaile na hInse 373231. Eibhlín Ní Fhlaithearta 375232. Eileanóir na rún 377233. Éirigh suas a stóirín 378234. Éistidh seal liom 379235. Eochaill 380236. Eoghainín Ó Ragadáin 381237. Eoghan Cóir 382238. Frainc ’ac Conaola 384239. Geaftaí Bhaile Buí 385240. Hó-bha-ín 387241. Idir Aird Mhór is Eochaill 388242. Imeacht na mbád 389243. Iníon an Fhaoit’ ón nGleann 391

C L Á R | 13

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 13

Page 11: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

244. Inis barr an chuain 392245. Inis Dhún Rámha 393246. Is buachaill deas óg mé 394247. Is deas an buachaill fóinteach mé 395248. Is fada ó bhaile 397249. Is measa liom Bródach 398250. Is óra a mhíle grá 400251. Is trua nach bhfuil mé i Sasain 402252. Is trua nach bhfuil mé in Éirinn 403253. Jimmy mo mhíle stór 404254. Johnny Seoighe 405255. Lá dá rabhas ar fuaidreamh 406256. Lá fhéile Cáilín 408257. Lá fhéile Pádraig 410258. Landlady na páirte 411259. Liam an chapaill bháin 413260. Liam Ó Raghallaigh 415261. Línseach Bhearna 416262. Líontar dúinn an crúiscín 418263. Loch na Ní 420264. Loingis óir 422265. Maidin álainn ghréine 423266. Maidin bhog álainn 424267. Maidin fhómhair 425268. Maidin i mBéarra 426269. Maidin Luain Chincíse 427270. Mailí mhómhar 428271. Mailsín Chnoc an Easa Thoir 429272. Mainistir na Búille 431273. Máire Chonnacht 432274. Máire Inis Toirc 433275. Máire mhaiseach 434276. Máire Mhór 435277. Máire Ní Eidhin 437278. Máire Ní Ghríofa 439279. Máire Ní Mhongáin 440

14 | C L Á R

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 14

Page 12: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

280. Máire Ní Taidhg Óig 442281. Máire Rua 443282. Máirín de Barra 446 283. Máirín Staunton 447284. Mal Bhán Ní Chuileannáin 449285. Mal Dubh an ghleanna 450286. Malaí Bhán 451287. Malaí Ní Mhaoileoin 452288. Mar mheath uaim 453289. Méilte Cheann Dubhrann 454290. Meiriocá 455291. Mná bána Bhaile Locha Riach 456292. Mná spéiriúil Ros an Mhíl 457293. Mo chairde gaoil gur thréig mé 459294. Mo Cheallachín fionn 460295. Mo ghille mear 462296. Mo mhadadh beag 464297. Mo shlán beo soir 465298. Mo thigh beag aerach 467299. Móirín na hEaglaise 468300. Mullaigh Chroithlí 469301. Murchadh Ó Maoláin 470302. Na bearta crua 472303. Na Connerys 474304. Na gleannta 475305. Na prátaí dubha 476306. Na tincéirí 477307. Nansaí Bhán Nic Giobarlaí 479308. Neainsín Bhán 480309. Neansaí Walsh 481310. Neilí an bhrollaigh ghil 483311. Neilí Bhán 484312. Ní fheicfear níos mó thú a mhuirnín 486313. Níl ’na lá 487314. Níl mé ar an mbaile seo 489315. Níon an Bhaoilligh 490

C L Á R | 15

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 15

Page 13: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

316. Nóirín mo mhian 491317. Nóra an chúil úmair 492318. Nóra Bhán 493319. Nóra Ní Chonchúir Bháin 495320. Nuair a bhí mise óg 496321. Ócam an phríosúin 497322. Oileán Dhún an Óir 499323. Oileán glas Árann na naomh 500324. Oileán Inis Bearachain 502325. Péarla deas an chúil bháin 503326. Peigín Audley 504327. Peigín is Peadar 505328. Peigín Leitir Móir 506329. Peigín Mistéal 507330. Pilib Séimh Ó Fathaigh 509331. Píopa Ainde Mhóir 510332. Pluid dhorcha Leára 511333. Plúirín na mban donn óg 515334. Preab san ól 516335. Príosún Chluain Meala 518336. Púcán Mhicil Pháidín 519337. Púcán Sheáin Antaine 520338. Raca breá mo chinn 523339. Raghadsa is mo Cheaití 524340. Ráiteachas na tairngreacht 525341. Raithneach a bhean bheag 526342. Réidhcnoc Mná Duibhe 527343. Rinn Ó gCuanach 528344. Róisín Dubh 529345. Ros an Mhíl cois cuain 530346. Sa tseanghleann thiar ag Tadhg Ó Grianna 532347. Sadhbh Ní Bhruinnealla 533348. Sagart na cúile báine 534349. Sail óg rua 536350. Sailor 537351. Sambó éara 539

16 | C L Á R

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 16

Page 14: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

352. Sé fáth mo bhuartha 540353. Seachrán Chairn tSiail 541354. Seachrán Chearbhaill 543355. Seacht ndólás na Maighdine 546356. Séamas Mac Murchaidh 547357. Séamas na staile 548 358. Seán Ó Dí 549359. Seanamhrán na Trá Báine 550360. Seicín an dole 551361. Séimí Eoghainín Dhuibh 552362. Seoladh na ngamhna 553363. Sicíní Bhríd Éamoinn 554364. Siobhán Ní Dhuibhir 556365. Sláinte na n-éanach 557366. Slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil 559367. Slán le Máigh 560368. Slán leis an Dún Aengus 561369. Sliabh geal gCua na féile 563370. Sliabh Liag 564371. Sliabh na mBan 567372. Tá na páipéir dá saighneáil 568373. Táilliúir an mhagaidh 569374. Táim sínte ar do thuama 570375. Táimse ar an mbaile seo 571376. Táimse i mo shuí 572377. Teampall na naomh 573378. Thiar i gConnachta 572379. Thiar i mBaile Uí Dhomhnaill 573380. Thíos i dteach an tórraimh 578381. Thíos i lár an ghleanna 580382. Thug mé rúide 581383. Tiocfaidh an samhradh 582384. Tógfaidh mé mo sheolta 584385. Tomás Bán Mac Aogáin 585386. Tomás Ó Fathaigh 587387. Tórramh an bhairille 588

C L Á R | 17

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 17

Page 15: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

388. Tráthnóinín ó Dé Domhnaigh 589389. Tráthnóna Domhnaigh 590390. Trucail Pheige Bhreátha 592391. Tuireamh Mhic Fínín Duibh 593392. Uaigneas na Rinne 595393. Uaisle Acla 596394. Úna Bhán 598395. Úna dheas Ní Nia 599396. Úna Ní Chonchubhair Bháin 601397. Upsaí rá na nGearaltach 602398. Úr-chill an Chreagáin 604399. Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte 605400. Whiskey ó rabh dil um rabh 606

Nótaí ar na hamhráin 611Malairt teideal 848Clár na gcéadlínte 851Na taifeadtaí 861Foinsí 864Na húdair 873

18 | C L Á R

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 18

Page 16: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

RÉAMHRÁ

‘Bhfuil do dhóthain ansin agat?’

Na chéad taifeadtaí

I lár na 1960idí agus mé i mo ghasúr in Inis Treabhair bhíodh an sean-nós ar an teallach againn, ach ní ó amhránaithe beo a chuala mé é,seachas corramhrán fánach a deireadh m’athair ó am go chéile, ach ócheirníní Ghael-Linn. Ba iad sin na sean-78s, mar a thugtar anoisorthu. Thosaigh siad á bhfoilsiú sa mbliain 1957 agus foilsíodh riarmhaith acu sna 1950idí déanacha agus sna 1960idí. Bhíodh muid ágcasadh ar ghramafón a bhí againn, nuair nach mbíodh sé briste, ruda bhíodh sách minic. Is cuimhneach liom go háirithe ceirníní Sheáin’ac Dhonncha, agus Sheosaimh Uí Éanaí a bheith á gcasadh againnagus sílim go raibh gach véarsa de ‘Amhrán na Trá Báine’ a bhí archeirnín Uí Éanaí de ghlanmheabhair agam agus mé cúig nó sé debhlianta d’aois. Amhrán eile a bhfuil cuimhne mhaith agam air ná ‘Anbhfaca tú mo Sheamaisín’ le Seán Chóilín Ó Conaire. An fáth gobhfuil cuimhne chomh grinn agam ar an amhrán seo ná go raibh anceirnín ar a raibh sé briste ina cheithre cheathrú nuair a tháinig sé sabposta chugainn. Bhí muid ag ceapadh ag an am go mb’fhéidir gurbé an fear poist áitiúil, Muiris Ó Loingsigh as Béal an Daingin, athairan cheoltóra Micheál Ó Loingsigh, a shuigh ar an mála poist nó a ligdó titim agus é ag dul isteach nó amach as an gcurrach. Ach gach seansgo raibh sé briste i bhfad roimhe sin in áit éigin eile ar an aistear as

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 19

Page 17: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Baile Átha Cliath. Táim cinnte nach seolfadh comhlacht ceirníníaitheanta mar Ghael-Linn ceirnín a bheadh briste siar go hInisTreabhair d’aon ghnó!

An leigheas a bhí ag mo mháthair ar an scéal ná an méid ad’fhéadfaí den cheirnín, a leath, a shábháilt. Rinne sí sin. Fuair sícairtchlár agus gliú agus ghreamaigh an ceirnín anuas air. Ghearr sí ancairtchlár go ciorcalach ag imeall an cheirnín agus tholl poll ina lár.Chiallaigh sé go raibh muid in ann éisteacht le taobh amháin dencheirnín. An t-aon fhadhb a bhí leis ná go mbíodh ceithre stad nócliceanna beaga ins gach timpeall a dhéanfadh sé nuair a thrasnódhan tsnáthaid na línte ina raibh na briseanna. Ach ní cuimhneach liomgur chuir sé sin isteach orainn móran. Ní cuimhneach liom ná níl afhios agam fós cén t-amhrán a bhí ar an taobh eile den cheirnín, margo raibh an leath sin ceilte orainn ach bhain muid sásamh agus deatachgo minic as ‘An bhfaca tú mo Sheamaisín’ agus as guth bríomharmeidhreach Sheáin Chóilín. Ba bheag a shíl mé ag an am go gcuirfinnféin aithne mhaith ar bheirt de na hamhránaithe seo, Seán Chóilínagus Seán ’ac Dhonncha, agus go ndéanfainn taifeadtaí eile leo scórbliain níos deireanaí agus iad ag gabháil leaganacha eile de nahamhráin chéanna a chas siad ó cheirníní Ghael-Linn ar an teallachdom, agus go mbeadh fáil ar na leaganacha sin ar dhlúthdhioscaí ChlóIar-Chonnacht agus sa leabhar seo.

Timpeall an ama sin freisin is cuimhneach liom go bhfuair muidbeart ceirníní agus gramafón eile ó bhean a chónaigh trasna na farraigeuainn in Eanach Mheáin. Nóirín Pheaitín a thugadh muid uirthi,Nóirín Bean Mhic Dhonncha. Bhíodh m’athair isteach sa teach annsách rialta. Bhíodh air dul amach go hEanach Mheáin go minic agobair agus le linn drochaimsire tharlódh go mbeadh air cúpla uair anchloig a ligean thairis go n-ísleodh an taoille ar lá garbh nó go mbeadhair fanacht go mbeadh an churach ar snámh. Bhí tigh Pheaitín archeann de na tithe a thaobhaíodh sé. Lá amháin tháinig sé abhaileagus an gramafón is beart ceirníní leis a chuir sí isteach chugainn. Níhaon iontas é go mbeadh spéis ag Nóirín Pheaitín sna hamhráin:bhailigh an tAthair Tomás Ó Ceallaigh go leor amhráin ar an teallachcéanna ó Mháire Ní Mháille, bean Sheáinín Sheáin Mhóir MhicDhonncha, agus tá siad le fáil sa leabhar Ceol na nOileán. Bhí Nóirín

20 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 20

Page 18: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

pósta le Peaitín Sheáinín, deartháir Tom Sheáinín, athair an amhránaíMáirtín Tom Sheáinín. Agus mé dá scríobh seo, ritheann an cheistliom cén fáth nach siar don Sruthán Buí i Leitir Calaidh chuig Máirtína chuir sí na ceirníní agus an gramafón? Níl freagra na ceiste sin agamach b’fhéidir gur cheap sí nach mbeadh aon spéis faoi leith ag Máirtíniontu. Ag an aois sin agus é ina dhéagóir ní raibh aon spéis faoi leithléirithe aige sa sean-nós. Mar atá ráite go minic aige, bhí sé ag tarraingtar an scór sul má chuir sé mórán spéise sa sean-nós ná sul má thosaighsé ag gabháil fhoinn agus ag cur isteach ar chomórtais.

