feasta | lúnasa 2013

28
Lúnasa 2013 Lúnasa 2013 €5 Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 8 ISSN 0014-8946 • Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh • Saíocht an tSionnaigh, gearrscéal le Mícheál Ó Coisdealbha • An Limerick Gaeilge (Cuid 2) le Gearóid Ó Clérigh • Punt Isló, Dhá Chlog ag Bualadh & Ó Fhocal go Focal á léirmheas ag Mícheál Ó Ruairc • Cosa Gréine le Diarmaid Ó Súilleabháin, á mheas ag Máirín Nic Eoin • Oibilisc na Bóinne le hArt Ó Maolfabhail • Éiceolaí le Biddy Jenkinson • Grá gan Titim: Grá Comhaimseartha le Muiris Ó Meara agus go leor eile • Íomhá chlúdaigh: An Snámhaí Nádúrtha le Blawnin Clancy

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 13-Feb-2016

294 views

Category:

Documents


2 download

DESCRIPTION

 

TRANSCRIPT

Page 1: Feasta | Lúnasa 2013

Lúnasa 2013Lúnasa 2013

€5 Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 8ISSN 0014-8946

• Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh• Saíocht an tSionnaigh, gearrscéal le Mícheál Ó Coisdealbha• An Limerick Gaeilge (Cuid 2) le Gearóid Ó Clérigh• Punt Isló, Dhá Chlog ag Bualadh & Ó Fhocal go Focal

á léirmheas ag Mícheál Ó Ruairc • Cosa Gréine le Diarmaid Ó Súilleabháin, á mheas ag Máirín Nic Eoin• Oibilisc na Bóinne le hArt Ó Maolfabhail• Éiceolaí le Biddy Jenkinson• Grá gan Titim: Grá Comhaimseartha le Muiris Ó Meara

agus go leor eile• Íomhá chlúdaigh: An Snámhaí Nádúrtha le Blawnin Clancy

Page 2: Feasta | Lúnasa 2013
Page 3: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 20133

— Clár —— Clár —• Eagarfhocal: Tarcaisne i gceann na hÉagóra! .................... 4• Smaointe Polaitíochta: Scúip Nuachta, Comhairleoirí agus

Polaiteoirí le Seán Ó Loingsigh ......................................... 5• Dánta le Pádraig Ó Roidigh ............................................... 6• Saíocht an tSionnaigh, scéal le Mícheál Ó Coisdealbha .... 7• Dánta le Séamus Barra Ó Súilleabháin .............................. 8• An Limerick Gaeilge: Stair agus Réamhstair (Cuid 2) le

Gearóid Ó Clérigh ............................................................. 9• Ó Rinn Go Sáil 3: Dialann Tuaithe le Diarmuid Ó Gráinne, á

léirmheas ag Seán Ó Ceallaigh ......................................... 12• Anseo agus Ansiúd ................................................... 13 & 16• Punt Isló le Maidhc Dainín Ó Sé, Dhá Chlog ag Bualadh le

Louis Mulcahy, Ó Fhocal go Focal - ceárta na filíochta le Dolores Stewart, á léirmheas ag Mícheál Ó Ruairc ......... 14

• Cosa Gréine le Diarmaid Ó Súilleabháin: Máirín Nic Eoin asheol i gClub na Múinteoirí ar an 16 Feabhra 2013 ......... 17

• An Bhratach – agus Oibilisc na Bóinne, Giota DearmadtaStaire, le hArt Ó Maolfabhail ........................................... 20

• Na hÓglaigh Eile le hAindrias Ó Cathasaigh .................... 22• Éiceolaí (nó file os comhair cúirte) le Biddy Jenkinson ..... 24• Grá gan Titim: Grá Comhaimseartha, Muiris Ó Meara ... 25• Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa .................................. 26

© Feasta agus na Scríbhneoirí

• Clúdach: An Snámhaí Nádúrtha/ Helvick Swimmer,ola ar chanbhás, 40 x 30 cm © Blawnin Clancy

ar fáil san JOAN CLANCY GALLERYMaoil a’ Choirnigh, An Rinn, Co. Phort Láirge

(058) 46205 / 086 813 4597www.joanclancygallery.com / [email protected]

EagarfhocalEagarfhocalLúnasa 2013Lúnasa 2013

REiviúREiviúden Smaointeachas Éireannachden Smaointeachas Éireannachlitríocht, eolaíocht, polaitíochtlitríocht, eolaíocht, polaitíocht

• Feasta tríd an bpost!12 eagrán tríd an bpost ar €75

(€100 lasmuigh den Eoraip)Donnchadh Ó hAodha,

Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí.353-(0)87-2421267

Suíomh idirlín: www.feasta.ie• Eagarthóir

Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire.

Fón: 353-(0)66-7124169.Ríomhphost: [email protected]

• FoilsitheoiríCoNRADh NA GAEiLGE

Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áitsan iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

TTá an méid sin déanta. Tá an tréimhse chomhairliúcháinagus an t-idirphlé maidir le córas nua maoinithe do naheagrais Ghaeilge thart. Ó mhí Iúil na bliana seo

chugainn beidh córas nua bunmhaoinithe i bhfeidhm do sécheann-eagraíocht a bheidh freagrach as Gaeloideachas,oideachas in earnáil an Bhéarla, forbairt pobail, deiseanna leisan Ghaeilge a úsáid, ardú feasachta agus deiseanna dodhaoine óga maidir le húsáid na teanga.

D’fhógair Foras na Gaeilge, a bheartaigh an cur chuige nua seo,bíodh gurb í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a ghlacan cinneadh, go bhfuil deireadh anois leis an éiginnteacht, animní, agus an míshuaimhneas a bhí ag goilliúint ar na heagraisagus ar phobal na Gaeilge le cúig bliana anuas. Dá mb’amhlaidh go mbeadh sé sin fíor! I ndáiríre, tá curtha gomór leis an míshuaimhneas agus leis an imní. Murab é ag curan tarcaisne i gceann na héagóra go díreach atá i gceist, tálúcháir an Fhorais míchuí sa chás seo.

Tar éis a bhfuil de bhlianta caite ag ionramhaíl leis an gceist isbeag de dhifear idir a bhfuil beartaithe anois agus a bhí anchéad lá riamh, agus nuair a deir an Foras ina bpreasráiteas‘go gcaithfidh muid ar fad obair go dlúth le chéile le cinneadhan CATT a chur i bhfeidhm’, níl sé éasca gan a mheas gurb éatá ann, i ndáiríre, an Foras na Gaeilge ag cur a dtoil i bhfeidhmar na heagrais dheonacha, ag cur in iúl dóibh gur de réir mara threoraítear dóibh a fheidhmeoidh siad feasta.

Ar ndóigh tá na gnáthghothaí i gceist. Beidh comhpháirtíochtagus comhoibriú ann i gcónaí idir an Foras agus na ceann- eagraíochtaí, agus bunófar Fóram Comhpháirtíochta chun ésin a thabhairt i gcrích. Murab amhlaidh nár leor aon fhóramamháin beidh an dara ceann ann, Fóram Forbartha Teanga,chun freastal ar an gcéad cheann — ‘aischothú’ an téarma aúsáidtear. Grúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag an bhForas a bheidh páirteach ann. Cé hiad féin?

Rithfeadh le duine réasúnta gur ag cur leis an maorlathasatáthar anseo in áit a bheith á laghdú, mar a fhéadfaí a bheithag súil leis. Ach thar aon ní is deacair a shamhlú conas a fhéad-fadh na heagrais dheonacha a ndea-thoil a léiriú maidir lenabhfuil i gceist, nó go mbeadh ar a gcumas glacadh leis gombeidh leas na teanga mar thoradh air.

Tá a n-imní curtha in iúl cheana féin ag cuid de na heagrais. Tácuid eile díobh nár léirigh a dtuairimí go fóill. Níorbh ionadhdóibh a bheith cáiréiseach, nó go mbeadh a n-aird dírithe arcad a bheadh ar a gcumas a tharrtháil as an smionagar.

Page 4: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 20134

is cinnte nár chuir craoladh na dtéipeanna le pé dea-thoil atá fágtha dúinn, …is cinnte nár chuir craoladh na dtéipeanna le pé dea-thoil atá fágtha dúinn, …

MMí ó shin anseo bhíothas agplé an ghné sin den pholaitíocht a luaitear ‘an

stróc’ leis, go háirithe anseo in Éirinn. Nímór ná gurb é a chomhionann i saol nameán cumarsáide ná ‘an scúp’. Ní hionann agus an stróc, ar ndóigh, ní inÉirinn amháin a bhíonn tuairisceoiríagus iriseoirí ag faire amach don scúp.Níl tír sa domhan nach mbíonn lucht nuachtán ag tnúth leis. I laethanta seona gannchúise, nuair atá nuachtáin faoibhrú, agus an díolachán ag titim, is mófáilte ná riamh a bhíonn roimh an scúpnuair a thagann sé an treo.

Ná bítear in aon amhras, mar sin, faoina sceitimíní i measc lucht nuachta anIrish Independent nuair a fuair siadgreim ar an scéal faoi na téipeanna iomráiteacha a léirigh ardfheidhm -eannaigh an Bhainc Angla-Éireannaighag comhrá ina measc féin díreach sulandeachaigh banc an droch-chlú tóinthar ceann. Agus, ar ndóigh, bhaingairbhe agus míchuibheas na cainte geitas an lucht éisteachta. Ach nár chuir ségo mór le drámatacht an scéil!

Ach céard é an tábhacht a bhaineannleis na téipeanna i ndáiríre? Is ar éigeango gcuireann siad mórán lena bhfuil areolas againn cheana féin faoinar tharlado bhainc na tíre seo. Is cinnte go dtugann siad chun cuimhne arís angéarcháineadh a rinne iar-ambasadóirna Gearmáine ar mhuintir na hÉireannroinnt bheag blianta ó shin, nuair adúirt sé go raibh ár gcuibheas agus árndínit mar phobal á gcailliúint againn,go raibh an baol ann go raibh an rachmas tobann tar éis dul i bhfeidhmorainn agus nach go rómhaith a bhíomar in ann é iompar. Ní nach ionadh, níor thaitin a raibh le rá ag aniar-ambasadóir linn: ach an raibh anceart aige?

Ceist eile a éiríonn maidir leis ná téipeanna, lena bhfoilsiú thar tréimhseseachtaine, agus thar aon ní lenagcraobhscaoileadh ar na haerbhealaí,ná an dochar a rinne siad do stádas natíre seo go hidirnáisiúnta. Is eol dochách chomh mór agus atáimid agbrath ar dhea-thoil, agus thar aon ní, ariasachtaí, go háirithe ón Aontas Eorpach faoi láthair. An raibh sé riachtanach i ndáiríre a raibh le rá ag andaoscar sin sa Bhanc Angla-Éireannachfaoin nGearmáin, agus an maslú a

mór i gceist, go mór mór na laethantaseo nuair atá deacrachtaí díolacháin agcur as do go leor nuachtán. Sin godíreach an áit a dtagann an scúp igceist. Arís, má theastaigh an bhéim bamhó a b’fhéidir a leagan ar an scéal mórseo, bhí sé riachtanach an é a ligeanamach go hamh, drochchaint agusmaslacht agus dá mhéid díobh araonsea a b’fhearr, pé an ar nuachtán é, nóar raidió nó teilifís.

Ach bheadh sé suimiúil a fháil amach arrinne an Irish Independent aonteagmháil leis an rialtas sular foilsíodhan scéal seo, mar is cinnte gur léir dóibhgo raibh leas na tíre agus ár gcaidreamhle tíortha Eorpacha, go háirithe leis annGearmáin, bainteach leis an scéal agusgo raibh ár ndea-chaidreamh leis natíortha san á chur i mbaol.

Is ceist chasta agus leochailleach í seo,is léir. Focal is ea ‘trédhearcacht’ atá gomór in úsáid, agus bíonn míle murdarann má chuirtear isteach ná amach archearta an phreasa pé scéala is roghaleo a fhoilsiú.

An bhfuil suim caillte ann cheana féin,agus gan i gceist leis anois ach iarsmaeile de thubaist na mbanc? Agus an bhfuil aon mhéadú tagtha ar scaipeadhan Irish Independent de thoradh anscúip seo?

——◊————◊——

NNí bheadh a lán daoine sa tír seoa mbeadh suim sa pholaitíochtacu nach mbeadh cuimhne ghlé

acu ar chlár teilifíse ar BBC Shasana siaramach in ochtóidí an chéid seo caite.Bhí dhá shraith i gceist, i ndáiríre, ‘YesMinister’ an chéad cheann agus an daraceann ‘Yes Prime Minister’, nuair adeineadh príomhaire gan choinne denAire Góthaí Riaracháin Jim Hacker.

Clár aoire a bhí i gceist go bunúsach, abhain leis an gcoimhlint leanúnach idirpholaiteoirí agus ard-státseirbhísigh. Baghnách, ar ndóigh, an lámh in uachtarag Sir Humphrey, Rúnaí Buan naRoinne. Bhí seantaithí aige ar pholait -eoirí, agus ar an gcóras polaitíochtaagus ar an gcóras riaracháin araon, náníorbh é Jim an polaiteoir b’éirimiúla atháinig riamh an treo ach oiread.

