tuarascail bhliantuil 2013 - oicar deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí...

94
A An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013 Tuarascail Bhliantuil 2013

Upload: others

Post on 15-Aug-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

AAn Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Tuarascail Bhliantuil2013

Page 2: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

2014 © Rialtas na hÉireann

Oifig an Choimisinéara Fáisnéise18 Sráid Líosain Íochtarach,Baile Átha Cliath 2.

Teil: (01) 639 5689Facs: (01) 639 5674Riomhphost: [email protected]íomh Gréasáin: www.oic.gov.ie

Sraithuimhir Caighdeánach Idirnáisiúnta: 1649-0479

deartha ag

deartha ag

dear

tha

ag

dear

tha

ag

Page 3: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

Tuarascáil Bhliantúil 2013

Page 4: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

Clár ÁbhairRéamhrá 4

Cuid I – An Coimisinéir Faisnéise

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain 6Do cheart chun faisnéise 7Réamhrá 8Ceapachán an Choimisinéara nua 10An Bille um Shaoráil Faisnéise 2013 11Fógraí a eisíodh le comhlachtaí poiblí faoi alt 37 11Staitisticí lárnacha um SF don bhliain 14Líon cás Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OIC) 19Teastais Reachtúla eisithe ag Airí agus Ard-Rúnaithe 27Cúrsaí foirne 29

Caibidil 2: Saincheisteanna a d’Eascair 30Ualach oibre na hOifige 31Forálacha neamhnochta Alt 32 33Nótaí treoracha maidir le rochtain ar thaifid daoine básaithe 34Tuarascálacha an Gharda Síochána 36Achomhairc chuig na Cúirteanna 37

Caibidil 3: Cinntí 40Cinntí foirmiúla 41Cinntí a neamhníodh 42Cinntí suntasacha 43 An Roinn Sláinte 43 Comhairle Baile Bhré 44 An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais 46 An Roinn Airgeadais 47 Roinn an Taoisigh 48 An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta 49 Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 50 Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 50

Caibidil 4: Staitisticí 52Roinn I - Comhlachtaí Poiblí – 2013 55Roinn II - Oifig an Choimisinéara Faisnéise - 2013 63

Page 5: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Cuid II – An Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mBliain 68Réamhrá 69Achomhairc agus fiosrúcháin 70Airteagal 12(6) de na Rialacháin 71Saincheisteanna a d’Eascair 71Acmhainní 71Teorainneacha an tsainchúraim 73Ceisteanna tairseacha dlínse 74An gá le cleachtais riaracháin feabhsaithe 75Breithiúnais Ard-Chúirte agus Chúirte Uachtaraí 76Staitisticí 76Diúltú Measta 78

Caibidil 2: Cinntí 80An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil 81An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 82An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil 83Bord na Móna 84Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 85

Aguisíní 86Aguisín I Teastais arna n-eisiúint faoi alt 20 agus alt 25 den Acht um SF 87

Aguisín II Athbhreithniú faoi alt 25(7) ar Theastais Aireachta arna n-eisiúint 90

Aguisín III An Tuarascáil Bhliantúil maidir le hÉifeachtacht Fuinnimh 2013 91

Page 6: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

4

RéamhráCuirim leis seo mo chéad Tuarascáil Bhliantúil mar Choimisinéir Faisnéise (séú Thuarascáil Bhliantúil déag de chuid an Choimisinéara Faisnéise ó bunaíodh an Oifig i 1998) faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid de bhun alt 40(1)(c) de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003.

Peter Tyndall An Coimisinéir FaisnéiseBealtaine 2014

Page 7: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

5An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Bernadette McNally Ard-Stiúrthóir

Page 8: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

6

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Page 9: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

7An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Do cheart chun faisnéiseTugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú ag an Acht um SF (Leasú) 2003 (an tAcht um SF) ceart rochtana do dhaoine ar thaifid atá ag Ranna Rialtais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údaráis Áitiúla agus go leor comhlachtaí poiblí eile. Tugann sé freisin ceart do dhaoine faisnéis phearsanta fúthu féin atá ag na comhlachtaí poiblí seo a cheartú nó a nuashonrú agus tugann sé ceart go dtabharfaí cúiseanna leis na cinntí a thógann comhlachtaí poiblí, i gcás go mbíonn tionchar ag na cinntí sin orthu.

Folaíonn Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2011 bealaí rochtana breise do dhaoine ar mian leis faisnéis chomhshaoil a fháil. Clúdaíonn na Rialacháin níos mó eagraíochtaí ná an tAcht um SF. D’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil sraith Nótaí Treoracha atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara um Faisnéis Chomhshaoil ag www.ocei.gov.ie.

Tá an dá fheidhm seo neamhspleách go dlíthiúil ar a chéile, faoi mar atá mo róil mar Choimisinéir Faisnéise agus mar Choimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil.

Page 10: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

8

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

RéamhráTá mé sásta mo chéad Thuarascáil Bhliantúil a chur ar fáil mar Choimisinéir Faisnéise, a chlúdaíonn an tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2013. I gCuid II den Tuarascáil seo, mar a rinneadh i mblianta roimhe seo, tuairisceoidh mé ar mo chuid oibre mar Choimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil.

De bhrí nár tháinig mé go dtí an oifig go dtí Nollaig 2013, caithfear a admháil go léirítear sa Tuarascáil seo go príomha an obair a rinne an Oifig faoi threoir chumasach mo réamhtheachtaí, Emily O’Reilly. Bhí an bhliain seo suntasach de bharr éacht iontach Emily nuair a thogh Parlaimint na hEorpa mar Ombudsman Eorpach í.

Ba mhaith liom ómós a thabhairt do Emily agus a ranníocaíocht shuntasach le hobair na hOifige a aithint. Sular ceapadh í mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise i Meitheamh 2003, ba iriseoir agus údar cumasach a bhí inti a raibh róil aici mar chomhfhreagraí polaitíochta le meáin chlóite agus chraolta mór le rá. Mar Choimisinéir Faisnéise, ceapadh mar chéad Choimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil na hÉireann í in 2007. Ina dhiaidh sin, rinne Emily maoirsiú ar chumasc an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí lena hOifig.

Cosúil lena réamhtheachtaí, Kevin Murphy nach maireann, b’éigean do Emily cinneadh a dhéanamh maidir le scaoileadh taifead sna mílte cás aonair thar na mblianta. Thug a cinntí treoir ar chúrsaí a bhí casta go minic cosúil le dlí iontaoibhe, cearta príobháideachais agus saincheisteanna maidir le slándáil an stáit. Go háirithe, rinne sí go leor cinntí tábhachtacha maidir le scaoileadh taifead i leas an phobail.

I gceann de na cinntí is túisce a rinne sí, in 2004, threoraigh Emily scaoileadh tuairiscí um iniúchadh ar thithe altranais ar son leas an phobail. Foilsítear tuairiscí mar sin mar ghnáthchleachtadh anois. In 2011, threoraigh sí scaoileadh ainmneacha breitheamh i gcásanna ina ndearna ionadaithe polaitiúla léirithe chuig an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais thar a gceann mar dhlíodóirí ag lorg ceapacháin breithiúnach.

D’athraigh comhlachtaí poiblí a gcleachtais oibre go minic mar gheall ar chinntí Emily. Foilsíonn go leor comhlachtaí poiblí anois, mar ghnáthchleachtadh, faisnéis nach mbeadh fáil air roimhe sin, nó a dteastódh iarratas um SF lena fháil. Is léir domsa go raibh ról nach beag ag Emily in athruithe suntasacha i leith meon maidir le saoráil faisnéise in Éirinn.

Léiríodh an clú láidir atá ar Emily sa bhaile agus thar lear anuraidh nuair a ceapadh mar Ombudsman Eorpach í. Mar aon lena róil mar Choimisinéir Faisnéise agus Ombudsman in Éirinn, tá a fhios agam go rachaidh Emily i mbun an róil nua seo leis an ngairmiúlacht, críochnúlacht agus buanseasmhacht a bhí aici sna blianta roimhe. Guím gach rath ar Emily ina post nua mar Ombudsman Eorpach.

Page 11: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

9An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Tá sé i gceist agam tógáil ar a leagáid agus ar leagáid a réamhtheachtaithe agus fáiltím go háirithe roimh na réimsí nua oibre atá le déanamh ag m’Oifig ag eascairt as an leasú beartaithe leis an Acht um SF agus na comhlachtaí poiblí breise a chuimseofar ann. Cé go bhfuiltear ag súil go n-ardóidh an t-éileamh breise seo an brú mór atá ar acmhainní na hOifige seo cheana, táim ag súil leis an dúshlán a bhaineann leis an úsáid is fearr a bhaint as na acmhainní ar fad le freastal ar an éileamh breise sin agus le dul i ngleic le moill dho-ghlactha a bhíonn ar sheirbhísí na hOifige go minic faoi láthair, ar an drochuair. Ar an bpointe seo, fáiltím roimh chinneadh a rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le déanaí chun acmhainní foirne breise a leithdháileadh do m’Oifig sula n-achtaítear an Bille um SF.

Cé go bpléifidh mé an Bille Leasaithe um SF níos mine níos déanaí sa Chaibidil seo, creidim go bhfuil sé cuí aird a tharraingt anseo ar an ról tábhachtach atá ag Aonad Beartais Lárnach (CPU) sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, i mo thuairimse, i gcur chun cinn SF go ginearálta agus i dtacú leis na comhlachtaí nua sin faoin sainchúram. Tuigim go raibh dúshláin shuntasacha roimh CPU chomh maith le blianta beaga anuas i dtéarmaí acmhainní laghdaithe. Ach, creidim go bhfuil ról lárnach aige i gcinntiú go dtugtar isteach an Bille nua i gceart agus i gcuidiú le gach comhlacht poiblí glacadh go hiomlán le prionsabail oscailteachta, trédhearcachta agus cuntasachta a chur chun cinn mar atá i gceist sa reachtaíocht um SF.

Fáiltím roimh thiomantas an Rialtais i leith cód cleachtais um SF a fhorbairt a chinnteoidh go gcomhlíontar dualgais na gcomhlachtaí poiblí faoi SF ag ardchaighdeán. Tá a fhios agam go bhfuil céimeanna suntasacha tógtha ag CPU cheana féin chun an cód a fhorbairt agus táim ag súil lena fhoilsiú. Ach, ní hé foilsiú an chóid deireadh na ceiste ar fad. Caithfear seirbhís tacaíochta a bhfuil dóthain acmhainní aici, atá éifeachtach agus atá ar fáil go héasca a chur ar fáil chomh maith, go háirithe do na comhlachtaí sin atá faoin sainchúram don chéad uair. Cé go bhfuil sé i gceist ag m’Oifig oibriú go dlúth leis na comhlachtaí sin chun a ndualgais nua um SF a shásamh, creidim go bhfuil ról lárnach le himirt ag CPU chun tacú go leanúnach le forfheidhmiú an chóid chleachtais nua.

Ar deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí a thiocfaidh faoin sainchúram amach anseo, chun rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú do mhuintir na hÉireann. Tá clár oibre leagtha amach ag an Aire Howlin i gcomhair Rialtas Oscailte agus tá tiomantas na hÉireann ina leith léirithe aige trí bheith páirteach i gComhpháirtíocht Rialtas Oscailte. Ba mhaith liom a chinntiú go mbeidh m’Oifig iomlán páirteach i mbreisfhorbairt oscailteacht agus trédhearcacht inár saol poiblí.

Peter TyndallAn Coimisinéir Faisnéise &An Coimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil

Page 12: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

10

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Ceapachán an Choimisinéara nua

Ceapachán Coimisinéir Faisnéise agus Coimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil nuaBa mhór an onóir a bheith ceaptha ag an Uachtarán Micheál D Ó hUiginn ag searmanas in Áras an Uachtaráin ar an 2 Nollaig 2013. D’fhreastail an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin TD chomh maith agus d’fháiltigh sé roimh mo cheapachán foirmiúil mar Ombudsman, Coimisinéir Faisnéise agus Coimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil.

An Coimisinéir Faisnéise agus an Coimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil, Peter Tyndall sa ghrianghraf ag a cheapachán in Áras an Uachtaráin leis an Uachtarán Micheál D Ó hUiginn agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin.

Page 13: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

11An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

An Bille um Shaoráil Faisnéise 2013Ina Tuarascáil Bhliantúil do 2010, d’fháiltigh Emily O’Reilly roimh na tiomantais maidir le saoráil faisnéise a bhí sa Chlár don Rialtas, Rialtas do Théarnaimh Náisiúnta 2011-2016, inar dúradh:

“Tabharfaimid isteach reachtaíocht chun an tAcht um Shaoráil Faisnéise a chur ar ais mar a bhí sular bhain an Rialtas amach an bonn de, agus sínfimid a shainchúram chuig comhlachtaí poiblí eile chun gné riaracháin an Gharda Síochána, faoi réir eisceachtaí slándála a áireamh. Sínfimid Saoráil Faisnéise, agus an tAcht Ombudsman lena chinntiú go gclúdaítear gach comhlacht reachtúil, agus gach comhlacht a fhaigheann maoiniú suntasach ó chiste an stáit.”

Cé go bhfuil sé díomách go bhfuil an oiread ama caite chun an Bille a rith, tá mé muiníneach go n-achtófar an Bille i mbliana agus go mbeidh na comhlachtaí poiblí breise, faoi dheireadh, faoi réir réimeas na SF.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chomh maith aitheantas a thabhairt don bhealach dearfach a bhfuil Aonad Athchóirithe an Rialtais ag dul i ngleic le m’Oifig maidir leis an mBille agus ar fhorbairt chód cleachtais do SF. Ghlac m’Oifig leis an deis moltaí fairsinge a dhéanamh a d’eascair óna taithí phraiticiúil i bhfeidhmiú reachtaíochta um SF, a bhfuil formhór de ionchorpraithe sa Bhille um SF. Chuir m’Oifig go mór chomh maith le hathbhreithniú ar fheidhmiú an Achta um SF a rinne Aonad Athchóirithe an Rialtais. Bhí ionadaithe ón Oifig ar na grúpaí athbhreithnithe inmheánacha agus seachtracha a bunaíodh le tabhairt faoin athbhreithniú, agus é mar aidhm acu cód cleachtais a fhorbairt.

Is é cuspóir an chóid chleachtais a chinntiú go gcomhlíontar dualgais na gcomhlachtaí poiblí faoi SF ag ardchaighdeán. Mar a dúirt mé i mo réamhrá, caithfear, i mo thuairimse, seirbhís tacaíochta a bhfuil dóthain acmhainní aici, atá éifeachtach agus atá ar fáil go héasca a chur ar fáil chomh maith leis an gcód, go háirithe do na comhlachtaí sin atá faoin sainchúram don chéad uair, agus creidim go bhfuil ról lárnach ag an Aonad Beartais Lárnach (CPU) chun tacaíocht leanúnach a thabhairt d’fhorfheidhmiú an chóid nua. Go deimhin, tuigim go n-aithneofar sa chód féin tábhacht an róil cheannaireachta a caitheann an CPU imirt i dtacú le baint amach cuspóirí SF. Tá súil agam go mbeidh dóthain acmhainní ag an CPU chun a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh.

Fógraí a eisíodh le comhlachtaí poiblí faoi alt 37 I dTuarascálacha Bliantúla roimhe seo, cuireadh cúrsaí a bhaineann le fógraí reachtúla faoi chaibidil níos déanaí sa Tuarascáil. Ach, i mbliana, theastaigh uaim suntasacht níos mó a thabhairt do cheist a bhaineann le comhlíonadh.

Faoi na ceannteidil ‘Comhlíonadh comhlachtaí poiblí’ agus ‘Fógraí reachtúla’, léiríodh i dTuarascáil Bhliantúil na bliana seo caite roinnt cásanna inar cheistigh comhlachtaí poiblí

Page 14: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

12

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

áirithe a ndualgas faoi alt 37 den Acht um SF. Éilíonn alt 37 go dtabharfaidh comhlacht poiblí aon fhaisnéis do m’Oifig a mheastar a bheith cuí chun críocha athbhreithnithe.

Tig le m’Oifig teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht poiblí cuí ag am ar bith le linn athbhreithnithe agus tig léi cóipeanna de thaifid a iarradh. Mura gcuireann comhlacht taifid ar fáil faoi dháta ar leith, is iondúil go dtosaíonn m’Oifig seo teagmhálacha breise mar iarracht chun na taifid a lorgaítear a fháil. Bhí cásanna ann san am a caitheadh nuair a theip ar chomhlachtaí poiblí taifid a thabhairt d’ainneoin roinnt iarratas. I roinnt cásanna eisceachtúla, d’imigh míonna tharainn gan aon fhreagra dearfach ón gcomhlacht poiblí lena mbaineann. Mura bhfreagraíonn an comhlacht poiblí, eiseoidh m’Oifig litir chuig ceann an chomhlachta lena mbaineann. Cuireann an ‘fógra Alt 37’ seo ceann an chomhlachta ar an eolas go bhfuil rochtain lorgtha ag m’Oifig ar thaifid agus bíonn ord ama na litreacha agus na gcumarsáidí a d’eisigh m’Oifig inti. Éilíonn an fógra alt 37 ar an gceann cóip den fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil do m’Oifig gan a thuilleadh moille.

I mblianta roimhe seo, níor thaifead mo réamhtheachtaithe níos mó ná trí fhógra alt 37 le comhlachtaí poiblí in aon bhliain amháin. Ach, bhí ionadh orm a thabhairt faoi deara gur eisigh m’Oifig aon fhógra alt 37 déag in 2013, cé nár eisíodh ach le cúig chomhlacht poiblí iad. Bhí ionadh orm chomh maith gur eisíodh dhá fhógra alt 37 le trí cinn de na comhlachtaí poiblí sin maidir le hathbhreithniú amháin. Is oth liom a rá gur luadh péire de na comhlachtaí poiblí sin i dTuarascáil Bhliantúil 2012 chomh maith.

2010 2011 2012 2013

Fógraí alt 37 arna n-eisiúint in 2010-2013

0

2

4

6

8

10

12

1 1

3

11

Áiríodh leis na comhlachtaí a fuair fógraí alt 37 an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais (cúig fhógra), Bord na gCon (péire), Comhairle Contae Chorcaí (péire), an Roinn Airgeadais (ceann), agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (ceann).

Baineann an cúig fhógra alt 37 a eisíodh leis an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais le ceithre athbhreithniú. I gcomhair trí cinn de na hathbhreithnithe sin, ghlac sé idir trí agus ceithre mhí

Page 15: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

13An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

na taifid a chur chuig m’Oifig. In athbhreithniú amháin, d’eisigh m’Oifig dhá fhógra ar leith leis an Ospidéal mar iarracht taifid a fháil agus ina dhiaidh sin freagra le ceisteanna áirithe a bhain leis an athbhreithniú. San athbhreithniú lena mbaineann, ghlac sé beagnach cúig mhí ar m’Oifig an fhaisnéis ar fad a theastaíonn chun an t-athbhreithniú a cheadú a fháil.

Eisíodh dhá fhógra alt 37 le Bord na gCon maidir le hathbhreithniú amháin. Don athbhreithniú seo, bhí sé mhí caite sula bhfuair m’Oifig an fhaisnéis a theastaíonn. I gcás Chomhairle Contae Chorcaí, bhain an dá fhógra a eisíodh leis an gComhairle le dhá shraith taifead a bhain le hathbhreithniú amháin. D’imigh sé mhí ina iomláine sular tháinig na taifid chuig m’Oifig, trí mhí do gach sraith. Eisíodh fógra alt 37 amháin leis an Roinn Airgeadais agus ghlac sé ceithre mhí ón am a iarradh an fhaisnéis go dtí go bhfuair m’Oifig í.

Sna cásanna sin ar fad, tá mé aireach ar an tionchar a bhíonn ar mhoill ar an duine a dhéanann iarratas le m’Oifig ar athbhreithniú. Dá bharr sin, is é an sampla deireadh a bhaineann le fógra alt 37 an ceann is mó frustrachais. In Aibreán 2013, d’iarr m’Oifig ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) cóipeanna de na taifid a bhaineann le hiarratas um SF a dhéanann duine le comhlacht poiblí de ghnáth a chur ar fáil. Tá na “taifid chinntitheacha” seo ríthábhachtach i gcuidiú le m’Oifig cinneadh a dhéanamh ar bhailíocht iarratas athbhreithnithe. Is iondúil go bhfaigheann m’Oifig na taifid sin laistigh de chúig lá oibre ó dhéantar an t-iarratas leis an gcomhlacht. Ar deireadh, d’eisigh m’Oifig fógra alt 37 le UCD agus ag deireadh mhí an Mheithimh 2013, dhá mhí tar éis an iarratais ar athbhreithniú, fuarthas freagra. Is í íoróin an scéil gur dheimhnigh freagra UCD nach bhféadfadh m’Oifig glacadh leis an athbhreithniú, mar nach ndearnadh an té a d’iarr an fhaisnéis iarratas um SF bailí leis an gColáiste ar an gcéad dul síos. Níl aon leithscéal, i mo thuairimse, i dtaobh moill mar sin.

Breathnaím ar chomhlachtaí poiblí a theipeann freagairt d’iarratais ar fhaisnéis ó m’Oifig ar bhealach tráthúil mar mhoill do-ghlactha leis an bpróiseas athbhreithnithe. Folaíonn an tAcht um SF go ndéanfaidh mé cinneadh, a mhéid agus is indéanta, laistigh de cheithre mhí ón iarratas ar athbhreithniú a fháil. Braitheann an méid ama a thógann sé déileáil le gach iarratas ar roinnt tosca cosúil leis an líon cásanna idir lámha, castacht na saincheisteanna lena mbaineann, agus an líon taifead atá i gceist. Tá sé do-ghlactha gur féidir le moill le freagra ó chomhlachtaí poiblí ar iarratais atá simplí go maith cuir go mór le hamanna próiseála cásanna.

Ach, tá má sásta go bhfuil mé in ann deireadh a chur leis an bpointe seo go dearfach. I rith 2013, bhuail foireann ó m’Oifig le hoifigigh ón Roinn Airgeadais, ó Bhord na gCon agus ón Ospidéal Náisiúnta Máithreachais chun moill a d’eascair as na cásanna idir lámha agus saincheisteanna ginearálta eile a bhaineann le próiseáil iarratais um SF ag na comhlachtaí sin a phlé. Go deimhin, bhí tionscnamh glactha ag an Roinn Airgeadais chun an cruinniú sin le m’Oifig a iarradh. Sna trí chás, leag na comhlachtaí lena mbaineann amach bearta réamhghníomhacha ar ghá a dhéanamh lena chinntiú go dtarraingítear aird ar mhoill fhéideartha agus go dtéitear i ngleic leo a luaithe agus is féidir. Cuirim fáilte mhór roimh na hiarrachtaí a rinne na comhlachtaí chun ceist na moilleanna seo a réiteach.