Ceirnín eile a chuaigh i bhfeidhm orm i m’óige ná Grand Airs ofConnemara a d’fhoilsigh Topic Records i Londain sa mbliain 1968. Baí Máire Ní Chonghaile as an bPúirín sa Spidéal an múinteoirbunscoile a bhí againn ar an oileán. Chaith sí beagnach seacht mblianadéag ann ar fad sul má d’aistrigh sí go dtí an Turlach i Ros Muc goluath sna 1970idí. Tháinig sí maidin Luain amháin agus seinnteoirfadcheirníní léi agus roinnt ceirníní. Gléas nua go maith a bhí snaseinnteoirí úd ag an am agus bhí na fadcheirníní nua freisin agus nasean-78s is na gramafóin ag imeacht i léig. Cuimhním go háirithe abheith ag éisteacht le Tomás Ó Neachtain ag gabháil ‘Píopa AindeMhóir’ ón gceirnín sin Grand Airs of Connemara. Seans gur chuir cuidagainn spéis faoi leith san amhrán mar gheall go raibh Tír an Fhialuaite ann, baile nach raibh i bhfad uainn agus a mbeadh cloiste gominic againn faoi. Chomh maith leis sin is amhrán breá bríomharmeidhreach atá ann. Bhíodh ceirníní de chineál eile againn sa scoilfreisin. Cuimhním fós ar an mbailiúchán amhrán Trup Trup a Chapaillínde chuid Bhriain Uí Bhaoill a d’fhoilsigh Gael-Linn sa mbliain 1968,agus atá le fáil i gcónaí. Tá focla ceann de na hamhráin, ‘Mac UíGhogaí’, fanta i mo chuimhne fós:

Seo é Mac Uí GhogaíAn-shásta ina shuí,Cuirfidh Colm láidirMac Uí Ghogaí ina luí.

R É A M H R Á | 21

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 21

Page 19: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Íosfaidh sé an t-iomlánIdir bhuí agus bhán,Beidh Mac Uí Ghogaí folamhAch beidh Colm láidir lán.

Céad Slán le Mac Uí Ghogaí!

Cé gur mór idir ‘Mac Uí Ghogaí’ agus ‘Píopa Ainde Mhóir’ nó nahamhráin mhóra sean-nóis, nó na hamhráin Bhéarla a bhíodh againnar nós an amhráin thírghráúil ‘My Irish Soldier Laddy’, ní fhaca muideaon difríocht eatarthu ag an am agus bhain muid taitneamh astu uilig.Amhráin ab ea iad a raibh brí iontu, is spraoi is sásamh le baint astu.

Mar is léir, bhí tábhacht le taifeadtaí Ghael-Linn domsa sna bliantasin. Bí cinnte go raibh siad tábhachtach do na céadta is na mílte duineeile freisin. Ainneoin go raibh cónaí sa bhfíor-Ghaeltacht orm ní raibhan oiread sin sean-nóis beo le cloisteáil agam i mo thimpeall. Ach nímór a chur san áireamh gur ar oileáinín an-bheag a bhí cónaí orm, isnach raibh ach cúig theaghlach ar an oileán. Bhí an saol sóisialta agusan caitheamh aimsire a bhí ann an-teoranta dá réir. Bhí cáil an spraoi,an cheoil is na timeannaí ar Inis Treabhair tráth den tsaol ach b’in ibhfad roimh m’amsa. Thagadh daoine trasna na farraige as LeitirCalaidh agus as áiteacha eile ann ag timeannaí. Bí cinnte go mbíodhbraonacha poitín le fáil freisin ag cuid de na timeannaí seo agus iad agdul ar aghaidh go maidin. Ós rud é gur oileán farraige a bhí ann níraibh sé éasca ag an ngarda ná ag an sagart teacht aniar aduaidh arlucht na scléipe is an spraoi i ngan fhios.

An t-aon chuimhne atá agamsa ar amhráin a chloisteáil á rá gopoiblí ar an oileán ná a bheith ag éisteacht le comharsana dár gcuid,clann Dharachín Chatháin, clann a raibh gaol gar acu leis an amhránaíDarach Ó Catháin. Bhí clann mhór acu ann agus bhíodh a bhformhóranonn is anall go Sasana. I mo ghasúr, is cuimhneach liom a bheith agéisteacht le cuid acu agus iad ag siúl na mbóithre agus iad ag cur ‘ambundún amach’, mar a deirtí, is iad ag gabháil fhoinn. Ach ní d’aonéisteoir ná d’aon phobal a bhídís ag gabháil fhoinn ach díreach marchaitheamh aimsire nó mar shásamh dóibh féin. Ní raibh ann ach goraibh muide inár gcónaí sách gar dóibh lena gcloisteáil. B’fhéidir, scaití

22 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 22

Page 20: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

eile, go mbeidís ag seoladh beithíoch is chloisfeá an guth is ant-amhrán ag teacht trasna na ngarrantaí. Níor chuir muid aon suimfaoi leith ann. Ghlac muid leis mar rud nádúrtha agus bhí a leithéidcoitianta in áiteacha go leor eile ar fud na tuaithe ag an am. Amhránaíeile ón oileán is ea Nóra Uí Mhaoildhia, nó Nóra Joe Bheairtle ÓCurraoin as an Trá Bhán ó dhúchas, a phós isteach, agus SeosamhÓ Flatharta, a bhfuil leaganacha d’amhráin leo beirt sa leabhar seo.Ach ní i mo ghasúr beag a bhí mé nuair a chuala mé a gcuid amhráni dtosach ach i mo dhéagóir agus mé ag caitheamh níos mó ama ar anmórthír ná ar an oileán.

Ag taifeadadh an tsean-nóis

Ba sa mbliain 1985 a bunaíodh Cló Iar-Chonnacht mar fhoilsitheoiríleabhar Gaeilge agus ba sa mbliain 1987 a foilsíodh an chéad chaiséad,Seal ag Tarraingt Fheamainne le Cóilín Ó Confhaola as Barr Roisín,Ros an Mhíl. Go luath ina dhiaidh sin foilsíodh Céad Slán le Camusle Colm Ó Méalóid as Doire Longáin i Ráth Chairn. Is as Camas ódhúchas do Cholm ach bhí cónaí air i mBaile Átha Cliath ag an am,áit a raibh sé ina gharda. Thaifead Máirtín Tom Sheáinín SeoltóireachtGhéar: Amhráin Sheáin Cheoinín dúinn agus lean taifeadtaí le Dara BánMac Donnchadha, Seán Chóilín Ó Conaire, Sean ’ac Dhonncha agusCaitríona agus Michael Mháire an Ghabha iad sin. Is dóigh go raibhmuid ar an mapa mar lipéad ceoil dáiríre faoin am sin.

Bhí cúiseanna eile le hamhráin agus sean-nós a fhoilsiú sa mbliain1987. Bhí an-spéis agam féin sna hamhráin, mar atá soiléir, agus anbhliain roimhe sin, 1986, d’fhoilsigh muid leabhar amhrán, Croch SuasÉ! a chuir mé in eagar. Amhráin nuachumtha ba mhó a bhí inti, amhráina bhí luaite le leithéidí John Beag na nAncairí ina measc, ach nach raibhle fáil i gcló in áit ar bith. Bhí roinnt mhaith amhrán sean-nóis agusaistriúcháin ón mBéarla sa leabhar freisin, amhráin a bhíodh in úsáidsna Coláistí Gaeilge ina mbínn ag múineadh. Bhí an-éileamh ar anleabhar agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar phobal Chonamara, naGaeltachta agus na Gaeilge. Díoladh breis agus sé mhíle cóip taobh istighde bhliain, díolaíocht eisceachtúil do leabhar Gaeilge.

R É A M H R Á | 23

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 23

Page 21: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Is cuimhneach liom ag an am go mbínn ag achainí ar chraoltóiría bhí fostaithe i Raidió na Gaeltachta caiséid a fhoilsiú. Bhí nahamhránaithe agus a gcuid taifeadtaí ansin ar fad faoina gcuidméaracha acu ach dar ndóigh níorbh é cúram Raidió na Gaeltachtadul i mbun gnó na trádála den chineál seo – cé go deimhin gondeachaigh RTÉ Enterprises ina bhun roinnt blianta ina dhiaidh sinagus gur fhoilsigh dlúthdhioscaí, roinnt dlúthdhioscaí breátha sean-nóis ina measc, ar nós Róise na nAmhrán – Songs of a Donegal Womanagus Amhráin ar an Sean-Nós, a foilsíodh i lár na 1990idí.

Cúis eile gur thosaigh Cló Iar-Chonnacht ag foilsiú caiséad ná goraibh a laghad sin caiséad sean-nóis ar fáil sna blianta sin. Bhí roinnttaifeadtaí déanta ag Gael-Linn agus ag Ceirníní Cladaigh ach bhí goleor leor acu as cló nó ní raibh atheisithe ar chaiséid. Ba cineálidirthréimhse a bhí sna blianta seo sa méid is go raibh ré nabhfadcheirníní nach mór caite, agus nach raibh ré na ndlúthdhioscaítagtha i réim i gceart go fóill. Ar chaiséid is mó a bhí éileamh, agus níhé amháin go raibh gléas seinnte caiséad i ngach teach ach bhí aleithéid i ngach carr a bhí ar bóthar freisin agus gan aon chaiséad sean-nóis gurbh fhiú trácht air le fáil. Bheadh margadh ann dá leithéid, mara fuair muid amach. Taobh istigh de thrí bliana bhí breis agus dhá scórcaiséad foilsithe againn. Bhí éileamh mór ar chuid acu, ach éileamhfíorbheag ar a thuilleadh acu. Cuid acu a dhíol breis agus míle cóip,roinnt nár dhíol ach dó nó trí de chéadta. Ba chuma sin. Ní chunairgead a dhéanamh a thug muid faoin ngnó ach chun freastal aréileamh an phobail agus lena chinntiú go mbeadh an líon ab fhéidirde ghuthanna éagsúla sean-nóis ó na Gaeltachtaí éagsúla ar fáil. Fuairmuid deontas de £5,000 ón gCrannchur Náisiúnta trí Roinn naGaeltachta ag an am le leathchéad caiséad a fhoilsiú, is é sin £100 inaghaidh an chaiséid. Bhí Nioclás Ó Conchubhair as Leitir Móir iSeanad Éireann ag an am agus d’eagraigh sé cruinniú dom sa Dáil leAire Gaeltachta na linne, Donncha Ó Gallchobhair. Chuir mé an cásina láthair, rud nach raibh deacair mar go raibh mé ag bualadh ardhoras a bhí oscailte. Thiocfadh an lá nuair a bheadh amhráin leDonncha féin ar taifead againn feisin.

Ó thaobh an phróisis taifeadta di bhí an-chomhoibriú idir muidféin agus Raidió na Gaeltachta ón tús. Bhí an tuiscint ann agus socrú

24 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 24

Page 22: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

neamhfhoirmeálta go bhféadfadh muid an stiúideo i gCasla, agus snaréigiúin eile a úsáid nuair nach mbeidís faoi bhrú, sna tráthnónta deghnáth nuair a bhíodh an stáisiún imithe den aer. Fúinn féin a bhí sésocrú a dhéanamh leis na teicneoirí nó na craoltóirí éagsúla. Ba igCasla, thar dhá thráthnóna, a rinneadh an taifeadadh ar chaiséadChóilín Uí Chonfhaola agus an teicneoir Declan Cassidy i mbunteicneoireachta. Ba é Seán Ó Héalaí a bhí lonnaithe i mBaile ÁthaCliath ag an am a thaifead Colm Ó Méalóid dúinn. Sílim gur dhásheisiún a bhí ansin freisin, in RTÉ, agus is cuimhneach liom gondeachaigh muid go Club an Chonartha i ndiaidh ceann acu agus goraibh seisiún fada amhránaíochta againn ann. Dúirt an Méalóideachleaganacha den amhrán, ‘Máire Mhór’, leagan ina raibh ceathrúnaíraibiléiseacha a ghoill ar bhean nó dhó as Conamara a bhí i láthairagus a tharraing roinnt argóna agus aighnis. Ach ba chuidthábhachtach de thraidisiún amhránaithe Chonamara iad na hamhráinraibiléiseacha a bhíodh á gcasadh ag mná chomh maith le fir igConamara i lár na haoise seo caite.