Bhí an triú carachtar ann, áfach, a bhfuilníos mó tábhachta leis maidir lena bhfuil i gceist anseo. Ba é Bernard anrúnaí pearsanta a bhí ag Jim Hacker. Ba

deineadh ar a hamhrán náisiúnta aligean amach ar an aer, nuair ba léir andochar a leanfadh dá bharr. Is cinntenár chuir craoladh na dtéipeanna le pédea-thoil atá fágtha dúinn san Eoraip,agus go háirithe sa Ghearmáin féin.

Is eol dúinn freagra na ceiste sin. Ní ghlacann na meáin, pé acu an iad nameáin chlóite nó na meáin chraolta iad,le haon teora nó aon laincis maidir leceart an phobail go mbeadh an t-eolas iomlán ar fáil dóibh. Ceart dosháraitheeile, ar ndóigh, is ea ceart na meán ganfoinse an eolais a thabhairt agus, ganamhras, bheadh an ceart sin i gceist sachás seo chomh maith céanna. Thuigfí,ar ndóigh, go seasfadh na meáin chumarsáide go daingean leis na ceartaseo. Tar éis an tsaoil, i gcoitinne, níshéantar dóibh ach i gcás gur deachtóira bhíonn i gceannas.

Gan amhras, ní luann lucht nuachtán nácraoltóirí go mbíonn a leas tráchtála go

SmaointeSmaointePolaitíochtaPolaitíochta

Seán Ó LoingsighAgus an bhfuil aon mhéadútagtha ar scaipeadh an Irish

Independent dethoradh an scúip seo?

Page 5: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 20135

Séard is mó imní ná an chumhacht an-mhór atá anois ag na comhairleoirí speisialta!Séard is mó imní ná an chumhacht an-mhór atá anois ag na comhairleoirí speisialta!

ghnáth-státseirbhíseach é Bernard,agus go leor tuisceana aige ar mheonagus ar mhodhanna oibre na hinstitiúide sin. Ba léir gur éirigh séceanúil ar an aire, agus ba mhinic é agtabhairt nod dó conas an poll a bhí SirHumphrey ag tochailt dó a sheachaint.

Ach séard atá suntasach anois ná gurbhé Bernard an t-aon rúnaí a bhí aige, níhamháin chun obair rúnaíochta adhéanamh agus na comhaid a choinneáil in ord dó, agus a leithéid eile,ach ba mhinic é ag brath air chuncomhairle a chur air. Ní heol dom anmar sin atá sa Bhreatain fós, ach b’ionadh é mura bhfuil sé athraithe.

Is cinnte go bhfuil sé athraithe ó bhunbarr anseo in Éirinn, cé go mbíodh ancóras anseo ar aon dul leis an gcóras saBhreatain nuair a bhí Jim Hacker ina airenó ina phríomhaire. Bheadh an t-aire agbrath, beagnach go huile, ar státseirbh -íseach a cheapfaí mar rúnaí dó.

Féach inniu conas mar atá cúigear nóseisear cúntóirí, nó comhairleoirí, nó rúnaithe príobháideacha ag freastal aran Aire, nó ar an Aire Stáit, chuncomhairle a sholáthar dó maidir le gachgné dá chuid oibre. Is cosúil gur cuidmhór dá gcúram é, ní hamháin faisnéisa sholáthar don Aire, ach chomh maithcéanna conas déileáil leis na ceisteannanó ócáidí achrannacha polaitiúla aéiríonn ó lá go lá, agus i gcónaí aon

mhífhabhar don Aire a sheachaint nó achur ó dhoras.

Roinnt míonna ó shin deineadh tagairtanseo do chlár teilifíse a rinne RTÉ, aléirigh go beacht conas mar a fheidhmigh oifig an AireOideachais Ruairí Quinngo háirithe, i gcomhpháirtlena chúntóirí príobh -áideacha. Mar a dúradh agan am séard, a rithfeadhleat ná gur ceann dephríomhdhualgais nagcúntóirí ná loinnir achoinneáil le híomhá anAire.

Ach, i ndáiríre, séard is móimní ná an chumhachtan-mhór atá anois ag na cúntóirí agus na comhair-leoirí speisialta. Is miniccúlbhinseoirí, ó thaobh anrialtais go háirithe, aggearán faoina laghad tionchair atá acu ar conas mar a fheidhmíonn an rialtas. Go deimhin, isgearán é a deintear faoin Dáil igcoitinne. An bhfuil cuid mhór denchumhacht sin anois i lámhaibh andreama nua seo? An mbaineann dainséar leis sin?

I gcás na gnáth-státseirbhíse is féidir abheith cinnte nach aon mhórfháilte atáacu roimh an aicme nua seo. Mura

bhfuil díothú déanta ar a gcumhacht, iscinnte go bhfuil laghdú déanta air, cé gomba mhantra acu gur faoi threoir anAire a bhí siad ag feidhmiú. Déarfadh SirHumphrey a mhalairt leo, ach bhí sésiúd sároilte i láimhseáil na cumhachta!

Níl cuimhin liom cén rialtas a bhí i gceannas nuair a ceapadh an dreamnua seo an chéad lá, ach ritheann séliom gur Fianna Fáil a bhí i gceist —Bertie Ahern, b’fhéidir? Ach, ar ndóigh,tá a líon agus a gcostas méadaithe ascuimse ó shin.◊◊

GONTA GONTA lele Alex Hijmans. Alex Hijmans. Cois Life. €14á mheas ag Katie McGrealá mheas ag Katie McGreal

Seo an chéad chnuasach gearrscéalta atá curtha amach agan Ollannach, Alex Hijmans. Tá na scéalta lonnaithe sa tírina gcónaíonn sé, an Bhrasaíl.

Tugann sé léargas iontach dúinn ar shaol na ndaoine ansin.Casaimid le meascán ollmhór díobh – daoine óga a chón -

aíonn i bhfavela a ghlacann le foréigean ónagcairde, seandaoine a bhfuil leigheas acu argach rud, agus máthair singil atá buarthafaoina mac san áireamh. D’éirigh le Alex tuairimí agus mothúcháin na ndaoine seo achur trasna ar bhealach simplí agus deas. Tádeireadh iontach, nach mbeadh tú ag súilleis, i gcás an chuid is mó de na scéalta.Scéal áirithe, níor thuig mé a dheireadh go

dtí cúpla uair a chloig i ndiaidh dom é a léamh; lean mé ormag smaoineamh faoi. Is ceart go gcuirfeadh scéal nó leabharag smaoineamh tú, ach is bua iontach é má leanann tú araghaidh ag smaoineamh faoi i ndiaidh é a bheith léite.

Toisc gur gearrscéalta iad ar fad, is léargas scioptha afhaighimid ar shaol na ndaoine seo, ach tugann sé ábharmachnaimh dúinn.

Tá na scéalta ar fad scríofa i nGaeilge shimplí réidh ach tá sésoiléir go bhfuil Gaeilge Chonamara ag Alex. Cuireann séGaeilge ar fhocail Bhéarla nó drochfhocail – ‘a chuint’, ‘achuntanna’. Is deas an rud é freisin rudaí a deirim agus achloisim go minic a fheiceáil sa scríbhneoireacht - ‘ruainnebeag bídeach’ agus ‘i ndáiríre píre’.

Is léiriú an-mhaith iad na scéalta seo nach gcaitheann duinegach focal a thuiscint chun an scéal féin a thuiscint. Níor ghádomsa gach droch rud a rinne Pedro sa scéal ‘Dréimire naCumhachta’ a thuiscint len bhraith gur drochrudaí a bhí arsiúl aige.

In 2011, chuir Alex a chéad úrscéal amach, Aiséirí. Bhí anscéal bunaithe ar an am a chaith sé i nGaillimh mar úinéircaifé. B’fhearr liomsa an cnuasach gearrscéalta seo, toisc godtugann sé léargas dom ar shaol daoine áirithe, agus is saolé nach mbeadh tuairim agam ina thaobh. Is deas an rud éfoghlaim faoi shaol agus faoi chás daoine eile.

Nigel Hawthorne mar Sir Humphrey (lár) leDerek Fowlds mar Bernard Woolley (clé)agus Paul Eddington mar an Aire Jim Hackeri sraith ghrinn an BBC sna 80í.

Page 6: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 20136

Dánta le Pádraig Ó RoidighDánta le Pádraig Ó RoidighCoill Bhreá MhínCoill Bhreá MhínBhí coill bhreá mhín ann is mé i m’óige,is chuile bhliain chaill sí a duilleoga,í millte, spíonta agus í reoite

ag an ngeimhreadh, gan an teagmháil chéanna idir na craobhacha.

Ba léir dom go raibh gach crann scarthaag an bhfuacht géar trom is a hacmhainn mharfach,gan saoirse rompu glacadh le cairde

nua. An choill sáite sa talamh, gan cumas bogadh timpeall go séimh aici.

Ach thuig mé ansin, i ndiaidh imeacht amago raibh mistéir sna crainn, draíocht ag teacht amachastu. Iad glic, réidh don tasc sin: ag míniú ceachtanna

dúinn faoin saol. Tá go leor ar siúl ag na crainn lena bhfréamhacha

faoin dromchla.Ní fheicimid é, ach táid nasctha go dlúth ann.

Ródhéanach don LeithscéalRódhéanach don LeithscéalNí thuigeann tú go raibh orm tú a dhíbirt le bheith saor,ní thuigeann tú go raibh mo chroí gortaithe go géar,briste, feoite, spíonta i ndiaidh na n-íobairtí go léir,is mo chuid caointe, anois tá críochnaithe, bhí ort dul ar an méar

fhadamar rinne tú talamh slán de(mo chroí álainn galánta),i gcónaí ag gearán le do chairde go bhfuil mé salach gránna,

tú ceanndána,mo bholg lán de,ag glacadh smachta ar an gcaidreamh seo atáimse,ar son mo chuidse sláinte.

Ní ligfidh mé duit a thuilleadh bheith i gceannas ar an gcaidreamh,mar tá sé scriosta go huile is go hiomlán,millte ag an teannas.

Thug mé mo shaol duit,geallta ar do shon,cén fáth ar fhanmé leat nuair nach raibh agat aon dílseacht á thaispeáint?

Féach ar mo chuid éadaí, aon rud ach néata,mé i gcónaí ag deifriú ar ais chugatsa, bímse ag éisteachtleat. Níor chuala mé tú riamh ag gabháil buíochais, leithscéaltaa thugann tú dom, tú ’mo chéasadh.

Cosúil le céimeanna ar staighre, b’fhéidir léi siúl orm,ní féidir léi as seo amach, mar táimse chun éalú mard’iarr sí orm rudaí a dhéanamh nach raibh pioc réasúnta.Bíodh stop le do chuid deora! Led chaoineadh níl fiúntas

mar d’fhág mé tú is níor mhothaigh mé aon trua duit,mar rinne tú an feall orm, gan aon bhrú, a bhitseach!Spás beag i mo chroí, agatsa beidh go buan achtá an grá seo marbh, ní bheidh sé ag méadú mar

tá sé ródhéanach don leithscéal,mo léan!

Is Tusa an FharraigeIs Tusa an Fharraige

Is tusa an fharraigeatá iontach scamhardach,agus is mise an t-iasc:spleách,

is tá mo leicne deargaag lonradh. Ní ceart dom labhairt achéalaíonn na focail ar nós – caitheamh aníos.Sách

tútach,cosúil le hiasc as uisce. Nachdtitim de phlabis mé ag nochtadh rúin

fút? Achbíonn tú tuiscneachnuair a dhúnaim mo chlab.Is ormsa atá an locht, a rún.

Ná mothaigh ciontach,nach dteastaíonn uait mé a phógadh. Másé sin an scéal ionraic,ba cheart dom féin scámhóg a fhás.

Bean Óg ar BhusBean Óg ar Bhus

Fear aosta ar bhus,a lámh lán le bláthanna.Féachann bean óg anois agusarís. Níl le rá

go raibh sí ag stánadh,ach, agus é ag imeacht, arsa an fear,‘Seo agat na bláthanna.Ná bí buartha, mar

déarfaidh mé lem bheangur thug mé duit iad uilig.’Ansin d’fhág sé slán léi,isteach leis trí gheataí na reilige.

Siúlóidí ar an gCurrachSiúlóidí ar an gCurrach

Tá an domhan seo mór,tá an domhan seo éagsúil.Smaoiním go leor air seo,go háirithe is mé ag siúl

trasna an Churraighis na sceacha faoi bhláth.Bíonn daoine ag lorgáilleachta san íomhá

os a gcomhair féinin ionad taobh istigh.Is trua mór é ant-eolas sin, is mé ag crith

le sceitimíní an tsaoil is mé ag gáire go binn.

Page 7: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 20137

Saíocht an tSionnaighSaíocht an tSionnaighScéal le Scéal le Mícheál Ó CoisdealbhaMícheál Ó Coisdealbha

BBhí léas na maidine ar íor naspéire sa domhan thoir. Bhígaetha órdha na gréine ag

briseadh tríd an dorchadas agus agleathadh a solas draíochta ar an saolmáguaird. Bhí an dúlra i mbarr amhaitheasa an mhaidin álainn úd i míbhuí an Mheithimh, mí mheáin antsamhraidh.