Page 16: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

14

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Staitisticí lárnacha um SF don bhliain

An líon iarratas um SF le comhlachtaí poiblí 2004-2013Ní raibh staitisticí áirithe um SF a shainscag Roinn Rialtais go traidisiúnta ar fáil le cuir i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéir Faisnéise 2012. Ach, cuireadh na staitisticí i dtoll a chéile ina dhiaidh sin agus cuireadh ar aghaidh chuig m’Oifig iad le foilsiú ag deireadh 2013. Tá staitisticí tábhachtacha um SF do 2012 ar fáil ar shuíomh gréasáin an OIC ag www.oic.gov.ie. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe lena chinntiú gur cuireadh staitisticí do 2013 ar fáil do m’Oifig.

2010200920082007200620052004 2011 2012 2013

2,000

4,000

6,000

8,000

10,000

12,000

14,000

16,000

18,000

20,000

0

Rinneadh 18,985 iarratas le comhlachtaí poiblí in 2013 agus tá sé cosúil leis an líon a rinneadh in 2012 (18,953).

B’ionann an líon iarratas a bhí idir lámha ag comhlachtaí poiblí ag deireadh mhí na Nollag 2013 agus 3,232. Léiríonn sé seo ardú beagnach 30% ar an líon cásanna a bhí idir lámha in 2013, os cionn iomlán 2,493 in 2012. Tá imní orm go léireoidh sé seo cor chun donais i bhfeidhmíocht i bhfreagairt le hiarratais mar gheall nár tugadh tosaíocht dóibh. Leanfaidh mé de mhonatóireacht ghéar ar fheidhmíocht.

Page 17: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

15An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Miondealú earnála ar iarratais um SF le comhlachtaí poiblíIs féidir na cairteacha sa chuid seo den Tuarascáil a fheiceáil i gcomhar leis na táblaí ar staitisticí i gCaibidil 4 agus na táblaí a bhaineann le Tuarascálacha Bliantúla roimhe seo, atá ar fáil ar an suíomh gréasáin ag www.oic.ie.

Institiúidí Tríú Leibhéil 2%

Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Stáit 30%

Údaráis Áitiúla 7%

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 41%

Ospidéil Dheonacha, Seirbhísí Meabhairshláinte agus Gníomhaireachtaí Gaolmhara 19%

Comhlachtaí Deonacha Eile 1%

Mar aon le blianta eile, fuair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an líon is mó iarratas um SF. D’ardaigh líon na n-iarratas um SF a rinneadh le FSS ag ráta timpeall 2% sa bhliain le ceithre bliana anuas. In 2010, fuair FSS 35% den líon iomlán iarratas a rinneadh le comhlachtaí poiblí. In 2013, ba ionann an figiúir agus 41%, mar a fheictear thuas.

Is fiú an líon iarratas um SF a rinneadh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí thar an tréimhse chéanna a lua. In 2010, b’ionann an líon iarratas um SF a rinneadh leis an Roinn agus 5.6% de na hiarratais um SF ar fad a rinneadh le comhlachtaí poiblí i rith na bliana. I gcomhair 2013, ardaíodh an figiúr chuig 11.2%. Tá sé suntasach chomh maith gur tháinig ardú 150% ar an líon iarratas um SF a rinneadh leis an Roinn (ó 859 go dtí 2,148) sa tréimhse cheithre bliana chéanna sin.

Léirítear an t-ardú seo ar bhealach sa líon iarratas ar athbhreithniú a bhaineann leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ar ghlac m’Oifig leo idir 2010 agus 2013. Léiríonn figiúirí m’Oifige gurbh ionann athbhreithnithe ar ghlac m’Oifig leo in 2010 a bhain leis an Roinn agus 2.7% de na hathbhreithnithe ar fad ar glacadh leo sa bhliain sin; ach gur ardaigh an figiúr chuig 4.2% in 2013.

Cé nach bhfuil aon fhianaise ar leith agam a thacaíonn leis na cúiseanna don ardú sin, creidim gur féidir a bheith den tuairim go bhfuil baint dhíreach aige leis an ardú sa líon daoine óna dteastaíonn seirbhís leasa shóisialaigh mar thoradh ar dhianchúrsaí eacnamaíochta.

Page 18: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

16

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Na deich gcomhlacht is mó a fuair iarratais i rith 2013

Áit Comhlacht Poiblí 2013 2012 2011*

1 FSS – Deisceart 3,085 3,036 2,153

2 FSS – Iarthar 2,572* 2,429 2,204

3 An Roinn Coimirce Sóisialaí 2,148 1,686 1,106

4 FSS – BÁC Oirthuaiscirt 941 912 871

5 FSS – BÁC Laighean Láir 919 830 690

6 An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais 550 594 597

7 Ospidéal San Séamas 488 469 404

8 An Roinn Oideachais agus Scileanna 328 417 1,170

9 Ospidéal Mater Misericordiae 308 339 279

10 Ospidéal an Rotunda 279 298 217

*Leasíodh na huimhreacha san Tuarascáil bunaidh.

Mar a fheictear sa tábla thuas, is ionann FSS agus ospidéil agus seacht gcinn den deich gcomhlacht is mó a fuair iarratais um SF in 2013.

An cineál iarrthóirí le comhlachtaí poiblí

Baill an Oireachtais 0.3%

Foireann chomhlachtaí poiblí 3%

Cliaint chomhlachtaí poiblí 73%

Eile 10%

Iriseoirí 10%

Gnó 4%

Page 19: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

17An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Tá cionroinnt na n-iarratas ó chineálacha éagsúla iarrthóirí cosúil le blianta eile. Ach, in 2010, b’ionann iarratais ó iriseoirí agus 14% de na hiarratais ar fad a rinneadh ach tá an figiúr sin tite chuig 10% in 2013. Is ionann an céatadán do 2013 agus an céatadán do 2011.

An cineál iarratais le comhlachtaí poiblí

Pearsanta Neamhphearsanta Measctha

2013

2012

14,909

13,879

3,980

4,971

96

103

0% 20% 40% 60% 80% 100%

Tugaim laghdú faoi dearadh sa chéatadán iarratas um SF neamhphearsanta a rinneadh le comhlachtaí poiblí. In 2012, b’ionann an ráta agus 26.2%, ach in 2013 b’ionann an ráta agus 21%; an ráta is ísle le ceithre bliana. B’ionann na rátaí do 2010 agus 2011 agus 29% agus 23.3%, faoi seach.

Arís, ní féidir liom trácht a dhéanamh go húdarásach ar aon chúis le haghaidh an laghdaithe, d’fhéadfadh sé, sna cúinsí eacnamaíochta deacra seo, go raibh baint ag na táillí a bhaineann le hiarratais agus athbhreithnithe a bhaineann le taifid neamhphearsanta. Chuige seo, tá mé sásta a thabhairt faoi deara go bhfuil laghdú suntasach sna leibhéil táillí a bhaineann le hiarratais ar athbhreithniú inmheánach agus ar athbhreithniú ag m’Oifig beartaithe sa Bhille um Shaoráil Faisnéise.

Page 20: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

18

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Dátaí eisiaimh ag comhlachtaí poiblí

Deonaithe go hiomlán 65%

Páirtdheonaithe 18%

Diúltaithe 9%

Aistrithe 1%

Aistarraingthe 7%

Tá miondealú sonraithe ar na dátaí eisiaimh i ngach earnáil le fáil i dtábla 5, caibidil 4. Tá dátaí eisiaimh fanta mórán mar a chéile le ceithre bliana anuas ach tugaim faoi deara gur ardaigh céatadán na n-iarratas inar deonaíodh rochtain iomlán ar thaifid ó 60% in 2010 go 65% in 2013.

Tá Ranna Státseirbhíse agus earnálacha Údaráis Áitiúla faoin meán i dtaobh rochtain a dheonú ar thaifid ag 48% agus 52% faoi seach ach os cionn an mheáin i bpáirtdeonú rochtana. Ach, léiríonn an ráta eisiaimh 48% do Ranna Státseirbhíse ardú 42% ar ráta 2012. Níl aon athrú tagtha ar an ráta eisiaimh d’Údaráis Áitiúla.

Tá FSS, Ospidéil Dheonacha, rialaitheoirí na Seirbhísí Meabhairshláinte agus Gníomhaireachtaí gaolmhara os cionn an mheáin i dtaobh rochtain a dheonú ar thaifid agus faoin meán i dtaobh rochtain a dhiúltú. D’fhéadfadh sé seo a bheith bainteach le cineál na n-iarratas a fuarthas mar go mbaineann formhór na n-iarratas a dhéantar le hearnálacha chúram sláinte le rochtain ar thaifid de chineál pearsanta. Léirítear i dtáblaí 8 agus 9, caibidil 4 (a léiríonn na hearnálacha chúram sláinte) gurbh ionann iarratais ar rochtain ar thaifid de chineál pearsanta agus 94% de na hiarratais a fuarthas in 2013.

Page 21: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

19An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Líon cás Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OIC)Tig le hiarrthóir nach bhfuil sásta le cinneadh an chomhlachta poiblí maidir le hiarratas um SF iarratas a dhéanamh le m’Oifig chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin. Tá an cinneadh tar éis m’athbhreithnithe ina cheangal dlí agus is féidir achomharc a dhéanamh air chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí amháin.

Iarratais le OIC 2011-2013

245

338

174

236

335

260

0

50

100

150

200

250

300

350

400

2011 2012 2013

Iarratais a fuarthas Iarratais ar glacadh leo

Bhí an líon iarratas a rinneadh le m’Oifig in 2013 cosúil leis an líon in 2012. Ach, tháinig méadú 10% ar an líon iarratas ar glacadh leo le hathbhreithniú i rith na bliana.

Is fiú a thabhairt faoi deara gur tháinig méadú beagnach 50% ar an líon iarratas ar glacadh leo le hathbhreithniú ag m’Oifig i mbliain amháin ó 2011. Chruthaigh sé seo ualach breise ar acmhainní na hOifige.

Tá an difríocht idir an líon iarratas a fuair agus ar ghlac m’Oifig leo de bharr go príomha go bhfuil líon de na hiarratais sin neamhbhailí, nó aistarraingthe ag an iarrthóir go luath sa phróiseas.

Page 22: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

20

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Ábhar na n-iarratas athbhreithnithe ar ghlac OIC leo

Agóidí ag tríú páirtithe – 16

S17 - Leasú taifead – 9

S18 - Ráiteas cúiseanna – 11

Táillí – 7

Eisiamh taifead – 217

Mar aon le blianta roimhe sin, bhain formhór na n-iarratas ar ghlac m’Oifig leo in 2013 le diúltú na gcomhlachtaí poiblí rochtain a thabhairt ar roinnt de na taifid a iarradh, nó iad ar fad.

Iarratais ar ghlac OIC leo de réir cineáil 2011-2013

0

10

20

% 30

40

50

60

Pearsanta Neamhpearsanta Measctha

2011 20132012

3540 39

49 49 48

1611 13

Page 23: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

21An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Torthaí athbhreithnithe ag OIC in 2013

Cinneadh neamhnithe 11%

Cinneadh athraithe 7%

Deireadh curtha leo 3%

Socrú aimsithe 14%

Aistarraingthe 25%

Cinneadh dearbhaithe 40%

In 2013, rinne m’Oifig athbhreithniú ar chinntí comhlachtaí poiblí in 258 cás. Léiríonn sé seo méadú 29% ar fhigiúr na bliana 2012 de 200. Ag deireadh mhí na Nollag 2013, bhí 205 cás idir lámha ag m’Oifig, méadú trí chás ón líon cásanna a bhí idir lámha ag deireadh 2012.

Socruithe agus aistarraingtíIs ionann an céatadán cónasctha cásanna a socraíodh, a aistarraingíodh nó ar cuireadh deireadh leo i rith na bliana agus 42%. B’ionann an figiúr go 2012 agus 48%.

D’fhéadfaí iarratais a shocrú, a aistarraingt nó deireadh a chur leo tar éis pléití idir an iarrthóir, an comhlacht poiblí agus foireann ó m’Oifig. Tarlaíonn aistarraingtí go minic mar thoradh ar idirghabháil m’Oifige agus tar éis don chomhlachta poiblí lena mbaineann míniú níos mionsonraithe ar chinneadh a thabhairt don iarrthóir. Déarfainn chomh maith cé go bhfuilimid ag díriú go príomha i mbliana ar chinntí m’Oifige, baineann go leor oibre le torthaí cosúil le haistarraingtí nó socruithe a bhaint amach: Déanfaidh foireann m’Oifige, in go leor cásanna, idirchaidreamh leis an gcomhlacht poiblí agus/nó leis an iarrthóir, thar tréimhse fada uaireanta, mar iarracht toradh atá inghlactha do gach duine a bhaint amach.

Is iondúil go dtarlaíonn socruithe nuair a eisíonn an comhlacht poiblí faisnéis bhreise i rith athbhreithnithe.

Page 24: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

22

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Próifíl aoise na gcásanna a dhún OIC

0%

10%

20%

30%

40%

50%

0-4 mhí 5-12 mhí 13-24 mhí os cionn 24 mí

2013 2012

19

26

4340

2320

1514

Cuirtear faisnéis ar fáil sa tábla seo faoin fhad a thóg sé ar m’Oifig athbhreithniú a dhéanamh. D’ardaigh an ráta céatadáin um dhúnadh cásanna laistigh den tréimhse ceithre mhí a fholaítear san Acht um SF chuig 26% in 2013 ó 19% in 2012. Déanaim trácht níos mó air seo i gCaibidil 2 den Tuarascáil.

Próifíl aoise na gcásanna idir lámha in OIC ag deireadh 2013

0

20

40

60

80

100

120

140

Níos lú ná bliain amháin os cionn 3 bliana d’aois1-2 bhliain d’aois 2-3 bhliana d’aois

133

58

9 5

Ag deireadh 2013, bhí 72 cás idir lámha atá os cionn bliain amháin d’aois. Ach, tar éis athbhreithniú ar struchtúir agus próisis eagraíochtúla m’Oifige, tugadh tionscnamh ar leith isteach le déanaí, atá dírithe ar thosaíocht a thabhairt do chásanna níos sine. Dá réir sin, faoi dheireadh 2014, tá mé ag súil le laghdú suntasach sa líon cásanna gníomhacha atá os cionn bliain amháin d’aois.

Page 25: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

23An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Miondealú ag comhlacht poiblí ar iarratais ar athbhreithniú glactha ag OIC

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – 55

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais – 20

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara – 7

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim – 11

Comhairle Chontae Chorcaí – 10

An Roinn Coimirce Sóilialaí – 11

An Roinn Oideachais agus Scileanna – 9

Eile (chomhlacht le níos lú ná 5 athbhreithniú an ceann) – 118

An Roinn Airgeadais – 6

An Roinn Cosanta – 6

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath – 7

Léirítear sa léaráid thuas miondealú ag comhlacht poiblí ar chásanna ar ghlac m’Oifig leo le hathbhreithniú in 2013. Tugadh laghdú faoi dearadh sna cásanna FSS ar glacadh leo i dTuarascálacha roimhe seo. Lean an treocht sin ar aghaidh in 2013 nuair ab ionann cásanna FSS agus 21% de na cásanna ar fad ar glacadh leo lena n-athbhreithniú, i gcomparáid le 29% in 2012 agus 34% in 2011. Is ionann ‘comhlachtaí eile’ agus 45% de na hiarratais ar fad ar athbhreithniú ar glacadh leo in 2013 agus tá sé cosúil le blianta roimh seo.

Miondealú ar chásanna FSS glactha ag OIC

FSS – Iarthar – 17

FSS – Deisceart – 15

FSS – BÁC Laighean Láir – 8

FSS – BÁC Oirthuaiscirt – 4

FSS – Náisiúnta – 11

Page 26: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

24

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Diúltú MeastaCuireann an tAcht um SF teorainneacha ama reachtúla i bhfeidhm ar chomhlachtaí poiblí i gcomhair na céimeanna éagsúla d’iarratas SF. Go sonrach, ba cheart go n-eiseofaí cinneadh ar iarratas bunaidh laistigh de cheithre seachtain agus, i gcás iarratais ar athbhreithniú inmheánach, ba cheart go n-eiseofaí cinneadh laistigh de thrí seachtain ón iarratas sin a fháil. Tá ceart ag an iarrthóir féachaint ar chinneadh mar ‘dhiúltú measta’ ar rochtain má sháraítear na teorainneacha ama seo, bíodh sin mar gheall nach ndearnadh cinneadh ag céim bhunaidh an iarratais, nó cinneadh deireanach ag céim an athbhreithnithe idirmheánaigh. Tar éis diúltú measta ag céim an athbhreithnithe idirmheánaigh, tá iarrthóir i dteideal iarratas a dhéanamh chuig m’Oifig ar athbhreithniú.

Diúltú measta (ag an dá chéim) 2009-2013

0

10

20

30

40

50

2010

34

2009 20122011 2013

Diúltú measta (ag an dá chéim) 2009-2013

39

27

35

30

Diúltú measta ag comhlacht 2013

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais – 4

Comhairle Contae Chorcaí – 3

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath – 3

An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais – 2

Comhlachtaí poiblí eile – 10

FSS – Náisiúnta – 8

Page 27: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

25An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Léirítear sa ghraf agus as chairt thua an líon diúltuithe measta a tharla ag an dá chéim d’iarratais SF iarrthóirí.

Thagair Tuarascáil Bhliantúil 2012 d’fhigiúirí maidir le diúltuithe measta ag comhlachtaí poiblí ag an gcéad (iarratas bunaidh) agus ag an dara (athbhreithniú inmheánach) céim den iarratas SF. I gcomhair tuarascáil na bliana seo, creidim go mbeadh sé úsáideach tagairt amhairc a thabhairt do dhiúltuithe ag comhlachtaí poiblí ag na céimeanna sin.

Diúltú measta ag an gcéad chéim

0 2 4 6 8 10 12 14 16 18 20

An Roinn Dlí agus Cirt agus ComhionannaisFSS Deisceart

Comhairle Chontae ChorcaíAn Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

An Roinn Coimirce SóilialaíFSS Baile Átha Cliath Lár Laighean

FSS IarthairAn Roinn Airgeadais

Ospidéal Náisiúnta MáithreachaisOspidéal Naoimh Shéamais

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha CliathOllscoil Luimnigh

Na Fórsaí CosantaAn Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

Feidhmeannacht na Seirbhíse SláinteColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Eile

Den 260 iarratas ar athbhreithniú a fuair m’Oifig in 2013, dhiúltaigh an comhlacht poiblí go measta 29% díobh ag an gcéad chéim d’iarratas um SF an iarrthóra. I gcás go dtarlaíonn diúltú measta ag an gcéad chéim seo, tá an t-iarrthóir i dteideal scríobh chuig an gcomhlacht poiblí agus athbhreithniú inmheánach a iarradh.

Page 28: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

26

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Diúltú measta ag an dara céim

0 5 10 15 20 25 30

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Comhairle Chontae Chorcaí

FSS Iarthair

FSS Baile Átha Cliath Lár Laighean

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

FSS Deisceart

Ospidéal Náisiúnta Máithreachais

An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Achmhainní Nádúrtha

An Roinn Airgeadais

An Roinn Coimirce Sóilialaí

An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil

Bord um Chúnamh Dlíthiúl

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Eile

Is ionann an figiúr do dhiúltú measta ag an dara céim ag beagnach 30%. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil sé de cheart ag an iarrthóir i gcás go ndéantar diúltú measta ar iarratas ar thaifid de chineál neamhphearsanta ag an dara céim, ‘athbhreithniú inmheánach’, teagmháil a dhéanamh le m’Oifig chun cúnamh a fháil Anuas air sin, sa chás seo, ní sé de dhualgas ar an iarrthóir táille a íoc le m’Oifig.

Fiosruithe ginearálta le OIC

0

200

400

600

800

1000

1200

1400

1600

1800

2006 20072004 2005 2009 20112008 2010 2012 2013

Fiosruithe ginearálta le OIC

Bhí an líon fiosruithe ginearálta a rinneadh le m’Oifig in 2013 cosúil leis an líon in 2012.

Page 29: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

27An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Táillí faighte ag OICI rith 2013, fuair m’Oifig Faighte 113 iarratas ar athbhreithniú i gcás gur íocadh táille. Is ionann an méid iomlán a fuair m’Oifig in 2013 i dtáillí iarratais agus €13,975. Aisíocadh €7,400 ar an iomlán le hiarrthóirí ar na cúiseanna seo a leanas:

yy €5,100, mar gheall ar iarratais a diúltaíodh mar go raibh siad neamhbhailí, aistarraingthe nó socraithe;

yy €2,050, mar nár eisigh an comhlacht poiblí cinneadh athbhreithnithe inmheánaigh laistigh den teorainn ama agus go raibh stádas ‘diúltú measta’ aige mar sin (tagraíonn alt 41 den Acht um SF de seo);

yy Aisíocadh €250 le hiarrthóirí mar gheall ar chásanna i gcás gur neamhníodh cinntí, nó mura raibh táille dlite.

Teastais Reachtúla eisithe ag Airí agus Ard-RúnaitheThug an tAcht um SF (Leasú) 2003 forálacha isteach ina bhféadfaí taifid áirithe a bhaint de scóip an Achta um SF de bhun teastasú ag an Aire, nó ag Ard-Rúnaí Roinne. Tá na forálacha ábhartha in ailt 19, 20 agus 25 den Acht um SF agus folaíonn siad chomh maith go gcaithfear tuarascáil ina sonraítear an líon teastas a eisítear chuig m’Oifig.

Alt 19Is díolúine éigeantach atá in alt 19 ina bhfolaítear cosaint ar thaifid a bhaineann leis an Rialtas nó an Chomh-aireacht. Leasaíodh an sainmhíniú ar Rialtas in Acht 2003 chun coiste oifigeach a cheapann an Rialtas le tuairisciú go díreach chuige agus atá teastasaithe dá réir sin trí theastasú scríofa an Ard-Rúnaí chuig an Rialtas a áireamh.

Chuir Ard-Rúnaí an Rialtais in iúl dom nár eisigh sé aon teastas alt 19 in 2013.

Alt 20Is díolúine lánroghnach atá in alt 20 den Acht um SF a chosnaíonn taifid áirithe a bhaineann le próiseas breithniúcháin chomhlacht poiblí. I gcás Roinn Stáit, féadfaidh an tArd-Rúnaí teastas scríofa a eisiúint ina ndeirtear go bhfuil ábhar a bhaineann le próiseas breithniúcháin na Roinne sin sa taifead airithe sin. I gcás go n-eisítear teastas den chineál sin, ní féidir an taifead áirithe sin a eisiúint faoin Acht um SF. Dá bhrí sin, bíonn an díolúine éigeantach. Aistarraingítear teastas den chineál sin in am trátha trí eisiúint teastas scríofa ag an Ard-Rúnaí.