Thug Ó Héalaí an-chúnamh dúinn freisin le taifeadtaí eile, caiséidleis Na Shandies agus Pádraig Ua Maoileoin go háirithe, An Cócónut,agus nuair a bhí sé ar ais ar a fhód dúchais i Maigh Eo chuir sé andlúthcheirnín Glór Mhaigh Eo i dtoll a chéile dúinn.

Sna blianta tosaigh freisin ba mhór an chabhair a fuair muid óMháirtín Tom Sheáinín, a raibh spéis faoi leith sna hamhráin aige agusa raibh aithne aige ar gach amhránaí. Nuair a chuaigh muid tamall óbhaile, go Tír Chonaill, bhí Lillis Ó Laoire mar réalt eolais agus marthreoraí againn agus b’iontach an cúnamh a thug Pat Ó Rabhartaighsna Doirí Beaga dúinn. Fuair Pat bás go hóg beannacht Dé leis. Imeasc na n-amhránaithe a thaifead sé do CIC bhí Caitlín NíDhomhnaill, Conall Ó Domhnaill, agus Éamonn Mac Ruairí chomhmaith le heagar a chur ar sheantaifeadtaí Áine Bean Uí Laoi. Bhí siseamach go maith sna blianta ag an am agus gan a guth chomh maithagus a bhíodh, agus níor theastaigh uaithi taifeadadh nach mbeadh arardchaighdeán a eisiúint. B’in an chúis gur úsáid muid seantaifeadtaídá cuid mar a rinne muid le roinnt amhránaithe eile freisin, Seán dehÓra agus Nioclás Tóibín ina measc.

Stiúideo eile a mbíodh muid ag tarraingt air go rialta sna blianta

R É A M H R Á | 25

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 25

Page 23: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

tosaigh ná an West One Studio a bhí ar an mBaile Bán i nGaillimh.Ba le Seán Walsh an stiúideo seo i dtosach, úinéir an lipéid cheoilGTD agus amhránaí leis an ngrúpa ceoil The Haymakers a bhíodhag casadh ag na hallaí damhsa i gConamara agus ar fud iarthar nahÉireann. Pat Neary a bhíodh mar theicneoir ansin agus thóg Pat féinan stiúideo ar láimh ní ba dheireanaí. Ba é Dara Bán an chéadamhránaí a thaifead muid ann agus ina dhiaidh sin ba ann a taifeadadhSeán ’ac Donncha, Seán Chóilín Ó Conaire, Michael Mháire anGhabha, Johnny Mháirtín Learaí agus go leor leor eile.

Tá cuimhne mhaith agam ar thaifeadtaí Dara Bán a dhéanamh iSamhain na bliana 1987 mar gur chaith muid seisiúin taifeadta a churar athló faoi dhó. Bhí cúis mhaith leis, mar go raibh slócht air tar éisan méid amhrán a bhí ráite aige ag an Oireachtas thíos sa Daingeanroinnt seachtainí roimhe sin. Ba ag an Oireachtas sin a rinne muidsocrú lena chéile caiséad a dhéanamh ach bhí sé beagnach mí níosdeireanaí sul má shroich muid an stiúideo. Ainneoin sin is uile tábeagán slócht air i gcorr áit ar an taifeadadh sin a rinneadh don chéadchaiséad, An Meall Mór.

Amhránaithe sa stiúideo

Bhí amhránaithe thar a chéile a bhí níos fearr sa stiúideo. Cuid acu abhí ar a suaimhneas, tuilleadh acu a fuair deacair é. Tar éis an tsaoil tásé mínádúrtha d’amhránaí sean-nóis suí nó seasamh istigh i stiúideolom agus amhrán a rá isteach i micreafón do na ballaí nó amach trífhuinneog ghloine don teicneoir. Is cuid den amhránaíocht sean-nóisan t-éisteoir agus an pháirtíocht is an teolaíocht a bhronnann an luchtéisteachta ar an amhránaí. An rannpháirtíocht nó an éisteacht in aonfhocal amháin. Ní raibh mise i láthair i mBaile Átha Cliath nuair arinne Peadar Ó Ceannabháin an taifeadadh de Mo Chuid den tSaol achdúirt sé liom ina dhiaidh sin go bhfuair sé an-deacair é agusmínádúrtha. Rinne sé an cur síos seo ar a thaithí:

26 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 26

Page 24: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Chuir an teicneoir Joe Ó Dubhghaill comhairle mhaith orm, théisseisiún amháin: ‘Samhlaigh go bhfuil tú ag gabháil fhoinn duit féin saseomra folctha,’ a dúirt sé liom. Níor thuig mé i gceart go dtí sin nachionann mic an stiúideo agus mic an ardáin. Maidir leis an taifeadadhféin, ba í an fhuaim is mó a bhí ar m’aire i dtosach. Ní raibh aon luíagam leis an reverb [macalla bréige]. D’fhiafraigh Joe díom cén sórtfuaime a bhí uaim. ‘An cineál atá ar cheirnín Joe Éinniú,’ a deirimse,‘an ceann a bhfuil “Curachaí na Trá Báine” air. Tá an fhuaim gohálainn air sin,’ a deirimse. ‘Tabhair isteach agam é go gcloise mé é’,a dúirt Joe. Ach, nuair a d’éist sé leis, ‘Ní i stiúideo a déanadh é sinchor ar bith,’ a dúirt sé, ‘ach i seomra eicínt. Fuaim nádúrtha atá ansin’.Sin athrú mór a tháinig ó shin: gur féidir deis taifeadta den chéadscoth a thabhairt in áit a bheadh níos nádúrtha ná siúideo.

De na hamhránaithe ar fad a thaifead muid ba é Séan ’acDhonncha ba lú a chaith am sa stiúideo. Timpeall uair go leith a thógsé air an taifeadadh iomlán a dhéanamh don chaiséad An SpailpínFánach. Shuigh sé síos, chaith cos thar an gcois eile agus dúirt gachamhrán acu as cos a dtaca. Ní raibh air aon cheann acu a rá faoi dhóseachas amhrán amháin, agus an t-aon chúis a bhí leis sin ná go raibhbiro i ngreim ina lámh aige agus gur chliceáil sé é agus go raibh anclic sin le cloisteáil i bhfostú i bhfocal éigin. Ar ndóigh, ag an am basheanchóras eagarthóireachta a bhí ann agus bhí orainn go leoreagarthóireachta a dhéanamh ar chuid de na taifeadtaí, an chéadchaiséad a rinne Dara Bán ina measc. Bhíodh cineál faisean aige ascornach a ghlanadh scaití idir línte nó véarsaí. Tá daoine ann adéarfadh go bhfuil a leithéid nádúrtha, agus tá, ach má bhíonn sé lecloisteáil rómhinic san amhrán céanna ar thaifeadadh, goilleann sé aran éisteoir. An bealach a bhí ann ag an am – agus seo an ré ina raibhna téipeannaí ceathrú orlaí in úsáid – ná an chasacht nó an fabht aaimsiú ar an téip, a mharcáil le peann ag chaon chloigeann – tharlódhgo mbeadh leath orlach nó orlach téipe i gceist – agus ansin an píosasin a ghearradh amach as an téip le lann agus píosa eile de théip ghlana bheadh ar fhad nádúrtha a chur isteach ina n-áit agus iad a ghreamúnó a splaghasáil ina chéile le téipín bheag eile a mbeadh gliú air. B’inan modh mall oibre roimh ré na dtaifeadtaí ríomhaireachta. Anois tásé beagnach chomh héasca focal nó abairt a bhaint as amhrán is atá sé

R É A M H R Á | 27

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 27

Page 25: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

focal nó líne a bhaint as alt a bheifeá a scríobh ar do phróiseálaí focal.Ach próiseas mall fadálach a bhí ann ag deireadh na 1980idí is tús na1990idí, ach nuair nár chleacht muid a mhalairt níor chuir muid móránsuime ann ach leanacht ar aghaidh leis an obair eagarthóireachta. Fósféin, sa lá atá inniu ann nuair a éistim arís le cuid de na seantaifeadtaísin a raibh mé sa seomra eagarthóireachta ag cur eagar orthu, is iad naspásanna sin idir na línte, na focail nó na véarsaí a chloisim – cuid acub’fhéidir rófhada nó róghearr le bheith céad faoin gcéad nádúrtha. Bímag súil gur mé féin amháin a thugann suntas dóibh.

Fear amháin nach raibh stró dá laghad sa stiúideo air ab ea SeánChóilín Ó Conaire. Ach mura raibh aon stró sa stiúideo air ba mhóran stró é a thabhairt chomh fada leis an stiúideo. Bhí cónaí air ag anam i 50 Walter Macken Flats, i Muirbheach ar imeall chathair naGaillimhe. Scríobh mé chuige ag fiafraí de an mbeadh sé sástataifeadadh a dhéanamh. Bhí agus chuir mé nóta chuige ag rá leis gombuailfinn isteach chuige ar a leithéid seo de lá le labhairt faoi chúrsaí.

Rinne mé sin agus bhí sé ag siúl síos suas taobh amuigh dá árasánag fanacht agus é ag eascainí ar bhean rialta éigin a bhí tar éis a bheiththart díreach romham chun eolas a thabhairt dó faoi dhinnéar nóócáid éigin a bhí dá eagrú do sheandaoine na n-árasán. Ní raibh faoidul ann, a dúirt sé liom níos deireanaí. D’fháiltigh sé romham, cé nárliomsa a bhí sé ag súil ar chor ar bith, ach le Maidhc P. Ó Conaola, achaith seal ag obair i Raidió na Gaeltachta agus a raibh taifeadtaídéanta aige le Seán Chóilín do chláracha raidió thar na blianta. Godeimhin rinne Maidhc P. scoth clár teilifíse le Seán Chóilín do RTÉchomh maith.

Bhí roinnt meascán mearaí nó seachmall ag teacht ar Sheán ag anam agus ní raibh aon iontas orm gur mheasc sé suas an Conaolachagus an Conghaileach. Ach bhí a fhios aige cé mé féin mar go mbíodhcorrdheoch aige féin is ag m’athair le chéile i gcathair na Gaillimhescaití. Ach nuair a bhí sé in ainm is a bheith ag an stiúideo seachtainnó dhó ina dhiaidh sin ní raibh tásc ná tuairisc air. Socraíodh dáta eiledon taifeadadh, agus an babhta seo chuaigh mé chuig a árasán roimhré, ach céard a gheobhainn romham ach nóta fágtha ar an doras domag rá go raibh sé imithe go Ráth Chairn áit a raibh deartháir dó,Dudley, nach raibh rómhaith. B’in lá eile imithe amú. Ag an am ní

28 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 28

Page 26: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

raibh carr agamsa agus bhínn ag brath ar dhaoine eile le bealach a fháilisteach go Gaillimh nó ar Choras Iompar Éireann nach raibh rórialta.Chomh maith leis níor fheil an ealaín seo don stiúideo ná denteicneoir, Pat Neary, ach lena cheart a thabhairt dó thuig sé an cásagus bhíodh obair eile eagarthóireachta ar láimh aige a d’fhéadfadhsé a tharraingt chuige ar laethanta dá leithéid. Tá am stiúideo thar abheith costasach agus seachas áit ar bith ní áit é le ham a chur amú nále bheith ag guairdeall thart. Ar an taobh eile den scéal ní féidiramhránaí ná ceoltóir a dheifriú nó a fhórsáil i suíomh dá leithéid nóis amhlaidh a ghabhfas rudaí chun donais agus ní thiocfadh an ealaínleo. Caithfidh tú a ligean ort féin go bhfuil an lá uilig agat, agusamárach más gá, leis an taifeadadh a dhéanamh go nádúrthacompórdach. Thuig Pat Neary go maith carachtair ar nós SheáinChóilín. Cé nach raibh mórán Gaeilge aige bhí an-mheas aige ar ansean-nós agus an fhoighid aige ba ghá dá leithéid sa stiúideo. Thaifeadsé Micho Russell taca an ama chéanna do GTD agus bhain sé an-sásamh as a bheith ag obair leis siúd freisin.