Ba chosúil le péarlaí na deora drúchta abhí ar gach tor agus luibh. Bhí na péarlaícéanna ag athrú datha is crutha, de réirmar a bhí neart ag teacht i solas an laeghil. An ceo teasa a bhí ag clúdachsleasa na gcnoc, bhí sé anois ag leá leneart an teasa ón ngréin. Ní raibh corraíin uisce an locha sa Ghleann Domhain,ach í mar a bheadh scáthán ollmhórann, ag léiriú scáilí iomadúla na timpeallachta. Cá mbeadh an dathadóirnach dtabharfadh a dhá shúil ar an radharc álainn!

Faoin am seo bhí créatúirí an dúlra inalándúiseacht, gach ceann acu ag cur aghlór féin leis an míorúilt a bhí á léiriú.Bhí an chuach ar a mine-ghéire ag síor-chanadh a cúpla nóta, an fhuiseog,báite i ndoimhneas na spéire, ag cur acroí amach. Bhí an coileach fraoigh ag labhairt go láidir garbh ina leabafraoigh. Ina measc, bhí an giorria agbaint leasa as sliabh dóite a d’fhágloscadh sléibhe an earraigh ina dhiaidh.

Thíos sa ghleann, bhí abhainn shlóch-tach mar a bheadh loirgneach a chuaighsan ainmhéid ag diúl uisce an lochaagus á thál isteach i mbroinn na bóchnaa bhí cúpla míle ar shiúl. Bhí cora arinne lámh duine ag an eas, áit ar thit acuid uisce le fána síos sa pholl duibheagáin a bhí mar thearmann agbradáin agus liatháin agus iad ar ambealach chun síolraithe mar a chinn anádúr dóibh i ngaineamhlach an locha.

Pictiúr eile ar fad a bhí ar an taobh eileden abhainn, áit ar fhág an t-oighear nacéadta acra de chloch eibhir ina dhiaidhagus é ar a bhealach chun na mara. Bhían brat clochach seo ar leiceann anchnoic ar feadh cúpla míle slí den abhainn agus í ag síneadh leathmhíleintíre. Ní raibh tor ná luibh fiáin dartháinig trí thalamh nach raibh le fáil

ann, ón tom mochóirí go dtí cranncaorthann na bpisreog, gach ceann acuag tabhairt foscaidh agus tearmainn domhionchréatúirí Dé.

Ina measc siúd a bhí lonnaithe sachlochar ollmhór seo, bhí sionnaigh nahAille Móire agus a gcúram: trí choileánar a raibh sliocht méith na beatha lenartógadh iad le feiceáil ina gcneas agusina n-aclaíocht.

Cén áit eile a raibh leithéid na hAilleMóire le fáil! Trí liagán, gach ceann acuna céadta tonna meáchain, caite inaghaidh a chéile, fáiscthe, daingnithe agtuillte an oighir, ina seasamh sa dóib gobagarthach dúshlánach, gan bacadh leisan ngarda leacach clochach a bhí marchúl taca leo. Le barr sábháilteachta athabhairt don dún seo, d’fhág na tuillteé in ascaill chnoic dhóibe a thug cosaintdó, mar a thabharfadh cearc ghoir d’áluibheacha.

Bhí ál eile sionnach beagnach réidh leisan nead a fhágáil agus a n-aghaidh athabhairt ar an bhfiántas is dual dóibh.An té nár leasc leis an sop a fhágáil agusa aghaidh a thabhairt ar áit chaothúil araghaidh na hAille Móire aon mhaidin anmhí seo, roimh ghealadh lae, bheadhmíleatas, clisteacht agus stuaim nasean-sionnach le feiceáil aige agus iadag oiliúint a gcúram. Sea, bhí saol eile,lán de dhainséar agus contúirt taobhamuigh de bhéal brocaigh na hAilleMóire.

Le breacadh an lae, nó go deimhin,roimhe, thagadh an sionnach fireann go

béal an bhrocaigh. Chaitheadh sé tamallar a ghogaide ag féachaint go géaramhrasach ar an dúiche a bhí amach osa chomhair, ar an ngleann domhainsceachach a bhí ag neadú na habhannthíos faoi, agus ar an gclochar garbhclochach a bhí á thimpeallú.

Nuair a bhíodh a chuid fiosrachta sásaithe, shleamhnaíodh sé le lapaí caiti dtreo carraige a bhí ar dhéanamhboird, scór coiscéim ón mbrocach. Isméideadh na súl, bhíodh sé le neartcoirp agus anama i lár an toim fraoigh, abhí ar aon dath leis féin, i mbarr na carraige. Anois, ní bhíodh dé ag dia náduine air. D’airíodh sé mar rí ar andúiche. D’fhéachadh sé go haireachamhrasach i ngach treo, ar dheis, archlé, ar aghaidh agus ar chúl.

Nuair a bhíodh cosán glan aige, théadhsé de rite reaite i dtreo an bhrocaigh,agus le luas lasrach, bhíodh a chéileagus a mhuirín aige ar an bplásóg a bhíos comhair a n-áit chónaithe.

BBhíodh an suíomh anois cosúil legasra saighdiúirí ag aclaíochtairm ar a gcearnóg thraenála.

Bhíodh an sionnach fireann ar ais inathom fraoigh ar an gcarraig mar ghardafaire, agus a chéile go gnóthachbagarthach dána ag múineadh gliceasagus aireachas a gcine dá gclann. Níraibh sáirsint airm riamh chomh géar arghasra earcach a bheadh faoina chúramis a bhí an sionnach baineann ar antriúr. Bhíodh sí á mbrú, á dtarraingt, á soncadh agus á sclamhadh. Bhíodhorthu rith na scórtha uair timpeall nacearnóige gan scíth, gan anáil, iad báitele hallas, díreach mar a tharraingeofaíin aghaidh easa iad. Nuair a bhí siadsáraithe, thug sí taobh amuigh de theorainn na plásóige iad, áit a bhíclochach leacach, lán de mhion -phluaiseanna. Bhí an áit breac le toimagus tolláin. Anseo, bhí orthu rith faoisceacha, léim thar na toim agus í féinina ndiaidh, réidh le lorg fiacaile afhágáil iontu dá gcoinneodh sí suas leo.

Bhí an fireannach ar feadh an ama seogo léir mar a bheadh oifigeach airm agfaire ar sháirsint ag oiliúint agus agmunlú a chomplacht earcach. Chaith sé

Page 8: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 20138

súil seabhaic i ngach treo. Anuas leisden charraig agus chuir troid bhréige arsiúl idir dhá choileán. Ar an bpoinnte,phreab an tríú coileán in airde ar angcarraig go díreach mar a bhí cleacht -aithe aige le roinnt seachtainí. Shuighsé ar a ghogaide agus d’fhair sé annamhaid. Bhabhtáil na sionnaigh ógapáirt agus ionad le chéile ó am go hamnó gur chuir an tsean-bheirt deireadhleis an dráma.

——◊————◊——

Ní gá a rá go raibh dúil i ngreimbricfeasta, go mór mhór ag na coileáin,ach má bhí, bhí orthu é a shaothrú, marnach ndeachaigh an sionnach fireann agfiach, in aon turas, an oíche roimhe sin.Bhí sé in am an chlann óg a chur idtaithí an tsaoil. Mar sin, d’ardaigh séleis iad, iad ag éaló tríd an gclochar, trídan bhfiataíl, raithneach, sailearnach,sceacha geala agus sceacha draighin nógur shroich siad imeall an chlochair, áita raibh sliabh dóite. Is maith a thuig an

sean-sionnach go mbeadh giorria nódhó ann ag cur a súl thar a gcuid, leis annua-fhéar glas blasta súmhar. Is maith athuig sé freisin go mbeadh ceas orthu,agus nach mbeadh imeacht acu ó shionnaigh óga a bhí fuinniúil, oscarthaaclaithe. D’fhan an ceithre shionnach ibhfolach i dtom aitinn ar feadh achairghearr ag grinneadh dhá shean- ghiorriaa bhí ataithe lena raibh ite acu.

Ar an neomat cuí thug an sean- sionnach brú sna másaí dóibh agus isméideadh na súl bhí an marú déanta.Bhí sé cruthaithe ag an nglúin óg nármhiste iad a fhágáil ar a gconlán féin.Bhí blas agus boladh feola a gcothaithedaignithe ina bpollairí agus ina gcéadfaí,agus iad ar a sástacht ag líochán fuil nacreiche dóibh féin. Cá mbeadh tuismitheoir nach mbeadh mórálach asan ngníomh?

Leis sin, d’éalaigh an sean-sionnach leis,ag déanamh ar a cheannáras. D’fhág séna hóga leo féin, ach is maith a thuig sé

nach raibh an sean-nead tréigthe gofóill acu, rud a chruthaigh siad roimh luígealaí.

Suas le bruach na habhann a chuaigh anseanbhuachaill, a smut le talamh aige,ag súil go n-éalódh sé ar lacha nó ar aonchréatúr eile a bheadh neamh -airdeallach, agus a dhéanfadh béile dóféin agus dá chéile. Ní gá a rá go raibh aghoile i gcúl a ghlaice aige, mar a deiran sean-rá.

Ní raibh an mí-ádh ar fad air, mar ar anmbruach faoi bhun an easa, mura raibhpánaí de bhradán earraigh caite ar bhruach ag an madra uisce, gan ach ancloigeann bainte de aige. B’é a shean-eire é a thabhairt chun na hAille Móire.Ní gá a rá go raibh uisce ag silt ó fhiaclaan bhaineannaigh, nuair a chonaic sí anbricfeasta ríoga os a comhair. B’fhurastaan iarmhairt a chur i bhfolach, nuair abhí dhá ghoile chraosacha sásaithe.

— Críoch— Críoch

DÁNTA DÁNTA Séamus Barra Ó SúilleabháinÓL FíON AN SPIORAID ÓL FíON AN SPIORAID

ól fíon an spioraidtá talamh naofa fút gach áit a mbíonn tú

fan glan ar an tábhairnetá athair agus mac in adharca a chéile annis mná ag cnáfartaigh conablach an chomhraic,an fhíon ródhaor

fan glan ar an sáipéaltá an briathar á cailliúint i monabhar na macallaíis an fhíon á riaradh go sparálta

faigh póirse duit féinchun go mbeannóidh tú iad siúd ag dul thairisgan iachall a chur ar an té nach stopannlig dómás gafa é i gcúram an sclábhaítóg bolgam ina ionad, ina onóir,

ná habair go bhfuil sé coimthíochis cairdiúla an caint ag clannaibh an chroí

bí ag ól, ag ól an fhíona

níl ciall le bheith stuamaar an mbealach míorúilteachtá suailcí i gcónaíá stealladh ar an druncaera

is i meirfean an laemá éiríonn tú traochtataosc den ngrian na deora diamhairenó go bpléascaidh tú

le gliondar.‘CIME’‘CIME’

tánn tú am mhealladhchun iompó im nathair

níos líofa agus slíbhíneach, nimh ar bharr mo theangan gabhlógaí,

an t-aon impí daonna fágtha roimh chlaochlú

go n-aimseod thú

go sciorrfad chugatar shlinn

na dtacóidí a cuireadh

lem’ scríobadhgan oiread is siossss

maoithneach a ligint

trím’ bheola iata

go sleamhnód

idir na bairillí bladhmtha

a líonann an halla le

guth an deataigh

gan oiread is rian den smál a ligint ar mo

chraiceann glas

go ndéanfad slí s í - o s s s s

trí bharraí iarainn do chillín aonair

sara mbrúnn cos duine soineanta

eilear mo dhroim

de thaisme

is má éiríonn lem fhoirm úr

casadh ort go dlúth istoíche

a chomrádaí

beidh plaosc págánach claontasúile ar sceabha

ag fáisceadh timpeall do mhuineáil

ag fágaint póige ar do bhaithis.

OIDEACHASOIDEACHAS

caithim an rang ar chúl an tseomraag cogarnaíl id chluas, t’ainm á scríobadh ar bhun an bhoirdidir na gumaí cogainte

nuair a ghlaonn an múinteoir ormdéanaim neamhairdis stánaim ortsaach tá do luisne ag méadúdo shúile dírithe ar do chóipleabhar

déanfidh tú dearmad ar gach a chailleasar do lorg.

Page 9: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 20139

OILTEACHT CEIRDEOILTEACHT CEIRDEMá bhaineann meadaracht amhránach na sráid-éigse leis ansaghas cumadóireachta ba ghá do Dháiví Ó Bruadair agus nafilí a lean é a chleachtadh in ionad fhilíocht shiollach nambardscol, chleachtaídís freisin ó thosach ornáidíochtfuaime mar a bhíodh ag na filí rompu. Ní gan sinsir cheirde athosnaíodar ar an nua-nós.

Ba mhór an bhua acu é sin, ach maidir le fás an limerick marsheánra sa Ghaeilge tar éis Chogadh an Dá Rí, fágann sévéarsaíocht againn gur fuirist limerick a thabhairt uirthi inearráid, mar a dheineann Úna ina halt. Ceapann sí gur chumSeán Ó Tuama an Ghrinn agus Andrias Mac Craith, an Mangaire Súgach, dánta dí áirithe i bhfoirm limerick, nuairnach bhfreagraíonn an dá leath de líne 3 dá chéile tríd síos:

Is duine mé dhíolas leann láIs chuireas mo bhuidhean chun rangcáis;Muna mbeidh duine ar // mo chuideachta dhíolfasMise bheas thíos leis in antráth …

Do b’ait liomsa ceolta na dteampán, Do b’ait liomsa spórt agus amhránDo b’ait liomsa an gloine // ag Muireann dá líonadhIs cuideachta saoithe gan meabhrán.

