an taontas eorpach european union · 2013. 12. 2. · an taontas eorpach le linn na haoise seo...
TRANSCRIPT
An tAontas EorpachEuropean Union
PasPassport
Mo Phas
Ainm:
Sloinne:
Dáta Breithe:
Seoladh:
Síniú:
Cuir grianghraf pas díot féin anseo.
An tAontas EorpachLe linn na haoise seo caite, scrios dhá chogadh dhomhanda an
Eoraip, maraíodh na milliúin, cuireadh geilleagar na hEorpa ó
mhaith agus athraíodh teorainneacha roinnt de na tíortha inti. Le
deimhin a dhéanamh de nach dtarlódh a leithéid arís, chinn cuid
de cheannairí na hEorpa go gcaithfeadh a dtíortha oibriú as láimh
a chéile d’fhonn an tsíocháin agus an rathúnas a áirithiú feasta.
Is é an tAontas Eorpach toradh na hoibre sin. Bíonn Ballstáit
an AE ag obair le chéile i réimsí iomadúla a bhfuil leas gach
stáit i dtreis iontu. Tá guth ag gach ballstát sa phróiseas
sin agus déanann na ballstáit agus na feisirí a toghtar chun
Pharlaimint na hEorpa cinntí ar bhonn comhchoiteann.
Tháinig Éire isteach san AE i 1973. Ó shin i leith, tá breis agus
€60 billiún de mhaoiniú faighte againn ón Aontas Eorpach, rud a
chabhraigh linn geilleagar na hÉireann a fhorbairt, bonneagar na
tíre a fheabhsú, cur le líon ár gcomhpháirtithe trádála agus tacú le
talmhaíocht na hÉireann. Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann
le bheith san AE is ea gur féidir le muintir na hÉireann taisteal,
staidéar a dhéanamh agus post a fháil in aon tír eile san AE.
I láthair na huaire, tá 27 mballstát san AontasEorpach. Ach cén aithne
atá againn orthu? Tugaimis camchuairt na hEorpa féachaint céard is
féidir linn a fháil amach faoi na tíortha is comharsana againn.
hello
Príomhchathair: VínAchar: 83,858 km²Daonra: 8.3 millionTeanga: GermanLá Náisiúnta: 26th October
Vienna Prater: Páirc phoiblí mhór í seo i lár chathair Vín. Tá páirc siamsaíochta ann freisin ina bhfuil breis agus 250 marcaíocht, ina measc an Riesenrad, “roth aonaigh” ollmhór. Is é an tImpire Seosamh II a d’oscail an pháirc don phobal i 1766.
An Ostairgrüssgott
Aimsigh an bhratach!
Hundertwasserhaus: Is éard atá sa Hundertwasserhaus foirgneamh árasán agus oifi gí a dhear an t-ealaíontóir Ostarach, Friedensreich Hundertwasser. I measc na ngnéithe sainiúla a bhaineann leis, tá urláir éagothroma, díon féir agus crainn mhóra a fhásann as na seomraí istigh.
Bia: Is breá le muintir na hOstaire Wiener Schnitzel (gearrthóg laofheola aránaithe), Tafelspitz (mairteoil bhruite a itear le hanlann úill agus raidise fi áine) agus Apfelstrudel (milseog úill agus taosráin).
Ostaraigh Cháiliúla: Gustav Klimt (ealaíontóir), Wolfgang Amadeus Mozart (cumadóir ceoil), Joseph Haydn (cumadóir ceoil).
Faigh Amach: Cén t-aisteoir a rugadh san Ostair atá anois ina Ghobharnóir ar California?
An raibh a fhios agat? Ba ghinearál é Francis Maurice Lacy, ar de shliocht Éireannach é, in arm na hOstaire san 18ú haois. Ba mhór ag Impirí na hOstaire é agus mhair sé i dteach taibhseach ar eastát galánta i gCoillte.
hallosalut
Príomhchathair: An BhruiséilAchar: 30,158 km²Daonra: 10.5 milliúnTeangacha: Ollainnis, Fraincis agus GearmáinisLá Náisiúnta: 21ú Iúil
An “Atomium”: Is séadchomhartha é seo a tógadh i 1958 agus atá 103 méadar ar airde. Léiríonn criostal ollmhór iarainn . Athnuadh le déanaí é agus tá sé ar oscailt don phobal, agus ní hamháin go mbíonn taispeántais shuimiúla ar siúl ann, go mór mór do pháistí, ach gheobhaidh tú ceann de na radhairc is fearr ar an mBruiséil uaidh freisin.
An Bheilg
Aimsigh an bhratach!
An Manneken Pis: Dealbh é an Manneken Pis - “fi rín an mhúin” má aistrítear focal ar fhocal é - a rinneadh i 1619, agus a tháinig slán trí na haoiseanna sa chaoi go bhfuil sé anois ar cheann de na séadchomharthaí is mó a bhfuil gnaoi mhuintir na Beilge air. Tá níos mó ná 600 culaith éadaí aige!
Bia: Tá cáil ar an mBeilg mar gheall ar a cuid “moules-frites” (diúilicíní agussceallóga prátaí) agus a cuid seacláide!
Beilgigh Cháiliúla: Justine Henin (imreoir leadóige), Eddie Merckx (rothaí), Tin-Tin agus na Smurfs!
Faigh Amach: See if you can fi nd a picture of the Atomium and stick it in your paFéach le pictiúr den Atomium a aimsiú agus greamaigh ar do phas é.
An raibh a fhios agat? Is iomaí nasc stairiúil ag Éirinn leis an mBeilg. Chuir Coláiste na nGael i Lováin scolaíocht ar fáil do shagairt ó Éirinn ar feadh na gcéadta bliain.
An Bhulgáir
Príomhchathair: Sóifi aAchar: 110,000 km²Daonra: 7.7 milliúnTeanga: BulgáirisLá Náisiúnta: 3ú Márta
Ardeaglais Alexander Nevsky: Tá an ardeaglais seo, atá suite i Sóifi a, ar cheann de na hardeaglaisí Ortadocsacha Oirthearacha is mó ar domhan. I mblianta tosaigh an 20ú a tógadh í in ómós do shaighdiúirí na Rúise a fuair bás i gcogadh na mblianta 1877-78 leis an Tuirc. Baisleac cros-chruinneacháin í agus Paidir an Tiarna inscríofa in ór ar an gcruinneachán láir.
zdravei
Aimsigh an bhratach!