Tar éis sainchomhairliúchán a dhéanamh le gach Ard-Rúnaí, cuireadh m’Oifig ar an eolas nár eisíodh aon teastas alt 20 nua i rith 2013.

Page 30: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

28

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

D’eisigh Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta teastas faoi alt 20 i Márta 2009 agus athnuadh é i Márta 2011. Deir an tArd-Rúnaí liom go bhfuil an teastas á athbhreithniú ag an Roinn faoi láthair. Tá cóip den fhógra ceangailte ag Aguisín I.

Alt 25I gcás go bhfuil Aire Rialtais sásta gur taifead díolmhaithe atá i dtaifead, trí bhíthin alt 23 (forfheidhmiú dlí agus sábháilteacht an phobail), nó alt 24 (slándáil, cosaint agus caidreamh idirnáisiúnta) agus go bhfuil an taifead sách íogair nó tromchúiseach lena shásamh, ionas gur féidir leis an Aire, trí theastas a eisiúint faoi alt 25(1), a dhearbhaíonn go bhfuil taifead díolmhaithe ó iarratas faoin Acht um SF.

Gach bliain, caithfidh an tAire/na hAirí atá i gceist tuairisc a chur chuig m’Oifig maidir leis an líon teastas a eisíodh agus na forálacha in alt 23 nó alt 24 den Acht um SF a bhain leis an taifead/na taifid dhíolmhaithe. Caithfidh mé cóip d’aon tuairisc mar sin a cheangal le mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain lena mbaineann.

Tar éis dul i gcomhairle le gach Ard-Rúnaí, cuireadh m’Oifig ar an eolas faoi na teastais seo a leanas a eisíodh faoi Alt 25 de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003.

Bhí sé theastas 25 i bhfeidhm a bhain leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais amhail an 31 Nollaig 2013, d’athnuaigh an tAire trí cinn díobh in 2013. Tá cóip den fhógra ón Ard-Rúnaí ceangailte ag Aguisín I leis an Tuarascáil seo. Beidh trí theastas le hathbhreithniú faoi alt 25(7) den Acht um SF in 2015.

D’eisigh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála trí theastas in 2013. Beidh na teastais seo le hathbhreithniú faoi alt 25(7) den Acht um SF in 2015.Tá cóip den fhógra ón Ard-Rúnaí ceangailte ag Aguisín I leis an Tuarascáil seo.

Cuireadh in iúl mé trí litir dar dáta an 15 Eanáir 2014 go raibh, de bhun alt 25(7) den Acht um SF, an Taoiseach, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an 12 theastas a bhí i bhfeidhm don tréimhse dar críoch Deireadh Fómhair 2013, sásta nárbh ghá cúlghairm aon cheann de na 12 theastas i gceist a iarradh. Den dhá theastas déag, d’eisigh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála sé theastas agus d’eisigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais sé theastas. Ceanglaím cóip den fhógra ag Aguisín II leis an Tuarascáil seo.

Page 31: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

29An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Cúrsaí foirneBa bhliain dhúshlánach ach táirgiúil a bhí in 2013 don OIC agus d’fhoireann CEI. Tá mé an-sásta le tiomantas na foirne i dtaobh na seirbhíse a fhorbairt le bheith éifeachtúil agus éifeachtach. Tá mé sásta le gairmiúlacht agus tiomantas do sheirbhís phoiblí mo chuid foirne. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le buíochas a ghabháil leo as an obair chrua ar fad i rith na bliana. Glacaim buíochas le Stephen Rafferty, Imscrúdaitheoir Sinsearach, agus le Melanie Campbell agus Edmund McDaid as a gcúnamh chun an Tuarascáil seo a chur i dtoll a chéile.

Ba mhaith liom buíochas speisialta a ghabháil le foireann na nOifigí ar fad as an bhfáilte chroíúil a chuir siad romham nuair a tháinig mé i mí na Nollag. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin leis an Ard-Stiúrthóir, Bernadette McNally, agus foireann sinsearach an Choiste Comhairleach Bainistíochta, as a bhfoighne, comhairle agus flaithiúlacht i gcuidiú liom socrú isteach. Táim ag súil le hoibriú leis an bhfoireann sna blianta romhainn.

Donegal News Derry People 18-01-2013 Irish Examiner 31-12-2013

Page 32: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

3030

Caibidil 2: Saincheisteanna a d’Eascair

Caibidil 2: Saincheisteanna a d’Eascair

Page 33: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

31An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Caibidil 2: Saincheisteanna a d’EascairSa chaibidil seo léireoidh mé saincheisteanna a d’eascair i rith na bliana a bhaineann le feidhmiú an Achta um SF. Tá roinnt de na saincheisteanna oibríochtúil agus baineann siad le m’Oifig, agus is cúrsaí atá sa chuid eile a chaithfí a réiteach ag leibhéal Rialtais, nó sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Is iad na saincheisteanna a phléitear:

yy Ualach oibre na hOifigeyy Forálacha neamhnochta Alt 32yy Nótaí treoracha maidir le rochtain ar thaifid daoine básaitheyy Tuarascálacha an Gharda Síochánayy Achomhairc chuig na Cúirteanna

Ualach oibre na hOifigeAnuraidh, chuir m’Oifig tús le próiseas athchóirithe, lena mbaineann athbhreithniú iomlán ar struchtúir agus próisis eagraíochtúla, chun amanna réitithe cásanna a fheabhsú agus tréchur cásanna a ardú. Mar bheart eatramhach, tugadh próiseas “triáise” isteach chun cásanna a réiteach níos tapúla nuair is féidir. Rinneadh roinnt feabhsúchán cheana féin, dúnadh 26% de chásanna laistigh de thréimhse cheithre mhí in 2013, i gcomparáid le 19% in 2012. Níos tábhachtaí ná sin, léiríonn an ráta dúnta cásanna de 258 do 2013 ardú 29% ar an 200 cás a dúnadh in 2012. Díríodh chomh maith ar na cásanna is sine idir lámha a dhúnadh.

Ar an drochuair, áfach, tá méadú tagtha ar an éileamh agus líon na gcásanna a glacadh lena n-athbhreithniú in 2013 ardaithe. Mar thoradh, d’fhan líon na gcásanna idir lámha ag deireadh 2013 mórán mar a chéile. Sa bhliain romhainn, tá mé ag súil go méadóidh ualach oibre na hOifige go suntasach nuair a achtófar an Bille um SF agus nuair a thiocfaidh na comhlachtaí poiblí breise faoi shainchúram na SF.

Léiríonn an t-ualach oibre mór seo an gá go leanfaidh m’Oifig ag athchóiriú agus tá mé sásta a thuairisciú go bhfuiltear an déanamh dul chun cinn leanúnach ar an athbhreithniú

Page 34: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

32

Caibidil 2: Saincheisteanna a d’Eascair

eagraíochtúil. Rinneadh scrúdú ar phróisis agus ar chórais éifeachtúla um chinnteoireacht nuair a chuathas ar chuairteanna tagarmhairc chuig ár gcomhghleacaithe i Sasana agus in Albain. Ansin, chríochnaíomar imscrúdú iomlán ar an dá chéim dár bpróiseas; (i) ón dáta a fhaightear an t-iarratas go dtí an t-am go bhfuil an cás réidh le sannadh, agus (ii) ón dáta a shanntar an cás go dtí go gcríochnaítear é.

D’fhaomhaigh mé raon leasuithe le próisis athbhreithnithe na hOifige le déanaí. Áirítear sna leasuithe, feabhsúcháin le próisis inmheánacha agus bearta nua chun idirghabháil idir an Oifig seo agus comhlachtaí poiblí a fheabhsú. Cuirfear tús le próiseas chun comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas maidir leis na hathruithe bearta a mbeidh tionchar acu orthu go luath.

Áireofar sa phróiseas nua:

yy Cur chuige níos déine le faisnéis a iarradh ar chomhlachtaí poiblí. Is é an cur chuige ginearálta i Sasana agus sa Bhreatain Bheag go léiríonn athbhreithniú de chuid an Choimisinéara “seans deiridh lena dhéanamh i gceart” de chuid an chomhlachta phoiblí. Úsáidtear cur chuige den chineál céanna in Albain agus é bunaithe ar é a dhéanamh “i gceart an chéad uair”. Beidh m’Oifig ag glacadh le cur chuige den chineál céanna.

yy Beidh gá cáipéisí treoracha d’fhoireann OIC agus comhlachtaí poiblí araon a bheith leis na próisis athbhreithnithe, agus tá obair ar siúl faoi láthair chun iad seo a chur ar fáil agus iad a chur ar fáil go héasca.

Tá mé muiníneach go gceadóidh na hathruithe, nuair a fhorfheidhmítear iad, do phróiseas athbhreithnithe sruthlíneach ar cheart go mbeadh dea-thionchar aige ar amanna réitithe cásanna. Anuas air sin, bhí mé sásta gur aontaigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le leithdháileadh ball foirne breise chuig m’Oifig. Mí mé beagán díomách leis an bhfad ama a ghlac sé chun baill foirne nua a earcú, ach tá siad anois ag glacadh lena bpoist. Beidh an fhoireann nua ina chúnamh mór ag m’Oifig chun seirbhís níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a chur ar fáil dóibh siúd óna dteastaíonn sé.

Page 35: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

33An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Forálacha neamhnochta Alt 32Folaíonn alt 32 do dhiúltú éigeantach rochtana ar thaifid áirithe a bhfuil a nochtadh toirmiscthe, nó a bhfuil a neamhnochtadh údaraithe ag achtacháin eile. Fo-ordaíonn an t-alt seo na forálacha rochtana san Acht um SF chuig forálacha neamhnochta i reachtanna seachas iad siúd a luaitear sa Tríú Sceideal leis an Acht um SF.Folaíonn an tAcht d’athbhreithniú ag an gComhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, gach cúig bliana, ar fheidhmiú aon achtacháin a údaraíonn nó a éilíonn neamhnochtadh taifead, lena chinneadh ar cheart iad a leasú nó a chúlghairm, nó a chur leis an Tríú Sceideal.

Ina Tuarascáil Bhliantúil in 2012, thuairiscigh an t-iar-Choimisinéir, Emily O’Reilly, do ndearnadh athbhreithniú den chineál sin in 2005 agus go raibh athbhreithniú eile, ag an am sin, roinnt blianta thar téarma. I Meitheamh 2013, chuir sí Tríú Tuarascáil an Choimisinéara Faisnéise i láthair an Chomhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú.

Ina haitheasc leis an gComhchoiste, dúirt Iníon O’Reilly:

“Thuairiscigh mé, i mo Thuarascáil Bhliantúil do 2012, gur tugadh isteach go leor forálacha neamhnochta ó tháinig an tAcht um SF i bhfeidhm i 1997. Go deimhin, tá Ranna ag tuairisciú timpeall 230 achtachán ina bhfuil forálacha neamhnochta a bhfuil timpeall 50% díobh achtaithe ón 1 Eanáir 1998. Thug mé le fios i mo thuarascáil gurb é is ciall leis seo gur tugadh an oiread céanna forálacha neamhnochta isteach ó 1997 is a tugadh isteach sna 75 bliain roimhe sin. I mo thuairimse, léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go ndéantar athbhreithnithe faoi alt 32 ar bhealach tráthúil mar a éilítear san Acht um SF.”

De bharr an tábhacht a bhaineann le foráil alt 32, tá mé den tuairim céanna leis an iar-Choimisinéir gur cheart athbhreithnithe faoi alt 32 a dhéanamh ar bhonn tráthúil de réir an amfhráma reachtúil a leagtar amach san Acht um SF. Cé go dtuigim gur ardaíodh go leor ceisteanna tábhachtacha ina tuarascáil son Chomhchoiste agus gur ghá na ceisteanna sin a chíoradh go mion, is oth liom a rá nach bhfuil tuarascáil an Chomhchoiste ar a bhreithniúcháin críochnaithe go fóill. Bhí deis iontach sa Bhille um SF chun aon leasuithe leis an Tríú Sceideal a mhol an Comhchoiste a áireamh. Is léir anois nach bhfoilseofar aon mholtaí mar sin in am le háireamh sa Bhille.

D’ainneoin an mhoill, tá sé tábhachtach go dtugtar breith iomlán agus mionsonraithe do na saincheisteanna a ardaíodh i dtuarascáil an iar-Choimisinéara. Tuigim go hiomlán an díomá a bhí uirthi maidir le toradh an athbhreithnithe roimhe sin, nuair a thacaigh an Coiste le cinntí aireachta i ngach ceann de na 36 cásanna inar mhol sí athrú, gan míniú a thabhairt dá gcinntí. Tá mé dóchasach, ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht, go gcuirfear na buarthaí seo san áireamh sa chéad tuarascáil eile.

Page 36: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

34

Caibidil 2: Saincheisteanna a d’Eascair

Nótaí treoracha maidir le rochtain ar thaifid daoine básaitheI rith 2013, iarradh ar m’Oifig athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh FSS le rochtain a dhiúltú ar thaifid leighis de chuid fear céile básaithe an iarrthóra (Cás Uimh. 100260 – Iníon C agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte). Diúltaíodh an t-iarratas faoi alt 26 (faisnéis a tugadh go rúnda) agus alt 28 (faisnéis phearsanta).

Folaíonn alt 28(1) den Acht um SF diúltú éigeantach iarratais i gcás go mbainfeadh rochtain le nochtadh faisnéise pearsanta (lena n-áirítear faisnéis phearsanta a bhaineann le duine básaithe). Ach, folaíonn alt 28(6)(b) go bhféadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh ar dheonú iarratais um SF i gcúinsí áirithe lena n-áirítear i gcás “go bhfuil an duine aonair lena mbaineann an taifead áirithe marbh agus gur duine d’aicme a shonraítear sna rialacháin an t-iarrthóir lena mbaineann.” Rinne an tAire rialacháin chun na críocha seo ar an 23 Meán Fómhair 2009 – Rialacháin an Achta um SF, 1997 (Alt 28(6)), 2009 (I.R. Uimh. 387 de 2009).

Folaíonn alt 4(1)(b) de na rialacháin, faoi réir fhorálacha eile den Acht um SF, do dheonú iarratais ar rochtain ar thaifid dhuine aonair atá marbh leis na ranguithe iarrthóirí seo a leanas:

“(i) ionadaí pearsanta den duine aonair ag feidhmiú in am trátha riarachán a eastát nó a heastát nó aon duine ag feidhmiú le toiliú ionadaí pearsanta le linn gníomhú amhlaidh,

(ii) duine lena sanntar feidhm le dlí i ndáil leis an duine aonair nó a eastát nó a heastát ag gníomhú le linn feidhmiú na feidhme, agus

(iii) céile nó neasghaol duine aonair i gcás i dtuairim an chinn, agus aird chuí ar na cúinsí ar fad agus d’aon treoirlínte a d’fhoilsigh an tAire, gur fearr do leas an phobail, lena n-áirítear leas an phobail i rúndacht faisnéis phearsanta, dá ndeonófaí an t-iarratas seachas é a dhiúltú.”

I gcomhthéacs alt 4(1)(b)(iii) thuas, d’fhoilsigh an tAire Airgeadais “Nótaí Treoracha maidir le Rochtain ar thaifid ag tuismitheoirí/caomhnóirí / Rochtain ar thaifid a bhaineann le daoine básaithe arna réiteach faoi alt 28(6) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997”.

Leagtar amach sna nótaí treoracha seo treoir maidir leis an gcineál iarrthóra a chlúdaíonn na trí chatagóir iarrthóra mar a leagtar amach in alt 4(1)(b) agus na céimeanna atá le glacadh ag cinnteoir agus na hiarratais sin á gcur san áireamh. Ach, chinn m’Oifig nach bhfuil aon seasamh ag na Nótaí Treoracha a d’fhoilsigh an Rialtas i ndáil le halt 4(1)(b)(i); ní thiteann siad lena mbreithniú ach amháin nuair atáthar ag déileáil leis an rangú iarrthóra a shonraítear in alt 4(1)(b)(iii). Meastar gurb é an t-aon tástáil le cáiliú mar bhall de rang a shonraítear faoi alt 4(1)(b)(i) gur ionadaí pearsanta den duine aonair a bheadh san iarrthóir

Page 37: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

35An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

ag feidhmiú in am trátha riarachán a eastát nó a heastát nó duine ag feidhmiú le toiliú ionadaí pearsanta le linn gníomhú amhlaidh.

Mar gur dhréachtaigh agus gur fhoilsigh an tAire na nótaí treoracha seo de bhun I.R. Uimh. 387 de 2009, níl aon riachtanas comhfhreagrach sna Rialacháin go gcaithfidh comhlachtaí poiblí aird a thabhairt ar na treoirlínte sin agus iad ag déileáil leis na ranguithe iarrthóirí a chlúdaítear in alt 4(1)(b)(i) agus 4(1)(b)(ii). Tá an cheist seo tugtha chuig aird an Aonaid Bheartais Lárnaigh (CPU) lena bhreith a thuilleadh.

Sa chás atá i gceist, rinne m’Oifig breith ar éileamh FSS ar dhíolúine ag alt 26 den Acht um SF, a bhaineann le faisnéis a fhaightear go rúnda. Folaíonn alt 26(1)(a) do dhiúltú éigeantach ar rochtain ar thaifid i gcás go bhfuil faisnéis sna taifid a tugadh d’aon chomhlacht poiblí go rúnda agus ar an tuiscint go gcaithfí leis go rúnda agus, i dtuairim an chinn, go gcuirfeadh a nochtadh bac ar an duine céanna nó ar dhaoine eile faisnéis eile den chineál chéanna a thabhairt don chomhlacht agus go bhfuil sé tábhachtach go leanfaí ag tabhairt faisnéise den chineál sin don chomhlacht.

Ach, folaíonn alt 26(2) nach bhfuil alt 26(1) infheidhme le taifead a réitigh, i measc daoine eile, ball d’fhoireann an chomhlachta phoiblí i gcúrsa fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna, mura mbeadh nochtadh na faisnéis lena mbaineann ina shárú ar dhualgas iontaoibhe a fholaítear i gcomhaontú nó reacht nó i ndlí eile agus atá dlite do dhuine seachas do chomhlacht poiblí nó ceann nó stiúrthóir, nó ball foirne chomhlacht poiblí, nó duine atá ag tabhairt seirbhíse nó a thug seirbhís thar ceann chomhlacht poiblí nó atá faoi chonradh do sheirbhísí.

Réitigh baill foirne FSS na taifid sa cheist seo i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna le faisnéis a thug fear céile an iarrthóra, nach maireann. Dá bhrí sin, rinne m’Oifig breith an ionann eisiúint taifead lena ionadaí pearsanta de réir Airteagal 4(1)(b)(i) de Rialacháin alt 28(6) agus sárú ar dhualgas iontaoibhe atá ag FSS leis an duine marbh. Mar go bhfolaíonn alt 28(6)(b) den Acht um SF d’eisiúint faisnéise pearsanta daoine atá básaithe i gcúinsí áirithe, chinn m’Oifig, go bhfolaíonn sé, in éifeacht, sárú teoranta ar phríobháideacht agus rúndacht. Folaíonn Rialacháin alt 28(6)(b) agus alt 28(6) do phróiseas faoinar féidir faisnéis phearsanta agus rúnda a bhaineann le daoine marbh a eisiúint do ranguithe sonraithe daoine agus dóibh siúd amháin.

Tá m’Oifig den tuairim go mbeadh sé i gcoinne rún an Achta um SF alt 26 a ghairm, i ndáil le faisnéis phearsanta is féidir a eisiúint ar bhealach eile trí bhíthin alt 28(6)(b). De bharr na forála sainráite in alt 4(1)(b)(i) de na Rialacháin chun rochtain a dheonú ar thaifid duine marbh le hionadaí pearsanta an duine aonair sin, mheas m’Oifig nárbh fhéidir a chinneadh go raibh nochtadh den chineál sin neamhúdaraithe nó go ndéanfadh nochtadh údaraithe le duine sonraithe (ionadaí pearsanta an duine marbh) de réir fhoráil reachtúil dochar don duine marbh. Mheas sí dá mbeadh gach taifead cliniciúil díolmhaithe ó nochtadh ar an mbonn go mbeadh a n-eisiúint ina shárú ar rúndacht, ní bheadh aon fheidhm le forálacha

Page 38: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

36

Caibidil 2: Saincheisteanna a d’Eascair

airteagal 4 ná alt 28(6). Dá réir sin, mheas m’Oifig nach mbeadh eisiúint taifead ina shárú ar dhualgas rúndachta agus nach raibh feidhm ag alt 26(1)(a). Neamhníodh cinneadh FSS chun rochtain ar na taifid a lorgaíodh a dhiúltú.

Tuarascálacha an Gharda SíochánaCé go bhfuil an Garda Síochána le tabhairt faoi réimeas na SF nuair a achtaítear an Bille um SF, cuireadh ar an eolas mé nach mbeidh feidhm ag an Acht ach amháin i ndáil lena thaifid riaracháin. D’ainneoin sin, tá go leor cásanna ina mbíonn taifid a chruthaíonn an Garda Síochána ar coimeád go dlisteanach ag comhlachtaí poiblí a bhaineann le cúrsaí oibríochtúla agus lena bhfolaíonn an tAcht um SF ceart rochtana mura bhfuil siad díolúine ar bhealach eile. Glacaim go hiomlán leis go mbeidh cásanna nár chóir cumarsáid idir an Garda Síochána agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a eisiúint tar éis iarratais um SF. Ach, ní bheidh na taifid sin díolmhaithe óna n-eisiúint i gcónaí.

I gcás amháin den chineál sin (Cás uimh. 130176 – an tUasal CB agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais) chinn m’Oifig nach raibh an Roinn ceart nuair a dhiúltaigh siad rochtain ar thaifead a bhí ag an Roinn maidir le comhad inimirce iarrthóra a chruthaigh an Garda Síochána (tá achoimre ar an gcinneadh le fáil i gcaibidil 3 den Tuarascáil seo). Dhiúltaigh an Roinn rochtain ar an taifead faoi alt 26(1)(a) den Acht um SF ar an mbunús gur tugadh don Roinn faoi rún é.

Nuair a críochnaíodh an t-athbhreithniú, scríobh mé chuig Ard-Rúnaí na Roinne chun an díomá a bhí orm i dtaobh iarrachtaí leanúnacha na Roinne chun taifid an Gharda Síochána a dhíolmhú mar rang gan aird chuí a bheith ar na tástálacha in alt 26(1)(a). Phléigh m’Oifig leis an gceist seo go minic i gcinntí roimhe seo. I mo litir, tharraing mé aird ar chur chuige m’Oifige ar fheidhmiú Alt 26(1)(a) agus d’iarr mé ar an Roinn súil eile a chaitheamh ar a cur chuige i gcásanna den chineál céanna amach anseo. D’ofráil mé chomh maith bualadh leis an Ard-Rúnaí dá gceapfadh sé go mbeadh sé úsáideach.