Seo freagra an Mhangaire air, mar leanas:

Is duine thú dhíolas steanncán,Buisinn gan bhrígh agus branndán,Is chuireas do chuideachta // ar uireasbhaidh cuímhne’s a n-inchinn líonta dhe mheabhrán …

Ní chluinim ag dís ’n-a gcomhrádhAch go millir an tír le sleamhnán,Slibire an Droichid // is sibh-se go ndíolfadhAr ghloine nó ar dhís bhur gcompán.

Más fíor nach limericks iad, ní easpa cumais is cúis leis. Isealaíonta go deo ceol na siollaí i ndán Sheáin agus i bhfreagra Aindriais araon. I gcás an Tuamaigh tá macalla idtosach líne 2 agus 3 ar an bhfocal ‘duine’ i dtosach líne 1.Agus i ndeireadh línte 2 agus 4 tá macalla, ar nós an limerick,ar dheireadh líne 1 .i. ar ‘dhíolas leann lá’. Muna bhfuildeireadh líne 3 ag freagairt d’fhocal deiridh an chéad leath-líne (.i.mar limerick ‘ceart’) tá an fhreagairt sin taobh istighden dara leath, agus ansin seo an coimpléasc iomlán ‘mochuideachta dhíolas’ á fhreagairt i gcéad leath líne 4.

Is ealaíonta mar an gcéanna an dara véarsa ag Seán, bíodhsin difriúil le mionsonraí ealaíne an chéad chinn. Tá achothrom de chleasaíocht in imirt na siollaí ag Aindrias ar ashlí féin.

San iomlán tá saothar beag seo beirt fhile na Máighe níossofaisticiúla ná mar is gnáth sa Bhéarla.

Mar bhreis air sin, nuair a thagaimid ar limerick foirfeGaeilge is minic a bhíonn a leithéid i bhfad níos ceolmhaire

ná aon ní dá short Bhéarla. Sa leabhar Canfar an Dán lehÚna Nic Éinrí chímid an sort seo ó pheann an Athar LiamEnglish (1709 – 1778) in uimhir 3 ag an bhfile:

Geallaim-se díbh-se nár ghabhadh Prág,’S go mairid a mílí, ’s gur teann táid.Do fearadh go fíochmharAn deabhaidh le fíornimh,’S do greadadh an Rí ’nois le Count Daun. (CD, lch 144)

.i. ‘a – í – au – á,’ trí uaire (línte 1,2,5), agus ‘a – í’ freisin sadá líne ghearra (3,4). Dála an scéil, taispeánann an t-ainm‘Count Daun’ (sic) gurbh as nuachtáin Bhéarla, mar a deir -eann Úna, a fuarthas an scéala ar ar cumadh an fhilíocht Sheacaibíteach faoi ghníomhartha na nGéanna Fiáine’.Bréagnaíonn sin tuairim Dhónaill Uí Chorcora gur ar scéala inGaeilge ó na Géanna thar lear díreach chuig a muintir sabhaile a bunaíodh na heachtraí sna dánta.

FILí MÓRA TAR ÉIS Uí BHRUADAIR FILí MÓRA TAR ÉIS Uí BHRUADAIR An isteach ó Shasana nó ó thíortha eile don nós i gcéaduairnó an raibh dul an limerick sa Ghaeilge ó chianaibh?

Ní deirim gur chum Aogán Ó Rathaille (c. 1670 – c. 1728)limericks go coineasach ach, mar a tharla i gcás Uí Bhruadair,bhí claonadh den sórt céanna sa mheadaracht agus samhaisiúchán aige. Féach an dán aige: ‘Ar Bhás Triúir ClainneThaidhg Uí Chróinín’. Chífear sa dara véarsa ann (nó linte 9go dtí 16, ach líne 11 agus 15 a ghearradh ina dhá líne faoiseach) an limerick dúbalta mar a chum Eoghan Rua i ndiaidhAogáin é.

9 Ciach ghoirt is treighid is pianghoin gan leigheas,10 dianchreach san iarthar is fiabhras dubh tinn,

11a mian ghoil gan meidhir,11b cliabhthuirse is tadhm,

12 Iabhlín i gcria-chille, Diarmuid is Tadhg;

13 A Dhia, d’fhuiling creill is rianloit an Daill,14 dod’ niamh-bhrog leat riaraigh an triar so fá ghreim;

15a ciall rad go saidhbhir15b dá bhfial-athair, gaidhim,

16 go bhféadfadh sé sléachtadh dod’ Dhia-thoil, a radhairc.(Aogán Ó Rathaille, Breandán Ó Buachalla, lch 44)

D’fhéadfadh macalla a bheith ansin ón mBéarla a chlois-feadh Aogán timpeall air, ach má ghearraimid na línte athuilleadh, chífimid go n-oireann an déanamh don ábhar. Is ímeadaracht an chaoineadh í. Go teicniúil is í a foirm ná:

2/3 [(-) i - - (-) iy (-)] agus (-) í/é – (-). Ar son na simplíochta,féach mar a chriochnaíonn gach líne:

9 Ciach guirt is treighid (iy – )is pianghoin gan leigheas, (iy – )

10 Dianchreach san iarthar (í – )is fiabhras dubh tinn (iy)

11 Mian ghoil gan meidhir, (iy – )cliabhthuirse is tadhm (iy)

AN LIMERICK GAEILGEAN LIMERICK GAEILGEStair agus Réamhstair (Cuid 2)Stair agus Réamhstair (Cuid 2)

le Gearóid Ó Clérigh

Page 10: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201310

12 Iabhlín i gcria-chille, (í – – )Diarmuid is Tadhg (iy)

13 A Dhia, d’fhulaing creill (iy)is rianloit an Daill, (iy)

14 Dod’ niamh-bhrog leat riaraigh (í – )an triar so fá ghreim; (iy)

15 Ciall rad go saidhbhir (iy – )dá bhfial-athair, gaidhim, (iy – )

16 Go bhféadfadh sé sléachtadh (é – )dod’ Dhiathoil, a radhairc. (iy – )

Tá sé sin ar aon dul mar le rithim, agus ar a shlí féin, leis angcaoineadh a chum Eibhlín Dubh agus a bantracht ar Art ÓLaoghaire níos déanaí i 1774:

Mo ghrá go daingean tú,Lá dá bhfaca túAg ceann tí an mhargaidh …

An triú líne nó an ceathrú líne, mar atá i gcaoineadh UíRathaille – an triú ag Eibhlín – tá malairt rithime iontu. Bíodhsin mar atá, is ionann an cur chuige ginearálta sa dá dhán.Mar sin féin, coimeádtar an comharda deireadh líne, de réirsleachta, in ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, ach tá maisiúmalairteach go rialta tríd síos ag Aogán. Ní dócha, mar sinféin, gur ó chaoineadh traidisiúnta na Gaeilge a shíolraighlimericks filí an 18ú haois sa Mhumhain, gan trácht ar limericks an Bhéarla.

Ach má tá aon bhlas den chaoineadh traidisiúnta, seachasden Bhéarla a chuala sé timpeall air, i meadaracht an limerick dhúbailte le hEoghan Rua Ó Súilleabháin (1748 –1784) ní oireann sé don ábhar aige. Is é sin munar ba é gobhfuil sé á chaoineadh féin i’Sacsaibh na Séad’:

I Sacsaibh na séad i gcéin óm dhúchasFaoi bharra na gcraobh cois cé na stiúrbharcIs mé ag machnamh ar éagNa bhflatha is na laochI bhfearannaibh Chéin a túrnadh

Le danair i spéirling chúncaisDá gcabhair cé tréan mé i bhfionntarAg fearadh mo dhéarGo lachtmhar le léanGan aiteas gan réim gan subhachas.

(Féach Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Eag. B. Ó C., lch 40)

Seans áfach gur thug an file faoi dearadh an limerick dúbailtea bheith istigh sa dán.

LíNE NÓ LíNTE BREISELíNE NÓ LíNTE BREISESeán Ó Tuama, cuir i gcás, d’fhéadfadh sé líne bhreise nó luinneog a chur le foirm an limerick (f. Filidheacht na nGaedheal le Pádraig Ó Canainn) rud a chuireann i gcuimhnean ‘rondeau’ le Marot agus a chuid deisceabal:

A chuisle na héigse éirigh suas!Is tuirseach in éagcruth mé gan suan Gan duine sa tsaolAg insint scéilAr thuras an té tá i gcéin ar chuaird’S, a Éire mo chroí, tá m’intinn ort.

Ardaíonn sé sin an cheist: arbh amhlaidh go mbíodh líntebreise, luinneog ina measc, i bhfoinse iasachta éigin ónar tarraingíodh an limerick Gaelach? Fágaimís siúd gan freagairt

go fóillín. Mar sin féin, féach an té ar tháinig Seán Ó Tuama inachomharba air ag an gcúirt filíochta a tíonóltaí i Ráth Luirc,Seán Clárach Mac Domhnaill (1691 – 1754). Tá dán cuíosachfada aige dar tús ‘Ag taisteal dom trí na críocha’. Tá limerick lehaithint taobh istigh de shraith línte eile ann, mar atá:

’S a mbratacha ar luascadh in éinfheachtFé mheirgibh maoidhte Laoisigh MhóirAr leirg na gaoithe is taoide leóLe feirg ag tíocht ’s le fíoch na leóghan

Do dhíthchur SheóinAs críochaibh Eoghain

Go dtagaidh arís an Rí don choróinn’s a bhfearann ceart d’uaislibh Éibhir.

(Seán Clárach, Risteárd Ó Foghludha, lch 75)

Agus, dar ndóigh, sa dán ‘Bím-se buan ar buairt gach ló’chomh maith, tá an curfá:

Is é mo laoch, mo ghile mear!Is é mo Shaesar, gile mear.Ní fhuaras féin // aon suan ar séanÓ chuaidh i gcéin mo ghile mear –

a bhfuil dealramh an limerick air ach an triú line a ghearradhina dhá líne. (Is dán a bhfuil spiorad na hAlban ann é seoagus is ar dhán Albanach as Béarla a deineadh aithris.)

Mar an gcéanna le Piaras Mac Gearailt (1709? – 1791), údaran dáin Sheacaibítigh is mó clú, b’fhéidir, ‘Rosc Catha naMumhan’. Bhí sé ina Ard-Sirriam Leithe Mogha agus bhí CúirtÉigse Uí Mocaille, nó Cúirt na mBurdún, faoina stiúradh imBaile Uí Chinn Fhaolaidh in oirthear Chontae Chorcaí. Bhainsé le dúthaigh a raibh áitreoirí móra Seacaibíteacha ann óaimsir Shéamuis II a bheith ina Rí coróineach. Orthu san bhíéarlamh na bhfilí i mBaile na Speire, Sior Séamus Mac Coitir, afuair bás i 1705. D’fhág sé mac ina dhiaidh, Séamus Óg, acrochadh i 1720 tar éis gur mhóidigh bean gur éignigh sé í. Badhóigh leis na daoine gur leannán leapa a bhí aige le tréimhsea bhí inti, agus gur dhúnmharú faoi scáth dlí a bhí ann ag anmbreitheamh a dhaor é. Den cheantar céanna Gearóid deNógla, Bhaile Uí Ghrífín, gníomhaire an Stíobhartaigh lehaghaidh Chúige Mumhan agus athair Nano de Nógla,bunaitheoir Siúracha na Toirbhirte ag deireadh an 18ú haois.

Is í an cháilíocht is suimiúla againn i leith ‘Rosc Catha naMumhan’ le Piaras go leanann curfá gach véarsa de. Tá ancurfá i meadaracht atá éagsúil leis an dán féin. Tá sébríomhar beo. Seo sampla:

Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim,Is dá maireann go dubhach de chrú na mbua,Torann na dtonnLe sleasaibh na longAg tarraingt go teann ’nár gceann ar cuaird.

AMHRáIN GHRáAMHRáIN GHRáAnuas ar na dánta Seacaibíteacha go léir tá na hamhráinghrá ar nós ‘Dún na nGall’ le Liam Rua Mac Coitir (ob. 1738):

Ó rú, a chailín, ó rú, a chailínA chailín bhán na liath-rosc mallMuna bhfaghaidh mé seal díotBeidh mé in aicíd‘S mé sínte in aibíd i nDún na nGall.

Limerick neamh-fhoirfe gleoite! Duine ba ea Liam Rua a leanLiam Mac Cairteáin an Dúna (c. 1670 - 1724) ina cheann ar

Page 11: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201311

Dhámhscoil na Blárnan. A chomharba féin ná Seán Ó Murchadha na Ráithíneach (1700 – 1762).

Tá dán álainn ann le Liam Inglis. Más limerick é, is beag idirfad (nó giorracht) an chéad dá líne, maraon leis an línedeiridh, agus línte a trí agus a ceathair:

Tá óigbhean sa tír’s is eolach dom í.Is trom a folt;is ramhar a rosc,’s modhail ’s is maiseach í.…

Is fada réidh mo chuairt,ag éaló léi cois cuain.Dá mbeinn gan éinn’ag gol thar m’éis,ná bean a dhéanfadh buairt. (Canfar an Dán, 12, lch 92)

AN TáTAL (NÓ ACHOIMRE)AN TáTAL (NÓ ACHOIMRE)

Bíodh nach féidir a rá go neamhbalbh nach raibh cosúlachtan limerick le fáil in Éirinn go coinfheasach roimh an 17úhaois, tráth a raibh an Béarla ag leathnú go tiubh, shín anfhoirm siar san Eoraip go dtí cathair na hAithne réamh-Chríostaí. Glacadh isteach sa saol Rómhánach é agusleanadh lena chleachtadh i rith na Meánaoiseanna. Bhí anLimerick, agus foirmeacha eile cosúil leis, bunaithe i Sasana.