Páirc Náisiúnta Rila: Is í an pháirc náisiúnta is mó sa Bhulgáir í agus tá sí suite timpeall 100 km ó dheas ó Shóifi a. Limistéar caomhnaithe í do chuid mhór speiceas fi adhúlra atá i mbaol. Tagann an t-ainm “Rila” ón bhfocal ‘Roula’, is é sin le rá ‘neart uisce’.
Bia: Kavarma (stobhach feola agus oinniún), shopska salata (sailéad le cáis gheal, cúcamair, piobair agus trátaí), bob chorba (anraith pónairí agus cillí), banitza (taosrán le cáis gheal) agus kiselo mliako (iógart).
Bulgáraigh Cháiliúla: Julia Kristeva (fealsamh), Elias Canetti (údar a bhuaigh an Duais Nobel), Christo Javacheff (ealaíontóir).
Faigh Amach: Cé na dathanna atá ar bhratach náisiúnta na Bulgáire?
An raibh a fhios agat?: Bhunaigh Gael darb ainm Pierce O’Mahony, an dílleachtlann do bhuachaillí “Naomh Pádraig” i Sóifi a i 1904. Tá sráid - Sráid “ Piers O’Mahoni” - tiomnaithe dó i Sóifi a.
yia’sou
Príomhchathair: An NiocóisAchar: 9,251 km²Daonra: 0.8 milliúnTeanga: GréigisLá Náisiúnta: 1 Deireadh Fómhair
Pálás an Ardeaspaig: Ba é an tArdeaspag Makarios an chéad uachtarán ar an gCipir, ó 1960 go dtí 1977. Tá a phálás, atá sa Niocóis, ar oscailt don phobal, agus músaem Biosántach ann ina bhfuil bailiúchán mór íocón diaganta.
An Chipir
Aimsigh an bhratach!
Petra tou Romiou: Carraig Afraidíté a thabharfaí ar an mball seo i nGaeilge agus ní hamháin go bhfuil radharc iontach thar an bhfarraige as, ach thairis sin, is é áit bhreithe an bhandia Afraidíté, ar a dtugtar Véineas chomh maith. De réir an fhinscéil is san áit seo a d’éirigh sí as an bhfarraige agus tá pictiúr cáiliúil ar a dtugtar “Breith Véineas” a léiríonn an ócáid.
Bia: Meze (sraith géaruithe goile agus blastóg), fasolada (anraith pónairí).
Cipirigh Cháiliúla: Hüseyin Çağlayan (dearthóir faisin), Zeno as Citium (fealsamh), Marcos Baghdatis (imreoir leadóige) agus Michael Cacoyannis (déantóir scannán).
Faigh Amach: Céard é darbh í Afraidíté an bandia?
An raibh a fhios agat?: Bhí saighdiúirí as Éirinn ar seirbhís leis na Náisiúin Aontaithe sa Chipir ar dhualgais síochánaíochta ó 1964 go dtí 2005.
Príomhchathair: PrágAchar: 79,000 km²Daonra: 10.3 milliúnTeanga: SeicisLá Náisiúnta: 28ú Deireadh Fómhair
Ardeaglais San Vitius: Is í an eaglais is mó a bhfuil aithne uirthi i bPoblacht na Seice í, eaglais Ghotach agus ceanncheathrú Ardeaspag Caitliceach Rómhánach Phrág. Bíonn tréan turasóirí ag tarraingt uirthi.
Poblacht na Seiceahoj
Aimsigh an bhratach!
Droichead Shéarlais: Sa 14ú aois a tógadh an droichead meánaoiseach seo. As an rí Séarlas IV a baisteadh é agus trasnaíonn sé an abhainn Vltava.
Bia: Knedliky (domplagáin) agus bramboraky (pancóga prátaí).
Seicigh Cháiliúla: Alfons Mucha (ealaíontóir), Antonin Dvo (cumadóir ceoil), Milan Kundera (scríbhneoir) agus Petr Čech (peileadóir).
Faigh Amach: Cén t-imreoir cáiliúil leadóige Seiceach a ghlac le saoránacht Mheiriceá i 1981?
An raibh a fhios agat? De réir an tseanscéil is manaigh Phroinsiasacha as Éirinn a chuir an práta ar aiste bia na Seiceach sa 17ú haois.
hej
Príomhchathair: CóbanhávanAchar: 43,000 km²Daonra: 5.4 milliúnTeanga: DanmhairgisLá Náisiúnta: 5ú Meitheamh
Gairdíní Tivoli: I lár an 19ú haois a tógadh an pháirc siamsaíochta agus na gairdíní seo agus is ann atá ceann de na rollchóstóirí adhmaid is sine ar domhan, agus é fós in úsáid sa lá atá inniu ann. Eagraítear ceolchoirmeacha agus drámaí faoin aer ann freisin i rith an tsamhraidh.
An Danmhairg
Aimsigh an bhratach!
An Mhurúch Bheag: Tá cáil ar an murúch seo mar gheall ar an síscéal le Hans Christian Andersen ar ar bunaíodh an dealbh. Tá sí ina suí ar charraig i bPáirc Churchill i gcaladh Chóbanhávan. Bhain an dealbhóir, Edward Eriksen, leas as a bhean féin mar chuspa.
Bia: Bíonn éileamh mór ar na “frikadeller” (cnapóg feola) agus ar iasc deataithe agus “smørrebrød” (ceapairí oscailte).
Danmhargaidh Cháiliúla: Ole Kirk Christiansen (a chéadcheap LEGO), Hans Christian Andersen (údar), Søren Kierkegaard (fealsamh).
Faigh Amach: An bhféadfá trí cinn de shíscéalta Hans Christian Andersen a ainmniú?
An raibh a fhios agat? Rinne Lochlannaigh as an Danmhairg ionradh ar Éirinn agus chuireadar fúthu sa tír seosa 9ú haois.
Príomhchathair: TaillinnAchar: 45,000 km²Daonra: 1.3 milliúnTeanga: EastóinisLá Náisiúnta: 24ú Feabhra
Cógaslann Halla an Bhaile: Téann cógaslann Halla an Bhaile, atá suite ar Chearnóg Halla an Bhaile i dTaillinn, siar go dtí an bliain 1422 agus tá sí in úsáid mar chógaslann inniu féin, cé nach ndíoltar cógais mheánaoiseacha ar nós púdair sciatháin leathair ná deochanna craicinn nathrach a thuilleadh inti!