Tá mé sásta gur thug an Roinn freagra dearfach ar mo litir. Mhínigh an Roinn gur thosaigh sí ar athbhreithniú réamhbhreathnaitheach, sula bhfuair sí mo litir, ar réimse iomlán na SF, bainistiú sonraí, coinneáil taifead agus cúrsaí lena mbaineann, atá leanúnach. Deir sí go bhfuil sí sásta bualadh le m’Oifig chun na deacrachtaí a chuir mé in iúl a phlé. D’iarr mé ar m’fhoireann bheith i dteagmháil leis an Roinn maidir leis an gceist seo. Is ábhar misnigh dom gur ghlac an Roinn an tionscnamh dearfach seo chun an t-athbhreithniú seo a dhéanamh agus tá mé ag súil le caidreamh oibre níos fearr fós a fhorbairt leis an Roinn sna blianta romhainn.

Page 39: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

37An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Achomhairc chuig na Cúirteanna Féadfaidh páirtí le hathbhreithniú, nó aon duine eile a bhfuil tionchar ag cinneadh de chuid m’Oifige orthu, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí. Tar éis leasú an Achta um SF in 2003, is féidir cinneadh na hArd-Chúirte a achomharc chuig an gCúirt Uachtarach.

Rinneadh cúig achomharc ar chinntí a rinne m’Oifig chuig an Ard-Chúirt in 2013, ceithre cinn ag an iarrthóir agus ceann amháin ag an gcomhlacht poiblí ábhartha. Díobh seo, tharraing an t-iarrthóir ceann amháin siar i rith na bliana agus tá na cásanna eile le héisteacht in 2014.

Seans nach mbreathnaíonn cúig achomharc Ard-Chúirte i mbliain amháin suntasach. Ach, d’Oifig atá réasúnta beag, tá an líon acmhainní atá de dhíth, acmhainní airgeadais agus neamhairgeadais araon, chun na hachomhairc sin a bhainistiú suntasach. Baineann roinnt mhaith oibre réitithe ó thaobh fhoireann m’Oifige le gach achomharc, agus dar ndóigh caithfidh na daoine atá bainteach freastal ar an gCúirt, agus ar chruinnithe le foirne dlí. Nuair a chuirtear acmhainní i dtreo na gcásanna sin, baintear de na hacmhainní teoranta atá ar fáil chun athbhreithnithe a dhéanamh. Tá mé buartha faoin tionchar suntasach a bhíonn ag achomhairc chuig na Cúirteanna ar chroí-obair na hOifige agus tá sé i gceist agam a fhiosrú an bhfuil ról le himirt ag meicníochtaí malartacha, níos saoire chun an tionchar ar acmhainní na hOifige a laghdú amach anseo, agus ag an am céanna meas a bheith ar chearta saoránach agus gníomhaireachtaí laistigh de shainchúram chun achomharc a dhéanamh ar mo chinntí.

Níor tugadh aon bhreithiúnas Cúirte Uachtaraí in 2013.

Tugadh breithiúnas Ard-Chúirte amháin in 2013 i ndáil le cinneadh de chuid m’Oifige. Tá téacs iomlán an bhreithiúnais ar fáil ar www.oic.gov.ie. Seo a leanas achoimre ar phríomhphointí an cháis.

LK agus an Coimisinéir Faisnéise agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte [2013] IEHC 373 Breithiúnas an Bhreithimh Onórach Iseult O’Malley, an 24 Iúil 2013.Cúlra

Rinne máthair iarratas chuig m’Oifig ar athbhreithniú ar chinneadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte diúltú d’iarratas ar rochtain ar chóip de thuairisc oibrí sóisialta maidir le himeachtaí chúram leanaí agus lena linbh. Sheas m’Oifig le cinneadh FSS chun rochtain ar na taifid a bhí i gceist a dhiúltú. Rinne an bhean achomharc ar mo chinneadh chuig an Ard-Chúirt.

Page 40: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

38

Caibidil 2: Saincheisteanna a d’Eascair

Saincheist

Dhiúltaigh FSS rochtain a bhronnadh ar an tuairisc faoi alt 22(1)(b) den Acht um SF, ar na forais gur bhain an tuairisc le himeachtaí cúirte a reáchtáladh ‘i gcúirt iata’. Folaíonn alt 22(1)(b) den Acht um SF do dhiúltú éigeantach ar iarratas i gcás gur amhlaidh an taifead lena mbaineann go bhfuil a fhios ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann, nó gur cheart go mbeadh a fhios acu go réasúnach gur díspeagadh Cúirte a bheadh ina nochtadh. Mhínigh FSS gur eascair an tuairisc, a réitíodh don Chúirt, as imscrúdú FSS faoi Alt 20 den Acht um Chúram Leanaí, 1991, go reáchtáiltear imeachtaí Cúirte faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 agus faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991 ‘i gcúirt iata’ agus dá bhrí sin, tá feidhm ag an riail um chúirt iata. Mhínigh FSS chomh maith go ndearna an Chúirt Dúiche ordú roimhe sin nár cheart cóip den tuairisc a thabhairt don iarrthóir.

Baineann an riail um chúirt iata (i.e. go reáchtáiltear imeachtaí ar bhealach eile seachas go poiblí) le himeachtaí Cúirt faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991. Is díspeagadh Cúirte atá ann d’aon duine faisnéis a scaipeadh a thagann as nó a dhíorthaíonn as imeachtaí a reáchtáiltear i gcúirt iata gan údarú breithiúnach roimh ré. Chinn m’Oifig gur chuimsigh an riail um chúirt iata an taifead agus go raibh an taifead díolmhaithe óna eisiúint faoi alt 22(1)(b) den Acht um SF. Rinne an t-iarrthóir achomharc ar an gcinneadh sin chuig an Ard-Chúirt.

Conclúid na Cúirte

Chinn an Chúirt go raibh m’Oifig ceangailte ag alt 22(1)(b) chun nochtadh a dhiúltú má mheas muid gur díspeagadh cúirte a bheadh sa nochtadh. Chinn sí nach bhfuil údarás ar bith ag m’Oifig chun neamhaird a thabhairt ar na forálacha reachtúla i ndáil le cineál chúirt iata na n-imeachtaí chúram leanaí ná ar an ordú Cúirte a rinneadh sa chás.

Mar a mhínigh O’Malley J.,

“Níl sé mar chuid dá chumhachtaí cinneadh a dhéanamh go raibh an t-ordú mícheart, nó gur cheart go sáródh ceart an achomharcóra ar chóip den tuairisc faoi alt 27 den Acht um Chúram Leanaí ordú den chineál sin. Níl stádas an achomharcóra mar pháirtí le himeachta sa Chúirt Dúiche ná an cuspóir lenar mian di an tuairisc a úsáid ábhartha dá chumhachtaí i ndáil leis seo.”

Agus aird ar chineál iata na n-imeachtaí sa Chúirt Dúiche agus chuig ordú sainráite an Bhreithimh sa Chúirt Dúiche i ndáil leis an tuairisc, chinn an Chúirt nach raibh aon rogha ag m’Oifig ach nochtadh a dhiúltú.

Is féidir cinneadh m’Oifige (Cás uimh. 120002, Iníon X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) a amharc ag www.oic.ie/decisions.

Page 41: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

39An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Irish Examiner 08-02-2013 Irish Examiner 11-02-2013

Page 42: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

40

Caibidil 3: Cinntí

Caibidil 3: Cinntí

Page 43: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

41An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Caibidil 3: Cinntí

Cinntí foirmiúlaIn 2013 rinne m’Oifig athbhreithniú ar 258 cás ina iomláine. Mar a luaigh mé níos luaithe, ba chinntí foirmiúla, socruithe nó aistarraingtí a bhí ina bhformhór. Léirítear sa tábla thíos torthaí na n-athbhreithnithe a chuaigh chuig cinneadh foirmiúil sna blianta 2010 go 2013.

Comparáid chéatadáin na gcinntí foirmiúla 2010 - 2013

0

20

40

60

90

80

Deimhnithe Ar neamhní Ilghnéitheach

20132010 2011 2012

10

30

50

706967

74

19

715 12

18 19811

81

%

Page 44: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

42

Caibidil 3: Cinntí

Cinntí a neamhníodh Taifeadtar ardú sa líon cinntí a neamhnigh m’Oifig in 2013 thairis 2012 sa tábla. Féadfaidh m’Oifig cinntí comhlachtaí poiblí a neamhniú ar roinnt cúiseanna. Mar shampla, i gcás go bhfuil comhlacht poiblí ag smaoineamh ar iarratas a dhiúltú faoi alt 10(1)(c) den Acht um SF ar an mbunús go gcuirfeadh an deonú isteach go suntasach nó go neamhréasúnach, nó go mbeadh sé ina shuaitheadh lena cuid oibre, caithfidh sí cúnamh a ofráil i dtosach don iarrthóir chun an t-iarratas a leasú faoi alt 10(2). I gcás go dteipeann ar chomhlacht poiblí sin a dhéanamh, d’fhéadfadh m’Oifig an cinneadh a neamhniú agus an comhlacht poiblí a stiúradh le hathbhreithniú iomlán nua a dhéanamh ar an iarratas bunaidh.

Cinntí a neamhníodh faoi alt 29 Féadfaidh m’Oifig cinntí comhlachtaí poiblí a neamhniú chomh maith i gcás nár chloígh an comhlachta lena mbaineann le hamlínte a bhaineann le forálacha alt 29 den Acht um SF.

Baineann alt 29 den Acht um SF le cásanna inar chinn an comhlacht poiblí go gcáilíonn an taifead/na taifid atá i gceist i gcomhair díolúine faoi cheann amháin nó níos mó de na díolúintí ábhartha san Acht um SF (i.e. alt 26, 27 agus 28 – a bhaineann le faisnéis atá rúnda, íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis phearsanta faoi thríú páirtithe, faoi seach) ach gur cheart an taifead/na taifid sin a eisiúint ar mhaithe le leas an phobail. I gcás go mbaineann alt 29, éilítear ar an gcomhlacht poiblí an tríú páirtí lena mbaineann a chur ar an eolas roimh chinneadh deiridh a dhéanamh faoinar cheart nó nár cheart an díolúine/na díolúintí a mheastar a bhaineann a shárú ar mhaithe le leas an phobail. Féadfaidh an t-iarrthóir nó tríú páirtí lena mbaineann, nuair a fhaigheann siad fógra maidir le cinneadh deiridh an chomhlachta poiblí, iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar an gcinneadh sin go díreach chuig an Oifig seo.

Folaíonn alt 29 do phróiseáil na n-iarratas sin laistigh d’amfhráma sainithe. Ach, sa chás nach gcloítear leis an amfhráma, neamhnóidh m’Oifig an cinneadh agus cuirfidh sí ina luí ar an gcomhlacht poiblí breith a dhéanamh ar an iarratas arís, i gcomhréir le riachtanais ama alt 29. In 2013, rinne m’Oifig an cineál seo neamhnithe alt 29 naoi n-uaire.

Page 45: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

43An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Seo a leanas roinnt cinntí foirmiúla a eisíodh i rith 2013. Tá téacs iomlán gach cinnidh ar fáil ag suíomh gréasáin m’Oifige (www.oic.gov.ie).

Cinntí suntasacha

An tUasal X agus an Roinn Sláinte – Cás uimh.: 120170Sa chás seo, dhiúltaigh an Roinn Sláinte iarratas iarrthóra ar chóip de thras-scríobh ar chruinniú a bhí aige leis an mBreitheamh Thomas Smyth i gcomhar le hiniúchadh a rinne an Breitheamh Smyth i gcúinsí áirithe a bhaineann le hOspidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha, ar a thugtar “Athbhreithniú Dhroichead Átha”. Dhiúltaigh an Roinn an t-iarratas ar an mbonn nach raibh na taifid áirithe aici chun críocha an Achta um SF.

Cheap an tAire Sláinte ag an am sin, Mary Harney, an Breitheamh Smyth ar an 15 Eanáir 2010 chun an t-athbhreithniú a dhéanamh, a raibh sé mar aidhm leis comhairle a thabhairt an mbeadh sé tairbheach tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh maidir le nósanna imeachta agus cleachtais a bhí ag feidhmiú ag an Ospidéal i rith na tréimhse 1964 go 1995, chun othair a chosaint ó dhrochúsáid ghnéasach agus iad ag fáil cóireála nó faoi chúram ag an ospidéal.

I rith an athbhreithnithe seo, bhuail an t-athbhreithnitheoir le hiarothair, lena n-áirítear an t-iarrthóir, thart faoi Bhealtaine 2010. Chuir sé a thuairisc chuig an Aire i Meán Fómhair 2010. Chuir an Roinn in iúl do m’Oifig gur scríobh an t-athbhreithnitheoir chuig an Roinn nuair a críochnaíodh an t-athbhreithniú ag deireadh Mheán Fómhair 2010, agus chuir sé faoi iamh a thuairisc scríofa agus seacht mbosca de thaifid ar an athbhreithniú, a raibh cóipeanna de thras-scríbhinní i sé cinn díobh, lena n-áirítear is dócha tras-scríobh ó chruinniú an iarrthóra. D’éiligh an Roinn gur tuiscint an Aire agus an athbhreithnitheora a bhí ann gur cheart maoin de chuid an athbhreithnitheora atá i ngach cáipéisíocht. De réir na Roinne, deir an t-athbhreithnitheoir gur maoin dá chuid a bhí sna tras-scríbhinní a thug sé don Roinn lena chumhdach. Deir an Roinn gur maoin de chuid Athbhreithniú Dhroichead Átha a bhí sna taifid a lorgaíodh.

Tugann alt 6(1) den Acht um SF ceart ginearálta rochtana ar thaifid atá faoi choinneáil ag an gcomhlacht poiblí. Cé nach sainmhínítear an téarma “faoi choinneáil” san Acht, folaíonn alt 2(5)(a) den Acht go n-áirítear taifid atá “faoi smacht” an chomhlachta sin le tagairt do thaifid atá faoi choinneáil ag comhlacht poiblí. Is léir domsa gurb é atá i gceist le halt 2(5)(a) a chinntiú go measfar go bhfuil taifid nach bhfuil faoi choinneáil ag comhlacht poiblí go fisiciúil ach atá faoina smacht faoina choinneáil chun críocha an Achta um SF. Agus aird ar ghnáthmhíniú an fhocail “coinneáil”, chinn m’Oifig go raibh na taifid chuí faoi choinneáil ag an Roinn sa chás seo mar go raibh seilbh phearsanta aici ar na taifid atá i gceist. Thug m’Oifig faoi deara nach léir go mbaineann an tAcht um SF leis an gceist atá faoi chaibidil maidir lenar cheart nó nár cheart go mbeadh comhlacht poiblí áirithe i seilbh na dtaifead ar leith. Seachas sin, tugann sé ceart rochtana ar thaifid d’iarrthóir atá “faoi choinneáil” ag comhlacht den chineál sin. I gcás ar bith, de bharr an ábhair, ba léir do m’Oifig go raibh sé iomlán cuí go

Page 46: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

44

Caibidil 3: Cinntí

raibh na taifid i seilbh na Roinne sa chás seo. Chun amhras a sheachaint maidir lena raibh na taifid a lorgaíodh faoi choinneáil ag an Roinn, chuir m’Oifig san áireamh chomh maith argóintí na Roinne nach raibh na taifid lena mbaineann faoina smacht.

Thug m’Oifig faoi deara gur léirigh an téarma “Athbhreithniú Dhroichead Átha” an t-ainm a tugadh ar an athbhreithniú go coiteann, de bharr cineál na saincheisteanna a bhí á n-imscrúdú, agus go raibh an t-athbhreithniú féin críochnaithe. Chinn m’Oifig, dá bhrí sin, nach bhféadfaí a mheas go raibh na taifid faoi smacht “Athbhreithniú Dhroichead Átha” mar sin mar nach raibh ann sá leithéid d’aonán. I dtaobh na dtaifead a bheith faoi choinneáil ag an athbhreithnitheoir i gcomhthéacs an Achta um SF, thug m’Oifig faoi deara go raibh ceapachán an Bhreithimh Smyth faoi réir théarmaí agus coinníollacha arna leagan amach i gcáipéis ‘théarmaí tagartha’ sainithe agus i litir an 18 Nollaig 2009. Bhí treoir sa litir sin, ina raibh sonraí na táille a bhí le híoc chomh maith, a deir “ba cheart taifid an imscrúdaithe a chaomhnú” agus a deir go bhféadfaí iad a úsáid in aon bhinse ina dhiaidh sin. Sa bhreis air sin, níor tugadh aon fhianaise do m’Oifig a thabharfadh le fios go mbeadh aon ról breise ag an athbhreithnitheoir sa cheist nuair a bhí an tuairisc don Aire críochnaithe aige. Chinn m’Oifig nach raibh na taifid faoi smacht na Roinne tar éis don athbhreithnitheoir an t-athbhreithniú a chríochnú agus an tuairisc deiridh agus na taifid lena mbaineann a thabhairt don Roinn.

(Tabhair faoi deara: Rinne an Roinn an cinneadh seo a achomharc chuig an Ard-Chúirt. D’éist an Breitheamh O’Neill leis an gcás in Eanáir 2014 agus forchoimeádadh an breithiúnas. Táthar ag fanacht leis an mbreithiúnas agus é seo á scríobh.)

An tUasal X agus Comhairle Baile Bhré – Cás uimh.: 110161Bhunaigh Comhairle Baile Bhré cuideachta teoranta (Linn Snámha, Ionad Spóirt agus Fóillíochta Bhré, dá dtagróidh mé “an chuideachta”). Is í an Chomhairle an t-aon bhall/scairshealbhóir atá ag an gcuideachta. I mBealtaine 2011, lorg an t-iarrthóir aon taifid a bhí faoi choinneáil ag an gComhairle, mar scairshealbhóirí na cuideachta, i ndáil le miondealú figiúirí ioncaim agus caiteachais na cuideachta do 2008 agus 2009. Dhiúltaigh an Chomhairle an t-iarratas ar an mbonn nach raibh na taifid aici agus nach raibh aon cheart rochtana ar thaifid den chineál sin a bhí faoi choinneáil ag foireann na Comhairle ina bpost mar oifigigh na cuideachta.

Ní féidir le hathbhreithniú den chineál seo, a dhéantar faoi alt 34 den Acht um SF, scrúdú a dhéanamh ar aon chaillteanas trédhearcachta agus cuntasachta a d’eascair as aistriú feidhmeanna comhlachta poiblí, chuig cuideachta phríobháideach, a bheadh faoi réir SF roimhe sin. Níor bhain an t-athbhreithniú seo ach lena raibh nó nach raibh an comhlacht ceart chun na taifid atá i gceist a dhiúltú

Ba é an chéad ghné den athbhreithniú an raibh na taifid a bhí faoi choinneáil ag an gComhairle ina cumas mar scairshealbhóir sa chuideachta díolmhaithe faoi alt 27(1)(b) den Acht um SF. Folaíonn alt 27(1)(b) do dhiúltú taifid má tá, i measc nithe eile, faisnéis

Page 47: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

45An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

airgeadais, thráchtála, eolaíochta nó teicniúil, nó faisnéis eile a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíoch an duine sin, i ndéanamh a ghairm bheatha nó a ghnó ann.

Ba iad na taifid a bhí i gceist dréachtchuntais neamhghiorraithe na cuideachta do na blianta 2008 agus 2009, a bhfuil dualgas dlíthiúil ar an gcuideachta iad a sheoladh chuig an gComhairle mar scairshealbhóir. D’fhoilsigh an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) leaganacha giorraithe de na cáipéisí sin. Ach, bhí sonraí breise sa cháipéisíocht a seoladh chuig an gComhairle, lena n-áirítear miondealú ar chuntas brabúis agus caillteanais agus sócmhainní seasta inláimhsithe na cuideachta do na blianta 2008 agus 2009.

Deir an chuideachta go mbeadh tuiscint ag iomaitheoirí ar an gcaoi a fheidhmíonn an gnó, d’ainneoin go mbaineann siad le 2008 agus 2009 dá eiseofaí na sonraí seo don domhan mór. Ghlac m’Oifig leis go bhféadfadh iomaitheoirí léargas ar chúrsaí airgeadais na cuideachta a úsáid a fháil a dhéanfadh dochar don chuideachta (go háirithe nuair nach mbeadh an chuideachta in ann léargas den chineál céanna a fháil ar an iomaitheoir), agus dá bhrí sin go ndéanfadh sé dochar do staid iomaíoch na cuideachta i bhfeidhmiú a gnó dá n-eiseofaí na taifid. Chinn m’Oifig go mbaineann alt 27(1)(b) leis na sonraí seo.

Bhí m’Oifig sásta gur shásaigh riachtanais éagsúla reachtaíocht na cuideachta (cosúil le foilsiú CRO an ábhair éagsúil) aon leas don phobal a bheadh ag baint le faisnéis a bhí íogair go tráchtála a eisiúint, maidir le cuideachta teoranta nach bhfuil faoi réir an Achta um SF. Mheas m’Oifig chomh maith nach bhfuil tionchar míchuí ar leasanna tráchtála ag an gcaighdeán cruthúnais íseal a theastaíonn le go mbeadh feidhm ag alt 27(1)(b) i dtosach báire chun leas an phobail a aithint i gcinntiú go n-eisítear ábhar daoi SF. Ar an iomlán, chinn m’Oifig gur fearr ó thaobh leas an phobail na sonraí seo a choinneáil siar.

Ba chosúil go raibh taifid bhreise ag an gcuideachta, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don iarratas mar a bhí sa chás seo. Mheas m’Oifig gur dóchúil go mbeadh aon fhaisnéis a bhí ann de chineál íogair go tráchtála díolmhaithe faoi alt 27.

I gcomhair iomláine, áfach, rinneadh breith sa dara gné den athbhreithniú maidir lena raibh smacht ag an gComhairle ar na taifid sin ionas go bhféadfaí a rá go raibh siad faoi choinneáil acu, mar a fholaítear in alt 2(5)(a) den Acht. Nuair a bhíonn taifid faoi choinneáil ag comhlacht poiblí, tá siad faoi réir SF.

Dúirt an t-iarrthóir go rialaíonn an Chomhairle an chuideachta, agus a taifid. Mheas m’Oifig go bhfuil pearsantachtaí dlí ar leith ag cuideachtaí leo siúd atá mar úinéir agus/nó bainisteoir acu agus go gcaithfear féachaint ar an gcuideachta sa chás seo mar aonán ar leith ón gComhairle. Thuig m’Oifig chomh maith, ó chásdlí na gcuideachta, nach úinéireacht tromlaigh, nó 100%, na cuideachta a chinneann an rialaíonn an t-úinéir an chuideachta, ach an méid is a bhí ról gníomhach ag an úinéir i bhfeidhmiú laethúil na cuideachta.