Ach fuair mé greim ar Sheán Chóilín ar an tríú lá. Bhí sé ráiteaige liom, mura mbeadh sé ag an árasán, gur dóigh go mbeadh sé istighi dteach ósta sa gcathair ar a dtugtaí an Fox Bar. Tá an Fox Bar i gcónaíann le taobh an stáisiúin traenach, ach gur teach ósta atá réitithe amachgo breá atá anois ann, ach ag an am úd, ní raibh ann ach seanphrochógchearnógach d’áit nach mbeadh mórán níos mó ná cisteanach tí.Chuaigh mé isteach go luath ar maidin agus bhí Seán Chóilín ann.Tar éis am dinnéir a bhí leagtha amach againn don seisiún taifeadtaagus ghlaoigh mé ar an stiúideo ag rá go mbeadh muid ann. Chinntighmé nár lig mé uaim é an chuid eile den lá sin. Bhí mé beagnach ingreim láimhe ann faitíos go n-éalódh sé uaim. Ní hé go ndéanfadhsé sin d’aon ghnó ach mar a dúirt mé, ós rud é go raibh beagánseachmall air, d’fhéadfadh sé a aghaidh a thabhairt áit ar bith de shiúla chos nó suí isteach ar bhus ar iompú boise. Bhí an bealach sin leis irith a shaoil ar aon nós. Greadadh leis ina bhealach féin cibé am bamhaith leis. Ba mhinic leis deatach a bhaint as an saorthaisteal. Dágcasfaí duine aitheantais dó a bheadh ag dul suas go Baile Átha Cliathar an traein bheadh sé chomh dóichidí go mbuailfeadh sé suas inéineacht leis don chomhluadar agus anuas ar an gcéad traein eile.

R É A M H R Á | 29

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 29

Page 27: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Ach ní raibh aon stró air sa stiúideo. Ceol ab ea Seán Chóilín idirchorp, chraiceann is anam. Ní fhéadfá treoir a thabhairt dó. Gan súilar bith againn leis tharraing sé orgán béil as póca a sheaicéid agus chascúpla píosa air istigh i lár an tseisiúin taifeadta. De ghnáth bíonn tú agiarraidh ar amhránaí a bheith ciúin sa stiúideo, go háirithe a bheithcúramach timpeall maidhceanna ionas nach mbeidh aon tumpáil náaon torann ar an taifeadadh. Ach céard a dhéanfadh mo Sheán achtosaí ag damhsa istigh sa stiúideo le linn dó a bheith ag casadh poirtíníbéil. Is féidir an torann a chloisteáil fós ar na taifeadtaí. D’fhág muidann iad. Ní fhéadfaí iad a ghearradh amach ar aon nós fiú dá mbeadhmuid ag iarraidh. Is dlúthchuid de Sheán Chóilín féin iad. Ba ea freisinan rógaireacht agus an raibiléiseachas atá le tabhairt faoi deara gosoiléir san amhrán Béarla ‘My Pretty Fair Maid’. Ag críoch an amhráinpléascann sé amach ag gáire. Ní fhéadfaí an gáire a ghearradh ónamhrán. Ach ní bheadh éinne a thuigfeadh an t-amhrán nó ant-amhránaí ag iarraidh go ngearrfaí, óir b’in é Seán Chóilín inasteillbheatha. Foilsíodh é díreach mar a bhí gan aon eagarthóireacht.Is minic ó shin a chuala mé ó chlann Sheáin ’ac Dhonncha go mbíodha n-athair ag baint fíorspraoi as an taifeadadh áirithe sin de ‘My PrettyFair Maid’ go mbíodh sé ag casadh an chaiséid do gach duine athagadh isteach sa teach ag cuairt.

Roghnú na n-amhrán do na taifeadtaí

Nuair a bhíodh na hamhránaithe ag roghnú amhráin le cleachtadhagus le taifeadadh, thugainn roinnt treoracha dóibh. Bhíodh cuid dena treoracha sin dírithe ar mhargaíocht is ar éileamh an phobail,tuilleadh acu dírithe ar chaomhnú an n-amhrán is an traidisiúin. Marshampla bheadh an pobal ag súil le hamhráin áirithe ó amhránaitheáirithe. Ba dheacair dlúthdhiosca le Johnny Mháirtín Learaí a eisiúintgan ‘Contae Mhaigh Eo’ a chur air, Cóilín Cliseam gan ‘Caisleán UíNéill’ nó Meaití Jó Shéamuis gan ‘Bóithríní an Locháin’.

Tá amhránaithe ann atá tar éis a gcuid féin a dhéanamh d’amhráináirithe. Is beag nach bhféadfá a rá gur ‘leo’ iad. Bheadh an-díomá ar alucht leanúna mura mbeidís ar dhlúthdhioscaí dá gcuid. Ach ar an

30 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 30

Page 28: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

taobh eile den scéal bhínn ag iarraidh ar amhránaithe amhráin neamh-ghnácha, amhráin b’fhéidir nach raibh taifeadta in aon áit eile, a aimsiúagus a thaifead. A leithéid d’amhráin a ruaigeadh amach as na cúinníagus anáil is beatha nua a thabhairt dóibh. Bhíodh amhráin áitiúla abhain lena gceantar féin ag amhránaithe freisin agus bhínn ag moladhmeascán d’amhráin mhall agus amhráin sciobtha ionas nach mbeadhsé róthrom d’éisteoirí. Bhí amhráin Bhéarla ag roinnt de na fonnadóiríagus d’fháiltigh muid rompu sin freisin. Spás timpeall seasca nóiméada bhíodh ar na caiséid agus d’fhéadfá idir deich agus scór amhrán achur orthu ag brath ar a bhfad. Bheifeá ag meascadh na n-amhránansin, á gcur in ord ag iarraidh dhá thaobh an chaiséid a bheith arcomhfhad. Scéal difriúil a bhí ann nuair a tháinig an dlúthdhiosca ara mbíonn spás de seachtó sé nóiméad is na hamhráin ar fad ar aontaobh amháin.

Amhrán amháin nár éirigh liom a thaifeadadh fós na ‘Bródach UíGhaora’. Bhínn ag iarraidh ar Dhara Bán é a chur ar an dara caiséada d’eisigh sé. Bhí a fhios agam go maith go raibh an t-amhrán aige.Ach bhí drogall air tabhairt faoi mar gur bhain an t-amhrán lenacheantar féin agus go bhféadfadh véarsaí as a bheith gar don chnámhagus goilliúnach. Bhí faitíos air go nglacfadh gaolta na Bródaí maslaas an amhrán a thaifeadadh. Bhí go leor amhrán áitiúil mar sin ag DaraBán nach raibh sé compordach go ndéanfaí taifeadadh orthu le foilsiúgo poiblí. Tá taifeadadh den Bhródach le fáil, áfach, sa bhailiúchán dáchuid amhrán atá in Ollscoil Luimnigh. ‘Ach nár thaifead Joe Heaneyé,’ a deirimse leis lá. ‘Bhí Joe Heaney i bhfad ó bhaile,’ a d’fhreagair sé.

In imeacht na mblianta bheadh breis agus míle amhrán éagsúiltaifeadta ag Cló Iar-Chonnacht. Sin gan bacadh le traiceanna ceoil.Ceithre chéad de na hamhráin siúd atá sa leabhar seo, chomh maithle dornán beag a fuair muid ó Ghael-Linn, Ceirníní Cladaigh agus ófhoilsitheoirí eile mar nach raibh leaganacha againn féin díobh.Amhráin Bhéarla, aistriúcháin, agus amhráin nuachumtha iad na cinneile nach bhfuil sa leabhar seo.

R É A M H R Á | 31

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 31

Page 29: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Dlúthdhioscaí is leabhráin

Ba sa mbliain 1992 a d’fhoilsigh muid an chéad dlúthdhiosca,Nomads/Fánaithe le John Faulkner. Bhí na dlúthdhioscaí ag éirícoitianta ag an am agus an t-éileamh a bhíodh ar na caiséid ag laghdú.Bhí sé sách costasach dlúthdhioscaí a fhoilsiú ach ba é an treo é agcaithfí dul. Bhí an caighdeán fuaime ní b’fhearr agus ní ba ghlaine arna dlúthdhioscaí. Buntáiste mór eile a bhain leis an dlúthdhiosca nágo raibh siad i bhfad ní b’áisiúla do chraoltóirí raidió le n-úsáid námar a bhíodh na caiséid a raibh go leor siar is aniar ag baint le haimsiúna n-amhrán orthu. Bhí i bhfad níos mó aeir, am craolta, le fáil agamhránaí má bhí an taifeadadh ar dhlúthdhiosca, mar sin, rud achuidigh leis an díolaíocht is leis an bhfógraíocht. Bheartaigh muiddá réir na seantaifeadtaí ba luachmhaire a atheisiúint ar dhioscaí,leithéidí chaiséid Sheáin ’ac Dhonncha, Johnny Mháirtín Learaí, DaraBán, Nioclás Tóibín, srl. I gcásanna chuir muid amhráin bhreise leo,cuid acu ó sheantaifeadtaí le comhlachtaí eile mar a rinne muid i gcásSheáin ’ac Dhonncha.

Deis mór eile a tháinig leis na dlúthdhioscaí ná go raibh spás agdul leo ina bhféadfaí leabhráin a chur ina mbíodh focail na n-amhrán,nótaí ina dtaobh chomh maith le haistriúcháin, pictiúir bhreise aguseolas faoi na hamhránaithe. Cé nach mar sin a chonaic muid ag anam é, ba iad na leabhráin sin, d’fhéadfá a rá, an chéad dréacht as arroghnaíodh na hamhráin don leabhar seo.

Bhí agus bíonn dua ag baint leis na hamhráin seo a scríobh amachmar a thuigeann eagarthóirí an leabhair seo go maith. Tá corrfhocaliontu seo, táim cinnte, a chuaigh thar ár gcluasa, cinn eile ar baineadhmí-bhrí astu, cinn eile ina bhféadfá rogha a dhéanamh idir dhá fhocaléagsúla mar go ndéanfadh chaon cheann acu ciall nó go mbeadh focaldá leithéid le fáil i leaganacha eile. Bhí cuid de na hamhránaithe sean,scaití doiléir, scaití mantach, rud nár chuidigh le cúrsaí foghraíochta.Bíonn cuid de na fonnadóirí thar a bheith cúramach agus beidh siadag iarraidh a bheith cinnte go mbeidh chuile fhocal ceart acu achbíonn a thuilleadh acu nach mbíonn chomh cúramach sin. Tuilleadha chuirfeadh isteach a bhfocal féin ar an toirt mura mbeidís in anncuimhneamh ar an mbunfhocal. D’athraigh, d’fhás, meascadh agus

32 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 32

Page 30: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

scaipeadh go leor de na hamhráin seo thar na glúnta, thar na céadtabliain. Cuimhnigh freisin gur cuid nádúrtha den traidisiún í anchumadóireacht extempore mar a gcumtaí líne nó véarsa ar an láthairmar shampla ‘Is óra a mhíle grá’.

Sa mullach ar an méid sin ní gá go mbeadh na fonnadóirí féinsoiléir faoi bhrí gach focail. Is cuimhneach liom a bheith ag scríobhamach amhráin Sheáin ’ac Dhonncha do leabhrán An Spailpín Fánachagus chuir mé ceist air faoi fhocal éigin nár thuig mé a bhrí ná cénfocal a bhí ann. Chuir mo cheist ag smaoineamh é. Dúirt sé ansin nárthuig sé féin cén focal a bhí i gceist go díreach; nach raibh sé cinnteden bhrí ach gur mar sin a chuala sé féin ariamh é. Tuigim go maithanois go bhféadfadh a leithéid tarlú, agus má tharla sé do mhúinteoirscoile bí cinnte gur tharla do go leor eile. Ach léiríonn sé cuid de nadeacrachtaí a bhíonn ag lucht scríofa na n-amhrán. Ar a laghad is féidirceist a chur ar an bhfonnadóir nuair a bhíonn siad beo ach faraor tágo leor acu ar shlí na fírinne faoi seo.

Nós eile a bhíodh agam ag an am is mé ag scríobh amach na n-amhrán ó na taifeadtaí ná leagan eile den amhrán as leabhar nó foinseéigin eile a bheith faoi mo láimh. Thiocfadh a leithéid i gcabhair ormgo minic i gcás focail a bheadh doiléir agus dar ndóigh níor ghá gombeadh ach miondifríochtaí idir leaganacha éagsúla uaireanta. Shílmé sin a dhéanamh agus mé ag tabhairt faoin amhrán ‘JohnnySeoighe’ le Sean ’ac Dhonncha a scríobh. Chuardaigh mé leagan clóiteagus b’oscailt súl dom a fháil amach nach raibh a leithéid ann! Níl ant-amhrán in aon cheann de mhórchnuasaigh an Iarthair, Ceol nanOileán, Amhráin Chlainne Gael, Amhráin Mhuighe Seóla, AmhráinGhaeilge an Iarthair, ná go deimhin i Nua-dhuanaire I, II, III. Ní raibhclóite, go bhfios dom, ar aon chlúdach ceirnín ach oiread! Thuig méan lá sin seachas rud ar bith, a riachtanaí agus a phráinní a bhí an obaira bhí ar láimh agam. Ceann de na hamhráin mhóra é ‘JohnnySeoighe’. Má bhí an ghlúin óg lena leithéid a thabhairt leo cádtiocfaidís ar na focail? Amhrán faoi rún a bhí in ‘Johnny Seoighe’.Ba sa mbliain 1994 a foilsíodh an dlúthdhiosca/leabhrán An SpailpínFánach. An bhliain chéanna d’fhoilsigh Cormac Ó Gráda AnDrochshaol, leabhar ina bhfuil amhráin faoin nGorta Mór.