An Eastóintere
Aimsigh an bhratach!
Halla an Bhaile: Tógadh Halla an Bhaile roimh an gcógaslann, i mblianta tosaigh an 13ú haois a cheaptar. Caomhnaíodh go maith ann an ailtireacht Ghotach. Tá sé oscailte don phobal faoi láthair agus baintear úsáid as uaireanta le haghaidh fáiltithe.
Bia: Ar bhéilte traidisiúnta na hEastóine tá verivorst (ispíní fola), leib (arán dubh) agus kartulid (prátaí).
Eastónaigh Cháiliúla: Carmen Kass (mainicín), Mart Poom (peileadóir) agus Markko Märtin (tiománaí rásaíochta).
Faigh Amach: Féach ar féidir leat teacht ar phictiúr de Chógaslann Halla an Bhaile agus greamaigh ansin i do phas é.
An raibh a fhios agat? Sa bhliain 1999 síníodh comhaontú malartuithe cultúrtha idir Éire agus an Eastóin. Dá bharr sin, tá cuairteanna malartaithe déanta ag grúpaí amharclainne, ceoil agus damhsa as an dá thír.
hei
Príomhchathair: Heilsincí Achar: 338,000 km²Daonra: 5.3 milliúnTeangacha: Fionlainnis, SualainnisLá Náisiúnta: 6ú mí na Nollag
Ardeaglais Heilsincí: Ar Chearnóg an tSeanaid atá an sainfhoirgneamh suntasach seo de chuid Heilsincí, arbh é Carl Ludvig Engel a thóg é, an fear céanna a dhear an Chearnóg agus na foirgnimh mórthimpeall. Cé go n-eagraítear searmanais eaglasta fós san ardeaglais, bíonn breis agus 350,000 turasóir ag tarraingt uirthi in aghaidh na bliana.
An Fhionlainn
Aimsigh an bhratach!
Halla Finlandia: Úsáidtear Halla Finlandia, arbh é an t-ailtire Alvar Aalto a dhear, mar ionad comhdhála agus ceolchoirme. Ó thaobh na hailtireachta de, ba é an aidhm é go mbeadh sé nua-aimseartha agus feidhmeach, gan rud ar bith ann a bhainfeadh aire an lucht éisteachta ón stáitse ná ó na himeachtaí ar lena n-aghaidh a tháinig siad.
Bia: Tá cáil ar an bhFionlainn faoina cuid scadán picilte, a cuid lihapullat (cnapóga feola) agus a cuid gravlax (iasc deataithe fuar).
Fionlannaigh Cháiliúla: Kimi Räikkönen (tiománaí rásaíochta), Fredrik Idestam (bunaitheoir Nokia), Sibelius (cumadóir ceoil).
Faigh Amach: Cén duine ar a bhfuil cáil ar fud an domhain arb as an an Laplainn é? (Leid: Tugann sé cuairt orainn uair in aghaidh na bliana!).
An raibh a fhios agat? Ó 1986 i leith bíonn Féile Ghaelach bhliantúil á reáchtáil san Fhionlainn. Bíonn ceolchoirmeacha a cheiliúrann ceol agus cultúr na hÉireann á n-eagrú i gcathracha ar fud na Fionlainne.
bonjour
Príomhchathair: PárasAchar: 550,000 km²Daonra: 60.9 milliúnTeanga: FraincisLá Náisiúnta: 14ú Iúil
Notre Dame: Bhí droch-chaoi ar ardeaglais seo Pháras, a tógadh sna Meánaoiseanna, nó gur scríobh an t-úrscéalaí Francach Victor Hugo “Cruiteachán Notre Dame” i lár an 19ú haois. D’éirigh chomh maith sin leis an leabhar gur cuireadh tús i 1845 le feachtas chun an ardeaglais a chur ar ais arís ina seanriocht niamhrach.
An Fhrainc
Aimsigh an bhratach!
Túr Eiffel: Is é an struchtúr is airde i bPáras é agus an séadchomhartha is mó cuairteanna íoctha ar domhan. As a ailtire Gustave Eiffel a baisteadh é, meánn struchtúr an túir 7,300 tonna agus bogann sé 6-7 cm sa ghaoth.
Bia: Is breá leis na Francaigh a gcuid cáiseanna agus bród orthu freisin gurb iad a chéadcheap an baguette.
Francaigh Cháiliúla: Jean Monnet, Thierry Henry (peileadóir), Pierre-Auguste Renoir (ealaíontóir).
Faigh Amach: Cad faoi a bhfuil cáil ar Jean Monnet?
An raibh a fhios agat? Bhí Patrice de MacMahon, ar de shliocht deoraithe ó Éirinn é, ina uachtarán ar an bhFrainc ó 1873 go 1879.
guten tag
Príomhchathair: BeirlínAchar: 356,854 km²Daonra: 82.5 milliúnTeanga: GearmáinisLá Náisiúnta: 3ú Deireadh Fómhair
Geata Brandenburg: Is é an geata seo an seangheata isteach chun na cathrach agus is é samhailchomhartha Bheirlín é. Tógadh idir 1788 agus 1791 é, ar ordú Wilhelm II, agus is siombail den tsíocháin atá ann.
An Ghearmáin
Aimsigh an bhratach!
An Reichstag: Is beag nár scrios dóiteán an Reichstag i 1933 agus arís i rith an Dara Cogadh Domhanda, ach anois agus é athnuaite is siombail d’athaontú na Gearmáine é ó beartaíodh i 1991 gurb ann feasta a bheadh Parlaimint na Gearmáine.
Bia: Sauerkraut agus Bratwurst, nó cabáiste picilte agus ispíní.
Gearmánaigh Cháiliúla: Ludwig Van Beethoven (cumadóir ceoil), Friedrich Nietzsche (fealsamh), Michael Ballack (peileadóir).
Faigh Amach: Faigh pictiúr de Gheata Brandenburg agus greamaigh ar do phas é.
An raibh a fhios agat? D’iompaigh Naomh Cillian, misinéir as Éirinn, cuid mhaith Gearmánach chun an chreidimh Chríostaí agus tá ómós dó i gcónaí i gcathair Würzburg na Gearmáine.