Page 48: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

46

Caibidil 3: Cinntí

Dúirt an Chomhairle go ndéanann Ceo na cuideachta cinntí maidir le cúrsaí laethúla, oibríochtúla agus go ndéanann sé moltaí le Bord Stiúrthóirí (an Bord) na cuideachta ar cheisteanna níos straitéisí. Dúirt an Chomhairle nach raibh smacht aici ar an mBord nó ar an gcuideachta cé go raibh beirt iarbhall foirne agus ball foirne reatha amháin údaráis áitiúil ar an mBord. Éilíonn dlí na gcuideachtaí ar Stiúrthóirí cinntí a dhéanamh ar mhaithe le leas na cuideachta, agus caithfidh siad aon choinbhleacht leasa a lua agus staonadh ó aon chinnteoireacht i gcás na gcoinbhleachtaí sin. Dá bhrí sin, ba léir do m’Oifig go ndearna na hiarbhaill agus na baill reatha foirne údaráis áitiúla ábhartha cinntí ina gcumas mar oifigigh na cuideachta, seachas mar oifigigh údarás áitiúil, agus dá bhrí sin níor ghlac sí leis go raibh smacht ag an gComhairle ar na cinntí Boird (straitéiseach, seachas oibríochtúil) sin. Níorbh léir ach oiread go raibh aon ról ag Bainisteoir an Bhaile ná ag baill tofa na Comhairle Baile i bhfaomhadh chinntí an Bhoird, seachas trí chinntí a dhéanamh ar cheisteanna is gá a chinneadh ag cruinniú ginearálta.

Ghlac m’Oifig leis nach bhfuil smacht ag an gComhairle ar an gcuideachta ná nach bhfuil aon ról aige ina oibríochtaí laethúla. Anuas air sin, bhí an Oifig sásta nach bhfuil aon teidlíocht ag an gComhairle ar aon taifid a tháinig i seilbh fhoireann na n-iarbhall nó na mball foirne reatha mar thoradh ar a róil mar Stiúrthóirí na cuideachta. Dá bhrí sin, chinn m’Oifig nach féidir a mheas go bhfuil aon taifid eile atá faoi choinneáil ag an gcuideachta a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don iarratas faoi choinneáil ag an gComhairle sa bhreis ar alt 2(5)(a) den Acht um SF.

(Tabhair faoi deara: Rinne an t-iarrthóir an cinneadh seo a achomharc chuig an Ard-Chúirt. Táthar ag fanacht leis an gcás a éisteacht agus é seo á scríobh.)

An tUasal CB agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais – Cás uimh.: 130176Bhain an t-athbhreithniú le diúltú na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hiarratas ar rochtain ar thaifead ó chomhad inimirce an iarrthóra. Chuimsigh an taifead áirithe seo iarratas ón nGarda Síochána ar Ordú Bainte faoi Airteagal 20 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006, i ndáil leis an iarrthóir. Diúltaíodh rochtain faoi alt 23(1)(a) agus 26(1)(a) den Acht um SF.

Maidir le hinfheidhmeacht alt 26(1)(a), deir an Roinn gur raibh sé i gceist go bhfanfadh an taifead seo rúnda. Deir sí go raibh baol ann go ndéanfaí dochar do mhéid agus caighdeán na faisnéise a gheobhadh an tAire amach anseo dá nochtfaí ábhar chomhfhreagrais atá ceaptha a bheith rúnda. Deir sí chomh maith gur léir gurbh é rún an Oireachtais, nuair a achtaíodh reachtaíocht um SF, rúndacht cumarsáidí ó údaráis an Gharda Síochána a chosaint.

Go bunúsach, ba léir do m’Oifig gur theastaigh ón Roinn gach cumarsáid ón nGarda Síochána a chosaint mar rang. Mar a mhínigh m’Oifig don Roinn go leor uaireanta roimhe seo, ní chosnaíonn alt 26(1)(a) taifid mar rang. Caithfear aird a thabhairt ar ábhar na dtaifead. Tá

Page 49: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

47An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

ceithre riachtanas éagsúla le sásamh le go mbeidh feidhm ag alt 26(1)(a), eadhon

yy gur tugadh an fhaisnéis go rúnda, agus yy gur tugadh an fhaisnéis ar an tuiscint go gcaithfí leis go rúnda, agusyy dá nochtfaí an fhaisnéis gur dóchúil nach dtabharfadh an duine sin nó daoine eile

faisnéis den chineál céanna don chomhlacht amach anseo, agusyy go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí ag tabhairt faisnéis den chineál sin

don chomhlacht.

Glacaim leis go mbeadh cúinsí ann ina sásódh ábhar cumarsáide idir an Garda Síochána agus an Roinn na riachtanais go mbeadh feidhm ag alt 26(1)(a). Sa chás seo, áfach, chinn m’Oifig nárbh amhlaidh sin.

Thug m’Oifig faoi deara gur áiríodh an fhaisnéis ar fad sa taifead a diúltaíodh i dtaifid eile a scaoileadh mar fhreagra ar an iarratas um SF bunaidh. Bhí an t-iarrthóir ar an eolas faoin taifead sin, ní amháin ón iarratas SF, ach tagraíodh de sna taifid eile. Bhí a fhios ag an iarrthóir ó thaifid eile gur thug an Garda Síochána an fhaisnéis a bhí sa taifead don Roinn. Sna cúinsí seo, chinn m’Oifig nár sásaíodh na ceithre riachtanas le go mbeadh feidhm ag alt 26(1)(a).

Is fiú a thabhairt faoi dearadh, i rith an athbhreithnithe thug m’Oifig cuireadh don Gharda Síochána aighneacht a dhéanamh ar an gceist agus ní dhearna siad sin. Mar a leag mé amach i gcaibidil 2, d’ardaigh mé an chaoi ar chaith an Roinn le taifid an Gharda Síochána le hArd-Rúnaí na Roinne agus fuair mé freagra an-dearfach. Tá mé sásta gur aithníomar meicníocht chun na saincheisteanna sin a réiteach.

An tUasal X agus an Roinn Airgeadais – Cás uimh.: 120102 Rinne mé athbhreithniú ar chinneadh na Roinne Airgeadais rochtain a dhiúltú ar dhá litir, dar dáta an 15 Deireadh Fómhair 2010 agus an 19 Samhain 2010, a sheol Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh (ECB), Jean-Claude Trichet, chuig an Aire Airgeadais ag an am in 2010. Bhraith an Roinn ar roinn díolúintí nuair a dhiúltaigh sí na taifid, lena n-áirítear alt 24(2)(e) den Acht um SF. Is díolúine éigeantach atá in alt 24(2)(e) a fholaíonn, i measc nithe eile, go ndiúltóidh comhlacht poiblí rochtain ar thaifead ina bhfuil faisnéis a thug institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh go rúnda.

Luaigh an Roinn go raibh sí iomlán i gcoinne eisiúint na dtaifead. Luaigh sí go raibh sé mar rún ag an ECB agus na litreacha á seoladh aige go gcaithfí go rúnda leo agus tugadh le fios go soiléir é seo de bhrí go raibh “faoi rún” marcáilte ar thaifead amháin agus “rúnda” marcáilte ar an gceann eile. Luaitear chomh maith gur dhiúltaigh an ECB na litreacha a eisiúint faoin Scéim Rochtana Poiblí. Thagair an Roinn do litir ón ECB chuig an iarrthóir inar dhiúltaigh an ECB rochtain a thabhairt don iarrthóir ar na litreacha. Sa litir sin, rinne an ECB cur síos ar na taifid mar “chumarsáid faoi rún a bhaineann le cás a bhí an-dian agus deacair”. Ba léir gur ghlac an Roinn go tugadh na taifid sin faoi rún.

Page 50: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

48

Caibidil 3: Cinntí

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, neamhchosúil le díolúintí eile san Acht um SF, níl alt 24(2)(e) faoi réir tástáil ‘dochair’, agus níl sé faoi réir tástáil um leas an phobail a chothromú. Is é is ciall leis seo nach bhfuil riachtanas ann dochar a aithint a d’fhéadfadh eascairt i gcás go n-eiseofaí taifead nó breith a dhéanamh an mbeadh sé i leas an phobail, go ginearálta, é a eisiúint. Má bhaineann taifead le rang nó cineál a thagann faoin díolúine, is leor é seo le go mbeadh feidhm ag an díolúine. Tá mo shainchúram sna cásanna sin teoranta do chinneadh an bhfuil an comhlacht poiblí ceart chun rochtain ar thaifid a dhiúltú de réir fhorálacha an Achta um SF. Ach, ba mhaith liom a rá freisin nach ionann rochtain a dhiúltú ar thaifid faoi alt 24(2)(e) agus cosc ginearálta ar eisiúint na dtaifead taobh amuigh den phróiseas um SF. Agus aird ar aighneachtaí na Roinne agus ábhar na dtaifead atá i gceist, bhí mé sásta go raibh faisnéis sna taifid a thug institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh go rúnda agus go raibh feidhm ag alt 24(2)(e) den Acht um SF leo.

An tUasal X agus Roinn an Taoisigh – Cás uimh.: 100171Tharla mo chéad cinneadh mar Choimisinéir Faisnéise ag an am céanna leis an gcéad chás ónar theastaigh cinneadh foirmiúil ar cheist infheidhmeachta na rialach 10 mbliana mar a thugtar air faoi alt 19. Is díolúine éigeantach atá in alt 19 a bhaineann le cruinnithe an Rialtais. Mar shampla, baineann alt 19(1)(a) le taifid díolmhaithe a cuireadh, nó a bhfuil sé beartaithe iad a chur, faoi bhráid an Rialtais lena mbreith ag Aire Rialtais nó an Ard-Aighne agus a cruthaíodh chun na críocha sin. Baineann alt 19(1)(c) le “bileoga treoracha” ar féidir a rá go bhfuil siad díolmhaithe.

Folaíonn alt 19(3)(b) nach mbíonn feidhm ag na díolúintí i bhfo-alt (1) má bhaineann an taifead lena mbaineann le cinneadh an Rialtais a rinneadh níos mó ná 10 mbliana sula bhfuarthas an t-iarratas ón gceann lena mbaineann. Ach, baineann alt 19(2), a bhaineann go bunúsach le pléití Comh-aireachta, gan chríoch.

Sa chás seo, lorg an Roinn cosaint gan chríoch alt 19(2) a fheidhmiú ar na taifid a nochtaigh na tuairimí a bhí ag Airí roimh chruinnithe, mar aon leis na ráitis a dhéantar ag cruinnithe. Le roinnt eisceachtaí teoranta, chinn mé nach raibh feidhm ag alt 19(2) leis na taifid lena mbaineann.

Bhain cuid de na taifid, a bhí os cionn 15 bliana nuair rinne mé mo chinneadh, le hiarratais ar dheontais thionsclaíocha. De bhun na n-argóintí a chuir an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta i láthair, bhí cúis agam freisin béim a chur ar an bhfíric nach díolúine rangbhunaithe atá in alt 31, a bhain le leasanna airgeadais agus eacnamaíochta an Stáit agus chomhlachtaí poiblí, lena n-áirítear i ndáil le faisnéis um dheontas tionsclaíoch.

Page 51: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

49An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

An tUasal X agus an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta – Cás uimh.: 110023Ba chás an-suimiúil a bhí i gceann de na chéad chinntí a d’eisigh mé a bhain le saincheisteanna casta an dlí idirnáisiúnta a bhain le socruithe éagsúla um rialaithe onnmhaire idir Éire agus Stáit eile. Bhain an t-iarratas le cuideachta eitlíochta áirithe a bhí á imscrúdú ag údaráis na Stáit Aontaithe (SA). Fuair gníomhaíochtaí gnó líomhnaithe de chuid cuideachta tríú páirtí agus a stiúrthóirí poiblíocht fairsing mar thoradh ar go leor díotálacha SA ina n-aghaidh. Bhí alt foilsithe a scríobh an t-iarrthóir, iriseoir, dar teideal “Minister aided wanted trader” an-ábhartha.

Chinn mé go raibh cinneadh na Roinne le rochtain a dhiúltú ar na taifid lena mbaineann ceart faoi alt 24 agus 26 den Acht um SF, mar go raibh cumarsáid rúnda iontu a bhain le caidreamh idirnáisiúnta agus mar gheall ar dhualgas iontaoibhe dlite do thríú páirtithe a raibh tionchar orthu i gcúinsí an cháis. Ag teacht ar mo chinneadh, ghlac mé leis go n-éilíonn riaracháin éifeachtach ar réimeas um rialú onnmhaire ardleibhéal roinnte faisnéise idir Stáit, go háirithe Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE), mar aon le roinnt idir comhlachtaí poiblí cosúil leis an Roinn lena mbaineann an cás seo agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Ghlac mé leis chomh maith go n-éilíonn sé, nuair is ábhartha, go mbíonn cuideachtaí atá páirteach i dtrádáil idirnáisiúnta earraí toilteanach agus in ann faisnéis mhionsonraithe maidir lena n-idirbhearta gnó a bheartaítear a chur ar fáil do na húdaráis inniúla.

I ndáil le poiblíocht a bhí faighte ag ceisteanna áirithe, agus go háirithe rannpháirtíocht líomhnaithe iar-Aire ar leith, rinne mé idirdhealú idir an fhaisnéis atá “i mbéal an phobail” ar bhunús foinse neamhluaite nó gan ainm, ar lámh amháin, agus cáipéisíocht phríomha a bhain leis na cúrsaí lena mbaineann, ar an lámh eile. D’aithin mé chomh maith gur iondúil go mbainfeadh rannpháirtíocht Aire Stáit i gceist cheadúnaithe an bonn do réasúntacht aon ionchas rúndachta a mhéid is go mbaineann sé le faisnéis faoi rannpháirtíocht an Aire. Sa chás seo, áfach, ghlac mé leis go raibh íogairí amhail is nach dteipfeadh ar aon duine réasúnach tuiscint a bheith acu go rabhthas ag súil le rúndacht.

Page 52: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

50

Caibidil 3: Cinntí

An tUasal X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – Cás uimh.: 100286Ba í an cheist a cuireadh chun cinn sa chás seo an raibh an ceart ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) diúltú d’iarratas an iarrthóra ar rochtain ar thuilleadh taifead a bhain le measúnú Ionad Teaghlaigh ar a iníon 11 bhliain d’aois, a d’atreoraigh Roinn Oibre Sóisialaigh chuig an Ionad mar gheall ar líomhaintí drochúsáide gnéasaí ag an iarrthóir. De bhrí go raibh faisnéis phearsanta maidir le leanbh an iarrthóra agus a máthar sna taifid, bhí siad díolmhaithe óna n-eisiúint faoi alt 28(1) den Acht um SF, ach faoi réir fhorálacha eile an ailt. Chinn an Oifig nach raibh feidhm ag ceachtar de na prionsabail sáraitheacha d’alt 28.

Bhí suntasacht ar leith ag baint lena aithint, neamhchosúil le cás na Cúirte Uachtaraí Mck v. An Coimisinéir Faisnéise [2006] IESC 2, nach raibh cearta Bunreachtúla tuismitheoirí san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an mbeadh sé i leas an linbh a faisnéis phearsanta a nochtadh leis an iarrthóir faoi alt 28(6) den Acht um SF agus Rialacháin 2009 [I.R. Uimh. 387 de 2009]. Ní raibh an t-iarrthóir pósta le máthair an linbh agus ní tuismitheoir a bhí ann i dteaghlach a aithníodh sa Bhunreacht. Anuas air sin, níor chónaigh an t-iarrthóir lena leanbh agus a máthair riamh agus ní raibh teaghlach acu riamh lena chéile, agus ní raibh sé ina chaomhnóir dlíthiúil ag an leanbh. Agus aird ar na hargóintí a chuir an t-iarrthóir i láthair i bhfabhar eisiúna, diúltú na máthar toiliú le heisiúint na dtaifead, agus an chaoi go mbeadh eisiúint faoi SF gan aon srian ar úsáid amach anseo, chinn m’Oifig sna cúinsí seo gurb é leas is fearr leanbh an iarrthóra gan a faisnéis phearsanta a eisiúint leis an iarrthóir.

An tUasal X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – Cás uimh.: 100186Bhí an cás seo an-chosúil le cás uimhir: 100286 sa chaoi is gur bhain sé lena raibh an ceart ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) diúltú d’iarratas an iarrthóra ar rochtain ar thuilleadh taifead a bhain le gearán a bhain le líomhaintí drochúsáide gnéasaí de chuid an iarrthóra ar a iníon óg, agus eachtraí foréigin teaghlaigh líomhnaithe eile. Arís, bhí na taifid díolmhaithe faoi alt 28(1) den Acht um SF, ach faoi réir fhorálacha eile an ailt. Ach, mar athair pósta, bhí an t-iarrthóir i dteideal toimhde Bhunreachtúil na príomhachta tuismitheora chun críocha alt 28(6). D’ainneoin sin, cinneadh go raibh cúinsí chás na Cúirte Uachtaraí Mck v. An Coimisinéir Faisnéise [2006] IESC 2 inaitheanta uathu siúd a cuireadh i láthair sa chás seo.

Glacadh le tagairtí na Cúirte Uachtaraí le faisnéis leighis nó le cúram sláinte mar chomhartha gur toisc ábhartha atá ann, cé nach bhfuil cineál ná ábhartha na dtaifead atá i gceist cinntitheach. Tugadh faoi deara chomh maith, faoin mBunreacht, go dtoimhdítear go bhfuil an bheirt tuismitheoirí i dteaghlach pósta ag gníomh de réir leasa a linbh, rud a chruthaíonn deacrachtaí i gcás, cosúil leis seo, nach bhfuil na tuismitheoirí ag feidhmiú i gcomhaontú. Bhí aird ag an Oifig ar chineál an-íogair na dtaifead agus ar an gcaoi (neamhchosúil le himeachtaí um dhlí teaghlaigh) nach bhfuil coinníollacha nuair a chuirtear taifid ar fáil d’iarrthóir faoin Acht um SF. Bhí an Oifig den tuairim go raibh dóthain eolais ag an iarrthóir cheana ar an

Page 53: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

51An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

bhfaisnéis a bhain lena iníon lena chur ar a chumas a ról mar thuismitheoir a chleachtadh chun na “cinntí cuí don leanbh” a dhéanamh.

Chinn an Oifig dá dtabharfaí an t-eolas céanna don iarrthóir, i bhfoirm cóipeanna de thaifid a eisítear faoin Acht um SF, nach mbreiseodh sé a chumas chun “cinntí cuí a dhéanamh dá leanbh”. Ar an lámh eile, bhí roinnt tionchar diúltach féideartha ar leas an linbh ag baint le soláthar cóipeanna de na taifid sin don iarrthóir. Dá réir sin, chinn an Oifig i gcúinsí an cháis seo nach mbeadh sé i leas an linbh an iarrthóra dá n-eiseofaí na taifid sin a nochtfadh faisnéis phearsanta a linbh agus nach raibh feidhm dá bhrí sin ag alt 28(6)(a). De bhrí nach raibh feidhm ag na forálacha sáraitheacha eile, cinneadh go raibh na taifid díolmhaithe faoi alt 28(1) den Acht um SF.

Irish Examiner 27-06-2013 Irish Examiner 21-03-2013

Page 54: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

52

Caibidil 4: Staitisticí

Caibidil 4: Staitisticí

Page 55: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

53An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Caibidil 4: Staitisticí

Roinn I - Comhlachtaí Poiblí – 2013Tábla 1: Forbhreathnú ar iarratais saorála faisnéise ar dhéileáil comhlachtaí poiblí leoTábla 2: Iarratais saorála faisnéise ar dhéileáil comhlachtaí poiblí leo agus a rinneadh a achomharc ina dhiaidh sinTábla 3: Iarratais saorála faisnéise a fuarthas, anailís de réir chineál iarratasóraTábla 4: Forbhreathnú ar iarratais ar dhéileáil comhlachtaí poiblí leoTábla 5: Anailís ar iarratais ar dhéileáil earnáil na seirbhíse poiblí leoTábla 6: Iarratais shaorála faisnéise a fuair ranna/oifigí na státseirbhíseTábla 7: Iarratais saorála faisnéise a fuair údaráis áitiúlaTábla 8: Iarratais saorála faisnéise a fuair feidhmeannacht na seirbhíse sláinte (FSS)Tábla 9: Iarratais saorála faisnéise a fuair ospidéil dheonacha, rialaitheoirí na seirbhísí meabhairshláinte agus gníomhaireachtaí gaolmharaTábla 10: Iarratais saorála faisnéise a fuair comhlachtaí oideachais tríú leibhéalTábla 11: Iarratais saorála faisnéise a fuair comhlachtaí eileTábla 12: Táillí ar dhéileáil comhlachtaí poiblí leo

(Tugtar d’Aire: Figiúirí do na tablaí thuas arna soláthar ag An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Grúpa Idirchaidrimh Saorála Faisnéise na nÚdarás Áitiúil, an Roinn Sláinte, Cónaidhm Náisiúnta na gComhlachtaí Saorálacha, an Grúpa Idirchaidrimh don Earnáil Ard-Oideachais agus arna dtiomsú ag Oifig an Choimisinéara Faisnéise).