R É A M H R Á | 33

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 33

Page 31: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Seachadadh an traidisiúin

Thar na blianta is dóigh go bhfuil na céadta duine tar éis leas a bhaintas taifeadtaí Chló Iar-Chonnacht le hamhráin a fhoghlaim. Is minic achloisfeas tú na hamhránaithe óga ag rá go bhfuair siad a leithéid seod’amhrán ón diosca seo nó ón diosca siúd. Cuireann sé sin áthas ormmar sin ceann mór dár gcuid aidhmeanna. Tá go leor scríofa ag nascoláirí, leithéidí Lillis Uí Laoire, faoi mhodhanna seachadta an tsean-nóis agus mar a d’athraigh ó ghlúin go glúin, ó na seisiúin is natimeannaí a bhíodh sna tithe roinnt glúnta ó shin.

Sa lá atá inniu ann seans gurb é an diosca an modh seachadta ismó a mbaintear leas as le hamhráin a fhoghlaim. Fiú má chloiseannamhránaí amhrán a thaithníonn leo ag seisiún, ag an Oireachtas nó aran raidió, is é an chéad chéim eile dóibh de ghnáth ná dlúthdhioscanó b’fhéidir leabhar a aimsiú ina mbeidh leagan den amhrán, agus é afhoghlaim, nó tarraingt as an leagan ar a laghad agus cur leis ó fhoinsíeile.

Is beag a cheap mé go mbeadh amhránaí mór ar nós Dhara BháinMhic Dhonncha, a mbeadh cuimhne agus taithí aige ar na seisiúincois teallaigh agus na timeannaí, ag foghlaim amhrán ó chaiséad ChlóIar-Chonnacht. Ach sin díreach a rinne sé ó chaiséad Chóil NeainePháidín, Pluid Dhorcha Leára.

Ní raibh aon aithne phearsanta ag Dara Bán ná ag Cóil ar a chéile.Níor casadh ar a chéile riamh iad. Bhí Cóil básaithe i bhfad sul máchorraigh Dara amach ag dul chuig Oireachtais, Féilte na Mí, srl. agusdar ndóigh ba sa mbliain 1989 a d’fhoilsigh muid caiséad Chóil, roinntblianta tar éis a bháis.

Ach díreach mar is féidir le duine aithne na leabhar a chur ardhuine eile trí leabhar, is dóigh gur féidir le duine aithne an cheoil isna n-amhrán a chur ar fhonnadóir ón taifeadadh. Is beag nach gceapfágo raibh aithne mhaith ag Dara Bán ar Chóil ó chomh tógtha agus abhí sé leis na hamhráin a bhí ar an gcaiséad. Bhí fíormheas go deoaige air. Is iomaí casadh a bhain sé as an gcaiséad céanna agusd’fhoghlaim sé roinnt de na hamhráin a thaithin leis agus thaifead séféin iad níos deireanaí. Ní hé ‘foghlaim’ an focal ceart le n-úsáid agusduine ag caint faoi Dara Bán mar ní hé an chaoi ar fhoghlaim sé na

34 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 34

Page 32: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

hamhráin ach gur thug sé leis iad. In Iorras Aithneach agus in áiteachamar Oileán Thoraí is é an focal ‘tógáil’ a usáidtear le cur síos ar aleithéid. Dá gcloisfeadh Dara Bán amhrán a thaitneodh leis bhí sé‘tugtha leis’ aige chomh luath agus a chloisfeadh sé an dara huair é.Bhí bua sin na cuimhne aige go nádúrtha. Is cuma má bhí leathscórvéarsa ann ní raibh aon stró air an t-amhrán a thabhairt leis chomhfada is ‘gur thaitin an t-amhrán’ leis mar a dúirt sé go minic liom. Darndóigh bhí an-spéis ag Dara sna hamhráin nuachumtha freisin,amhráin a chum Ciarán Ó Fátharta is Tom an tSeoighe is a bhí eisitheag na hAncairí. Thug sé leis iad sin freisin, thaifead sé roinnt acu agusbhí sé chomh sásta céanna ‘Mé féin agus mo mhéit’ nó ‘PortaighSheanamhach’ a rá ag seisiúin agus ócáidí is a bheadh sé ‘AmhránMhaínse’ nó ‘Máire Ní Mhongáin’ a rá.

Théadh an dea-fhilíocht is an t-amhrán a bhí dea-scríofa ibhfeidhm go mór air. Dhéanadh sé a chuid féin díobh. Fiú ar leabaan bháis, agus bhí an fear bocht roinnt míonna ar leaba an bháis is anailse ag fáil an ceann is fearr air, bhíodh sé ag cur píosaí as amhráintrína chéile is ag iarraidh a bheith ag tabhairt véarsaí den amhrán ‘MnáBána Sheáin Uí Bhriain’ a bhíodh ag a athair, Seán Choilm, a bhíleathdhearmadta aige chun cuimhne is á dtabhairt do Lillis Ó Laoirea bhíodh ar cuairt air go rialta sna míonna is sna seachtainí deireanachasin. B’fhearr leis a chuid féin a chumadh ná glacadh le cinn as angcartlann nach raibh ina shásamh. Bhí a shaol, nó an méid a bhí fágthadá shaol, sna hamhráin go dtí an deireadh. Ach fiú má bhí ‘an dochardéanta’, mar a dúirt sé faoina shláinte theastaigh uaidh an méid ad’fhéadfaí de na hamhráin a thabhairt chun cuimhne is a fhágáil lehoidhreacht againn.

Níl mé cinnte cé mhéad amhrán ar an meán a bheadh ag amhránaísean-nóis. Shamhlóinn go mbeadh idir céad caoga agus dhá chéadamhrán ag roinnt acu. B’fhiú taighde a dhéanamh ar an ábhar seo. Iscuimhin liom agus mé i mo ghasúr bunscoile pictiúr de Sheán ChóilínÓ Conaire a fheiceáil ar an gcéad leathanach den ChuradhConnachtach, ina shuí ag dealbh Phádraic Uí Chonaire, a raibh smeadargaoil aige leis, creidim, agus é ag maíomh go raibh dhá chéad amhránaige agus é ag tabhairt dúshlán aon duine in Éirinn a mbeadh níosmó amhrán acu teacht chuig an bhFaiche Mhór i nGaillimh lá ar bith

R É A M H R Á | 35

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 35

Page 33: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

agus challenge a chur air. Ní gá a rá nár tháinig aon duine! Ach bamhinic a leithéid amhlaidh, amhránaithe ag iarraidh an ceann is fearra bhaint dá chéile le líon a gcuid amhrán. Féach an nóta atá ag LillisÓ Laoire don amhrán ‘Eoghainín Ó Ragadáin’ sa leabhar seo agus andua a chuir Condaí Phroinsís Ó Cuinneagáin as Teileann air féin lehamhrán a fháil nach raibh ina repertoire féin. Ar ndóigh, is minic gobhféadfadh dhá theideal a bheith ar an amhrán céanna nó arleaganacha den amhrán céanna mar atá soiléir ó riar de na nótaí eolaisatá ag dul leis na hamhráin anseo. Chomh maith leis sin bhíodh véarsaíáirithe ag dul ó amhrán go hamhrán. Ba mar sin a tháinig go leor dena hamhráin anuas chuig amhránaithe áirithe, ach i gcásanna eile baiad féin a tharraing na véarsaí siúd chucu. Bhí an cháil sin ar SheánChóilín, bíodh dlite dó nó ná bíodh, go mbíodh sé ag meascadh achuid amhrán. Mar is léir ó na leaganacha sa gcnuasach seo is beagamhránaí nach bhfuair meascán d’amhrán áirithe ar a laghad lehoidhreacht, ach dá ndéanfaí miontaighde b’fhéidir go gcaithfí anchraobh a thabhairt do Sheán Chóilín sa gcás seo – cibé céard faoindá chéad amhrán. Ach tar éis an méid sin, bhí amhráin ag SeánChóilín, mar sin is léir ón taifeadadh, Máire Mhór, nach raibh ar fáil óaon amhránaí eile nó gur thaifead seisean iad. Ba é Seán Choilín godeimhin a rinne athbheochan ar an amhrán ‘Máire Mhór’, amhrán achastar go forleathan anois.

Cás eile a léiríonn dom cé chomh luachmhar is atá taifeadtaí dosheachadadh na n-amhrán ná an t-amhrán ‘Bruach na Cara Léith’.Chomh fada le mo chuid eolais ba é Peadar Ó Ceannabháin an chéadduine a rinne taifeadadh ar an amhrán seo – do Raidió na Gaeltachta,roinnt mhaith blianta sul má rinne sé an taifeadadh do nadlúthdhioscaí, Port na Coille sa mbliain 1994 agus Mo Chuid den tSaolsa mbliain 1997. Ó Chóilín Mac Donncha as Fínis a fuair seisean é.Ach spreag sé amhránaithe eile le dul ar a thóir agus le b’fhéidir dular thóir leaganacha eile dó. Thaifead Johnny Mháirtín Learaí é agus tásé ar an dlúthdhiosca Contae Mhaigheo, a foilsíodh sa mbliain 1993,ach ní raibh ar an gcaiséad den teideal céanna a tháinig amach cúigbliana roimhe sin. Casann Máirín Ní Chéidigh agus go leoramhránaithe eile anois freisin é. Is cruthúnas é ar an athbheochan isféidir a dhéanamh ar amhrán. Is cuimhneach liom lá a bheith ar cuairt

36 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 36

Page 34: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

ag Seán ’ac Dhonncha in Áth Eascrach. Bhíodh sé de nós agam féinagus ag Johnny Mháirtín Learaí cuairt a thabhairt soir air uair sambliain nó mar sin agus an lá a chaitheamh ina chomhluadar, agus igcomhluadar Bhríde, a bhean chéile. Bhíodh an-fháilte romhainn aguschaití an lá ag caint is ag seanchas, go háirithe faoin seansaol thiar, agusdeirtí roinnt amhrán.

Ba ar cheann de na cuairteanna sin a dúirt Johnny Mháirtín Learaían t-amhrán ‘Bruach na Cara Léith’. Chuaigh an t-amhrán i bhfeidhmgo mór ar Sheán agus an nóiméad a bhí sé críochnaithe ag Johnnydhírigh Seán aniar ina chathaoir agus dúirt, ‘Ach cá raibh an t-amhránsin nuair a bhí muide ag éirí aníos?’ Ba léir nach raibh an t-amhráncloiste cheana aige, nó má bhí nár chuimhneach leis é ainneoin guramhrán as Iorras Aithneach é, a cheantar dúchais féin! Míniú amháinar an scéal, b’fhéidir, ná gur fhág sé an baile go hóg le traenáil marmhúinteoir scoile agus gur beag am a chaith sé sa mbaile ina dhiaidhsin.

Dódh tigh ’ac Dhonncha go timpisteach roinnt blianta ina dhiaidhsin. Níor gortaíodh aon duine buíochas le Dia ach is beag den teachná a raibh ann a tháinig slán ón dóiteán. Ach rud amháin a tháinigslán, mar a thuairiscigh a mhac Mac Dara dom tamall ina dhiaidh sinná beart cóipeanna den dlúthdhiosca An Spailpín Fánach a bhí mé taréis a phostáil soir aige tamaillín roimhe sin. Iad thíos i mbosca, istighi gcófra. Níor bhac an tine chraosach leo. Níl mé cinnte an bhfuil aonteachtaireacht ansin. Seans nach bhfuil teachtaireacht dá laghad ann,ach ba dheas liom gur tharla sin agus gur mhaith liom é a lua anseo.Ba dheas liom a fheiceáil freisin go raibh cóip de An Spailpín Fánachleagtha os cionn ucht Sheáin, agus é os cionn cláir.

An bailiúchán seo

Chuir mé romham tabhairt faoin leabhar seo ar dtús sa mblian 2004agus mé ag súil go mbeadh an leabhar foilsithe sa mblian 2005, agusgur ceiliúradh a bheadh sa leabhar ar an scór bliain foilsitheoireachtaa bheadh curtha i gcrích ag Cló Iar-Chonnacht ag an am. Ach baghearr gur thuig mé go raibh i bhfad níos mó ar mo phláta ná mar a

R É A M H R Á | 37

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 37

Page 35: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

bhí mé in ann a changailt. Mhéadaigh ábhar agus scóp an leabhair. Níhé amháin nach mbeadh an leabhar ann do chomóradh fiche bliainCIC ach ní bheadh réidh in am fiú do chomóradh cúig bliana ficheadCIC sa mbliain 2010! Ba chuma. Tá obair áirithe atá róluachmhar ledeifriú ar mhaithe le dáta foilsithe.