Príomhchathair: An AithinAchar: 131,957 km²Daonra: 11.1 milliúnTeanga: GréigisLá Náisiúnta: 25ú Márta
An tAcrapolas: Tá an séadchomhartha mórthaibhseach seo, a théann siar go haimsir na seanGhréige nuair a coisriceadh don bhandia Aitéiné é, le feiceáil go hard tiarnúil os cionn spéirlíne na Aithne. Sa chúigiú haois roimh Chríost a tógadh é agus is é príomhéacht na seanGhréige é.
An Ghréigyia’sou
Aimsigh an bhratach!
Oilimpia: Áit bhreithe na gcluichí Oilimpeacha; coisriceadh don dia Zeus é agus ba é an t-ionad creidimh agus lúthchleas ba thábhachtaí sa tseanGhréig é.
Bia: Moussaka (ubhthoradh agus feoil), keftedes (cnapóga feola), baklava (milseog thaosráin).
Gréagaigh Cháiliúla: Platón (fealsamh), Aristotle Onassis (toicí loingseoireachta), Alastar Mór (rí agus concaire).
Faigh Amach: Cé mhéad tír a ghlac páirt i gcluichí Oilimpeacha na bliana 2004?
An raibh a fhios agat? Bhí Sir Richard Church, a rugadh i gCorcaigh, ina cheannaire ar fhórsaí na Gréige le linn Chogadh Saoirse na Gréige sa 19ú haois.
szia
Príomhchathair: BúdaipeistAchar: 93,000 km²Daonra: 10.1 milliúnTeanga: UngáirisLá Náisiúnta: 15ú Márta
Parlaimint na hUngáir: Tionscnaíodh Parlaimint na hUngáire, atá ar cheann de na foirgnimh pharlaiminte is mó san Eoraip, ar chomóradh míle bliain na tíre i 1896. I mBúdaipeist atá sé agus úsáideadh breis agus 40 milliún brící, leathmhilliún cloch luachmhar agus 40kg óir á thógáil.
An Ungáir
Aimsigh an bhratach!
An Droichead Slabhra: Droichead crochta é seo a nascann an dá chathair Búda agus Peist atá roinnte ag abhainn na Danóibe. Ón uair a tógadh an droichead seo, ag deireadh an 19ú haois, tháinig athnuachan eacnamaíoch ar Bhúdaipeist, ar ceannchathair bhorrúil a bheadh ann feasta, seachas dhá bhaile bheaga.
Bia: Ar aiste bia thraidisiúnta na hUngáire tá gúlais (anraith), halászlé (anraith éisc agus paiprice) agus vanilias kifl i (croissant fanaile).
Ungáraigh Cháiliúla: Harry Houdini (draíodóir), Ern Rubik (a chéadcheap ciúb Rubik), Ferenc Puskás (peileadóir).
Faigh Amach: Ainmnigh dá bhallstát de chuid an AE atá buailte leis an Ungáir.
An raibh a fhios agat? Tá tagairt ag James Joyce ina leabhar “Ulysses” don bhaile mór Szombathely san Ungáir agus ceiliúrann an baile seo an ócáid bhliantúil “Bloomsday” in ómós do Joyce.
dia dhuit
Príomhchathair: Baile Átha CliathAchar: 70,000 km²Daonra: 4.2 milliúnTeangacha: Béarla, GaeilgeLá Náisiúnta: 17ú Márta
Caisleán Bhaile Átha Cliath: Anallód ba dún Lochlannach é; tá an séadchomhartha stairiúil seo ann ó 930 AD, ach athraíodh é go minic ó shin I leith. Ar feadh na gcéadta bliain ba é suíomh an rialtais in Éirinn é agus é ina charcair freisin.
Éire
Aimsigh an bhratach!
Sí an Bhrú (i mBrí na Bóinne): Tógadh idir 3300 agus 2900 roimh Chríost é, agus is é an foirgneamh is sine atá fós ina sheasamh ar domhan é, níos sine fi ú amháin ná pirimidí na hÉigipte! Tuama pasáiste Neoiliteach é agus lasann solas na gréine é ag breacadh an lae gach bliain le linn ghrianstad an gheimhridh.
Bia: Is iad an stobhach Gaelach agus bagún agus cabáiste na béilte dúchasacha in Éirinn.
Éireannaigh Cháiliúla: James Joyce (scríbhneoir), Samuel Beckett (scríbhneoir) agus Bram Stoker (scríbhneoir).
Faigh Amach: Cén leabhar aithnidiúil a scríobh Bram Stoker agus cén tír eile san Eoraip arb as do phríomhcharachtar an leabhair?
Capital:
xx
Countryhello
Find the flag!
Príomhchathair: An RóimhAchar: 301,263 km²Daonra: 58.8 milliúnTeanga: IodáilisLá Náisiúnta: 2 Meitheamh
An Colasaem: Tá sé ar cheann de na séadchomharthaí Rómhánacha is fearr a caomhnaíodh agus tógadh é le go bhféadfadh sé freastal ar 50,000 duine a théadh ann aimsir na seanRóimhe ag féachaint ar throideanna gliairí, ar chluichí agus fi ú amháin ar bhásuithe daoine. Cé nár baineadh aon leas as an amfaitéatar le haghaidh siamsaíochta ó thús na Meánaoiseanna, tá tarraingt na dturasóirí ann agus is siombail thar na bearta é den tseanRóimh.
An Iodáilciao!
Aimsigh an bhratach!
Pompeii: Scrios brúchtadh ollmhór bolcánach as Sliabh Veasúive an chathair seo sa bhliain 79 AD, agus clúdaíodh an chathair agus a cuid áitritheoirí faoi bhrat luaithreamháin bholcánaigh nó gur nochtadh arís í ag deireadh an 18ú aois. Tháinig lucht na tochailte ar thaisí daoine sa luaithreamhán bolcánach agus saibhreas mór ealaíne, cloch luachmhar agus ábhar eile a thug an-léargas do na seandálaithe ar an saol mar a bhí an uair sin.
Bia: Tá cáil ar leith ar an Iodáil de bharr a cuid pasta agus pizza. Bíonn an-tóir ag na hIodálaigh ar gelato (uachtar reoite)!
Iodálaigh Cháiliúla: Leonardo da Vinci (ealaíontóir, dealbhóir, aireagóir), Criostóir Colambas (a tháinig ar Mheiriceá), Enzo Ferrari (a bhunaigh an chuideachta gluaisteán Ferrari).
Faigh Amach: Cén bhean uasal cháiliúil a ndearna Leonardo da Vinci a portráid?