Page 56: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

54

Caibidil 4: Staitisticí

Roinn II - Oifig an Choimisinéara Faisnéise - 2013Tábla 13: Anailís ar iarratais ar athbhreithnithe a fuarthasTábla 14: Anailís ar chásanna athbhreithnitheTábla 15: Iarratais ar athbhreithnithe ar glacadh leo i 2013 - de réir comhlacht poiblíTábla 16: Toradh athbhreithnithe críochnaithe - comparáid trí blianaTábla 17: Ábhar na niarratas ar athbhreithniú ar glacadh leo – comparáid trí blianaTábla 18: Iarratais ar glacadh leo de réir cineáil - comparáid trí blianaTábla 19: GnathfhiosruitheTábla 20: Iarrataí a mheastar a bheith diúltaithe de bharr nár thug comhlachtaí poiblí freagra orthu

Page 57: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

55An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Roinn I - Comhlachtaí Poiblí – 2013

Tábla 1: Forbhreathnú ar iarratais saorála faisnéise ar dhéileáil comhlachtaí poiblí leo

Iarratais idir lámha - 01/01/2013 2,451

Iarratais a fuarthas i 2013

Pearsanta 14,909

Neamhphearsanta 3,980

Measctha 96

Iomlán 18,985

Iomlán na n-iarratas idir lámha le linn na bliana 21,436

Iarratais ar déileáladh leo 18,204

Iarratais idir lámha - 31/12/2013 3,232

Tábla 2: Iarratais saorála faisnéise ar dhéileáil comhlachtaí poiblí leo agus a rinneadh a achomharc ina dhiaidh sin

Líon Céatadán

Iarratais saorála faisnéise ar dhéileáil 18,204 100%

Comhlachtaí poiblí leo athbhreithnithe inmheánacha 653 4%

a fuair comhlachtaí poiblí Iarratais ar ghlac an Coimisinéir leo 335 2%

Tábla 3: Iarratais saorála faisnéise a fuarthas, anailís de réir chineál iarratasóra

Iarratasóirí Líon Céatadán

Iriseoirí 1,843 10%

Lucht gnó 786 4%

Comhaltaí den Oireachtas 54 0%*

Baill foirne comhlachtaí poiblí 569 3%

Cliaint foirne comhlachtaí poiblí 13,822 73%

Eile 1,911 10%

Iomlán 18,985 100%

* Is ionann an céatadán iarbhír agus 0.3%

Page 58: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

56

Caibidil 4: Staitisticí

Tábla 4: Forbhreathnú ar iarratais ar dhéileáil comhlachtaí poiblí leo

Iarratasóirí Líon Céatadán

Iarratais a géilleadh dóibh 11,738 65%

Iarratais a géilleadh dóibh i bpáirt 3,367 18%

Iarratais a diúltaíodh dóibh 1,677 9%

Iarratais a aistríodh chuig an gcomhlacht cuí 233 1%

Iarratais a tarraingíodh siar nó a láimhseáileadh lasmuigh de shaoráil faisnéise 1,189 7%

Iomlán 18,204 100%

Tábla 5: Anailís ar iarratais ar dhéileáil earnáil na seirbhíse poiblí leo

% Céatadán

dár géilleadh

% Céatadán

dár géilleadh

ibpáirt

% Céatadán

a diúltaíodh

% Céatadán a

aisríodh

% Céatadán a

tarraingíodh siar nó a

láimhsíodh lasmuigh

de raon an Achta

% Iomlán

Ranna/Oifigí Státseirbhíse 48% 29% 14% 1% 8% 100%

Údaráis Áitiúla 52% 29% 14% 1% 4% 100%

FSS 75% 14% 7% 1% 3% 100%

Ospidéil dheonacha, Rialaitheoirí na Seirbhísí meabhairshláinte agus Gníomhaireachtaí Gaolmhara

76% 4% 7% 2% 11% 100%

Institiúdí Tríú Leibhéal 52% 33% 6% 0% 9% 100%

Comhlachtaí Eile 49% 32% 4% 0% 15% 100%

Page 59: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

57An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Tábla 6: Iarratais shaorála faisnéise a fuair ranna/oifigí na státseirbhíse

Pearsanta Neamh-phearsanta

Measctha Iomlán

Rannóg/Oifig na Státseibhíse

An Roinn Coimirce Sóisialaí 2060 84 4 2148

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais 417 130 3 550

An Roinn Oideachais agus Scileanna 206 116 6 328

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara 165 109 1 275

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim 123 103 0 226

An Roinn Airgeadais 9 211 0 220

An Roinn Sláinte 15 190 0 205

Na Fórsaí Cosanta 131 18 1 150

Seirbhís Tithe an Oireachtais 2 102 0 104

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe 13 86 0 99

An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil 7 91 0 98

Roinn an Taoisigh 5 86 0 91

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 19 69 0 88

An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt 10 74 0 84

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 6 50 0 56

Oifig na nOibreacha Poiblí 3 42 1 46

An Roinn Post, Fiontar, agus Nuálaíochta 5 37 2 44

An Roinn Cosanta 12 25 3 40

An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Achmhainní Nádúrtha 1 38 0 39

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí 2 28 0 30

An tSeirbhís um Ceapacháin Phoiblí 15 2 4 21

Oifig Luachála 19 0 0 19

Oifig an Ombudsman 6 12 0 18

Oifig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí 6 7 0 13

An Phríomh-Oifig Staidrimh 4 3 0 7

Oifig an Árd-Aighne 2 5 0 7

Oifig an Choimisinéara Faisnéise 1 2 1 4

Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit 2 1 0 3

Page 60: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

58

Caibidil 4: Staitisticí

Suirbhéaracht Ordanáis Éireann 0 2 0 2

Oifig an Árd-Reachtaire Cúnta agus Ciste 0 1 0 1

Oifig Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corporáideach 0 0 0 0

Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann 0 0 0 0

Oifig na Coimisinéirí Achomharc do na hAchtanna Cánach 0 0 0 0

Iomlán 3,266 1,724 26 5,016

Tábla 7: Iarratais saorála faisnéise a fuair údaráis áitiúla

Údaráis Áitiúl* Pearsanta Neamh-phearsanta

Measctha Iomlán

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 120 120 0 240

Comhairle Chontae Chorcaí 6 87 0 93

Comhairle Cathrach Chorcaí 37 31 4 72

Comhairle Chontae Mhuigh Eó 13 43 0 56

Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas 28 26 0 54

Comhairle Chontae Fhine Gall 14 34 0 48

Comhairle Chontae na Gaillimhe 4 43 0 47

Comhairle Chontae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin 17 29 0 46

Comhairle Chontae Lú 12 25 3 40

Comhairle Chontae an Chláir 10 25 4 39

Comhairle Chontae Dhún na Gall 4 35 0 39

Comhairle Chontae Chill Dara 4 28 7 39

Comhairle Cathrach Luimní 16 23 0 39

Comhairle Chontae Chiarraí 5 29 2 36

Comhairle Chontae Sligeach 8 23 0 31

Comhairle Cathrach na Gaillimhe 11 17 0 28

Comhairle Chontae Laoise 14 13 0 27

Comhairle Chontae na Mí 4 23 0 27

Comhairle Chontae Thiobraid Árann Theas 4 18 2 24

Comhairle Chontae Loch Garman 13 11 0 24

Page 61: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

59An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Comhairle Chontae Chill Mhantáin 5 18 0 23

Comhairle Chontae na h-Iarmhí 3 15 0 18

Comhairle Chontae Luimní 0 17 0 17

Comhairle Chontae Thiobraid Árann Thuaidh 0 17 0 17

Comhairle Chontae Uibh Fhailí 5 10 1 16

Comhairle Chontae Mhuineacháin 0 14 1 15

Comhairle Chontae Chill Chainnigh 1 13 0 14

Comhairle Chontae Ros Comáin 4 9 1 14

Comhairle Chontae Cheatharlocha 1 11 0 12

Comhairle Chontae Longfoirt 3 8 1 12

Comhairle Chontae Phort Lairge 5 6 1 12

Comhairle Cathrach Phortláirge 8 4 0 12

Comhairle Chontae Liatroma 4 7 0 11

Comhairle Chontae an Chabháin 3 7 0 10

Iomlán 386 839 27 1,252

Údaráis Réigiúnda 0 1 0 1

Comhthionóil Réigiúnda 0 0 0 0

*Tá figiúirí le haghaidh Comhairlí Baile agus Comhairlí Buirge istigh sna figiúirí den Chontae sin

Tábla 8: Iarratais um SF a fuair FSS (seachas gníomhaireachtaí áirithe a chlúdaítear i dTábla 9)

Limistéar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte*

Pearsanta Neamh-phearsanta

Measctha Iomlán

FSS Deisceart 3,018 62 5 3,085

FSS Iarthair 2,469 101 2 2,572

FSS Baile Átha Cliath Thoir-Thuaidh 907 34 0 941

FSS Baile Átha Cliath-Lar Laighean 879 40 0 919

Iarrataí Náisiúnta 0 292 0 292

Iomlán 7,273 529 7 7,809

*De réir struchtúr réigiúnach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Page 62: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

60

Caibidil 4: Staitisticí

Tábla 9: Iarratais um SF a fuair ospidéil dheonacha, rialaitheoirí na seirbhísí meabhairshláinte agus gníomhaireachtaí gaolmhara

Ospidéal/Seirbhís/Gnlomhaireacht Pearsanta Neamh-phearsanta

Measctha Iomlán

Ospidéal na hOllscoile na Trócaire, Corcaigh 694 4 0 698

Ospidéal Naoimh Shéamais 480 5 3 488

Ospidéal Mater Misericordiae 295 13 0 308

Ospidéal Rotunda 262 15 2 279

Ospidéal Thamhlachta 259 5 0 264

Ospidéal Beaumont 183 20 0 203

Ospidéal Naoimh Eoin, Luimneach 186 2 0 188

Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, Sráid Holles 166 8 0 174

Ospidéal na hOllscoile Naoimh Uinseann 122 13 0 135

Ospidéal Mhuire do Leanaí Breoite, Cromghlinn 127 6 1 134

Ospidéal na Leanaí, Sráid an Teampaill 122 8 0 130

Ollscoil Otharlann an Deiscirt - Ospidéal Victeoria, Corcaigh 122 4 0 126

Ospidéal Ban an Chúm 95 9 0 104

Ospidéal Náisiúnta Athslánúcháin, Dún Laoghaire 40 3 0 43

Ord Spidiléirí N. Eoin Dé 39 0 0 39

Coimisiún Meabhair-Shláinte 21 9 0 30

Ospidéal Naoimh Uinsionn - Fionnradharc 27 3 0 30

Ospidéal Ríoga Victeoiriach Súl agus Cluas 28 0 0 28

An tÚdarás Um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte 5 10 5 20

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann 0 18 0 18

An Lárchlinic Feabhais 16 0 0 16

Ospidéal Déadach Bhaile Átha Cliath 13 2 0 15

Enable Ireland 13 1 0 14

Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí 12 1 0 13

Ospidéal Ortaipéideach Ionchorpraithe na hÉireann 6 3 0 9

Comhairle na nDochtúirí Leighis 5 4 0 9

Ospidéal Naoimh Micheál, Dún Laoghaire 5 4 0 9

Ospidéal Naoimh Pádraig 0 8 0 8

Eile 9 13 0 22

Iomlán 3,352 191 11 3,554

Page 63: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

61An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Tábla 10: Iarratais saorála faisnéise a fuair comhlachtaí oideachais tríú leibhéal

Comhlacht Oideachais Tríú Leibhéal Pearsanta Neamh-phearsanta

Measctha Iomlán

Institiúid Teichneolaíochta Phort Lairge 4 115 3 122

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath 46 21 1 68

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh 15 19 0 34

Coláiste na Trionóide 18 12 1 31

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 13 13 0 26

Institiúid Teichneolaíochta Bhaile Átha Cliath 7 12 0 19

Ollscoil Luimnigh 8 6 1 15

Ollscoil na hÉireann, Má Nuad 5 6 0 11

Coláiste Phádraig 5 5 0 10

Ollscois Chathair Bhaile Átha Cliath 4 6 0 10

Institiúid Teichneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo 7 1 0 8

Comhlachtaí Eile 22 46 4 72

Iomlán 154 262 10 426

Tábla 11: Iarratais saorála faisnéise a fuair comhlachtaí eile

Comhlacht Poiblí Pearsanta Neamh-phearsanta

Measctha Iomlán

Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh 109 0 0 109

RTÉ 4 82 0 86

Príomh-Oifigeach Míochaine don Státseirbhís 71 1 0 72

Seirbhís Phromhaidh 34 1 0 35

Seirbhís Chúirteanna 2 26 0 28

Bord um Chúnamh Dlíthiúl 24 0 0 24

An tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agua Scileanna 4 17 0 21

Coimisiún um Rialáil Fuinnimh 7 11 0 18

Comhairle Spóirt na hÉireann 0 18 0 18

Údarás um Bóithre Náisiúnta 0 18 0 18

GFT Éireann 0 17 0 17

Údarás Craolacháin na hÉireann 0 15 0 15

Page 64: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

62

Caibidil 4: Staitisticí

Fáilte Éireann 0 14 0 14

Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta 10 4 0 14

Coimisiún Rialáil Cumarsáide 10 3 0 13

Údarás Náisiúnta Iompair 2 11 0 13

Comhairle Ealaíon 1 10 1 12

Údarás Slainte agus Sabáilteachta 0 12 0 12

Bord Leigheasra na hÉireann 0 12 0 12

Seirbhís Fuilaistriúchain na hÉireann 1 8 2 11

An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais 4 5 2 11

Iascach Intíre Éireann 9 2 0 11

Pobal 0 11 0 11

Teagasc 3 7 1 11

An Bord Pleanála 0 9 0 9

Bord na gCon 0 9 0 9

Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann 7 2 0 9

Údarás na Gaeltachta 0 9 0 9

Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 0 6 0 6

Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 1 4 1 6

Eile (128 chomhlacht le níos lú ná 6 iarrataisí an ceann) 23 74 8 105

Iomlán 326 418 15 759

Tábla 12: Táillí ar dhéileáil comhlachtaí poiblí leo

Iarratas Bunúsach

Cuardach & Aisfháil

Athbhreitnú Inmheanach

Ais íocaíochtaí

Taillí Glan

Ranna/Oifigí Státseirbhíse €28,505.38 €23,135.98 €6,480.00 €2,677.12 €55,444.24

Údaráis Áitiúla €12,658.06 €6,316.04 €3,575.00 €270.00 €22,279.10

FSS €7,054.70 €1,405.00 €825.00 €715.00 €8,569.70

Ospidéil Shaorálacha, Seirbhísí Sláinte Meabhracha agus gníomhaireachtaí Gaolmhara Eile €2,336.35 €2,379.34 €150.00 €90.00 €4,775.69

Institiúidí Tríú Leibhéal €3,390.00 €357.60 €300.00 €100.00 €3,947.60

Comhlachtaí Eile €31.00 €146.65 €0.00 €0.00 €177.65

Iomlán €53,975.49 €33,740.61 €11,330.00 €3,852.12 €95,193.98

Page 65: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

63An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Roinn II - Oifig an Choimisinéara Faisnéise - 2013

Tábla 13: Anailís ar iarratais ar athbhreithnithe a fuarthas

Iarratais ar athbhreithniú idir lámha - 01/01/2013 29

Iarratais ar athbhreithniú a fuarthas i 2013 334

Iomlán na n-iarratas ar athbhreithniú idir lámha i 2013 363

Scoradh den iarratas 4

Iarratais neamhbhailí 61

Iarratais a tharraingíodh siar 6

Iarratais a dhiúltóidh 2

Iarratais ar glacadh leo le haghaidh athbhreithnithe i 2013 260

Iomlán na n-iarratas ar athbhreithniú a bhreithníodh i 2013 333

Iarratais ar athbhreithniú lámha - 31/12/2013 30

Tábla 14: Anailís ar chásanna athbhreithnithe

Athbhreithnithe idir lámha - 01/01/2013 203

Iarratais ar glacadh leo le haghaidh athbhreithnithe i 2013 260

Iomlán na n-athbhreithnithe idir lámha i 2013 463

Athbhreithnithe a críochnaíodh i 2013 258

Athbhreithnithe ar chuirthear ar aghaidh go 2014 205

Page 66: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

64

Caibidil 4: Staitisticí

Tábla 15: Iarratais ar athbhreithnithe ar glacadh leo i 2013 - de réir comhlacht poiblí

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 55

FSS Iarrataisí Náisiúnta 11

FSS Iarthair 17

FSS Deisceart 15

FSS Baile Átha Cliath Lár Laighean 8

FSS Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh 4

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais 20

An Roinn Coimirce Sóilialaí 11

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim 11

Comhairle Chontae Chorcaí 10

An Roinn Oideachais agus Scileanna 9

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara 7

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath 7

An Roinn Cosanta 6

An Roinn Airgeadais 6

Eile (chomhlacht le níos lú ná 5 athbhreithniú an ceann) 118

Iomlán 260

Tábla 16: Toradh athbhreithnithe críochnaithe - comparáid trí bliana

2013 % 2012 % 2011 %

Breith Dearbhaithe 104 40% 84 42% 32 16%

Breith Neamhnithe 29 11% 12 6% 3 2%

Breith Athraithe 18 7% 8 4% 8 4%

Scoradh den Iarratas 8 3% 6 3% 35 17%

Thangthas ar shocrú 35 14% 39 20% 3 2%

Tarraingthe siar 64 25% 51 25% 49 25%

Neamhbhailí 0 0% 0 0% 70 34%

Athbhreithnithe Críochnaithe 258 100% 200 100% 200 100%

Page 67: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

65An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Tábla 17: Ábhar na niarratas ar athbhreithniú ar glacadh leo – comparáid trí bliana

2013 % 2012 % 2011 %

Diúltú Rochtanna 217 84% 212 90% 157 90%

Agóídí ag tríú pairtithe i gcoinne scaoilte faisnéise fúthu nó arna soláthar acu 16 6% 8 3% 6 3%

Leasú ar thaifid faoi alt 17 9 3% 8 3% 5 3%

Ráiteas cúiseanna faoi alt 18 11 4% 6 3% 5 3%

Breith chun táille a ghearradh 7 3% 2 1% 1 1%

Iarratais ar Glacadh leo 260 100% 236 100% 174 100%

Tábla 18: Iarratais ar glacadh leo de réir cineáil - comparáid trí bliana

2013 % 2012 % 2011 %

Pearsanta 102 39% 94 40% 61 35%

Neamhphearsanta 125 48% 115 49% 86 49%

Measctha 33 13% 27 11% 27 16%

Iomlán 260 100% 236 100% 174 100%

Tábla 19: Gnathfhiosruithe

Year Number

2013 1218

2012 1262

2011 824

2010 622

2009 857

2008 1100

2007 1315

2006 1551

2005 1396

2004 1306

Page 68: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

66

Caibidil 4: Staitisticí

Tábla 20: Iarrataí a mheastar a bheith diúltaithe de bharr nár thug comhlachtaí poiblí freagra orthu

Gan Breith tughta ar Bhuniarratais ná ar Athbhreithniú Inmheánach

Comhlacht Poiblí 2013 2012 2011

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais 4 3 7

FSS Baile Átha Cliath Lár Laighean 4 - -

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath 3 1 1

Comhairle Chontae Chorcaí 3 1 -

FSS Náisiúnta 2 12 9

An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais 2 1 -

FSS Iarthair 1 1 1

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh 1 - -

An Roinn Airgeadais 1 - 4

An Roinn Coimirce Sóisialaí 1 - -

Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha 1 - -

Na Fórsaí Cosanta 1 - -

Teagasc 1 - -

Coimisiún Rialáil Cumarsáide 1 - -

An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil 1 1 -

Ospidéal Thamhlachta (Ospidéal Adelaide agus na Mí ag ionchorpú an Ospidéal Náisiúnta Leanaí) 1 1 -

An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Achmhainní Nádúrtha 1 - -

FSS Deisceart 1 - 3

Iomlán 30

Page 69: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

67An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Irish Independent 15-05-2013 Irish Times 21-03-2013

Irish Examiner 13-05-2013 Irish Examiner 08-05-2013

Page 70: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

68

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mBliain

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mBliain

Page 71: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

69Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil Tuarascáil Bhliantúil 2013

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mBliain

RéamhráNuair a ceapadh mar Choimisinéir Faisnéise mé i mí na Nollag 2013, ceapadh mar Choimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil faoi Rialachán na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaoil) (AIE) mé chomh maith. Tá Rialacháin AIE bunaithe ar Threoir 2003/4/CE maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus a fholaíonn do réimeas rochtana ar leith in Éirinn seachas an tAcht um Shaoráil Faisnéise (SF). Dá bhrí sin, tá mo ról mar Choimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil neamhspleách go dleathach ó mo ról mar Choimisinéir Faisnéise. D’ainneoin sin, bíonn tionchar ag feidhmiú Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OIC) ar fheidhmiú Oifig an Choimisinéara um Faisnéis Chomhshaoil (OCEI), mar a phléitear thíos.

Baineann an ceart rochtana faoi Rialacháin AIE le “faisnéis chomhshaoil” faoi choinneáil ag nó i gcomhair “údarás poiblí” laistigh de bhrí na Rialachán. Is é mo ról mar Choimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí údaráis áitiúla ar achomharc ó iarrthóirí nach bhfuil sásta le toradh a n-iarratais ar fhaisnéis chomhshaoil. Eascraíonn ceart achomhairc chuig m’Oifig chomh maith i gcás go n-áitíonn an comhlacht nó an duine a ndearnadh iarratas AIE leo nach údarás poiblí é laistigh de bhrí na Rialachán. Tá mo chinntí ar achomharc críochnaitheach agus ceangailteach ar an dá pháirtí lena mbaineann, mura ndéantar achomharc eile leis an Ard-Chúirt laistigh de dhá mhí den chinneadh lena mbaineann.

I gcomhair tuilleadh faisnéise ar fheidhmiú réimeas AIE in Éirinn, tabhair cuairt ar mo shuíomh gréasáin ag www.ocei.gov.ie, ina n-áirítear naisc chuig Tuarascálacha Bliantúla na hOifige seo le blianta anuas, suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, agus Treoir 2003/4/EC.

Page 72: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

70

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Achomhairc agus fiosrúcháinI rith 2013, fuair m’Oifig naoi n-achomharc déag, sé cinn níos mó ná an bhliain roimhe. Thaifead m’Oifig gur bhain naoi le hocht díobh seo le diúltú measta ar an iarratas lena mbaineann ag an gcéim bhunaidh agus/nó ag an gcéim chinnteoireachta um athbhreithniú inmheánach; is ionann seo agus dúbailt ar an líon diúltuithe measta sa bhliain roimhe. Tarlaíonn diúltú measta nuair a theipeann ar an údarás poiblí cinneadh a eisiúint ar an iarratas laistigh den am ábhartha a shonraítear sna Rialacháin (mí amháin go hiondúil).

Dúnadh sé achomharc déag i gcaitheamh na bliana. Díobh seo, bhí cúig chinneadh fhoirmiúla agus leagtar amach na príomhphointí díobh sa chaibidil a leanas. Foilsíodh na cúig chinneadh iomlána ar shuíomh gréasáin m’Oifige ag www.ocei.gov.ie.

Socraíodh dhá chás mar go ndearnadh comhaontú ar eisiúint na faisnéise trí idirghabháil na hOifige. Sa chéad chás, d’aontaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cóip den chonradh le Convanta Energy Corporation i gcomhair thógáil agus oibriú loisceora ag an bPoll Beag, Baile Átha Cliath, faoi réir scriosadh faisnéise airgeadais áirithe. Bhain an dara cás le hiarratas a rinne Cairde Chomhshaol na hÉireann (FIE) le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann ar rochtain ar aershuirbhéireacht 1973. San athbhreithniú a rinne an Oifig seo, b’éigean saincheisteanna casta a bhain le dlí na cóipchirt a chur san áireamh, ach ag deireadh an lae oibríodh amach socrú sásúil, inar áiríodh rochtain ar bhonn céimnithe le cóipeanna “seat den scáileán” de na grianghraif le húsáid go hinmheánach ag FIE. Achomharc eile, a bhain le hiarratas a rinneadh le Foras na Mara ar shonraí taighde a bhain le rátaí básmhaireachta na mbradán ar imirce le sruth, a aistarraingíodh ar deireadh tar éis gur cuireadh an fhaisnéis chomhshaoil ar fad a iarradh ar fáil don iarrthóir, próiseas a d’éascaigh an Oifig seo go mór.