D’iarr mé ar ár n-eagarthóir, Lochlainn Ó Tuairisg, an obaireagarthóireachta a bhain leis an leabhar a thógáil ar láimh roinntblianta ó shin agus rinne sé sin go fonnmhar, ag éisteacht go cruinnleis na hamhráin agus ag seiceáil go raibh scríofa de réir mar a bhíráite ag na hamhránaithe. Obair phléisiúrtha, b’fhéidir, ach obair mhallfreisin agus obair achrannach scaití. Thuig muid, agus go leor cúraimíeile ar an mbeirt againn freisin go mbeadh orainn eagarthóir eile athabhairt ar bord a thabharfadh faoi chuid den obair eagarthóireachtadúinn. Phléigh muid ainmneacha roinnt daoine a d’fhéadfadh tabhairtfaoin obair ach níor ghá dúinn dul i bhfad ó bhaile. Bhí scoláire ógcúramach ar leac an dorais againn, i mBoth Chuanna sa Spidéal –Ciarán Ó Con Cheanainn – a raibh na cáilíochtaí cuí ar fad aige. Baamhránaí a bhí ann féin, scoláire agus fear taighde. Bhí sé tar éis eagara chur ar roinnt leabhrán de dhlúthdhioscaí dúinn roimhe sin agusbhíodh slacht ar shaothar a láimhe i gcónaí, cruinneas aguscríochnúlacht. D’fheadfá brath air agus tá focal amháin nach luafáchoíche leis fiú dá gcaithfeá bliain ag caint faoi, leisce. Bhí sé ag obairmar léachtóir le Gaeilge sa gColáiste Ollscoile i mBaile Átha Cliathag an am, agus conradh ar feadh roinnt blianta aige, ach bhí an tuiscinteadrainn, dá mba mhaith leis filleadh ar a fhód dúchais tar éis roinntblianta, go mbeadh obair eagarthóireachta, nó post eagarthóireachtafiú, ar fáil dó i gCló Iar-Chonnacht. An jab deireanach a rinne sédúinn ná an leabhrán a théann leis na dlúthdhioscaí sean-nóis CornUí Riada: Buaiteoirí 1972-2007, a chur in eagar, dlúthdhioscaí a seoladhag Oireachtas Chorcaí sa mbliain 2008. Ba é Ciarán féin a bhuaighCorn Uí Riada i gCorcaigh an bhliain sin agus é ar an duine ab óigea bhuaigh ariamh é agus gan é ach seacht mbliana fichead. Níchreidfeadh aon duine den mhíle a d’fhreastail ar Chorn Uí Riada anoíche sin, gan trácht ar na mílte a d’éist leis an gcomórtas ar RTÉRaidió na Gaeltachta go mbeadh sé i gcré na cille taobh istigh de thrímhí. Bliain roimhe sin, sa mbliain 2007, ag Oireachtas Chathair na

38 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 38

Page 36: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Mart, tugadh le chéile buaiteoirí Chorn Uí Riada ar fad, iad siúd abhain an chraobh ó 1972, bliain bhunaithe an chomórtais. Bhí siad arfad i láthair, suas le deich nduine fhichead acu, seachas beirt, Áine NíDhonncha a bhí i Meiriceá agus Mairéad Ní Oistín, nach raibh inann taisteal don ócáid. Rinneadh bronnadh ar gach duine acu oícheChorn Uí Riada, ag ócáid a bhí an-deas. Luaigh mé le roinnt daoinea bhí i mo chuideachta an oíche sin gur dheas agus gurbh iontach anrud é go raibh Buaiteoirí uile Chorn Uí Riada, ón gcéad bhuaiteoir,fós beo!

Thug Ciarán leis cóip de scríbhinn an leabhair seo mar aon le glactéipeanna agus dlúthdhioscaí nach raibh cóipeanna dóibh aige ibhfómhar na bliana 2008. Bhí an-spéis aige san ábhar agus é thar abheith díograiseach tabhairt faoi nuair a bheadh roinnt ama aige ó nacúraimí iliomadacha eile a bhí air. Faraor ní bhfuair sé seans luí isteachar obair eagarthóireachta a dhéanamh ar an leabhar seo riamh, margo bhfuair sé bás go tobann ar an 3 Feabhra 2009. Roimhe sin, darndóigh, scríobh sé glac mhaith nótaí dúinn do thimpeall tríochaamhrán atá le fáil sa leabhar seo. Is mór linn againn iad agus mar afheicfidh na léitheoirí tá siad foirfe, dea-scríofa agus eolasach.

Bhain a bhás siar asainn, díreach mar a bhain as an saol Gaelachtrí chéile ag an am. Is minic a chuirim a shaol gearr saibhir igcomparáid le fear eile as Cois Fharraige: an scríbhneoir MicheálBreathnach a fuair bás céad is a haon bliain roimhe. Bhí siad beirt óg,i mbarr a maitheasa, an t-uafás déanta acu ina saol gearr, ach is ag Diaamháin atá a fhios cén obair mhór eile a dhéanfaidís dá bhfaighidísgnáthshaol fir. Ar dheis Dé go raibh a n-anam.

Mar a thuigfeá, chuir a bhás moill eile ar fhoilsiú an leabhair seo.Bhí orainn breathnú thimpeall arís agus tá muid an-bhuíoch dePheadar Ó Ceannabháin, ar amhránaí agus scoláire é féin, as teacht ibpáirt linn san obair agus an jab a chríochnú i gcomhar linn. Chaithsé dúthracht nach beag leis an saothar agus ba mhór againn achomhairle. Bheadh sé tráthúil anseo freisin iareagarthóirí CIC a lua,Nóirín Ní Ghrádaigh, Úna Ní Chonchúir agus Róisín Ní Mhianáinchomh maith leis na hiareagarthóirí cúnta Séamas Ó Murchú agusAodh Ó Gallchobhair agus an t-eagarthóir cúnta reatha, Áine NíCholchúin. D’fhág siad siúd ar fad lorg a láimhe ar an saothar seo. Go

R É A M H R Á | 39

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 39

Page 37: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

deimhin, ba í Nóirín Ní Ghrádaigh an chéad eagarthóir a bhí fostaithego lánaimseartha againn. Thosaigh sí ag obair linn sa mbliain 1994.Mar cheoltóir bhí spéis ar leith aici sa sean-nós agus ba í ba mhó abhí i mbun seisiúin taifeadta na n-amhránaithe is na gceoltóirí a eagrúnuair a theastaigh uaimse seal a chaitheamh leis an scríbhneoireachtchruthaitheach agus tabhairt faoin úrscéal Sna Fir, úrscéal ina bhfuilpáirt nach beag ag an sean-nós agus ag amhránaithe sean-nóis ann.

Roghnú na n-amhrán don Leabhar Mór

Ceithre chéad amhrán atá sa leabhar seo. Amhráin ar an sean-nós nóamhráin a chas agus a thaifead amhránaithe aitheanta sean-nóis iad arfad nach mór. Tá taifeadadh gairmiúil déanta de gach ceann acu ledhá scór bliain anuas nó mar sin. I bhfocla eile is amhráin iad atá beoi measc phobal Gaeltachta agus Gaeilge ár linne. D’fhéadfaí tabhairtfaoi roghnú amhrán don chnuasach seo ar mhórán bealaí eile, roghnúas cnuasaigh leabhar a bhí foilsithe cheana, mar shampla, nó as cartlannRoinn Bhéaloideas Éireann, Taisce Cheol Dúchais Éireann, RTÉRaidió na Gaeltachta nó an BBC, agus níl aon chúis nach dtabharfaífaoi sin amach anseo. D’fhéadfadh a leithéid de chnuasach a bheithollmhór áfach. D’fhéadfadh blianta oibre a bheith i gceist. Ní héamháin go bhfuil neart amhrán sna cartlanna sin ach tá neartleathamhrán agus rannta fánacha is leathfhánacha iontu freisin agcaithfí cinneadh a dhéanamh i dtaobh arbh fhiú iad a áireamh maramhráin is a chur isteach i gcnuasach amhrán nó nárbh fhiú. Maidirleis an modh roghnaithe atá in úsáid sa gcnuasach seo, is féidir argóintláidir a dhéanamh ar a shon sa méid is go bhfuil an cnuasach bunaithear leaganacha beo de na hamhráin, agus má b’fhiú le hamhránaitheagus comhlachtaí ceirníní iad a thaifeadadh, shamhlófá go mbeadhcaighdeán áirithe cumadóireachta i ngach amhrán acu freisin agus gombeidís tástáilte go maith. Chomh maith leis sin, seachas eisceacht nódhó, níl aon amhrán sa gcnuasach seo a chum na fonnadóirí iad féin,agus sílim go gcuireann sé sin lena stádas mar amhráin fhoirfe dhea-chumtha ar fiú a roghnú agus a sheasann an fód.

Is beag amhrán atá sa leabhar seo a cumadh le leathchéad bliain

40 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 40

Page 38: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

anuas agus bhí sé deacair dúinn an líne a tharraingt sa gcás seo. Táamhráin anseo mar shampla le Micheál agus Veail Ó Donnchú agusroinnt filí eile a bhí beo lenár linn féin. Níl amhráin anseo le leithéidíSheáin Cheoinín, Joe Steve Uí Neachtain, Chiaráin Uí Fhátharta agusTom an tSeoighe srl. Tá amhráin bhreátha cumtha acu ar fad agusbeidh áit lárnach buan acu i dtraidisiún amhránaíochta na Gaeilge igcónaí. Ach tá a gcuid amhrán le fáil i gcnuasaigh eile den chuid ismó, agus dá gcuirfí isteach an t-iomlán acu mar aon leis na hamhráinnua eile atá in Croch Suas É!, Up Seanamhach agus i gcnuasaigh eilebheadh suas le trí chéad amhrán eile sa gcnuasach seo agus bheadh anleabhar atá i do láimh agat dhá uair ní ba throime!

Ar an taobh eile den scéal is cinnte go bhfuil amhráinthábhachtacha beo i mbéal an phobail nach bhfuil sa gcnuasach seoagus go gcuirfear sin ar ár súile. Tá súil agam go gcuirfear. Níl aonchúis ann nach gcuirfí isteach iad in eagráin eile amach anseo. Isamhráin a thaifead CIC ar fad nach mór atá sa gcnuasach seo, rud arinne éascaíocht ó thaobh cúrsaí cóipchirt srl. Tá réimse amhrán náréirigh linn leaganacha díobh a thaifeadadh fós ach tá súil againn teachtsuas leo sin de réir a chéile. Tá muid buíoch dár gcomhghleacaithe inGael-Linn, i gCeirníní Cladaigh agus i roinnt comhlachtaí eile acheadaigh dúinn go fonnmhar roinnt amhrán as a gcartlannluachmhar taifeadta féin a fhoilsiú anseo.

Roghnú na leaganacha

Tá go leor leaganacha d’amhráin áirithe taifeadta againn thar nablianta. Is iad ‘An draighneán donn’ agus ‘Neainsín Bhán’ an dá amhránis mó a bhfuil taifeadadh díobh déanta againne orthu. Tá sna déaga deleaganacha díobh ann ar fad. Bheadh leaganacha breise taifeadta agGael-Linn agus ag comhlachtaí eile dóibh. Ar an taobh eile den scéaltá go leor amhráin nach raibh againn ach leagan nó dhó díobh agusmar sin de.

Tar éis dul tríd na leaganacha ar fad roghnaigh mé an leagan abiomláine a bhí againne don chnuasach seo. Bhí sé sin éasca le déanamhi gcásanna, i gcásanna eile ní raibh. Jab eile ar fad a bheadh ann an

R É A M H R Á | 41

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 41

Page 39: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

leagan is údarásaí a chur ar fáil do gach amhrán, nó de na hamhráinmhóra ar aon nós, is é sin, leagan a bhunófaí ar na leaganacha éagsúlaar fad atá ar fáil ionas go mbeadh leagan foirfe críochnaithe agat abheadh chomh gar agus a d’fhéadfaí a bheith don bhunleagan a bhíann an chéad lá ariamh. D’fhéadfadh lucht taighde é a dhéanamh lecuid de na hamhráin ach ní fhéadfaí a bheith ar aon fhocal choíchefaoi chuid eile acu. Bheadh an oiread de thuairimíocht i gceist agus abheadh d’fhíricí. Ach ní hin le rá nár cheart agus nár chóir tabhairtfaoi lá éigin, i gcás na n-amhrán mór ar aon nós, ionas go mbeadhleaganacha a bheadh údarásach go maith ar fáil.