An raibh a fhios agat? Ba leathGhael é Guglielmo Marconi, tionscnóir an raidió, agus phós sé Beatrice O’Brien, iníon Bharún Inse Uí Chuinn as Caisleán Drom Ólainn i gCo an Chláir.
sveiki
Príomhchathair: RígeAchar: 65,000 km²Daonra: 2.3 milliúnTeanga: LaitvisLá Náisiúnta: 18ú Samhain
Ardeaglais Ríge: Sa 13ú aois a tógadh eaglais an “Dóma”, agus meastar gurb í an eaglais is mó sna Stáit Bhaltacha í. Tá an t-orgán galánta, a théann siar go dtí an bhliain 1844, ar cheann de na nithe is mó is díol spéise inti.
An Laitvia
Aimsigh an bhratach!
Lár Stairiúil Ríge: Fógraíodh lár Ríge ina Shuíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO; tá clú air as a chuid ailtireachta Art Nouveau. Tháinig an stíl seo i mbláth a maitheasa i mblianta tosaigh an 20ú haois agus is iad na línte líofa cuara, agus móitífeanna i bhfoirm bláthanna go minic iontu, saintréithe na stíle. Bia: Is breá le muintir na Laitvia borsch (anraith biatais), rasols (sailéad prátaí agus feola) agus muisiriúin phicilte.
Laitviaigh Cháiliúla: KÇrlis Baumanis (cumadóir ceoil), Vizma Belševica (buaiteoir na Duaise Nobel don litríocht), Leor Dimant (DJ Lethal, ball de “Limp Bizkit”).
Faigh Amach: Féach an féidir leat teacht ar phictiúr d’ailtireacht Art Nouveau na Laitvia agus greamaigh ar do phas é.
An raibh a fhios agat? Oirníodh Edward O’Rourke, sagart de shliocht na hÉireann, mar an chéad easpag ar Ríge i 1918.
Aimsigh an bhratach!
labas
Príomhchathair: VilniasAchar: 65,300 km²Daonra: 3.4 milliúnTeanga: LiotuáinisLá Náisiúnta: 16ú Feabhra
Caisleán Gediminas: De réir an tseanscéil bhí brionglóid ag an Ard-Diúc Gediminas ina bhfaca sé mac tíre iarainn, agus gach uaill as mar a bheadh 100 mac tíre, san áit a bhfuil an caisleán anois. Shíl sé gurbh é an bhrí a bhí leis an mbrionglóid gurbh é toil Dé go dtógfaí caisleán san áit sin agus rinneadh é seo sa bhliain 1230.
An Liotuáin
Trakai: Is é príomhchathair stairiúil na Liotuáine é Trakai agus cáil air as áilleacht na tíre máguaird agus as Caisleán Trakai, ar sampla maith é den ailtireacht Ghotach. Ba é suíomh an Ard-Diúc Vytautas é sula ndearnadh príomhchathair na Liotuáine de Vilnias.
Bia: Is breá le muintir na Liotuáine kibinai (cosúil leis an bpastae Cornach), cepelinai (domplagáin arna líonadh le feoil) agus pancóga milse nó saillte.
Liotuánaigh Cháiliúla: (fi le), Laurynas Gucevičius (ailtire), agus Steponas Darius agus Stasys Girònas (píolótaí).
Faigh Amach: Cén ócáid a cheiliúrann an Lá Náisiúnta?
An raibh a fhios agat? Sa bhliain 1935, ba é an píolóta Liotuánach-Meiriceánach, Feliksas Vaitkus, an séú duine a d’eitil ina aonar thar an Atlantach agus thuirling sé i bpáirc in aice le Baile an Róba i gContae Mhaigh Eo.
moien
Príomhchathair: LucsamburgAchar: 2,586 km²Daonra: 0.5 milliúnTeangacha: Lucsambuirgis, Fraincis agus GearmáinisLá Náisiúnta: 23ú Meitheamh
Pálás an Ard-Diúc: Tógadh ar dtús mar halla baile é i 1572, ach anois is é áit chónaithe oifi giúil Ard-Diúc Lucsamburg agus a theaghlaigh é. Le linn an Dara Cogadh Domhanda rinneadh dochar mór do thaobh istigh an fhoirgnimh agus don bhailiúchán ealaíne atá ann. Ach ó shin i leith athchóiríodh go mór an pálás faoi dhó.
Lucsamburg
Aimsigh an bhratach!
Droichead Adolphe: Tá an droichead ar cheann de na nithe is mó is díol spéise le turasóirí, é 17.2 méadar ar leithead agus ceithre lána tráchta á n-iompar aige. Is iad Paul Sejourne agus Paul Rodange a dhear é, agus tógadh idir 1900 agus 1903 é.
Bia: Thuringer (ispíní beaga), paté agus quetsche tort (cineál toirtín).
Lucsamburgaigh Cháiliúla: Joseph Kutter (ealaíontóir), Gabriel Lippmann (buaiteoir na Duaise Nobel), Frank Schleck (rothaí gairmiúil ).
Faigh Amach: Céard lena aghaidh a bhuaigh Gabriel Lippmann an Duais Nobel?
An raibh a fhios agat? Sa bhliain 1693, bhí Pádraig Sáirséal ina cheannaire in arm Dhiúc Lucsamburg nuair a fuair sé goin a bháis i gCath Landen.
Príomhchathair: VaileiteAchar: 316 km²Daonra: 0.4 milliúnTeangacha: Máltais, BéarlaLá Náisiúnta: 8ú Meán Fómhair
Vaileite: Ainmníodh as Ard-Mháistir Ord Naomh Eoin é, Jean Parisot de la Valette. Tosaíodh ar an gcathairdhaingean seo a thógáil i 1566 agus críochnaíodh in achar iontach gearr é, 15 bliana.
Málta
Aimsigh an bhratach!
bongu.
Ardeaglais Naomh Pól: Tógadh Ardeaglais Naomh Pól ar shuíomh eaglaise Normannaí a scriosadh i gcrith talún i 1693, agus is í coróin chathair Mdina í agus cruinneachán mórga uirthi a dhear ailtire na hardeaglaise, Lorenzo Gafa.
Bia: Ar an aiste bia thraidisiúnta tá fenek (coinín) agus pastizzi (taosráin saillte).
Máltaigh Cháiliúla: Ridirí Mhálta, Dun Karm Psaila (fi le), Giuseppe Calì (ealaíontóir), Edward de Bono (fealsamh).