Duine díobh siúd is mó a bhí dílis in Éirinn don teaghlachStíobhartach agus don Bhéarla, ba ea Séamus de Buitléir, ardeineadh céad Diúc Urmhumhan de. Faoina thionchar siúdchas an uasal aicme, a raibh sinsearacht mheasctha acu, idirGhaelach agus choilíneach, go dearfa ar theanga Shasana,agus is dóichí gurbh iad na coilínigh Chromalacha, a d’fhágSéarlas II agus a Dhiúc i seilbh na hÉireann, a spreag anBéarla agus a nósanna sráid-éigse i measc an phobail.

Bhí oifigigh Fhrancacha sa dá arm a bhí ag troid i gcoinne achéile in Éirinn i 1691– 92. Sin tráth a raibh nós an rondeau áchleachtadh go beo athuair i measc fhilí na Fraince, agus bhífoirm den rondeau ann a raibh an dul a–a–b–b–a dá dlúthagus dá hinneach. B’éasca-de don limerick, ar an dul céanna,teacht ar an saol an uair sin mar ghné neamhspleách saBhéarla agus sa Ghaeilge araon, mar go raibh a chosúlacht,an limerick neamh-fhoirfe, ann cheana mar nós dúchais saBhéarla agus le caoga éigin bliain i gcás na Gaeilge, le linndon Bhuitléireach a theacht ina Dhiúc go hÉirinn.

Tá foirm an limerick le hathint istigh i ndánta áirithe lehAogán Ó Rathaille (1670-1729), file a bhí faoi lán seoil inaimsir Chogadh an Dá Rí agus sna blianta ina diaidh. Níortháinig mé ar eiseamláir den chruth céanna roimhe saGhaeilge. Tá limerick luath ar fáil sa Bhéarla, ‘Hickory, Dickory, Dock’. Tá a theagasc ar aon dul le ‘The Grand OldDuke of York’, giota sráidéigse is fearr a oireann do ShéamusII an Chaca ná d’éinne eile. Is é is dóichí gurb é is brí don limerick gur bhuail clog na cinniúna nó gur theith an ‘luch’,mar a theith Séamus ón gcath. B’fhuirist an tuairim sin achruthú dá mbeadh dáta cruinn againn do chumadh ‘Hickory, Dickory, Dock’.

Tháinig flosc faoi chumadh an limerick ach go háirithe imeasc fhilí na Máighe sa chéad leath den 18ú haois, ach níorbhain ainm na cathrach leis, mar níor nós ag Gaeil na haimsire sin iad féin a shuíomh de réir bailte uirbeacha, achde réir na sean-dúichí sinseartha. Chuir na filí ealaín agceirde sinsearaí isteach sa nós úr.

Murab ionann is na Sasanaigh, is ar son fhilleadh na Stíobhartach agus na n-uaisle Éireannacha a ghabh i bpáirtleo, a glacadh leis an limerick Gaelach. Bhí eiseamláir inGaidhlic na hAlban ag na filí in Éirinn. Le haimsir glacadh lehábhair seachas bolscaireacht pholaitiúil.

Is nod é an curfá i Sasana ina bhfuil na focail ‘Will you comeup to Limerick?’ gur mhair iar-chuimhneamh ar chathLuimnigh in aigne na Sasanach go dtí deireadh an 18ú haois,agus mar sin, gur leanadh le cumadh limericks i Sasana agusi saol an Bhéarla isteach sa ré Victeoireach agus ina dhiaidh.Ach de réir mar a dhírigh iúl an phobail ar an véarsaíocht, isea is éasca a d’éirigh sé dóibh nós an churfá a ligint i ndear-mad, agus a dtuiscint ar an bhfáth stairiúil a bhí leis an bhfoirm dá réir.

Níl i nós lamhainní a chaitheamh in ollscoil Cambridge achtaisme nach mbaineann le háireamh, pé méid méireanna abhí ag gaigí na hollscoile san 18ú haois déanach.

LEABHRA A CEADAíODH: LEABHRA A CEADAíODH: ––Random House Dictionary of the English Language, eds. J.

Stein, L. Urdang et al., Random House, N.Y., 1966

Edward Lear’s Nonsense Omnibus, Frederick Warne & Co. Ltd., London & New York.

Duanaire Dháibhí Uí Bhruadair, eag. Rev. John C. MacErlean,S.J., I.T.S., London, Cuid I (Iml. XI) 1910, Cuid II (Iml. XIII)1911, Cuid III (Iml. XVIII) 1917.

Dánta Aodhagáin Uí Rathaille, Patrick S. Dineen, David Nutt,London 1900,

Aogán Ó Rathaille, eag. Breandán Ó Buachalla, Field Day, BáC2007.

Párliament na mBan, eag. Brian Ó Cuív, DIAS, (1952) 1977.

Canfar an Dán, Úna Nic Éinrí, An Sagart, An Daingean, 2003.

Filidheacht na nGaedheal, eag. Pádraig Ó Canainn, PressNáisiúnta, BáC, 1942.

Seán Clárach Mac Dónaill, eag. Éamonn Ó hÓgáin, Field Day,2011

Eoghan Rua Ó Súilleabháin, eag. Breandán Ó Conchúir, FieldDay, 2009

Tradisiún Liteartha na nGael, J.E. Caerwyn Williams agusMáirín Ní Mhuiríosa, Clóchomhar, BáC, 1979.

The Irish Literary Tradition, J.E. Caerwyn Williams, Patrick K.Ford, U. of Wales Press, Cardiff, 1992.

The Penguin Book of French Verse 2, Sixteenth to Eighteenth Centuries, ed. Geoffrey Brereton, 1958.

Anthologie de la Poésie française, Georges Pompidou, Hachette, Paris, 1961.

Nouvelle Anthologie des Troubadours, Jean Audiau & RenéLavaud, Lib. Delagrave, Paris, 1928.

Poesía de Trovadores, Trouvères y Minnesinger, Ediciónbílingue, Carlos Alvar, Alianca, Madrid, (1981),1982.

Oxford Companion to French Literature, Harvey and Heseltine,OUP, 1959.

The Great Melody, A Thematic Biography of Edmund Burke,Conor Cruise O’Brien, Sinclair-Stevenson, London,1992.

———◊——————◊———

Page 12: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201312

Seo an tríú rabharta den dialann -aíocht ó pheann Dhiarmuda UíGhráinne. Sa dá cheann eiled’fháisc sé chuige deacrachtaí natuaithe agus na feirmeoir eachta,rud a thug léargas dúinn arthaobh istigh agus ar thaobhamuigh an tsaoil sin.

SSa cheann seo Ó Rinn Go Sáil 3, braitheann tú go bhfuilsé ag labhairt ón taobh istigh go hiomlán. Tá bua mórag an údar agus é ag cur síos go machnamhach ar an

saol mar a bhí agus mar atá – an gnáthdhuine bocht faoichrann smola ag an gcinniúint a chreimeann a acmhainnbheatha ó chliabhán go cónra:–

An fómhar aríst. Na duilleoga ag feo, fothramán sagcúlmhacha agus ag cnagadh ag an doras iata mar abheadh creill an bháis ann. An stoirm láidir ionann is inaaraicín. … bliain eile ionann is críochnaithe agus muid bliain eile níos gaire do Shamhain liath na cille …feithíonnduine leis na smaointe seo agus titeann in umar anéadóchais. Ach ní chabhraíonn séasúr seo an éaga leisnuair a fheiceann sé claochcló agus bás ina thimpeall.

Ach bogann sé go réidh ó chuing an dianmhachnaimh gognáthchúrsaí feirmeoireachta, mar a bhfuil sé ar a shocrachtleis na fadhbanna a ghabhann leo. Tugann sé aghaidh arAonach an Mháma i gConamara, é féin agus Micheál MacMuiris Rua. Ceannaíonn sé sé chinn de laonna, trí cinn dóféin agus trí cinn do Mhicheál Rua, ach ní raibh an t-aistearabhaile chomh réidh agus é dubh dorcha gan trácht ar aeachtraí féin. Stop na Gardaí é, toisc nach raibh solas ceartar an leantóir, dúirt sé go mba leis an veain, ach nach raibhsé á thiomáint, toisc radharc na súl gan a bheith ar fónamh.

‘Is léir go bhfuil sin fíor,’ arsa an bangharda, ‘muna bhfeiceann tú cé chomh ciotach is atá an solaisín faonlag.’

Fuaireadar rabhadh an leantóir agus na soilse a bheith in ordfaoi cheann deich lá agus é a thaispeáint ag an mbeairic.

Spreagann na leabhair a léann sé é chun cur síos gonta adhéanamh ar an eachtraíocht, go háirithe an ceann faoinMarascal Pétain, a bhí i gceannas shaighdiúirí na Fraince lelinn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Theastaigh ó thrúpaína Gearmáine Páras a ghabháil ,agus chuige sin thángadaranoir aduaidh go baile Verdún:–

Ba bheag nár éirigh le plean na nGearmánach, nó gurtháinig Pétain ar an láthair. D’eagraigh seisean cosaint anbhaile agus thóg bóthar idir é agus an Phríomhchathair lego bhféadfaí saighdiúirí agus armlón a iompar go láthairan chatha ar éascaíocht. Glaodh an Voie Sacrée ar seo.D’fhostaigh sé lucht tacsaithe Pháras le trúpaí a iompar óthuaidh. Bhí an troid in Verdún, fuilteach, barbartha, ceatach, ach d’éirigh le Pétain agus níor gabhadh Páras.

Tá luí álainn ina chuid scríbhneoireachta leis an nádúr agusan iliomad cruthanna a chuireann sé de. Seo é ag fanachtthiar ag an mbaile le bus na Ceathrún Rua:–

Shiúil mé sa solas feithchiúin suas trí áirsí choill chrion nabhForbacha in Aill an Phréacháin agus na héanacha ag curdíobh lena gcuid aitis a chur in iúl. Ba mhil ar mo chroí nafuaimeanna go léir a tháinig ón gcoill. Glór slóchtach nabpréachán ag déanamh cúraim dá gcuid neadracha.Cuachaíl na gcolm agus píobaireacht an loin duibh.Shamhlófá nach raibh smál ná ailse sa saol agus tú sanionad flaitheasach seo.

Ach tagann cor aisteach ina shaol nuair a chuirtear in iúl dógo bhfuil ailse air. Cuireann na scrúduithe iomadúla ag nadochtúirí olc agus pian air nach féidir a shárú. Tagann rannleis an Ríordánach inár gcuimhne ina ndéanann sé cur síos aran dtroid idir an duine agus an phian:–

Lean na pianta ag argóint,Mise an t-ábhar,Focal níl sa phianfhoclóirNá rabhas ann. ‘Na Fathaigh’, le Seán Ó Ríordáin

Cuireann pianfhoclóir Uí Ghráinne in iúl dó, agus dúinne, aéasca atá sé an duine a chur dá threoir, dá dhásachtaí é.Cuireann an smaoineamh seo sceon orainn, óir tá an uiledhuine againn i ngreim ag an mbás ó tháinig ann dúinn.Nach breá an rud é, go dtagann log an dearmaid idir muidagus é, ár bhfaoiseamh seal.

Ach tagann faoiseamh aigne agus coirp chuige agus é agspaisteoireacht cois cladaigh thiar ag an mbaile:–

Bhí an taoille ag tuileadh agus cúpla broigheall le feiceáilar Leac an Phíobaire. Bhí an fharraige ina tobar agus ganach slapáil fánach ag na tonnta ar an trá. Shuigh mé fúm isáinn foscúil na haille a bhí ina teálta ar an ngaoth aduaidh. San ionad sin dom agus m’aghaidh anonn arAillte an Mhothair, bhí mé chomh sócúil lena bhfaca túriamh.”

FFilleann sé ar phár conspóideach na scríbhneoireachtaagus lucht a cheirde. Caitheann sé tuairim faoi scríbhneoirí Éireann agus an domhain. Ina measc siúd

tá Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó hEithir, Tolstoy na Rúiseagus Camus, ar aistrigh sé scéal dá chuid, An Strainséara, goGaeilge. Seoladh an leabhar i mBéal Feirste agus fuair séardú meanma oíche a sheolta, le feabhas agus cruinneas naGaeilge agus na smaointeoireachta i gCultúrlann Mac AdamÓ Fiaich sa chathair sin.

Bíogann sé muid leis an bhfocal deireanach, gur trí sheans atharlaíonn gach rud agus a deir sé:–

Is mar sin dom féin ó tháinig an ailse orm. Tharla rud éigindom. Ardaíodh mé aníos ón gcarn aoiligh, cé gurb eol domgur rugadh mé le bheith i mo thada. Léiríonn an dá eachtra seo, agus an pháirt atá ag an seans iontu, an dúilatá ag an duine fáiltiú roimh rud ar bith dá amscaí é. Tugann na heachtraí seo, ar chosúil le scáil thoirní iad,spléachadh don duine ar dhomhan nach díobh é.