Aistarraingíodh dhá achomharc eile, ceann roimh agus ceann díreach tar éis glactha, mar gheall gur cuireadh an fhaisnéis a iarradh ar fáil do na húdaráis phoiblí ábhartha, cé go raibh sé deireanach. Aistarraingíodh achomharc eile tar éis teagmhálacha le m’Oifig mar gheall ar imeacht ama agus feabhsúcháin a rinneadh idir an dá linn i ndáil le córas rochtana ar líne san tSeirbhís Foraoiseachta. Measadh go raibh na hachomhairc eile a dúnadh in 2013 neamhbhailí, go príomha as teipeadh cloí leis na hamscálaí ábhartha faoi na Rialacháin.

D’eascair níos lú ná trian de na hachomhairc as iarratais le ranna rialtais agus údaráis áitiúla anuraidh. Áiríodh le húdaráis phoiblí eile a ndearnadh achomhairc ar a gcinntí an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Fuinneamh Inmharthana Éireann, Coillte, ESB Networks, an Garda Síochána, Eirgrid Cpt, agus an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh.

Bhí naoi gcás déag idir lámha ag deireadh na bliana, ardú trí chás ón mbliain roimhe. Thaifead m’fhoireann 46 fhiosrúchán ginearálta faoi na Rialacháin.

Page 73: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

71Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil Tuarascáil Bhliantúil 2013

Airteagal 12(6) de na RialacháinTugann airteagal 12(6) cumhachtaí áirithe dom i ndéileáil le hachomharc. Féadfaidh mé:yy éileamh ar údarás poiblí faisnéis chomhshaoil a chur ar fáil dom,yy scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis chomhshaoil atá faoi choinneáil ag údarás poiblí agus

cóipeanna a thógáil de, agus yy dul isteach ar aon áitreabh de chuid an údaráis phoiblí chun faisnéis chomhshaoil a fháil.

Tá mé sásta a thuairisciú nach raibh gá dom an fhoráil seo a ghairm in 2013.

Saincheisteanna a d’EascairIna Tuarascálacha Bliantúla, léirigh mo réamhtheachtaí roinnt deacrachtaí praiticiúla a bhí ag OCEI i ndáil le feidhmiú réimeas AIE. De bharr an riaráiste mór, caithfidh mé arís dul i ngleic le ceist na n-acmhainní. Is mian liom chomh maith aird a tharraingt ar theorainneacha mo shainchúram, na fadhbanna atá le tairseach na gceisteanna dlínsiúla, agus an gá atá le cleachtais riaracháin níos fearr ag údaráis phoiblí i ndáil le próiseáil iarratas AIE nó, níos fearr fós, iarratais AIE a sheachaint ar an gcéad dul síos trí scaipeadh gníomhach na faisnéise comhshaoil i gcloí le hAirteagal 5 de na Rialacháin.

AcmhainníGo stairiúil, ní raibh dóthain acmhainní ag OCEI. Cé go bhfuil sé neamhspleách go dlíthiúil ó OIC, ní fhaigheann OCEI leithdháileadh maoinithe ar leith ón Stát. Ina ainneoin sin, folaíonn Airteagal 12(10) de Rialacháin AIE go gcuideoidh foireann OIC agus “acmhainní eile a bheidh ar fáil don oifig sin, ó am go ham” leis an gCoimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil.

Chuir Éire, tríd an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, a céad Thuarascáil um Fhorfheidhmiú Náisiúnta maidir le forfheidhmiú Choinbhinsiún Aarhus in Éirinn chuig rúnaíocht Choinbhinsiún Aarhus ar an 31 Nollaig 2013. Réitigh an Roinn dhá réamh-dhréacht-tuarascáil agus d’fháiltigh sí roimh nótaí tráchta ó gheallsealbhóirí, ó bhaill an phobail agus ó pháirtithe leasmhara eile, ach ní raibh an Oifig seo i measc na bpáirtithe ar tugadh cuireadh dóibh trácht a dhéanamh. Ach, áiríodh sna saincheisteanna ar leith a ardaíodh i gcomhthéacs na n-aighneachtaí a fuair an Roinn easpa acmhainní an OCEI agus an t-am a ghlactar le hachomhairc a éisteacht (ríomhadh an meánam i gcomhair achomhairc agus 12.3 mí).

Tugtar le fios sa Tuarascáil um Fhorfheidhmiú go “maoinítear an OCEI trí leithdháileadh ginearálta rialtais le hOifig an Ombudsman agus gur leis an Oifig an maoiniú a leithdháileadh chuig na comhlachtaí áirithe faoina shainchúram mar a mheasann sé a bheith cuí”. D’ainneoin sin, ba mhaith liom a shoiléiriú, tar éis comhfhreagras leis an Roinn ar an gceist, gur scríobh an Oifig seo go díreach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i

Page 74: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

72

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

bhFeabhra 2012 chun leithdháileadh airgeadais ar leith a iarradh i gcomhair an OCEI, go háirithe i ndáil le costais dhlí a thabhaítear i bhfeidhmiú feidhmeanna an Choimisinéara faoi Rialacháin AIE. Go dáta, ní dhearnadh an fhoráil airgeadais sin leis an OCEI, rud a fhágann deacrachtaí agam de bharr an líonn saincheisteanna dlí casta nó nua a ardaítear go leanúnach agus Rialacháin AIE á gcur i bhfeidhm. Ach, aithnítear sa Tuarascáil um Fhorfheidhmiú: “tá deacrachtaí maoinithe suntasacha ann do gach eagraíocht seirbhíse poiblí, lena n-áirítear Oifig an Ombudsman de bharr na ndúshlán geilleagair suntasach atá ag an Stáit ag eascairt as an ngéarchéim airgeadais”.

Tá mé sásta, agus mé á scríobh seo, go bhfuil ceithre Oifigeach Riaracháin nua le teacht chuig OIC go gairid. Ba cheart go bhfeabhsódh na hacmhainní foirne breise, mar aon le forfheidhmiú athchóirithe ag eascairt as athbhreithniú eagraíochtúil a rinneadh le déanaí, réiteach cásanna agus tréchur ar an iomlán go suntasach. De bhrí go roinneann OIC agus OCEI acmhainní foirne, úsáideann an dá Oifig struchtúir agus próisis chosúla; dá bhrí sin, is dóchúil go mbeidh tionchar ag athbhreithniú eagraíochtúil OIC go díreach agus go hindíreach ar phróiseáil achomhairc AIE. D’ainneoin sin, níl mórán acmhainní le spáráil ag OIC san am i láthair. Tá riachtanas orm faoin Acht um SF chun athbhreithnithe a dhéanamh laistigh de cheithre mhí ó fhaightear an t-iarratas sa mhéid is indéanta, dualgas a chaithfidh mé aird a bheith agam air i ndáil le cinneadh ar bith maidir le suaitheadh acmhainní laistigh de mo Vóta. Tá an líon cásanna SF nua ag dul i méid, agus táthar ag súil le méadú suntasach eile ar an éileamh nuair a achtaítear an Bille um SF ina dhlí. Anuas air sin, glacann go leor athbhreithnithe SF agus formhór na n-achomharc AIE go leor ama de bharr tosca cosúil le líon na dtaifead lena mbaineann, castacht an ábhair agus/nó na saincheisteanna dlí a eascraíonn, moill i bhfáil na faisnéise a theastaíonn ó na comhlachtaí lena mbaineann, an gá le comhairleoireacht tríú páirtí agus ionchais na n-iarrthóirí. Is dóchúil nach mbeidh ach tionchar teoranta ag an athbhreithniú eagraíochtúil ar amanna réitithe aonair do cásanna den chineál seo.

Ach, tá an líon achomharc AIE ag dul i méid, agus é mar thoradh air sin go bhfuil an riaráiste tar éis fás d’ainneoin méadú sa ráta dúnta. Is oth liom an mhoill iarmhartach a bhaineann le hachomhairc AIE a thabhairt chun críche, ach, mar a d’aithin mo réamhtheachtaí, beidh sé deacair an mhoill a shárú de bharr éilimh an réimeas AIE mar a fheidhmíonn sé i láthair na huaire in Éirinn ar lámh amháin agus ganntanas na n-acmhainní atá ar fáil ar an lámh eile. D’ainneoin sin, i mo Phlean Straitéiseach, tá mé tiomanta d’iarracht a dhéanamh seirbhís d’ardchaighdeán agus tráthúil a chur ar fáil do bhaill an phobail i bhfeidhmiú m’fheidhmeanna faoin Acht um SF agus na Rialacháin AIE. Dá réir sin, rinneadh bearta cheana féin chun acmhainní foirne a mhéadú san OCEI, agus táthar ag súil go mbeidh struchtúir, próisis, cláir oiliúna agus córais bhainistithe faisnéise i bhfeidhm go gairid agus go bhfeabhsóidh sé sin aschur agus go laghdóidh sé riaráiste sa dá Oifig.

Page 75: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

73Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil Tuarascáil Bhliantúil 2013

Teorainneacha an tsainchúraimIs léir go bhfuil roinnt mearbhaill i measc an phobail agus na n-údarás poiblí araon maidir le mo ról faoi Rialacháin AIE. Is é an t-aon fheidhm atá agam mar Choimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil cinneadh a dhéanamh ar achomhairc a rinneadh i gceart faoi Airteagal 12 de na Rialacháin. Níl aon ról reachtúil ar leith agam i ndáil le droch-chleachtas líomhnaithe ag údaráis phoiblí faoi na Rialacháin ná níl dlínse agam imscrúdú a dhéanamh ar chásanna nach ndearnadh achomharc foirmiúil orthu. Tugaim faoi deara go háirithe nach bhfuil aon chumhachtaí forfheidhmithe ag m’Oifig i ndáil le hAirteagal 5 de na Rialacháin.

Forchuireann Airteagal 5 dualgais shuntasacha ar údaráis phoiblí atá ríthábhachtach i gcomhair riarachán éifeachtach an réimis AIE. Áirítear na nithe seo a leanas le riachtanais Airteagal 5:

yy an pobal a chur ar an eolas faoina gcearta faoi na Rialacháin agus faisnéis agus treoir a thabhairt maidir le feidhmiú na gcearta sin;

yy gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun faisnéis chomhshaoil atá faoi choinneáil ag nó ar son údaráis phoiblí a chothabháil ar bhealach atá éasca le hathghiniúint agus le rochtain trí theicneolaíocht faisnéise nó trí mheán leictreonach eile;

yy cinntiú go bhfuil faisnéis chomhshaoil a chuireann an t-údarás poiblí i dtolla chéile nó a chuirtear i dtoll a chéile dóibh suas chun dáta, cruinn agus inchomparáide;

yy cláir nó liostaí den fhaisnéis chomhshaoil atá faoi choinneáil ag an údarás poiblí a chothabháil agus oifigeach faisnéise a shannadh chun na críocha sin nó pointe faisnéise a chur ar fáil chun léirithe soiléire a thabhairt faoin áit ar féidir teacht ar an bhfaisnéis sin.

Tá Airteagal 5 de na Rialacháin bunaithe go mór ar Airteagal 7 den Treoir, a dhíorthaíonn as Airteagal 5 de Choinbhinsiún Aarhus. De réir Thuarascáil um Fhorfheidhmiú Choinbhinsiún Aarhus, cuireadh isteach i rith an tsainchomhairliúcháin phoiblí gur dúshlán le forfheidhmiú Airteagal 5 a bhí in teorainn a churle dlínse OCEI chuig cásanna a bhaineann le hAirteagal 4 den Choinbhinsiún [a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil ar iarratas]. D’fhreagair an Stát leis an aighneacht seo leis an méid seo a leanas: “Ach, ní éilíonn Coinbhinsiún Aarhus go mbeadh nós imeachta athbhreithnithe i bhfeidhm i gcomhair airteagal 5 de Choinbhinsiún Aarhus.”

Cibé an dearmad atá ann nach bhfuil nós imeachta athbhreithnithe an do dhualgais Airteagal 5 nó nach ea, níl mé in ann feidhmeanna a ghlacadh nach bhfuil bronnta orm le reacht. Bheadh sé míchuí dom dar ndóigh gníomhú ar bhealach ultra vires i gcás ar bith, ach níl na hacmhainní agam ach oiread dul taobh amuigh de theorainneacha mo shainchúraim. Thagair mé thuas d’achomharc a bhain le hiarratas a rinneadh le Foras na Mara ar shonraí taighde a bhain le rátaí básmhaireachta na mbradán ar imirce le sruth. Rinne institiúid acadúil an t-iarratas agus dhiúltaigh sé i dtosach an t-achomharc a aistarraingt fiú tar éis gur cuireadh an fhaisnéis chomhshaoil ar fad a iarradh ar fáil dó. Níor chuir an t-iarrthóir i gcoinne gur eisíodh an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhí faoi choinneáil ag Foras na Mara, ach lorg sé go

Page 76: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

74

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

soiléireofaí faisnéis ar leith. I bhfocail eile, ba léir gur lorg an t-iarrthóir go héifeachtúil a chinntiú go raibh an fhaisnéis a eisíodh suas chun dáta agus cruinn. Ba mhaith liom a rá nach bhfuil sé laistigh de mo shainchúram riachtanas a fhorfheidhmiú go gcinnteodh údarás poiblí go bhfuil faisnéis chomhshaoil a chuireann an t-údarás poiblí i dtolla chéile nó a chuirtear i dtoll a chéile dóibh suas chun dáta, cruinn agus inchomparáide. Níl aon ról breise ag m’Oifig sa cheist nuair a aontaíonn an t-údarás poiblí an fhaisnéis a iarradh a eisiúint, d’ainneoin an bhfuil argóint maidir le cruinneas na faisnéise. Sna cásanna sin, measaim go bhfuil sé cuí mo lánrogha a chleachtadh le deimhniú go bhfuil an t-achomharc aistarraingthe faoi Airteagal 15(5) de na Rialacháin.

Ceisteanna tairseacha dlínseBaineann réimse eile ina mbíonn mearbhall le scóip dhlínse réimeas iomlán AIE. Sa RA, is féidir glacadh go bailí le hiarratas aonair a chlúdaíonn faisnéis chomhshaoil agus neamhchomhshaoil i ndáil leis an dá chineál faisnéise agus is féidir déileáil leis ansin tríd an bpróiseas foriomlán céanna faoin Acht um SF agus/nó faoi na Rialacháin um Fhaisnéis Chomhshaoil (EIRanna) de réir mar is cuí. In Éirinn, caithfidh údaráis agus comhlachtaí poiblí cúnamh a thabhairt d’iarrthóir, más cuí, le hiarratas bailí a dhéanamh, ach i gcás ar bith, caithfear a lua go sonrach san iarratas an bhfuil sé á dhéanamh faoi na Rialacháin AIE nó faoin Acht um SF. Má dhéantar faoi na Rialacháin AIE é, d’fhéadfaí é a dhiúltú ar an mbonn nach mbaineann sé le “faisnéis chomhshaoil”, mar nach mbaineann an ceart rochtana faoi AIE ach i ndáil le faisnéis chomhshaoil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de na Rialacháin; d’ainneoin an dualgas le cúnamh a thabhairt, níl aon mheicníocht mhainneachtain uathoibríoch le déileáil leis an iarratas faoin Acht um SF. Má dhéantar an cheist a achomharc ansin chuig m’Oifig, ba cheart a chinneadh go sainráite an mbaineann an t-iarratas le faisnéis chomhshaoil nó nach mbaineann mar cheist dlínse tairseach, mar nach mbaineann mo chumhachtaí mar Choimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil ach i ndáil le faisnéis chomhshaoil. Eascraíonn an fhadhb chéanna i gcás go n-áitíonn an comhlacht nó an duine a ndearnadh an t-iarratas AIE leo nach údarás poiblí é laistigh de bhrí na Rialachán. Anuas air sin, tugaim faoi deara, chomh fada is gur léir go bhfuil an t-údarás poiblí (ceart nó argóinte) ag gníomhú le hintinn mhaith, ní úsáid mhaith as acmhainní an-teoranta na hOifige seo a bheadh ann déileáil le saincheisteanna substaintiúla sa mhalairt fad is go bhfuil ceisteanna bailí um thairseach dlínse fós ann.

Mar a pléadh sa chéad chinneadh a d’eisigh mé nuair a ceapadh mar Coimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil mé (feic Cás CEI/12/0004, an tUasal Gavin Sheridan agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (20 Nollaig 2013), ar fáil ar www.ocei.gov.ie) is léir don gur mar seo a leanas an cur chuige is ciallmhaire le déileáil le hachomhairc a bhaineann le saincheisteanna bailí um thairseach dlínse sna cúinsí: Nuair a dhéantar cinneadh ar cheist na tairsí, ba cheart an cás a dhúnadh, go riaracháin má aontaítear sin ach ar bhealach eile trí chinneadh ceangailteach. Má chinntear go bhfuil an cheist laistigh de shainchúram AIE, agus nach ndéantar aon achomharc leis an Ard-Chúirt, ba cheart don údarás poiblí ansin déileáil leis an iarratas de réir na Rialachán. Mura mbíonn an t-iarrthóir sásta fós le láimhseáil a iarratais/a

Page 77: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

75Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil Tuarascáil Bhliantúil 2013

hiarratais tar éis athbhreithniú inmheánach agus má dhéanann sé/sí achomharc arís leis an Oifig seo i ndáil leis an iarratas bunaidh, athosclófar an cheist go riaracháin gan táille nua a íoc agus tabharfaidh an Oifig seo tosaíocht de a mhéid agus is féidir go praiticiúil a dhéanamh. Más léir, áfach, gur ardaíodh ceisteanna um thairseach dlínse mar bhealach le moill a chur ar an gcás, is féidir cur chuige malartach a thógáil.

An gá le cleachtais riaracháin feabhsaitheCé nach bhfuil aon chumhachtaí forfheidhmithe ag an Oifig seo i ndáil le hAirteagal 5 de na Rialacháin, ba léir di cheana go laghdódh cloí lena riachtanais um bainistiú faisnéise an líon acmhainní foirne a theastaíonn chun faisnéis chomhshaoil a chuardach agus a aisghabháil. D’fhéadfaí teacht roimh an ngá le hiarratas rochtana foirmiúil sa chéad áit dá scaipfí an fhaisnéis chomhshaoil atá ag an údaráis poiblí go gníomhach trína foilsiú ar a shuíomh gréasáin. Mar a thugtar le fios thuas, aistarraingíodh achomharc amháin anuraidh tar éis feabhsúcháin a rinneadh i ndáil le córas rochtana ar líne san tSeirbhís Foraoiseachta.

Laghdófaí an líon achomharc bailí agus neamhbhailí a fhaigheann m’Oifig chomh maith dá mbeifí ag cloí le hAirteagal 5 agus le forálacha riaracháin eile na Riarachán. Tá na spriocamanna reachtúla chun cinntí a eisiúint ar iarratais AIE agus ar athbhreithniú inmheánach éigeantach. Caithfidh údarás poiblí freagairt d’iarratas laistigh de mhí amháin ón fhaightear é. I gcás go bhfuil cúiseanna cuí um mhéid nó castacht, ceadaíonn na Rialacháin do shíneadh ama chun cinneadh bunaidh a dhéanamh ar feadh tréimhse nach déanaí ná dhá mhí ón dáta a fuarthas an t-iarratas i scríbhinn, ach caithfear an t-iarrthóir a chur ar an eolas i scríbhinn sula n-éagann an spriocam bunaidh de mhí amháin. Tarlóidh diúltú measta don iarratas mura sásaítear spriocamanna reachtúla, agus ina dhiaidh sin tosaíonn sé an tréimhse chun athbhreithniú inmheánach nó seachtrach a fháil ar an gcinneadh diúltaithe. Neamhchosúil leis an Acht um SF, ní dhéantar foráil sna Rialacháin AIE do shíneadh sa tréimhse le hiarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach, as a dteipeann ar iarrthóirí an spriocam ábhartha a shásamh i gcás go ndearna údaráis phoiblí cúrsaí níos casta trí fhreagraí deireanacha.

Bheadh sé úsáideach, agus ina dhea-chleachtas ginearálta, dá n-aithneodh údaráis phoiblí iarratais AIE nuair a fhaightear iad agus comhairle a chur ar na hiarrthóirí maidir leis na spriocamanna infheidhmithe chun gníomh a thógáil ar iarratais, lena n-áirítear i ndáil le hathbhreithniú inmheánach agus, más cuí, an ceart achomhairc leis an Oifig. Áirítear le forálacha riaracháin ábhartha eile an gá le cúnamh a thabhairt i ndéanamh iarratais ar fhaisnéis chomhshaoil, an gá le cúnamh a thabhairt i réiteach iarratais ar leith más gá, agus an gá le gach iarracht réasúnach a dhéanamh le teagmháil a dhéanamh leis an tríú páirtí lena mbaineann más cuí; ní hionann na riachtanais seo, astu féin, agus spriocamanna reachtúla chun cinneadh a dhéanamh ar iarratas, áfach.

“Bheadh sé úsáideach .... dá n-aithneodh údaráis phoiblí iarratais AIE nuair a fhaightear iad agus comhairle a chur ar na hiarrthóirí maidir leis na spriocamanna infheidhmithe chun gníomh a thógáil ar iarratais”

Page 78: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

76

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Breithiúnais Ard-Chúirte agus Chúirte UachtaraíFéadfaidh páirtí le hathbhreithniú chuig m’Oifig nó aon duine eile a bhfuil tionchar ag mo chinneadh orthu achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí ón gcinneadh. Seachadadh an breithiúnas sa chás An Gníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní v. An Coimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil [2013] IEHC 86, san Ard-Chúirt (Mac Eochaidh J) ar an 27 Feabhra 2013, inar seasadh le cinneadh mo réamhtheachtaí i gCás CEI/10/0005, an tUasal Gavin Sheridan agus An Gníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (13 Meán Fómhair 2011), inar chinn sí gur údarás poiblí atá i NAMA laistigh de bhrí na Rialachán. Rinne NAMA achomharc ar an mbreithiúnas leis an gCúirt Uachtarach, atá chun an cás a éisteacht ar an 7 Aibreán 2014. Cuireadh siar trí chomhaontú achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcás den chineál céanna, CEI/10/0007, an tUasal Gavin Sheridan agus Banc Angla-Éireannach (29 Meán Fómhair 2011) ag déileáil le scóip shainmhíniú an údaráis áitiúil, ar feitheamh toradh achomhairc NAMA.