Faigh Amach: Comhlánaigh teideal an scéinséara cháiliúil ‘The Maltese______’.
An raibh a fhios agat? Ba é an tÉireannach, Richard More O’Ferrall, a ceapadh mar an chéad ghobharnóir sibhialta ar Mhálta sa bhliain 1847.
Capital:
xx
Countryhello
Find the flag!
An Ísiltírhallo!
Príomhchathair: AmstardamAchar: 41,864 km²Daonra: 16.3 milliúnTeanga: OllainnisLá Náisiúnta: 30ú Aibreán
Muilte Gaoith: Cé go bhfuil breis agus 1,000 muileann gaoithe ina seasamh fós san Ísiltír, is beag díobh a úsáidtear ar na saolta seo. Úsáidtí iad den chuid is mó d’fhonn uisce a dhraenáil, páipéar agus ola a tháirgeadh agus adhmad a shábhadh. In imeacht cúig chéad bliain ba iad na muilte gaoithe príomhfhoinse cumhachta na hÍsiltíre.
Aimsigh an bhratach!
Volendam: Tá an sráidbhaile stairiúil seo ar cheann de na háiteanna san Ísiltír is mó a bhfuil tarraingt na dturasóirí ann. Tá cáil air as a cuid bád iascaigh agus na cultacha traidisiúnta Ollannacha a chaitheann cuid de na daoine fós ann.
Bia: Ar aiste bia thraidisiúnta na Ísiltíre tá hutspot (stobhach), vla (bainne fuaraithe le custard) agus blinde vink (cnapóga feola).
Ollannaigh Cháiliúla: Vincent Van Gogh (ealaíontóir), Anne Frank (dialannaí a fuair bás san Uileloscadh), Ruud Van Nistelrooy (peileadóir).
Faigh Amach: Ainm na cathrach arb í suíomh an rialtais í san Ísiltír (ní hí an phríomhchathair í!).
An raibh a fhios agat? Bhuaigh Ollannach, Uilliam Oráiste, Cath na Bóinne agus rinneadh rí Shasana de.
cześć
Príomhchathair: VársáAchar: 313,000 km²Daonra: 38.1 milliúnTeanga: PolainnisLá Náisiúnta: 11ú Samhain
Seanchathair Vársá: Tógadh Sean-Bhaile Vársá ar dtús san 13ú haois í, timpeall ar an gCaisleán Ríoga. Scriosadh an Sean-Bhaile le linn an Dara Cogadh Domhanda. I ndiaidh an chogaidh atógadh go cáiréiseach é, bríce ar bhríce cuid mhaith de, agus is Suíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO anois í.
An Pholainn
Aimsigh an bhratach!
Longchlós Gdansk: Is anseo a chuir Lech tús leis an ngluaiseacht fhrithchumannach SolidarnoÊç (Dlúthpháirtíocht), a chuir cor i stair na Polainne agus na hEorpa i mblianta deiridh an 20ú haois. Cé nach longchlós ollmhór a thuilleadh é, meastar gurb é an áit é inar tháinig tús le frithbheartaíocht na bPolannach in aghaidh an chumannachais.
Bia: Bia dúchasach sa Pholainn is ea urek (cineál anraith sheirbh). Is é an bigos (cabáiste agus feoil) an mhias náisiúnta.
Polannaigh Cháiliúla : An Pápa Eoin Pól II, Fryderyk Chopin (cumadóir ceoil), Maria Sk odowska-Curie (fi sicí agus ceimicí).
Faigh Amach: Cén t-ainm breithe a bhí ar an bPápa Eoin Pól II?
An raibh a fhios agat? Sa 17ú haois, bhí an Dr Bernard O’Connor, as Ciarraí, ina lia pearsanta ag rí na Polainne.
olá
Príomhchathair: LiospóinAchar: 92,072 km²Daonra: 10.6 milliúnTeanga: PortaingéilisLá Náisiúnta: 10ú Meitheamh
Droichead Vasco de Gama: Is é an droichead is faide san Eoraip é, agus fad 17.2 km san iomlán ann. Tá sé lána tráchta ar an droichead agus tógadh é d’fhonn an trácht a mhaolú ar an droichead eile i Liospóin (Droichead an 25 de Abril).
An Phortaingéil
Aimsigh an bhratach!
Túr Belém: I gceantar Belém i Liospóin atá an túr seo, a tógadh i mblianta tosaigh an 16ú haois, le hiomramh Vasco De Gama a cheiliúradh. Tá anáil ealaín na Múrach le haithint ar na fuinneoga agus ar na balcóin atá i bhfoirm stua.
Bia: Bacalhau (trosc saillte, sairdíní agus leite-créme (custard uibhe)
Portaingéalaigh Cháiliúla: Vasco De Gama (taiscéalaí), Cristiano Ronaldo (peileadóir), Fernando Pessoa (fi le).
Faigh Amach: Cén cúrsa loingseoireachta a tháinig chun solais de bharr iomramh Vasco De Gama?
An raibh a fhios agat? Bhí coláiste Gaelach i Liospóin ó 1590 go dtí 1834.
bun
Príomhchathair: Búcairist Achar: 238,000 km²Daonra: 21.6 milliúnTeanga: RómáinisLá Náisiúnta: 1 mí na Nollag
Pálás na Parlaiminte: Agus achar 330,000 méadar cearnach ann, is é an dara foirgneamh is mó ar domhan é i ndiaidh Pentagon na Stát Aontaithe. Ar ordú an deachtóra Nicolae Ceaucescu a tógadh é agus bhí go leor ar son é a leagadh nuair a briseadh airsan, bhí an oiread sin fuatha ag na daoine dá réim. Ach anois is samhail é de dhaonlathas na Rómáine.
An Rómáin
Aimsigh an bhratach!
Caisleán Bran: Caisleán é seo a tógadh i 1212, agus is minic a thugtar Caisleán Dracula air, mar de réir an tseanscéil ba le Vlad III Dracula é, an prionsa ar a bhfuil an t-úrscéal ‘Dracula’ bunaithe ar bhealach scaoilte.
Bia: Mititei, an mhias náisiúnta, ispín beag gan chraiceann.
Rómánaigh Cháiliúla: Eugène Ionesco (scríbhneoir), George Enesco (cumadóir ceoil), Constantin Brâncu i (dealbhóir) agus Angela Gheorghiu (cantaire sopráin).