Is leabhar é seo, gur fiú duit do mhachnamh a dhéanamh gomaith air. ◊

Snoíodóir snasta focalÓ RINN GO SÁIL 3: DIALANN TUAITHEÓ RINN GO SÁIL 3: DIALANN TUAITHE

Diarmuid Ó Gráinne. Coiscéim, 2013. €7.50á léirmheas ag Seán Ó Ceallaigh

Page 13: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie 13

Cumann Gaelach Choláiste na TríonóideCumann Gaelach Choláiste na TríonóideDon dara bhliain as a chéile, ghnóthaigh Cumann Gaelach Choláistena Tríonóide príomhghradam i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael(duais €2,000 urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna), maran cumann mac léinn is fearr sa tír. Is breá an t-aitheantas, i ndiaidhna sároibre atá déanta againn i mbliana, arsa Andrew King, Reachtairean Chumainn. Is léiriú iad na gradaim seo ar an bpaisean, fuinneamhagus dúthracht i leith na teanga atá le feiceáil i measc bhaill uile anChumainn Ghaelaigh, dar le Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge anCholáiste: ‘Tarraingíonn na gradaim seo dea-cháil ar an gColáiste agustréaslaím iad leis an Reachtaire agus leis an gCoiste.’ • Tá an CumannGaelach ar cheann de na cumainn is mó i gColáiste na Tríonóide.Bunaíodh é i 1908 agus bhí go leor daoine cáiliúla rann pháirteachann thar na blianta. Eagraíonn an Cumann neart imeachtaí sóisialta agus cultúrtha, díospóireachtaí, cainteanna poiblí, seisiúincheoil & amhránaíochta, ranganna damhsa agus eile, agus tugtar turas ar Oireachtas na Gaeilge gach bliain. Eagraíonn an Cumannciorcal comhrá gach oíche Mháirt i rith an téarma i Seomra na Gaeilge, agus glacann na baill páirt in oíche na mac léinn i gClubChonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair an oíche chéanna. Buaicphointe na bliana is ea Éigse na Tríonóide, mór-fhéile bhliantúilchultúrtha, i gcomhar le hOifig na Gaeilge. Eolas: [email protected][email protected] • www.tcd.ie/gaeloifigEolas: [email protected][email protected] • www.tcd.ie/gaeloifig

An tAcadamh, CarnaAn tAcadamh, CarnaTháinig 26 toscaire as deichdtír Eorpach le chéile agceann d’ionaid oideachaisagus chultúrtha Acadamh nahOllscolaíochta Gaeilge, OÉGaillimh, ar 18 agus 19Meitheamh chun ardánnuálach idirlín a chuireannfoghlaim teangacha chuncinn a phlé. Faigheann antogra maoiniú ó EACEA (Education, Audiovision & Culture Executive Agency) de chuidan Aontais Eorpaigh faoin gclár Foghlaim Fadsaoil. Bhí toscairíón gCipir, An Eastóin, An Ghréig, An Iodáil, An Pholainn, AnPhortaingéil, An Rómáin, An Spáinn, Tír na mBascach agus óShasana i láthair, chomh maith leis an Dr Laura IncalcaterraMcLoughlin, ceannaire an togra in OÉ, Gaillimh, an DrDorothy Ní Uigín, Rose Ní Dhubdha agus Jennifer Lertola, asOÉ Gaillimh, chun obair a dhéanamh ar ClipFlair: Foghlaim Teangacha Iasachta trí Fhotheidealú agus Athghuthú Idir -ghníomhach Míreanna (www.clipflair.net). Aidhm ClipFlair nátacú le foghlaim teangacha trí úsáid a bhaint as feidhmchláráisiúil don athghuthú agus don fhotheidealú. Úsáideannmúinteoirí teanga ábhar closamhairc go minic ina gcuid ranganna ar mhaithe leis an éagsúlacht, agus chun míreannacultúrtha neamhbhriathartha a chur i láthair na bhfoghlaim -eoirí, agus níos tábhachtaí fós, chun míreanna teang -eolaíochta agus cultúrtha na cumarsáide a chur i láthair igcomhthéacs cuí. Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí uaireanta,

áfach, tascanna gníomhacha a aimsiú a spreagfadh foghlaim -eoirí agus a sheachnódh an fhéachaint éighníomhach. Is feidhmchlár áisiúil é ClipFlair chun gníomhaíochtaí a fhor-bairt agus a úsáid, a spreagann foghlaimeoirí chun ábharclosamhairc a úsáid i mbealach éifeachtach, trí dhubáil adhéanamh nó fotheidil a chur le mír físe (radharc ó scannán,mír faisnéise nó nuachta etc). Is féidir ansin na gníomh -aíochtaí a roinnt trí Ghréasán Sóisialta ClipFlair. Chuaigh ant-atmaisféar réchúiseach, cairdiúil i bhfeidhm ar chách agusdúirt an Dr Stravroula Sokoli, ó Computer Technology Institute, Patras (An Ghréig), ceannaire an togra, go raibh anteacht le chéile i gCarna, tairbheach agus taitneamhach agusnach ndéanfaí dearmad go héasca air. Dar leis an Dr DorothyNí Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, chuidigh anturas go Carna le heolas a scaip eadh ar obair an Acadaimhagus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh trí chéile agus iad ag breith an oideachais as an ollscoil agus amach i measc nabpobal. Tagann seo lena bhfuil ar bun ag ClipFlair, atá ag scaipeadh oideachais ar dhaoine tríd an idirlíon.◊

ÓG-ÓGRAS NA MUMHANÓG-ÓGRAS NA MUMHAN: : Baill d’Óg-Ógras a bhain tait-neamh as gó-kairteáil ag Kilcornan Karting i gCill Churnáin, Co.Luimnigh, agus a thug cuairt ar Pháirc an Chora (Currachase) ledeireanas. • Chun tosaigh, C-D: Ruairi Ó hAllmhuráin, DarraghÓ Fuaráin, Dara Ó Cearnaigh, Donncha Ó Loingsigh, Seán ÓDubhghaill, Rónán Ó Maolruan aigh, Róisín Ní Mhaolruanaigh,Daithí Ó Súilleabháin. • Ar Chúl, C-D: Michelle Ní Allmhuráin,Laura Ní Aogáin, Sinéad Ní Fhuaráin, Séamus Ó hAllmhuráin,Sinéad Ní Choileáin, Ciarán Ó Coileáin, Bryan Ó Siocháin, TadhgÓ Fuaráin, Lisa Ní Chearnaigh. Breis eolais faoi Óg-Ógras óoifigeach forbartha Chúige Mumhan, Risteárd Ó Fuaráin,087-2194992 agus [email protected]

Page 14: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201314

IIs é ‘Punt Isló’ an naoú leabhar déag ó pheann MhaidhcDainín Uí Shé. Ó tháinig a chéad leabhar amach sé blianais fiche ó shin, tá Maidhc ‘cúramach’, mar a deirtear. Tá

sé i mbun pinn ar bhonn leanúnach agus tá rath agus bláthar a shaothar i gcónaí. Is cuma, ar bhealach, cad atá cumthaaige nó cad a chumfaidh sé amach anseo, beidh a ainm i gcónaí ceangailte le A Thig Ná Tit Orm, scéal a bheatha afoilsíodh sa bhliain 1987. Tá an leabhar céanna ar chúrsa nahArdteistiméireachta le fada. Ghlac sé áit Peig ar an gcuraclam nuair a tháinig deireadh lena ré-san. Is cinnte godtaitníonn saothar Mhaidhc níos mó le daltaí ná mar athaitin ‘Peig’ riamh leo, áfach.

Maireann Maidhc ar an gCarrachán, acheantar dúchais, i gCorca Dhuibhne, ‘igceartlár a mhuintire’, mar a déarfáagus tá a rian sin ar a shaothar. TáMaidhc umhal dá phoballéitheoireachta agus tugann sé dóibh adteastaíonn uathu i gcónaí. Tá an t-ádhdearg leis pobal léitheoirí a bheith aigeina cheantar dúchais. An rud is annamh….

Seo an leabhar is fearr óna pheann lefada, dar liom. Fuair sé creatlach anscéil thíos faoin gcnoc i gceantar anLeitriúigh, mo cheantar dúchais féin, ibhfad siar sna luath-seachtóidí nuair a

bhí sé ag bailiú bainne thíos ann do Kerry Co-Op. Chuir séaithne ar Mhicheál Ó Muircheartaigh, feirmeoir, a raibh‘Pound a Day’ nó ‘Punt Isló’ mar leasainm air (Bhí sé ar abhean chéile roimhe ach bronnadh air é nuair a cailleadh ísiúd c. 1963). Tharraing an leasainm aird Mhaidhc. Is é creatlach an scéil ná go raibh an Muircheartach as Faicheseo pósta ar áine Ní Mhurchú (áine Ní Néill san úrscéal seo)ó Bhaile Uí Dhuinn. Chuaigh sí siúd go Meiriceá uair éigin snatríochaidí agus fuair post le fear gnó saibhir éigin. D’fhill sí arÉirinn c. 1942/43, agus go gairid ina dhiaidh sin phósMicheál thuasluaite. Fuair sí ‘punt in aghaidh an lae’ óna fostóir thall, punt a bheadh aici go lá a báis. Ba mhór anméid airgid é sin sna daichidí agus sna caogaidí bochta, ocracha ach go háirithe: ba gheall le fortún é le bheithmacánta faoi.

Conas ar tharla sé go bhfuair sí an fortún seo? Bhuel, seo éan scéal a ríomhtar san úrscéal. Ní ghéilleann Maidhcd’fhíricí an scéil ach cruthaíonn a leagan féin de, ag baint deagus ag cur leis mar a oireann. Sa phróiseas éiríonn leislaochscéal nó banlaochscéal den scoth a chruthú, laochscéala choiméadann an léitheoir ar chiumhais na cathaoireach.Ligeann sé don scéal a bhealach féin a dhéanamh ó thúsdeireadh. Cruthaíonn sé carachtair shochreidte agus fásannagus forbraíonn an plota go nádúrtha ar bhealach

taitneamhach. Tarlaíonn cuid de na himeachtaí in áiteannaéagsúla ar fud na hEorpa, ach sa Ghearmáin go speisialta lelinn an Dara Cogadh Domhanda, agus tá an chuid seo denscéal ar fheabhas.

Scríbhneoir traidisiúnta é Maidhc Dainín. Insíonn sé scéal.Sin an méid. Insíonn sé an scéal áirithe seo i stíl shimplí,dhúchasach, nádúrtha. Tá saibhreas teanga aige san insint,agus seachnaíonn sé friotal casta agus carraigeacha mórad’fhocail ar mhaithe le léitheoirí a mhealladh. D’éinne atá agfoghlaim na teanga is cinnte gur áis iontach a bheadh saleabhar seo. Tá sé tábhachtach caint na ndaoine i gCorcaDhuibhne, agus i nGaeltachtaí nach é, a chaomhnú agus aneartú. Déanann Maidhc Dainín é sin go rí-mhaith. Is údarmacánta é, agus níl aon éirí in airde ná scaothaireacht agbaint leis. Scríobhann sé óna chroí agus bíonn sé dílis dáchuid prionsabal féin. Mar a deir sé féin ‘is gnáthdhuine méa bhfuil scéal le hinsint agam’. Díreach é.

Seo an leabhar is fearr óna pheann ó foilsíodh A Thig Ná TitOrm na blianta fada ó shin, im thuairimse. Is cinnte nach éan ceann deireanach ach an oiread. Bulaí fir! Is fiú go mór éa cheannach agus a léamh agus sult a bhaint as an scéalbreá, spleodrach atá istigh ann.

TTháinig Louis Mulcahy chun cónaithe go dtí Baile anFhirtéaraigh i gCorca Dhuibhne tamall maith de bhlianta ó shin. Tá clú agus cáil dhomhanda air mar

photadóir. Tá Ionad Potadóireachta na Caolóige i gCloichear,Baile an Fhirtéaraigh, ina shainchomhartha aitheanta um andtaca seo agus tagann daoine ó chian is óchóngar go dtí an áit chun breathnú ar napíosaí breátha potadóireachta agus iad acheannach.

Níor thosnaigh sé ag cumadh filíochtaGaeilge go raibh sé ‘anonn sna blianta’mar a déarfá. Daoine mar Mháirín Feirtéar,nach maireann, an Moinsíneoir Ó Fiannachta agus daoine nárbh iad a ghríos -aigh é chun dul i mbun pinn. Is é DháChlog ag Bualadh toradh a ngríosaithe.

Mar is eol do chách is crua-cheist mhór igcónaí é don té a bhogann isteach saGhaeltacht ón taobh amuigh ar chóir dóscríobh i nGaeilge nó i dteanga eile. Iadsiúd a roghnaíonn an Ghaeilge, bíonn sliabh ard, chomh hardle Cnoc Bréanainn, le dreapadh acu. Cé go nglactar leo marchuid de phobal na háite ar bhonn pearsanta ní ghlactarriamh leo mar ‘scríbhneoirí áitiúla’, im thuairimse. Ar anábhar sin, bíonn sé fánach acu a bheith ag ligint orthu gur desmior agus smúsach na háite iad. Ar an ábhar sin, is fearr‘dánta ró-ómósacha agus dearcadh ró-urramach, ró-liúitéiseach’ a sheachaint. Caithfidh an t-ealaíontóir a

Punt IslóPunt Isló le Maidhc Dainín Ó Sé. Coiscéim, 2013. 206 lch. €8. Bog.