Tá go leor de na hamhráin, nó véarsaí astu, measctha trína chéileagus tá go leor eolais ina dtaobh siúd tugtha sna nótaí atá ag dul leisna hamhráin sa leabhar seo. I gcásanna eile tá teidil dhifriúla ar anamhrán céanna nó ar leaganacha den amhrán céanna ba chirte dom ará. Tá treoir sna nótaí ag díriú aird an léitheora ar a leithéidí seo. Goginearálta, má bhí na leaganacha an-chosúil lena chéile níor cuireadhisteach ach leagan amháin. I gcásanna eile tharlódh go mbeadh tríleagan istigh: leagan Ultach, leagan Connachtach agus leaganMuimhneach. I dteannta a chéile is fearr agus is saibhre iad.

Nótaí na n-amhrán

Sílim gurb iad nótaí na n-amhrán cnámh droma agus buaic anchnuasaigh seo. Is túisce go minic a thiocfaí ar leagan éigin denamhrán féin ná ar eolas cruinn beacht údarásach faoi ábhar anamhráin, an cumadóir agus am is tráth a chumtha. Ní gá go mbeadhmórán den eolas seo ag na hamhránaithe féin go minic cé go mbeadhi gcásanna. Sna nótaí atá ag dul leis na hamhráin sa gcnuasach seo, níhé amháin go bhfuil eolas faoi na hamhráin iontu ach tá eolas freisinfaoi leaganacha éagsúla i gcásanna, ábhar spéisiúil ann féin agus mar achuaigh leaganacha áirithe ó fhoinsí áirithe i bhfeidhm ar an bpobalagus ar amhránaithe. I mbeagán cásanna ní raibh eolas dá laghad le fáili gcás roinnt amhrán agus bhí ar an scoláirí dul i mbun natuairimíochta agus tarraingt as a gcuid saineolais féin ag teacht i dtírar logainmneacha, ar ainmneacha daoine, dátaí, srl. a bheadh luaite sna

42 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 42

Page 40: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

hamhráin. Tá na nótaí go ginearálta lán de sheoda luachmhara eolais.Ach, ní gá gurb é an focal deiridh é d’aon cheann acu agus tá súilagainn nach é ach go spreagfadh tuilleadh taighdeoirí agus taighde.

I gcásanna chuir na fonnadóirí féin nótaí agus eolas ar fáil ach bascoláirí sároilte a chuir a bhformhór de na nótaí ar fáil. Go minicbheadh buneolas ag na scoláirí faoi chúlra is stair na n-amhrán ach isminic go mbíodh níos mó eolais ag na hamhránaithe faoi fhoinsí naleaganacha éagsúla. Ar ndóigh, tá roinnt scoláirí ar amhránaitheaitheanta freisin iad a thugann an dá thrá leo, leithéidí Lillis Uí Laoire,Pheadair Uí Cheannabháin agus Eilís Ní Shúilleabháin. B’amhlaidh anscéal, dar ndóigh, do Chiarán Ó Con Cheanainn, beannacht Dé leis.

Thug mé treoir ghinearálta do na taighdeoirí idir dhá chéad agustrí chéad focal a scríobh faoi gach amhrán agus chloígh siad leis sinden chuid is mó. I gcásanna eisceachtúla ligeadar scód leo féin agusscríobhadar níos mó. Ní miste sin ach oiread mar seo é an chéad uairnótaí scolártha a bheith scríofa faoi go leor de na hamhráin seo. Darndóigh, d’fhéadfá a bheith i mbun taighde go deo ar chuid de nahamhráin seo, agus in áit nóta cúpla céad focal a bhreacadh leabhariomlán a scríobh ina dtaobh, mar atá déanta i gcás ‘Dónall Óg’, agSeosamh Ó Duibhginn, ‘Caoineadh na dTrí Muire’ ag Aingeal deBúrca agus ag M. F. Ó Conchúir i gcás ‘Úna Bhán’.

Ach níl aon amhras orm ach gur féidir cur leis an eolas is leis anliosta amhrán atá sa leabhar seo. Is fiú agus is gá é a dhéanamh de réira chéile. Dá mhéid is dá eolasaí é an cnuasach seo breathnaím air marobair ar lámh. Is féidir teacht ar fhíricí nó ar bhlúiríní breisetábhachtacha eolais faoi na hamhráin nó ar leaganacha beo níosiomláine. Beidh fáilte i gcónaí roimh mholtaí ón bpobal agus leasuithedá leithéid.

An sean-nós inniu

Táimse den tuairim go bhfuil an sean-nós chomh sláintiúil inniu agusa bhí ariamh in aon ré eile inár stair. Tá níos mó daoine óga ag gabháilden sean-nós ná mar a bhí ariamh cheana, nó ná mar a bhí cinnteglúin nó dhó ó shin – ainneoin go bhfuil roghanna go leor eile anois

R É A M H R Á | 43

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 43

Page 41: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

acu nach mbíodh fadó – agus tá an sean-nós is amhránaithe sean-nóisníos feiceálaí sna meáin chumarsáide agus níos mó measa orthu. Sílimgo bhfuil ceithre phríomhchúis leis seo.

Sa gcéad áit, Raidió na Gaeltachta, a thug áit lárnach don sean-nós ina gcuid cláracha ón tús is a thaifead amhráin agus amhránaitheó gach póca Gaeltachta is a chraol iad le breis agus dhá scór bliain. Sadara háit, an tOireachtas agus féilte eile a eagraíonn comórtas agusseisiúin d’amhránaithe do gach aois arb é a mbuaic Corn Uí Riadamar a bhfreastalaíonn timpeall míle duine gach bliain agus a chraoltarbeo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Sa tríú háit, an Gaelacadamh aguseagraíochtaí eile dá leithéid a eagraíonn ranganna sean-nóis snaGaeltachtaí éagsúla – i gcomhar le scoileanna go minic – ina mbíonndeis ag amhránaithe óga foghlaim go díreach ó na hamhránaitheaitheanta sean-nóis. Ar deireadh, Cló Iar-Chonnacht, Gael-Linn aguslipéid eile ceoil a chuireann dlúthdhioscaí atá ar ardchaighdeán ar fáilde na hamhránaithe móra agus de na hamhránaithe nua atá ag teachtchun cinn is a úsáideann na modhanna is nua-aimseartha chuige. Saleathchéad bliain saoil atá feicthe agamsa chonaic mé an t-amhránsean-nóis ag dul ó na seancheirníní 78s go dtí an fadcheirnín, ancaiséad, an dlúthdhiosca. Chomh maith leis an dlúthdhiosca sa lá atáinniu ann is féidir na hamhráin a íoslódáil ó leithéidí iTunes nóéisteacht le riar acu ar Facebook agus YouTube.

An rud iontach ná go bhfuil comhoibriú iomlán idir naheagraíochtaí agus na comhlachtaí seo ionas go mbíonn siad ag tacúlena chéile, ag spreagadh a chéile is ag tabhairt lámh chúnta dá chéilear bhealach atá thar a bheith sláintiúil. Aon aidhm amháin atá acu arfad, d’fhéadfá a rá, an sean-nós a chur ar an runga is airde i gceol is isaol na hÉireann. An sean-nós atá buacach dá réir.

Cuir leis sin freisin na taifeadtaí atá á ndéanamh go rialta ag TG4,an Gradam Ceoil a thugann siad amach go bliantúil, Sean–Nós CoisLife, an t-aitheantas a thugtar d’amhránaithe sean-nóis i roinntollscoileanna trí amhránaithe cónaitheacha a dhéanamh díobh agusan líon mór scoláirí is léachtóirí Gaeilge sna hollscoileanna atá agdéanamh buntaighde ar an sean-nós anois – rud nach raibh mórán diag tarlú fiche bliain ó shin – is a thugann cúrsaí agus léachtaí ar anábhar chomh maith lena gcuid taighde a chur i gcló.

44 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 44

Page 42: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Ní haon iontas mar sin go bhfuil an sean-nós níos feiceálaí anoisná ariamh i saol na hÉireann. Fiú iad siúd nach dtuigeann é tuigeannsiad a luach. Níl sé mórán le leathchéad bliain ó shin ó thosaigh daoineag fiodmhagadh faoi Sheosamh Ó hEanaí le linn dó a bheith ag ráamhrán ar an sean-nós ar stáitse ag ceolchoirm i mBaile Átha Cliath.Ní shamhlóinn go dtarlódh a leithéid inniu ar aon stáitse in Éirinn.Chomh maith leis sin tá ceoltóirí traidisiúnta – cuid acu a bhíodh sáchdrogallach roimh an sean-nós tráth, go háirithe taobh amuigh denGhaeltacht – níos leathanaigeanta ina thaobh anois. Tugann siad níosmó ómóis dó ag seisiúin agus tuigeann siad níos fearr an ceangaldobhriste atá idir an sean-nós agus a gcuid ceoil féin. Agus go deimhincloisfidh tú go leor amhránaithe ó na grúpaí ceoil, a bhíonn ag taistealin Éirinn is thar lear, ag cur lena repertoire d’amhráin Ghaeilge is agtarraingt as na foinsí sean-nóis.

Is mar gheall ar na cúiseanna sin a cheapaim go bhfuil an sean-nós níos sláintiúla anois ná mar a bhí ariamh cheana. Tá a fhios agamgo maith go gcloisfidh tú roinnt de na seanamhránaithe sean-nóis agrá go bhfuil athrú tagtha ar an sean-nós, nach ndeirtear na hamhráinmar a bhítí á rá, agus tuigim dóibh. Cé go bhfuil pointe acu ní aontaímleo. Tá gach gné den saol tar éis athrú. Ní hé amháin go bhfuil nacuaillí athruithe ach tá an pháirc imeartha féin ar a n-imrítear an sean-nós athraithe chomh mór sin faoi seo. Agus chuile sheans gurb é anscéal céanna a bhíodh ag a n-athair siúd is a n-athair rompu. Más é,seans gur ar an sean-nós féin is lú a tháinig athrú.

Focal scoir

Ní linne, muintir na Gaeltachta ná na Gaeilge, na hamhránaithe, ná níleis an gcine Gael fiú na hamhráin atá sa leabhar seo. Is le, agus is dochiníocha uile an domhain iad le blaiseadh nó le n-aghaidh iad féin athumadh iontu más spéis leo sin tar éis iad a chloisteáil; iad afhoghlaim, a aithris, a chur de ghlanmheabhair is a thabhairt leo. Agcuid féin a dhéanamh dóibh. A gcasadh féin a bhaint astu. Iad abhronnadh arís ar éisteoirí cibé cúinne den domhan ina bhfuil siad.Tá sin ag tarlú cheana. Dornán blianta ó shin d’fhoilsigh muid

R É A M H R Á | 45

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 45

Page 43: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

dlúthdhiosca, Sean-Nós Cois Locha, ar a raibh amhránaitheeachtrannacha ar nós Virginia Stevens, Síle Shigley, Moire Smiley, JulieHenigan agus Brían Ó hAirt, agus iad tar éis a gcuid féin a dhéanamhden sean-nós, taobh le taobh le hamhránaithe aitheanta Gaeltachta arnós Mháirín Uí Chéide, Áine Uí Mhuineacháin, Lillis Uí Laoire agusMheaití Joe Shéamuis.

Ach mura leis an gcine Gael na hamhráin seo is muid a chruthaighis a chothaigh iad le cúig chéad bliain anuas, agus níos faide, gach glúini ngach póca Gaeltachta dá gcaomhnú is dá dtabhairt do bhailitheoiríis do na glúnta a lean. Muide a fuair le hoidhreacht iad. Is ar ár gcrann,dá réir, a thiteann sé – is ní ar chrann aon chine eile – iad athaifeadadh, a scríobh is a sheachadadh, iad a chaomhnú is iad athabhairt uainn, iad a thabhairt dúinn féin is dá chéile arís ar ais. B’ina rinne ár sinsear, na cumadóirí cumasacha a chum iad, na filí fiúntachaa d’aithris iad is na fonnadóirí flaithiúla a bhíodh á ngabháil thar naglúnta. Go fonnmhar. Bhí tréimhsí ann i stair na tíre ina raibh nadaoine chomh bocht, ocrach, dearóil agus chomh mór in ísle brí gurdóigh nach raibh de shaibhreas acu ach na hamhráin seo, a gcuidealaíne agus a gcuid seanchais. Ba iad na hamhráin seo a choinnighbeo iad scaití a thug faoiseamh, sólás, misneach, pléisiúr éigin is dóchasdóibh in am an ghátair. Ba saibhreas anama san am sin iad is níorligeadar in éag ná le sruth iad. Inniu labhrann siad le pobal seo ár linnechomh hábalta céanna.