Faigh Amach: Cén t-ainm a bhí ar Phálás na Parlaiminte ar dtús?
An raibh a fhios agat? Is é an t-údar Éireannach, Bram Stoker, a scríobh an leabhar clúiteach “Dracula”, faoi vaimpír as an Rómáin.
ahoj
Príomhchathair: An BhratasláivAchar: 49,000 km²Daonra: 5.4 milliúnTeanga: SlóvaicisLá Náisiúnta: 1 Meán Fómhair
Geata Naomh Micheál: Is é a bhfuil fágtha de dhaingnithe meánaoiseacha na Bratasláive agus tá sé ar cheann de na séadchomharthaí is sine atá sa chathair. Ba cheann de cheithre gheata ar dtús é agus téann sé siar go dtí 1300.
An tSlóvaic
Aimsigh an bhratach!
Caisleán na Bratasláive: Is é príomhchaisleán na Bratasláive é agus é ina sheasamh ar chnoc na Sléibhte Cairp Beaga. Ach an aimsir a bheith oiriúnach tá radharc as chomh fada leis an Ostair agus leis an Ungáir. Sa chaisleán féin tá ceithre thúr, clós cúirte agus tobar atá 80m ar doimhne.
Bia: I measc na mias aithnidiúil tá domplagáin phrátaí le cáis bhainne caorach agus anraith cabáiste agus ispíní
Slóvacaigh Cháiliúla: Štefan Bani (a chéadcheap an paraisiút míleata) agus Andy Warhol (ealaíontóir de shliocht na Slóvaice).
Faigh Amach: Cén bhliain a ndearnadh paraisiút den chéad uair?
An raibh a fhios agat? Is de shliocht na dtreibheanna Slavacha muintir na Slóvaice ach is réigiún í an tSlóvaic freisin inar mhair na Ceiltigh lá den saol. Mar atá a fhios agat, is de shliocht na gCeilteach na Gaeil.
zhivjo
Príomhchathair: LiúibleánaAchar: 20,000 km²Daonra: 2 mhilliúnTeanga: SlóivéinisLá Náisiúnta: 25ú Meitheamh
Uaimheanna Postojna: Agus iad arna dtochailt ag an abhainn Pivka, is iad na huaimheanna is faide sa tír iad agus is mór an díol spéise le turasóirí iad. Tá sé le haithint ar na seanainmneacha atá sínithe ar an mbealach isteach go bhfuil daoine ag tabhairt cuairte ar na huaimheanna ón 13ú haois
An tSlóivéin
Aimsigh an bhratach!
Tromostovje: Tá an Tromostovje, nó an Droichead Triarach mar a déarfaí i nGaeilge, ar cheann de shainchomharthaí Liúibleána. Droichead cloiche i bhfoirm stua é ina chuid láir agus tá droichead coisithe ar gach aon taobh de.
Bia: Ar aiste bia na Slóivéine tá potica (císte) agus bujta repa (mias tornapaí).
Slóivéanaigh Cháiliúla: Jožef Stefan (scríbhneoir), Franc Mikloši (teangeolaí) and Jože Ple nik (ailtire).
Faigh Amach: Cén sliabh atá léirithe ar bhratach náisiúnta na Slóivéine?
hola
Príomhchathair: MaidridAchar: 504,782 km²Daonra: 45.3 milliúnTeanga: SpáinnisLá Náisiúnta: 12ú Deireadh Fómhair
Sagrada Familia: Antoni Gaudí a dhear an ardeaglais seo, a bhí fós gan críochnú nuair a fuair sé bás sa bhliain 1926 agus atá fós á tógáil inniu féin. Sampla iontach í an ardeaglais seo den stíl Art Nouveau agus is i mBarcelona atá sí.
An Spáinn
Aimsigh an bhratach!
El Escorial: Mainistir agus pálás ríoga a bhí ann uair amháin; in aice le Maidrid atá sé agus é ina mhúsaem agus ina ghailearaí ealaíne anois.
Bia: Ar aiste bia na Spáinne tá paella (sicín, bia mara agus rís), tortilla (uibheagán prátaí) agus chorizo (ispín).
Spáinnigh Cháiliúla: Penelope Cruz (aisteoir mná), Salvador Dalí (ealaíontóir), Fernando Torres (peileadóir).
Faigh Amach: Faigh pictiúr den Sagrada Familia agus greamaigh ar do phas é.
An raibh a fhios agat? Chuir cuid mhaith de “ghéanna fi áine” na hÉireann, mar Aodh Rua Ó Dónaill, fúthu sa Spáinn tar éis dóibh teitheadh ó Éirinn.
hej
Príomhchathair: StócólmAchar: 450,000 km²Daonra: 9 milliúnTeanga: SualainnisLá Náisiúnta: 6ú Meitheamh
Gamla Stan: Is í Sean-Bhaile Stócólm é seo. Téann sé siar go dtí an 13ú haois agus é lán de shráideanna agus phasáistí duirleogacha. Is ann atá Ardeaglais Stócólm agus an Músaem Nobel.
An tSualainn
Aimsigh an bhratach!
Pálás Ríoga Stócólm: Is ann a bhíonn Teaghlach Ríoga na Sualainne, Carl XVI Gustaf agus an Bhanríon Silvia. Cuireadh bailchríoch ar an bpálás i 1760 agus is in aice leis an bparlaimint atá sé.
Bia: Ar aiste bia na Sualainne tá artsoppa (anraith piseanna), gravid lax (bradán saillte) agus falukorv (ispín).
Sualannaigh Cháiliúla: Alfred Nobel (ceimicí, is é a chuir an Duais Nobel don tSíocháin ar bun), Sven-Göran Eriksson (bainisteoir peile) agus ABBA (grúpa ceoil).
Faigh Amach: Ainmnigh trí chuideachta ilnáisiúnta de chuid na Sualainne.
An raibh a fhios agat? D’oscail an chuideachta troscáin agus fearas tí de chuid na Sualainne, IKEA, an chéad bhrainse aici in Éirinn i mBaile Átha Cliath i mí Iúil na bliana 2009.
hello
Príomhchathair: LondainAchar: 242,500 km²Daonra: 60.4 milliúnTeanga: Béarla
Droichead an Túir: Droichead luascach agus crochta ar aon é an droichead seo thar abhainn na Tamaise i Londain. D’oscail an prionsa arbh é an Rí Éadbhard VII níos déanaí é i 1894 é.