Dhá Chlog ag BualadhDhá Chlog ag Bualadh le Louis Mulcahy. An Sagart, 2012. 86 lch. €12. Bog.

Ó Fhocal go FocalÓ Fhocal go Focal - ceárta na filíochta- ceárta na filíochta le Dolores StewartCoiscéim 2012. 236 lch. €15 Bog.

Léirmheasanna le Mícheál Ó Ruairc

Page 15: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201315

bhealach féin a threabhadh i gcónaí trí pé coill a chuirtear osa chomhair.

Is file macánta é Louis Mulcahy. Mar photadóir tuigeann ségur ceird umhal í ceird na filíochta, ceird sheachantach abhíonn de shíor ag éalú uait. Creideann gach file nach bhfuilan dán a theastaíonn uaidh a scríobh scríofa fós aige. Tádánta maithe scríofa ag Louis sa chnuasach seo, dánta ar nós‘Dallamullóg na hÓige’ (lch. 18); ‘Suaimhneas’ (lch. 22); ‘AnLá Geal Úd Fadó’ (lch. 31/32); ‘Deich chun a Cúig’ (lch. 52)agus ‘Lár na hOíche 2010’, atá anseo thíos ina iomláine:

I lar na hoíche tagann siad; na taibhsí.Sceimhle a ruaigeann codladh;Smaointe ar an drochshaol a bheidh i ndánmá theipeann ar ghnó.Machnamh ar cad a thitfidh amachmá imíonn cúrsaí níos faide chun donais;má leanann an cúlú eacnamaíochtago bun an bhairille;tigh, sláinte, comhaltaí, meas agus aitheantas caillte.Gan fágtha ach an téad;i bhfad uaim an smaoineamh fé sholas an lae.

Is maith liom an t-ionracas agus an dearcadh intleachtúil aléirítear sna dánta pearsanta seo. Bíonn ar mo chumasspléachadh a fháil ar aigne agus ar phróiseas smaoin-teoireachta an fhile. Is maith liom na dánta freisin a bhfuilcur síos grinn, géarchúiseach, tomhaiste déanta iontu. Nuaira nasctar súil an photadóra agus súil an chumadóra focal,gintear dánta ar nós na gceann seo a leanas as angcaidreamh: ‘Danny ina Dhúthaigh Féin’ (lch. 70); ‘AnStáisiún’ (lch. 76/77) agus ‘Giorria’ (lch.56.) atá ina sheoid dedhán, dar liom, agus a chríochnaíonn mar seo a leanas:

An mhaidin dár gcionn bhí an freagra agam:cathaitheoir mamach i gcóta breá fionnaidha haoibh ag corraí mo choirp – ag baint craicinn chomh diamhair dícheallachle hÉabha an mangaire mealltach.

Nílim ró-thógtha le cuid de na dánta ‘poiblí’ ina bhfuil rudaí‘polaitiúla’ le rá ag an bhfile. Ná nílim tógtha in aon chor leisna dánta ‘leithscéalacha’ ina gcaoineann an file a theirceGaeilge, dar leis féin. B’fhearr dánta mar iad a fhágáil ar lár.

Mar chéad chnuasach seasann sé an fód, agus mar atá ráitetá dánta maithe ann. Táim cinnte go mbainfidh an file seofómhar na filíochta mar a bhain sé fómhar napotadóireachta cheana féin sna blianta atá amach romhainn.

II s saothar toirtiúil é Ó Fhocal go Focal. Is file aitheantaagus aistritheoir í Dolores Stewart a bhfuil cnuasaighfilíochta i nGaeilge agus i mBéarla i gcló aici. ‘Séard atá

ann ná teasáras filíochta ina ndéanann an t-údar iarracht aréagsúlacht na teanga a thaispeáint. Deirtear linn sa Réamhrágo dtarraingíonn an t-údar as an-chuid foinsí éagsúla ‘inameasc siúd: Ó Dónaill, De Bhaldraithe, Mac Cionnaith, ÓDuinín agus O’Neill Lane chomh maith le Peig Sayers, ÓCriomhthain agus Ó Cadhain’ agus as foinsí eile nach iadagus í ag cur an leabhair seo i dtoll a chéile. Dála an scéilgabhann dhá Réamhrá leis an leabhar, ceann as Gaeilge agusceann as Béarla. Is i nGaeilge amháin, áfach, atá téacs anleabhair. ‘Maidir leis an aonteangachas á úsáid anseo, ciallaíonn sé freisin nach bhfuil an Ghaeilge feicthe i scáthánan Bhéarla (mar is gnách) agus gur teanga gan teorainn í.’

Ó thaobh leagan amach de, baintear feidhm as ceithre rannaéagsúla: an t-ainmfhocal (AF); an Aidiacht (AD); an Briathar(B) agus an dobhriathar (DB). Is i nGaeilge amháin a dhéantar an gnó a chur i gcrích. Is mar chabhair d’fhilí gopríomha an leabhar: ‘… b’í an fhilíocht a chuir tús leis anobair seo. Má tá dearcadh na filíochta le fáil ann, agus máspreagann sé léitheoirí chun samhlaíochta, beidh mé thar abheith sásta leis.’

Seo sampla amháin: (uaireanta bíonn dhá leagan den bhfocal céanna clúdaithe sa leabhar, ie (1) agus (2): –

Anam: AF (1) * anam agus corp, meanma, spiorad, taibhse,gósta, an t-anam,

AD * anamúil, spioradálta, osnádúrtha, damanta,

B * ag coinneáil ort idir anam is chorp,ag guí le hanam na marbh, ag ofráilAifrinn ar son anamnacha na bhfíréan,ag aithrí ar mhaithe le d’anam, ag tab-hairt na déirce dóibh le leas d’anama,ag déanamh d’anama roimh bás, agmoladh dó a anam a shaoradh, agaithint croí agus anam na cuideachtaann, ag cur aimliú an domhain sacheol,

DB * go hanamúil, go spioradálta, gomeanmnach,

Anam AF (2) * beatha, bith, saol, ré, anáilna beatha, an t-anam,

AD * beo, beo beathach, fuinniúil, cuisleach,

B * ag rith lena anam as an áit, ag imeacht lena anamorthu, ag cur anam do chara i gcontúirt, ag cur a anamaamach ag gáire, ag baint an anama asam leis an torann, agtroid le himirt anama, ag baint le cúrsaí báis is beatha, agguí do bheatha agus do shláinte, ag iarraidh beo an fhir ashábhail, ag iarraidh an t-anam a choinneáil beo inti,

DB * go beo beathach, go bríomhar, go fuinniúil, …

Seo sampla eile: –

Teacht AF * gluaiseacht, bogadh, sroicheadh, filleadh, gabháil,

AD * mallghluaiste, luathchosach, fáilteach, critheaglach,

B * ag teacht is ag imeacht, ag teacht abhaile, ag sroich -eadh na háite, ag filleadh ar ais, ag tarraingt is ag triall, aggluaiseacht anall chugainn, ag bogadh isteach, ag tnúth ledo theacht, ag súil leis an doras, ag teacht go dtí go bhfacamé iad, ag teacht i gcóngar an bhaile, ag taibhsiú ar leacan dorais, ag sleamhnú isteach, ag féachaint an dtiocfá,

DB * go deifreach, go tapaidh, go malltriallach, go drogallach, …

AAgus mar sin de. Is cinnte gur áis iontach atá sa leabhar seo do dhaoine atá ag lorg soiléiriú ar fhocailáirithe, atá ag iarraidh leaganacha éagsúla d’fhocail

faoi leith a aimsiú agus atá sa tóir ar bhríonna difriúla denbhfocal céanna agus ar shaibhreas teanga srl.

Mar sin féin, bheadh dian-eagarthóireacht go mór chunleasa an leabhair seo gan aon agó.

— Críoch— Críoch

Page 16: Feasta | Lúnasa 2013

Ar dheis, duine d’fhilí óga FEASTA, SéamusBarra Ó Súilleabháin (lch 8), agus a scoilsamhraidh ar thuras coille mar a rabhadar agfoghlaim ainmneacha na bplandaí ó sheanóiráitiúil, a bhfuil ainmneacha Gaeilge fós aige,táthfhéithleann, praiseach, draighneán agusainmneacha nach iad. Bhí go leor imeachtaínua-aimseartha ar siúl acu thart ar an bhFionnúig i gCiarraí thuaidh chomh maith,tae kwon do, t-léinte a shnaidhmeadh agusa dhathú, scríbhneoireacht haiku, cad eile,agus yoga: an t-oideachas agus an oiliúint abhfuil gach damhna file ina ghá.

ANSEO AGUS ANSIÚDANSEO AGUS ANSIÚDÓ chlé: Nóirín Ní Chonghaile, TG4, Máire Ní Laoi, íte NíChionn aith, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán,Instit iúid Teicneolaíochta Bhaile átha Cliath (ITBáC) agusMairéad Seoighe, Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge. • Bhailighslua lena ndea-mhéin a chur in iúl d’íte Ní Chionn aith,léachtóir le Gaeilge i Scoil na Meán, ITBáC, a chuaigh ar scorluath an samhradh seo, ag ócáid de chuid Choiste Gaeilge nahInstitiúide le gairid. Tá íte ag léachtóireacht in ITBáC ó 1979agus ardmheas uirthi mar oide agus mar ghníomhaí teanga.Bhí sí bainteach le forbairt agus bunú cúrsaí acadúla agus inaléachtóir sinsearach Gaeilge ar na cúrsaí Iriseoireachta, Scann -án aíochta agus Craoltóireachta agus ar an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, agus bhí sí an-ghníomhach i gCoiste na Gaeilge.Thar cheann Choiste Gaeilge na hInstitiúide, ghabh an Dr.Máire Mhic Mhathúna, Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus anDlí, agus Antaine Ó Faracháin, Scoil na dTeang acha, a mbuíochas le híte as an dea-obair go léir. Tugadh ard-mholadhdi as an obair atá déanta aici ag cur na Gaeilge chun cinnlaistigh agus lasmuigh den Institiúid. Ba í íte an chéad bhan-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge í; chaith sí tamall marChathaoirleach agus ar an Oireachtas agus bhí sí ina

heagarthóir ar an iris seo Feasta. Bíonn sí le clos go minic archláracha raidió agus teilifíse, gan trácht ar an obair dheonacha bhíonn ar bun aici le Conradh na Gaeilge agus Raidió na Lifeach go háirithe. Tagraíodh don spéis mhór atá aici i gcúrsaípolaitíochta agus i gcúrsaí reatha, agus bhí sí i mbun nuachtánagus iris Ghaeilge na mac léinn, Cumarsáid agus Tairseach, óthosaigh sí ag obair san Institiúid. Bhí idir chairde, chomh -ghleacaithe, mhic léinn agus iar-chomhghleacaithe ón saolacadúil agus neamhacadúil, ó chian is ó chóngar, i láthair chunslán agus ádh mór a ghuí ar íte.◊

Dé Domhnaigh, 18 Lúnasa4.00 p.m. Clárú. 7.00 p.m. Oscailt Oifigiúil.8.00p.m. Máistir-rang, sean-nós, Anne Mulqueen9.00 p.m. Fáiltiú • 10.30 p.m. AirneánDé Luain, 19 Lúnasa9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní

Chóchlaigh. Amhránaíocht: áine Ní Fhiannúsa, Anne Mulqueen

10.15 a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin. Gaeilge saBhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin

11.00 a.m. Tae nó caife. • 11.30a.m. Léacht an lae2.15 p.m. TFC sa Rang, Eoin Ó Briain3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 7.30 p.m. Quiz Bord9.00 p.m. Céilí • 10.30p.m. AirneánDé Máirt, 20 Lúnasa9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní

Chóchlaigh. Amhránaíocht: áine agus Anne.10.15a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin.

Féinmheastóireacht sa Bhunscoil: le socrú.

11.00 a.m. Tae/ caife • 11.30a.m. Léacht an lae2.15 p.m. TFC sa Rang; Eoin Ó Briain2.15 p.m. Siúl Sléibhe3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans8.00 p.m. Seoladh: ‘An Linn Bhuí XVI’9.00p.m. Céilí • 10.30p.m. AirneánDé Céadaoin, 21 Lúnasa9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní

Chóchlaigh. Amhránaíocht: áine agus Anne10.15 a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní

Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin11.00 a.m. Tae/ caife • 11.30a.m. Léacht an lae2.15 p.m. TFC sa Rang; Eoin Ó Briain 3.00 p.m. Turas bus.7.30 p.m. Comórtas Talainne an Dá Phádraig9.30 p.m. Céilí • 10.30p.m. AirneánDéardaoin, 22 Lúnasa

9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine NíChóchlaigh, Amhránaíocht: áine agus Anne

10.15 a.m. Féinmheastóireacht sa Bhunscoil.