Níl mé cinnte anois cén t-amhránaí a bhí sa stiúideo liom lá –Seán ’ac Dhonncha sílim, nó b’fhéidir gurb é Dara Bán nó SeánChóilín é – a dúirt tar éis riar amhrán a bheith ráite agus é b’fhéidirag éirí tuirseach nó a intinn ar áras éicint eile a dúirt, ‘Bhfuil dodhóthain ansin agat?’ Seans gur beag amhránaí a thaifead muid nárfhiafraigh ‘An bhfuil an téip lán fós?’ nó a chuir ceist éicint dá leithéid.Go deimhin tá cogar le cloisteáil sa gcúlra ar thaifeadadh a rinneSéamas Ennis le muintir Fhínse: ‘Tá a dhóthain aige ansin’.

Ní cuimhneach liom anois ach oiread ar dhúirt mé go raibh modhóthain ann nó an ndéanfaidh muid iarracht ceirnín beag amháineile – fiú ceainnín sciobtha – a thaifeadadh sula stopfadh muid. Níbhíonn a dhóthain amhrán bailithe ariamh ag bailitheoir amhrán. Fiúmá tá lán an mhála d’amhráin agat i do sheilbh go buan ní orthu atá

46 | R É A M H R Á

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 46

Page 44: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

tú ag smaoineamh ach ar an amhrán nó ar an leagan d’amhrán nachbhfuil cúinneáilte isteach san iothlainn fós agat. Mar a scríobh anpeileadóir sárchumasach as an gCeathrú Rua Seán Óg de Paor gográstúil ina dhírbheathaisnéis, Lá an Phaoraigh, ní ar an dá bhonn UileÉireann a bhuaigh sé le Gaillimh sna blianta 1989 agus 2001 is mó abhíonn sé ag smaoineamh agus é ag breathnú siar ar a laethantaimeartha ach ar an mbonn úd a sciorr as a lámh nuair a bhuail Ciarraíiad in athimirt i gcraobh na bliana 2000. Mar a dúirt sé féin b’fhiú‘bonn go leith’ an ceann áirithe sin – dá mbeadh sé aige – go háiritheóir ba iad Ciarraí a bhí ina n-aghaidh.

Is é a fhearacht go minic agamsa é mar bhailitheoir amhrán agusmé ag smaoineamh ar a bhfuil tugtha chun na huaighe ag amhránaithenár éirigh linn a thaifeadadh nó ar na hamhránaithe atá amuigh ansinfós a bhfuil amhráin nó leaganacha acu nach bhfuil ag aon duine eile.Agus is dóigh gur mar sin is fearr do dhuine a bheith, gurb in é nádúran duine dhaonna mar a ceapadh é, óir dá mbeadh gach rud a bheadhuainn againn cén spreagadh a bheadh ann dúinn éirí as an leaba chuilemhaidin is tabhairt faoin saol . . . is faoin dá leagan déag.

– Micheál Ó Conghaile

R É A M H R Á | 47

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 47

Page 45: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

NÓTA EAGARTHÓIREACHTA

Focail na n-amhrán seachas na hamhráin féin atá sa leabhar seo, agus is arthaifeadtaí ceoil (atá luaite sna ‘Nótaí ar na hamhráin’) seachas arlámhscríbhinní nó téacsanna atá na focail sin bunaithe. Ní ann don amhrán godtí go gcastar é, agus le breith ar an amhrán agus ar léiriú an amhráin, ní móréisteacht leis an taifeadadh agus na focail a léamh araon. Níl sa leabhar seo, marsin, ach leath an scéil; tá gabháil an amhráin chomh tábhachtach céanna letuiscint na bhfocal. Shocraíomar nach gcuirfimis nodaireacht cheoil leis nahamhráin. B’fhacthas dúinn dá ndéanfaimis amhlaidh go mbeimis ag brú foirmdocht righin ceoil anuas ar chineál amhránaíochta atá scaoilte, athraitheach deréir nádúir agus go gcuirfeadh rialtacht ghinearálta thras-scríobh an cheoil antraidisiún amhránaíochta atáimid ag iarraidh a léiriú anseo as a riocht.

Rinneamar gach iarracht agus muid ag cóiriú na bhfocal cloí chomhdlúth agus ab fhéidir le coinbhinsiúin litrithe an lae inniu ach ag an amcéanna a gceart a thabhairt do na canúintí. Níorbh fhurasta an dá thrá sin afhreastal, go háirithe chomh fada agus a bhain sé le focail nár ghá gur tógadhgo cruinn ó bhéal go cluais iad ó ghlúin go glúin nó nár ghá gur thuig cuidde na hamhránaithe gach uile fhocal den amhrán a bhí siad a rá. Má chuaighciall an amhráin amú sa taifeadadh (malartú na bhfocal ‘mar’ agus ‘níor’ abair),leasaíomar an earráid go ciúin, bunaithe ar thaifeadtaí nó leaganacha eile denamhrán, atá luaite sa liosta foilseachán agus taifeadtaí atá i gcúl an leabhair.Gheofar formhór mór na bhfocal sa leabhar seo, foirmeacha malartacha gominic, in Foclóir Gaeilge–Béarla Néill Uí Dhónaill (1977) nó in FoclóirGaedhilge agus Béarla an Duinnínigh (1927)

Rinneadh gach iarracht meadaracht na n-amhrán a léiriú sna focail agusníor leasc linn méid áirithe a fhágáil ar lár ar mhaithe leis an meadaracht.Báitear cuid mhaith gutaí, consain agus focail fré chéile sna taifeadtaí agustagann ciall agus meadaracht an amhráin salach ar a chéile go minic sna focail.Tá súil againn gur éirigh linn an dá ghné a léiriú go sásúil cé, nuair a tháinigorainn, gur thugamar tús áite don chiall. Mar atá ráite thuas, is féidir leléitheoirí dul go dtí na taifeadtaí le breith ar an amhrán ina iomláine.

Tá ainmneacha dílse tugtha chun rialtachta agus tá na logainmneachabunaithe ar leaganacha faofa atá le fáil ar www.logainm.ie.

Tá sé deacair, b’fhéidir dodhéanta, modh eagarthóireachta amháin a chur ibhfeidhm ar chuile cheann de na ceithre chéad amhrán atá sa saothar seo, agusmurar éirigh linn é seo a dhéanamh leis an gcnuasach fré chéile, tá súil againnar a laghad gur éirigh linn é seo a bhaint amach sna hamhráin ina n-aonar, agusgo bhfuil leanúnachas áirithe le fáil ansin. Léiriú cuí, b’fhéidir, ar thraidisiúnamhránaíochta na Gaeltachta: é deacair breith air agus é de shíor ag athrú.

– LÓT & PÓC

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 48

Page 46: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

NA HAMHRÁIN

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 49

Page 47: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

A B H E A N Ú D T H Í O S

Is a bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin, seoithín seó uil leo leo,Is an dtuigeann tusa fáth mo ghearáin, seoithín seó uil leo leo,Mar is bliain is an lá so a tógadh mé ó mo leannán, seoithín seó uil

leo leo,Is do rugadh mé isteach go lios an chnocáin, seoithín seó uil leo

leo.

Curfá:Seoithín, seoithín, seoithín, seoithín, seoithín seó uil leo leo,Seoithín, seoithín, seoithín, seoithín, seoithín seó uil leo leo.

Ag seo anso mo theach mór maiseach, seoithín seó uil leo leo,Is mó leann úr agus leann sean ann, seoithín seó uil leo leo,Is mó mil bhuí agus céir bheach ann, seoithín seó uil leo leo,Is is mó seanduine ar a nasc ann, seoithín seó uil leo leo.

Curfá

Is abair le mo chéile teacht amáireach, seoithín seó uil leo leo,Is an choinneal chéarach i gcúl a dhearnainn’, seoithín seó uil leo

leo,Is scian coise duibhe a thabhairt ’na láimh leis, seoithín seó uil leo

leo,Is an capall tosaigh a bhualadh sa bhearnain, seoithín seó uil leo leo.

Curfá

An luibh a bhaint ’tá ag doras an leasa, seoithín seó uil leo leo,Mar shúil le Dia go raghainn leis abhaile, seoithín seó, uil leo leo,Nó mura dtige sé ag an tráth san, seoithín seó uil leo leo,Go mbeadsa im bhanríon ar na mná seo, seoithín seó, uil leo leo.

Curfá

N A H A M H R Á I N | 51

1.

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 51

Page 48: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

A B H R Í D E B H E A G C H R Ó N

A Bhríde bheag chrón, téanam ag ól,Is ná bíodh brón ná buairt ort,A ghearra-bhean shéimh na malann deas caol,Ná tiocfá liom fein san uaigneas?Go deimhin is go dearfa, déanaimis margadh,Thíos i dtigh an tábhairne ar fuaimeat,Mar a mbeidh ól agus ragairne ó oíche go maidin,Is is dócha go bhfanfam go Luan ann.

A thaisce mo chléibh, tar feasta liom fhéin,Is tabharfaidh mé saol breá suairc duit,Leabaidh chlúmh éan go seascair féd thaobhAgus cuilteanna daora anuas ort,Cuirfead bróigín caol cantain ort, fáinní ar do ghlacaibhIs síoda ar do bhonnet ag gluaiseacht,Pillín ard greanta cuirfead fút ar do chapall,Is riding dress leata ar do ghuaillibh.

Do gheallais dom séad a mhairfeadh lem shaol,Is tá’s agat féin cad dúrt leat,Go mbeadh mo charaid go léir in earraid liom fhéinDá ndéanfainnse an scéal san suas leat,Ní phósfainn tú, geallaim, ná aon fhear ded shamhail,Dá mbeinn fad a mhairfinn gan snuachar,Gan léiseanna fada agus ba beaga bainne’Gus feirm bhreá thalaimh mar dhualgas.

52 | N A H A M H R Á I N

2.

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 52

Page 49: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

Do dhéanfainnse an céachta idir hanla agus béama,Is chuirfinn é i ngléas ar fuaimeat,Do bhainnfinnse an féar go gasta le faobhar,Le fuinneamh mo ghéag óm ghuaillnibh,Do romharfainn, do ghrafainn, do thaoscfainn an cartaLe mórchuid de a scaipeadh lem shluasad,Is máistir mé ar fhearaibh chun súistín do chasadh’S is fear maith chun iomaire a bhuaint mé.

Is bean mé atá ar strae a fuair seascaireacht saoil,Agus taitníonn do bhréithre suairc liom,Bímse in aghaidh an lae ag obair liom féinAgus allas ’na shlaod lem ghruannaibh,Má thugann tú feasta gach ní dhom mar a gheallais,Is dócha gur fearra dhom gluaiseacht,Le hóigfhear ciúin cailce gan mustar gan bladar,A thabharfadh ór dom le scaipeadh ’na chruachaibh.

N A H A M H R Á I N | 53

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 53

Page 50: Leabhar Mór FINAL Layout 1 13/05/2013 13:03 Page 3r_na_nAmhran.pdf · 104. An gamhain geal bán 197 105. An gamhnaichín 198 106. An Geata Mór 199 107. An gheadach dá crú sa ghleann

A C H O M A R A I G H AO I B H I N N Ó

Mui r i s Ó Fao l á i n

Mo bheannacht ó chroí dod thír ’s dod shléibhtibh,A Chomaraigh aoibhinn ó,Is dod mhuintir shuairc ar dual dóibh féile, A Chomaraigh aoibhinn ó,Do shrutháin gheala ’s do choillte craobhach’,Do ghleannta meala ’s do bhánta léire,Ó, grá mo chroí iad súd le chéile, A Chomaraigh aoibhinn ó.

Is dathúil breá do chruacha scéimhchruth’,A Chomaraigh aoibhinn ó,Nuair a lasaid suas le hamharc gréine,A Chomaraigh aoibhinn ó,Na faillte is leacain ar gach taobh díot,Mar bhrata sróil le seodaibh gléasta,Nuair a scaipeann an drúcht anuas ón spéir ort,A Chomaraigh aoibhinn ó.

Do bhíos thar sáile seal i gcéin uait,A Chomaraigh aoibhinn ó,I ndúthaigh fáin ag déanamh saothair,A Chomaraigh aoibhinn ó,Ach b’obair tháir liom cnuasach gréithre,I bhfad óm áit fé scáil do shléibhte,Is chas mé arís ort, a phlúr na nDéise,A Chomaraigh aoibhinn ó.

54 | N A H A M H R Á I N

3.

Leabhar Mór FINAL_Layout 1 13/05/2013 13:04 Page 54