Aistarraingíodh achomharc eile a thug Bord na Móna chun na hArd-Chúirte i ndáil le CEI/12/0003, an tUasal Andrew Jackson agus Bord na Móna (23 Meán Fómhair 2013) tar éis do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a sheachadadh a measadh go raibh tionchar díreach acu ar an achomharc.

D’aistarraing m’Oifig a achomharc leis an gCúirt Uachtarach in aghaidh bhreithiúnas an Uasail O’Neill in An Taoiseach v. An Coimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil [2010] IEHC 241 (Cás CEI/07/0005) go luath in 2014. Mheas mé nach raibh sé stuama dom achomharc sa Chúirt Uachtarach a thógáil a dúradh liom gur dóchúil nach n-éireodh leis, go háirithe de bhun na srianta airgeadais géara ina gcaitheann an Oifig feidhmiú sa timpeallacht eacnamaíochta deacair i láthair na huaire.

StaitisticíAchomhairc faighte: 19

0

5

10

15

20

25

2009 20112010 2012 2013

1918

23

13 13

Achomhairc faighte

Page 79: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

77Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil Tuarascáil Bhliantúil 2013

An líon achomharcóirí le CEI: 13

0

2

4

6

10

14

8

12

20132009 20112010 2012

12 12

9

11

Achomhairc le CEI

13

Toradh achomharc CEI de réir bliana

0

4

2

8

6

10

12

2009 2010 2011 2012

Chinneadh Neamhbhailí Aistarraingthe Socraithe

2

6

2

45

2

5

1 12 2 2

1

10

5

2013

54

2

5

7

Toradh achomharc CEI de réir bliana

yy 5 chinneadhyy 5 neamhbhailíyy 4 aistarraingtheyy 2 socraithe

Page 80: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

78

Caibidil 1: Athbhreithniú ar an mbliain

Diúltú MeastaTarlaíonn diúltú measta nuair a theipeann ar an údarás poiblí cinneadh a eisiúint ar an iarratas laistigh den am ábhartha a shonraítear sna Rialacháin (mí amháin go hiondúil).

In 2013, thaifead m’Oifig diúltú measta a bhain le seacht n-údarás poiblí nár fhreagair iarratais laistigh den teorainn ama a leagtar amach sna Rialacháin.

2009 2010 2011 2012 2013

0

2

1

4

3

5

6

7

1ú & 2ra céimeanna 1ú chéim 2ra céim

1

2 2 2

4 4 4 4 4

2

555

6

7

Diúltú measta ag an gcéad chéim den iarratasThaifead m’Oifig cuig iarratas le húdaráis phoiblí mar dhiúltú measta ag an gcéad chéim den iarratas. Is iad na húdaráis phoiblí:yy An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil,yy Fuinneamh Inmharthana Éireann,yy An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha,yy Coillte, agusyy Eirgrid.

Diúltú measta ag an dara céim den iarratasThaifead m’Oifig cuig iarratas le húdaráis phoiblí mar dhiúltú measta ag an dara céim den iarratas. Is iad na húdaráis phoiblí:yy Fuinneamh Inmharthana Éireann,yy ESB Networks (dhá iarratas), yy An Garda Síochána, agusyy Eirgrid.

Page 81: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

79Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil Tuarascáil Bhliantúil 2013

Diúltú measta ag an dá chéim de na hiarrataisThaifead m’Oifig dhá cinn de na hiarratais a luaitear thuas mar dhiúltú measta ag an dá chéim den iarratais. Is iad na húdaráis phoiblí:yy Fuinneamh Inmharthana Éireann, agusyy Eirgrid.

Irish Examiner 28-02-2013 Irish Times 30-03-2013

Page 82: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

80

Caibidil 2: Cinntí

Caibidil 2: Cinntí

Page 83: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

81Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil Tuarascáil Bhliantúil 2013

Caibidil 2: CinntíSa chaibidil seo, tuairiscím ar na cinntí a rinneadh in 2013. Tá téacs iomlán na gcinntí seo le fáil ar mo shuíomh gréasáin ag www.ocei.gov.ie.

Cás CEI/11/0007, an tUasal Pat Swords agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) – Cinneadh an 20 Feabhra 2013An raibh an Roinn ceart chun táille a ghearradh ar na costais a bhain leis an bhfaisnéis a bhí i gceist a chuardach agus a aisghabháil

Mhol an Roinn táille chuardaigh agus aisghabhála €146.65 a ghearradh chun iarratas an iarrthóra ar thaifid “a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail agus le forbairt beartais agus reachtaíochta” a phróiseáil. Chinn an t-iarChoimisinéir Emily O’Reilly, Uasal, nach bhfuil sé ceadaithe, ná réasúnach agus aird chuí ar an Treoir, go ngearrfadh údarás poiblí táillí cuardaigh agus aisghabhála as an obair a bhaineann le hiarratas AIE a phróiseáil. B’fhacthas di nach bhfuil obair den chineál sin mar chuid den soláthar faisnéise a bhfuil sé ceadaithe táille a ghearradh air; ná níl sé ceadaithe táille a ghearradh as cuardach agus aisghabháil comhoiriúnach de bharr an cosc atá ar tháillí ar imscrúdú in situ ar an bhfaisnéis a iarradh. Mheas sí go mbeadh táille den chineál sin contrártha d’aidhm na Treorach AIE agus na cleachtais bhainistithe faisnéise nó taifid a éilítear ar údaráis phoiblí faoin réimeas AIE.

Thug sí faoi deara, faoin réimeas AIE reatha, go bhfuil sé i gceist go mbeadh an fhaisnéis chomhshaoil atá faoi choinneáil ag údaráis phoiblí eagraithe go córasach, catalógaithe, agus ar a laghad réidh le scaipeadh gníomhach ar an bpobal. Chinn sí go mbeadh sé neamhréir leis na cuspóirí seo táille a ghearradh ar chostais chuardaigh agus aisghabhála. Ghlac sí leis, áfach, go bhféadfaí na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur i dtoll a chéile nó a chóipeáil a áireamh i dtáille chun an fhaisnéis chomhshaoil a chur ar fáil faoi na Rialacháin.

Page 84: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

82

Caibidil 2: Cinntí

Cás CEI/12/0008, Iníon Attracta Uí Bhroin agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (an Roinn) – Cinneadh an 13 Márta 2013An raibh an Roinn ceart diúltú d’iarratas an achomharcóra ar liosta d’iarratais AIE ar an mbunús nach faisnéis chomhshaoil laistigh de bhrí na Rialachán atá san fhaisnéis lena mbaineann

I gCás CEI/11/0001, an tUasal Gavin Sheridan agus Banc Ceannais na hÉireann (26 Márta 2012), ar fáil ar www.ocei.gov.ie, ghlac iníon O’Reilly leis, le roinnt forchoimeádais, gur gníomhaíocht laistigh de raon mhír (c) den sainmhíniú atá i dtaisteal i gcarr. Ach, cheistigh sí an raibh sé i gceist go gcuimseodh sainmhíniú na faisnéise comhshaoil gníomhaíochtaí na mball foirne aonair in údaráis phoiblí i gcomparáid le bearta ardleibhéil cosúil le beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, agus comhaontuithe comhshaoil, i.e. na samplaí a thugtar in alt (c). Sa chás seo, rinne sí tuilleadh breith de bhun a cinneadh in CEI/11/0007, an tUasal Pat Swords agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, dá dtagraítear thuas.

Mheas Iníon O’Reilly gurbh é comhthoradh is gá a bheith le riachtanais réimeas AIE go gceadaítear do na húdaráis phoiblí cur chuige réasúnach, cuspóireach agus pragmatach a ghlacadh i leith sainmhíniú na faisnéise comhshaoil. Sa bhreis air sin, thug sí faoi deara, sa “Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir leis an taithí a fuarthas i bhfeidhmiú na Treorach 2003/4/EC ar rochtain phoiblí le faisnéis chomhshaoil”, dar dáta an 17 Nollaig 2012, go ndearna an Coimisiún Eorpach difreáil idir na cearta rochtana atá ann d’fhaisnéis chomhshaoil, a ndearnadh cur síos orthu mar “fhaisnéis i bhfoirm ar bith ar riocht an chomhshaoil nó ar riocht shláinte agus sábháilteachta daonna”, ar lámh amháin, agus “faisnéis riaracháin ghinearálta” ar an lámh eile.

Ghlac Iníon O’Reilly leis gur bearta atá sna Rialacháin AIE agus sa Treoir a dearadh chun gnéithe den chomhshaol a chosaint, ach ar bhealach indíreach agus mianaidhme amháin. Mheas sí go bhfuil an nasc idir iarratais AIE, lena n-áirítear an gníomh riaracháin a glacadh ar iarratais, agus aon tionchar comhshaoil, róchianda agus faoi réir an iomarca athraitheacha d’fhaisnéis ar iarratais le cáiliú mar fhaisnéis chomhshaoil laistigh de bhrí mhír (c) den sainmhíniú. Sa bhreis air sin, cé go gcruthófar comhshaol níos fearr de bharr rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil trí rannpháirtíocht poiblí níos éifeachtaí i gcinnteoireacht chomhshaoil, níor ghlac sí leis go bhfuil próiseáil iarratas AIE ag údaráis phoiblí “deartha” ann féin chun na gnéithe sin den chomhshaol nó eile a cháilíonn mar bheart nó gníomhaíocht laistigh de bhrí mhír (c) den sainmhíniú um fhaisnéis chomhshaoil. Chinn sí go raibh cinneadh na Roinne le hiarratas an achomharcóra a dhiúltú ceart. Thug sí faoi deara, áfach, go raibh an t-iarrthóir i dteideal iarratas a dhéanamh ar na taifid a lorgaíodh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Page 85: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

83Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil Tuarascáil Bhliantúil 2013

CEI/12/0005, an tUasal Pat Swords agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) – Cinneadh an 20 Meán Fómhair 2013An raibh an Roinn ceart diúltú d’iarratas an achomharcóra i ndáil le sainchomhairliúchán poiblí ar bheartas agus reachtaíocht aeráide

As chás seo, chinn Iníon O’Reilly go raibh an Roinn ceart diúltú d’iarratas an iarrthóra faoi Airteagal 9(2)(a) agus (b) de na Rialacháin. Ceadaíonn Airteagal 9(2) de na Rialacháin d’údarás poiblí diúltú d’fhaisnéis chomhshaoil a chur ar fáil i gcás go bhfuil iarratas (a) “míréasúnach go follasach agus aird chuí ar mhéid nó réimse na faisnéise a lorgaítear”, nó (b) “curtha le chéile ar bhealach róghinearálta, agus Airteagal 7(8) á chur san áireamh”. I gcás go bhfuil iarratas a dhéantar róghinearálta, éilítear ar údarás poiblí faoi Airteagal 7(8), cuireadh a thabhairt don iarrthóir, a luaithe agus is féidir agus laistigh de mhí amháin ó fhaigheann siad an t-iarratas, iarratas níos sonraí a dhéanamh agus chun cúnamh a thabhairt don iarrthóir chun an t-iarratas sin a réiteach.

Mheas Iníon O’Reilly go bhfuil an téarma “neamhréasúnach go follasach” sách soiléir chun seasamh d’aon iarratas atá leathan nó neamhchinntithe, gan tuilleadh mínithe, a rinneadh le drochintinn nó ar dóigh ar bhealach eile go ndearnadh é chun críche éigin nach mbaineann leis an bpróiseas. Ba léir sa chás seo nár lorg an t-iarrthóir rochtain ar aon fhaisnéis chomhshaoil so-aitheanta a chreid sé a d’fhéadfadh a bheith faoi choinneáil ag an Roinn. Ina ainneoin sin, rinne sé iarracht dúshlán a thabhairt don chaoi a bhrath an Roinn ar spriocanna éigeantacha um maolú gáis cheaptha teasa atá mar bhunús ag an gclár náisiúnta um beartas agus reachtaíocht aeráide agus ceisteanna a ardú faoi rún na Roinne “aird chuí a thabhairt ar” “gach” aighneacht a rinneadh i gcomhthéacs an tsainchomhairliúcháin phoiblí a bhí á dhéanamh nuair a rinneadh an t-iarratas. Cé gur aithin Iníon O’Reilly go raibh conspóid faoi na tiomantais a rinneadh ag leibhéal náisiúnta agus AE chun astaíochtaí gháis cheaptha teasa a laghdú, chinn sin dá ainneoin sin gur léirigh iarratas an iarrthóra mí-úsáid ar cheart rochtana faoi Airteagal 6 de Rialacháin AIE. Chinn sí go raibh an t-iarratas faoi réir diúltaithe faoi Airteagal 9(2)(a) sna cúinsí seo.

Go malartach, chinn Iníon O’Reilly go raibh feidhm ag Airteagal 9(2)(b). Cé nach ndearna an Roinn ach iarracht teoranta cuidiú leis an iarrthóir de réir Airteagal 7(8), ba léir óna fhreagra gasta agus tobann le teachtaireacht na Roinne nach raibh sé dóchúil go leasódh sé a iarratas chun é a dhéanamh níos sonraí. Luaigh an Coimisinéir, cé go bhforchuireann Rialacháin AIE dualgais shuntasacha ar údaráis phoiblí, bhí sé de dhualgas ar an iarrthóir gníomhú go réasúnach agus le hintinn mhaith agus a iarratas á dhéanamh. Mheas sí chomh maith, mar cheist ghinearálta, gur tábhachtaí an leas a bhaineann le diúltú ná “leas an phobail a bhaineann le nochtadh” i gcás, cosúil leis seo, nuair is cosúil go ndearnadh an t-iarratas ar chúis neamhbhainteach leis an bpróiseas rochtana.

Page 86: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

84

Caibidil 2: Cinntí

Cás CEI/12/0003, an tUasal Andrew Jackson, Cairde Chomhshaol na hÉireann, agus Bord na Móna (BnM) – Cinneadh an 23 Meán Fómhair 2013An raibh BnM ceart diúltú d’iarratas an achomharcóra ar an mbunús nach údarás poiblí atá ann laistigh de bhrí na Rialachán

Is í an cheist a bhí sa chás seo an údarás poiblí atá in BnM laistigh de bhrí na Rialachán. Agus cinneadh á dhéanamh ar an gceist seo, scrúdaigh Iníon O’Reilly stair BnM agus bhí aird aici ar dhualgais agus cumhachtaí reachtacha atá fós infheidhme leis an gcuideachta, atá, mar a thug sí le fios, faoi úinéireacht phoiblí. Bhí aird aici chomh maith ar shocruithe maoirseachta leis an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.

Chuir Iníon O’Reilly béim ar fheidhmeanna BnM a bheith bunaithe sa reachtaíocht agus go n-áirítear leo dualgais ar leith i ndáil leis an gcomhshaol, eadhon, móin, portaigh agus “tailte eile”, atá ina ngnéithe den chomhshaol. Thug sí le fios chomh maith go ndéanann BnM gníomhaíochtaí agus go soláthraíonn sé seirbhísí i ndáil leis an gcomhshaol. Cé gur ghlac sí leis go bhfeidhmíonn BnM a fheidhmeanna ar bhonn tráchtála, mheas sí nach ndéanann sé sin chun leas an phobail, ní i gcomhair “brabach príobháideach”. Chinn sí gur údarás poiblí atá in BnM laistigh de bhrí Airteagal 3(1)(b) de na Rialacháin sa mhéid is gur duine dlíthiúil é a “fheidhmíonn feidhmeanna riaracháin poiblí faoi dhlí náisiúnta, lena n-áirítear dualgais, gníomhaíochta nó seirbhísí ar leith i ndáil leis an gcomhshaol”. Anuas air sin, chinn sí gur údarás poiblí atá in BnM laistigh de bhrí Airteagal 3(1)(c) de na Rialacháin sa mhéid is gur duine dlíthiúil é “a bhfuil freagrachtaí nó feidhmeanna poiblí aige, nó a chuireann seirbhísí poiblí ar fáil, i ndáil leis an gcomhshaol faoi smacht comhlachta nó duine a thagann laistigh de mhír (a) nó (b)”.

Rinne BnM achomharc ar an gcinneadh chuig an Ard-Chúirt, ach lorg sé go gcuirfí na himeachtaí ar atráth ar feitheamh seachadadh breithiúnais Chás Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-279/12, Fish Legal agus Shirley v. An Coimisinéir Faisnéise et al. Tar éis an breithiúnas a fháil ar an 19 Nollaig 2013, aistharraing BnM a achomharc.

Page 87: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

85Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil Tuarascáil Bhliantúil 2013

CEI/12/0004, an tUasal Gavin Sheridan agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (an Chomhairle) – Cinneadh an 20 Nollaig 2013An raibh an Chomhairle ceart diúltú d’iarratas ar rochtain ar mhíreanna áirithe faisnéise a bhaineann le Greyhound Waste agus aistriú na seirbhíse bailithe dramhaíola ar an mbunús nach faisnéis chomhshaoil laistigh de bhrí na Rialachán atá san fhaisnéis lena mbaineann

Sa chás seo, mo chéad chinneadh mar Choimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil, leag mé amach an creat le déileáil le cásanna a d’ardódh ceisteanna um thairseach dlínsiúil agus thug mé tuilleadh soiléirithe maidir le scóip sainmhínithe na faisnéise comhshaoil. Áiríodh sna taifid a bhí i gceist Comhaontú ar Cheannach Sócmhainne a d’fholaigh d’aistriú seirbhís um bailiú dramhaíola na Comhairle chuig oibreoir príobháideach, agus an liosta a bhí ag an gComhairle de na páirtithe ar fad a raibh suim acu ann agus a ndeachthas i dteagmháil leo mar thairgeoirí féideartha do cheannach, ríomhphoist a bhain le socruithe riaracháin, agus taifid eile a bhain leis na hidirbheartaíochtaí maidir le téarmaí tráchtála an chomhaontaithe. Dhiúltaigh an Chomhairle an t-iarratas ina iomláine ar an mbunús nárbh iarratas ar “fhaisnéis chomhshaoil” a bhí ann laistigh de bhrí na Treorach AIE ar a bhfuil na Rialacháin bunaithe.

Luaigh mé arís i gCaibidil 1 an cur chuige a leag mé amach le déileáil le hachomhairc cosúil leis seo a bhaineann le saincheisteanna um thairseach dlínse bailí. Sa chás seo, ghlac mé le cur chuige mo réamhtheachtaí leis an sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil. Shoiléirigh mé, áfach, cé go bhfuil an sainmhíniú leathan, ba cheart go léireodh na samplaí a thugtar na cineálacha faisnéise a chuimsíonn sé. I ndáil le halt (c) den sainmhíniú, b’fhacthas dom gur ceist tuairime atá sa nasc idir an fhaisnéis lena mbaineann agus an tionchar ar an bhfaisnéis a bheith dóthanach chun an fhaisnéis a thabhairt faoi raon an tsainmhínithe a d’fhéadfadh brath ar chúinsí an cháis. Thug mé faoi deara, má bhíonn neamhchinnteacht ann, go bhfuil sé cuí aird a thabhairt ar chuspóir AIE mar a léirítear in Aithris (1) den Treoir, ina gcuirtear béim go mbaineann AIE le cinnteoireacht chomhshaoil, ní ar ghníomhaíochtaí riaracháin ginearálta na n-údarás poiblí. Sa bhreis air sin, mhínigh mé, de bharr na ndualgas ar údaráis phoiblí a fhorchuireann AIE, go bhfuil sé ríthábhachtach le sláine AIE nach bhfeictear sa phobal é mar mheicníocht rochtana faisnéis malartach amháin a thuigtear níos fusa amhail a bheith faoi raon an Achta um SF.

Chinn mé gur gníomhaíocht atá i mbailiú dramhaíola laistigh de bhrí Airteagal 3(1)(c) de shainmhíniú na faisnéis comhshaoil agus gur faisnéis faoin ngníomhaíocht sin atá sa Chomhaontú ar Cheannach Sócmhainne a fholaíonn aistriú na seirbhíse um bailiú dramhaíola chuig oibreoir príobháideach agus dá bhrí sin go gcáilíonn an fhaisnéis sin mar fhaisnéis chomhshaoil. Ach, chinn mé go bhfuil an nasc idir na míreanna faisnéise eile ata faoi chaibidil agus aon tionchar ar na gnéithe comhshaoil ábhartha róchianda lena thabhairt faoi raon an tsainmhínithe ar fhaisnéis chomhshaoil faoi na Rialacháin. D’athraigh mé cinneadh na Comhairle dá réir.

Page 88: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

86

AguisíníAguisíní

Page 89: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

87An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Aguisíní

Aguisín I Teastais arna n-eisiúint faoi alt 20 agus alt 25 den Acht um SF

Page 90: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

88Aguisíní

Aguisín I

Page 91: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

89An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Aguisín I

Page 92: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

90Aguisíní

Aguisín II Athbhreithniú faoi alt 25(7) ar Theastais Aireachta arna n-eisiúint

Page 93: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

91An Coimisinéir Faisnéise Tuarascáil Bhliantúil 2013

Aguisín IIIAn Tuarascáil Bhliantúil maidir le hÉifeachtacht Fuinnimh 2013

Tuarascáil Mhíosúil Fuinnimh OOP – Oifig na nOibreacha PoiblíOifig an Ombudsman

Nollaig 2013

Achoimre

Mí go mí

Laghdaigh úsáid fuinnimh faoi -22.0% ó 58,955kWh i mí na Nollag 2010 go 45,999kWh i mí na Nollag 2013. Mar thoradh air seo, laghdaigh astaíochta C02 don tréimhse seo faoi -17% ó 19,886kg go 16,507kg, (-3,379Kg).

Bliantúil

Is é 2010 an bhonnblhiain do na háirimh seo.

I gcomparáid leis an mbonnbhliain seo, laghdaigh tomhaltas fuinnimh ar an suíomh faoi -48,105kWh nó -10.4% le 12 mhí anuas.

I dtéarmaí an CO2 iomlán, le haghaidh táirgeacht faoi -12.1%, ó 2010 nó faoi -24,953Kg.

Agus é normalaithe le haghaidh athruithe san aimsir, laghdaigh CO2 faoi -8.3%, ó 2010 nó faoi -17,132Kg

Úsáid fuinnimh Nollaig 2013

Úsáid bhliantúlaithe fuinnimh

Cur Síos Leictreachas Gás Iomlán

Bliain Tagarmhairc 284,062 179,086 463,148

An 12 mhí roimhe 245,683 169,360 415,043

% Difríocht -13.5% -5.4% -10.4%

Tuilleadh eolais faoin Tuarascáil Fuinnimh le fáil ag www.oic.ie

Page 94: Tuarascail Bhliantuil 2013 - OICAr deireadh, táim ag súil le bheith ag obair leis na comhlachtaí ar fad atá faoi réir SF, iad siúd atá i gceist faoi láthair agus na comhlachtaí

92Aguisíní