An Ríocht Aontaithe
Aimsigh an bhratach!
Big Ben: Is dócha gur ceann de na cloig is clúití ar domhan é Big Ben agus is é an clog túirín clingeach is mó ar domhan é a bhfuil ceithre aghaidh air. Cuireadh bailchríoch air sa bhliain 1858. Siombail a aithnítear go hidirnáisiúnta é an clog ó shin de Londain agus den Ríocht Aontaithe.
Bia: Ar aiste bia na Breataine Móire tá bagún agus uibheacha, iasc agus sceallóga prátaí, Shepherd’s Pie (pióg feola mionaithe agus prátaí) gan ach an méid sin a lua!
Briotanaigh Cháiliúla: David Beckham (peileadóir), J.K. Rowling (údar) agus William Shakespeare (drámadóir agus fi le).
Faigh Amach: An bhféadfá dhá cheann de dhrámaí Shakespeare a ainmniú?
An raibh a fhios agat? Tá timpeall 6,000,000 Briotanach ann, 10% de dhaonra na RA, a mhaíonn gur de shliocht na hÉireann iad.
TRASNA3. Cuid amháin de phríomhchathair na hUngáire (5)5. ‘Dia dhuit’ sa Chipir (6)8. Áit dhúchais an pizza (2,6)11. Tá 12 díobh seo ar bhratach na hEorpa (6) 12. Cuideachta fón póca a bhunaigh Fionlannach darb ainm Fredrik Idestam (5) 15. Ceann de dhá bhallstát de chuid an AE atá buailte leis an Muir Dhubh (2,8)16. Príomhchathair san Eoraip a roinneadh ina dhá cuid le balla ar feadh breis agus cúig bliana fi chead (7)17. An tír is lú san Aontas Eorpach (5)20. Sa tír seo a chéadcheapadh an daonlathas (2,6)22. Sa bhliain 1973, chuaigh Éire isteach san eagraíocht seo (2,7,7)24. Caisleán sa Liotuáin a tógadh sa 13ú haois (9)
Crosfhocal1
2 3 4
5
6 7
8
9 10
11 126S
13U
14 15A
L16
A17 18
N19
N20
A21
C22 23
24 25
26
27 28
29
30
31
32
27. An duine a chéadcheap ciúb puzail ildathach ar a bhfuil éileamh mór (5)29. Ainm eile ar an mbandia Gréagach Afraidíté (7)30. Nath cainte chun beannú do dhuine i Sóifi a (7)31. Comhlánaigh ainm an ealaíontóra cháiliúil Iodálaigh seo de chuid an Renaissance: Leonardo dá _____(5)32. Is í Liúibléana an phríomhchathair (2,9)
SÍOS1. Tá an túr seo i bPáras ar cheann de na sainchomharthaí is cáiliúla san Eoraip (6) 2. Mar ba cheart beannú do do chairde i bhFlórans agus sa Róimh (4)3. Tá an teanga seo ar a thoil ag an bpeileadóir Cristiano Ronaldo (13)4. Carachtar cartúin cáiliúil as an mBeilg (3, 3)6. An abhainn is faide san Aontas Eorpach agus ar fúithi a cumadh válsa cáiliúil (2,6) 7. An t-airgeadra comhchoiteann i gcuid mhaith de thíortha na hEorpa (4)9. Príomhchathair de chuid na hEorpa Láir atá sa Bhoihéim (5)10. Lá saoire é an chéad lá den mhí seo sa chuid is mó de thíortha na hEorpa (6)13. Náisiúntacht an pheileadóra Zlatan Ibrahimovic (10)14. Tá cógaslann sa tír seo de chuid na hEorpa atá geall le bheith 600 bliain d’aois! (8)18. Príomhchathair na Slóvaice (2,11)19. Tír i dTuaisceart na hEorpa ar a dtugann a lucht cónaithe ‘Suomi’ (2,10) 21. Príomhchathair na Cipire (2,7)23. An Pholainn sa Pholainnis (6)25. Náisiúntacht Vincent Van Gogh (9)26. Stát Baltach (2,7)27. Teanga Rómánsach sa Trasalváin (8)28. Ba é an caisleán seo áit chónaithe Dracula sna cnoic (4)
Leathanach na bhFreagraíAn Ostair: Arnold SchwarzeneggerAn Bhulgáir: Bán, glasuaine, deargAn Chipir: An GráPoblacht na Seice: Martina NavratilovaAn Danmhairg: Éadaí Nua an Impire, An Banphrionsa agus an Phis, An tÉinín Lachan Gránna, Thumbelina, Cailín Beag na Lasán, An Mhurúch Bheag, agus go leor eile. An Fhionlainn: San NioclásAn Fhrainc: Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Aontais Eorpaigh An Ghréig: 201An Ungáir: An Ostair, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin Éire: Dracula, An RómáinAn Iodáil: Mona LisaAn Liotuáin: Síniú Acht an Neamhspleáchais ar 16 Feabhra 1918Lucsamburg: An fhisicMálta: Seabhac seilgeAn Ísiltír: An Háig An Pholainn: Karol Józef Wojtya An Phortaingéil: An bealach ón Eoraip go dtí an India An Rómáin: Teach an PhobailAn tSlóvaic: 1913 (cé go raibh
caint ar pharaisiúit roimhe sin) An tSlóivéin: Cnoc Triglav, an sliabh is airde sa tSlóivéin An tSualainn: IKEA (troscán), Volvo (gluaisteáin), H&M (éadaí), Ericcson (fóin phóca), etc. An Ríocht Aontaithe: Hamlet, Romeo and Juliet, King Lear, Macbeth, Othello, A Midsummer’s Night Dream, The Merchant of Venice, agus go leor eile.
CrosfhocalTRASNA: 3. Peist 5. Yia’sou 8. An Iodáil 11. Réalta 12. Nokia 15. An Bhulgáir 16. Beirlín 17. Málta 20. An Ghréig 22. An tAontas Eorpach 24. Gediminas 27. Rubik 29. Véineas 30. Zdravei 31. Vinci 32. An tSlóivéinSÍOS: 1. Eiffel 2. Ciao3. Portaingéilis 4. Tin Tin 6. An Danóib 7. Euro9. Prág 10. Eanáir13. Sualannach 14. Taillinn18. An Bhratasláiv 19. An Fhionlainn 21. An Niocóis23. Polska 25. Dúitseach26. An Laitvia 27. Rómáinis28. Bran