Filíocht: Bríd Ní Mhóráin11a.m. Tae nó caife • 11.30a.m. Léacht an lae2.15p.m. Ceardlann Filíochta.2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain2.30-3.30 agus 4.30-5.30 p.m. Ceardlanna

Damhsa ar an sean-nós: Cuthbert Arutura.3.30p.m.Breatnais trí Ghaeilge: John Evans7p.m. Aifreann na Daonscoile8.30p.m. Ceolchoirm. • 10.00p.m. AirneánDé hAoine, 23 Lúnasa

9.30a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine NíChóchlaigh. Amhránaíocht: Aine agus Anne

10.15a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin

11a.m. Tae nó caife • 11.30a.m. Léacht an lae2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain3.15p.m. Súil siar, agus moltaí, á stiúrú ag

Annraoi de Paor agus Mícheál Ó Drisleáin4:00p.m. Scaradh na gCarad.

WWW.DAONSCOIL.COMWWW.DAONSCOIL.COM

DAONSCOIL NA MUMHAN 2013DAONSCOIL NA MUMHAN 201318-23 LÚNASA, COLÁISTE NA RINNE18-23 LÚNASA, COLÁISTE NA RINNE

Réamheolas, Príomhchainteoirí: Brian Ó Conchubhair,Donnchadh Ó Súilleabháin, Éamonn Ó Cuilleanáin. Téama: Tionchar na nGael i gcéin

Page 17: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201317

IIs deacair a chreidiúint go bhfuil ocht mbliana is fiche annanois ó cailleadh an scríbhneoir ildánach Gaeilge, Diarmaid Ó Súilleabháin. Tá cuimhne ghlé agam ar

Dhiarmaid i mblianta deireanacha a shaoil, agus ar an gcuairta thug sé go dtí Coláiste Phádraig, Droim Conrach, le labhairtleis na mic léinn faoina shaothar, ní rófhada ar chor ar bithroimh an tréimhse dheireanach tinnis, agus ar an gcaintspleodrach spreagúil a thug sé uaidh ar an ócáid sin. Bhí leabhar dá chuid ar an gcúrsa an uair sin, mar a bhí freisin óshin i leith, ach is dóigh go bhfuil sé fíor, mar a bhí á lua agdaoine liom le gairid, nach bhfuil ionad chomh lárnach sin agsaothar Uí Shúilleabháin ar an gcuraclam ollscoile is a bhíodh.

Is ar leibhéal iarchéime is mó a bhíonn sé á phlé anois – nó archúrsaí roghnacha ag buíonta beaga mac léinn – ach an rud istábhachtaí ná nach bhfuil an saothar ligthe i ndearmad ag anaos léinn agus litríochta, agus nuair a thug scoláire óglitríochta léacht ag Comhdháil na Gaillimhe dhá bhliain ó shinar mhórscríbhneoirí nuálacha na seascaidí, bhí Ó Súilleabháinina measc. Ar ndóigh, caithfidh an saothar a bheith ar fáil, abheith ar an margadh, agus ba chóir go nginfeadh an foilsiúplé agus caibidil. B’fhéidir nach raibh an oiread plé ar nahúrscéalta Oighear Geimhridh agus Lá breá gréine buí (a foilsíodh i ndiaidh a bháis) is a thuill siad, ach ní imíonn andea-litríocht ar ceal, agus táim cinnte go spreagfaidh foilsiúan leabhair seo spéis as an nua sa saothar trí chéile.

Le foilsiú an chnuasaigh seo, beidh saothar uile DhiarmadaUí Shúilleabháin (seachas scripteanna na ndrámaí) ar fáil doléitheoirí na Gaeilge. Tugann foilsiú an leabhair an tionscnamh liteartha chun críche, agus tá sé sin tábhachtachgo háirithe dóibh siúd a bhfuil na saothair eile léite acu.Ansin tá daoine ann arb é an leabhar seo an chéad leabharle Diarmaid a léifidh siad, agus táim cinnte go spreagfaidh abhfuil ann a bhfiosracht agus go seolfaidh sé ar ais i dtreo nasaothar eile iad.

CCad leis a mbeadh léitheoir ag súil i leabhar ó Dhiarmaid Ó Súilleabháin? An bhfuil na nithe sin lefáil sa leabhar seo? Bheifí ag súil leis an smaoin-

teoireacht pholaitiúil – an pholaitíocht náisiúnaíoch fitefuaite leis an bhfeasacht agus leis an bhfreagracht shóisialta,bunaithe ar léamh ar an stair trí shúile na cosmhuintire agustrí lionsa na Gaeilge. Bheifí ag súil le hurraim d’áiteanna,agus an tuiscint éiceolaíoch a mhórann an éagsúlacht agusan tsainiúlacht.

Tá na nithe sin níos tábhachtaí ná riamh anois agus cúrsaíbeatha agus báis teanga á dtuiscint i dtéarmaí éiceolaíochtaagus éicitheangeolaíochta. Agus bheifí ag súil leis an ngnémheitifisicúil, machnamh leanúnach ar bheith an duine,machnamh a ghluaiseann ó eiseachas shaothar na seascaidíar ais i dtreo thuiscintí an chreidimh Chaitlicigh ag deireadha shaoil.

Mar is eol dúinn, ba phoblachtachagus ba náisiúntóir neamhleith-scéalach é Diarmaid Ó Súill eabh -áin i gcaitheamh a shaoil, agus tádánta anseo a léiríonn an fheargagus an tseirbhe chéanna le bailna tíre is atá á nochtadh aige ina mhórshaothair phróis. Nídheachaigh sé riamh ar chúl sceiche agus a fhíoch á dhíriú arpholaiteoirí an stáit: ‘Measa iad ná Gaill is Péindlí/ Daorstát-pholaiteoirí Éireann’ a deir sé sa dán ‘Fir gan Téagar’ (64).Cuirtear i gcoinne córais shóisialta atá leatromach agusléirítear ómós don duine a éiríonn amach in éadan luchtcumhachta agus rachmais i ndánta mar ‘Galántóirí’ (46).

Tá dánta ann a chuirfidh tú ag fiafraí díot féin – cén dearcadha bheadh ag Ó Súilleabháin dá mairfeadh sé níos faide? Isléir ón dán ‘Nach aoibhinn do Bhanba!’ (65) nach móránmeasa a bhí aige ar iarrachtaí Garrett Fitzgerald agus Margaret Thatcher aimsir an Chomhaontaithe Angla- Éireannaigh i lár na n-ochtóidí, agus léirítear dímheas ar nadaoine ‘a chreid sa pháirtpholaitíocht’ sa dán ‘Púicín’ (45).D’fhéadfá a rá go bhfuil seasamh polaitiúil na ndánta seo ‘asdáta’ anois, agus ba dheacair a shamhlú, dá mairfeadh anSúilleabhánach, nach bhfáilteodh sé roimh an bpróiseassíochána níos iltaobhaí a lean iarrachtaí sin na n-ochtóidí.Ach tuigimid don mhothú atá á nochtadh iontu – an díomáiarchoilíneach faoi ghluaiseacht neamhchríochnaithe nasaoirse, atá le léamh ar bhealaí eile ar fhilíocht an Direánaigh, ar phrós an Ríordánaigh, agus a bhí fós láidir imeasc ghlúin Uí Shúilleabháin.

Agus sinn ag iarraidh tábhacht fhilíocht pholaitiúil Uí Shúill -eabháin a mheas anois, is dóigh liom gurb é an ní is suntasaíar fad fúithi ná an bua fáistine atá léirithe inti. Tá an oireadcéanna le rá ag Ó Súilleabháin faoin bpolaitíocht ghlas, sachiall éiceolaíochta den fhocal, is atá faoin bpolaitíochtnáisiúnaíoch. Is é a mhórbhua mar scríbhneoir polaitiúil náan chaoi a bhfaca sé agus a léirigh sé an gaol idir an dá rud.

Is gné lárnach dá thuiscint ar an tírghrá an urraim don áit arleith agus an fheasacht éiceolaíoch, an táiteachas a bhíchomh mór sin i gceist ina úrscéal Maeldún. FoilsíodhMaeldún sa bhliain 1972 agus thuig Diarmaid Ó Súilleabháina raibh ag tarlú timpeall air an uair sin, an scrios a bhí ádhéanamh in ainm na forbartha, agus cead a gcinn á fháil agna ‘Bailitheoirí’ lena gcuid ‘miosúr agus teodailítí’ agus a‘dtaibhreamh sítheach – gach uile chearn den iathghlas faoingcruas coincréiteach’ (Maeldún, 94). Is deacair gansmaoineamh ar na focail sin agus sinn ag breathnú amach arna láithreacha folmha coincréite atá ina smál anois ar an tír.

Tá spéis mhór á cur na laethanta seo sa rud a dtuganncriticeoirí liteartha ‘éicifhilíocht’ air, agus sa chomhthéacs sintá cáil mhór ar dhán leis an bhfile Baile átha Cliathach Paula

Sheol Máirín Nic Eoin

CoSA GRÉiNECoSA GRÉiNEle Diarmaid Ó Súilleabháin

i gClub na Múinteoirí, Baile Átha Cliath, 16 Feabhra 2013

Page 18: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201318

Meehan dar teideal ‘Death of a Field’, dán a chuireann síosar an bpróiseas trína scriostar gnáthóga ainmhithe agusplandaí nuair a dhéantar suíomh tógála as páirc. Is ag caintar ‘fhorbairtí’ ré an Tíogair Cheiltigh atá Paula, ach tríochabliain roimhe sin chonaic Diarmaid Ó Súilleabháin ant-éigean céanna á dhéanamh ar pháirceanna is ar anmbeatha a chothaigh siad, agus scríobh sé faoi leis anbpaisean ba dhual dó sa dán ‘Páirc Mhór Chria’, achríochnaíonn ar an nóta seo:

Páirc mhór Chria gan luaim gan geamhar,Gan each ná conairt go ceolmhar pras,Ná míol is gealchú ag cúrsáil thart,Ach lasta liath suiminte;Croí is beith na páirce briste,Sruth na Beatha eisíonn sí go mátharthaBainte di go broinneach – Ríonpháirc eile ar lár. (33)

Is sampla den scoth den éicifhilíocht é an dán ‘CreachadhCoille’ (34) a chuirfeadh an t-amhrán cáiliúil ‘Cill Chais’ igcuimhne duit, mar atá luaite ag Éamon Ó Ciosáin inaréamhrá leis an leabhar seo. Fearacht ‘Páirc Mhór Chria’agus ‘Death of a Field’ Meehan, is dán réalaíoch agusréamhfháistineach an dán seo freisin a bhéiceann amach igcoinne scrios na timpeallachta fisiciúla agus ídiú nahéagsúlachta:

Bodhaire éan ann in áit séis na gcianta,An giorria féin do thréig a thimpeallacht,Gan cáineadh lae le tíocht na hoíche,Ó neadacha cág nó préachán piaclach;Fir gona dtrealamh le hairc ag líonadh,Ualaí ainnise ina chonnadh don Gheimhreadh,Díseart liath in áit duillmhá aoibhne,Mant mór spáis in áit stát na rí-chrann.

Shiúlas inniu coill na CuimhneIs chonaic inti maorgacht na laetha ríogaAn dair is an bheith a bhíodh go fial ann,Is cosa na gréine mar bhainne bó cíche,Trí cholúin na gcrann de sholas diamhairAn scáildrúcht luigh uirthi de ghrá na hoíche,Ar leanbh léi líonrach péarlach niamhrach,

Shiúlas inniu coill na gCuimhníIs ba mhacasamhail í de stair ár dtíre. (34).

Ní smaointeoireacht theibí a bhíonn ar siúl ag Ó Súilleabháini bhformhór na ndánta, ach cruthú íomhánna a iompraíonnan teachtaireacht láidir shóisialta. Tá fearg agus fíoch anduine a fheiceann an éagothromaíocht agus é scríofa ardhreach na cathrach le fáil i gcuid mhaith de na dánta sachnuasach. Tá roinnt de na híomhánna chomh so-aitheantacéanna anois is a bhí nuair a bhí na dánta á gcumadh snahochtóidí. Aithnímid ar fad an radharc ar chéimeanna oifigesa chathair a chruthaítear sa dán ‘Dhá bhuidéal fíona folamh’, mar shampla:

Dhá bhuidéal fíona folamhAr chéimeanna chuig oifigÚrthógtha ina fathach bríceach di – Fathach cathrachIomad seomra in áras Millteach an AtharChliarlathaigh!

Agus beart beag éadaíLae is leapa oíche...Cinnte níorbh iadA mhéara siúd a Láimhseodh na ‘mílte’,A chuirfeadh damhsa uimhreachFaoi mhilliúin figiúir-thaoide,Baincéireacht i gcéin, i gcéin...Ní dócha gur fhill feallaire na hoícheAr na buidéil nó bhíodar folamh folamh. (2).

Cén uair a cumadh an dán sin? Sna hochtóidí, tréimhse araibh géarchéim eacnamaíoch eile sa tír ach a raibh dlús áchur freisin leis an gcaipitleachas Casino, mar a thug SusanStrange air ina leabhar iomráiteach Casino Capitalism a foilsíodh sa bhliain 1986. Feiceann Ó Súilleabháin gaol idir ant-imeallú sóisialta, an bochtanas agus easpa dídine, agus ancóras baincéireachta domhanda, an margadh airgid a fheidhmíonn beag beann ar shaoltaithí an ghnáthphobail.

TTá tréanmhothú ar leith ag roinnt leis an gcnuasachseo, ar ndóigh, mar gur cumadh cuid mhaith denábhar ann agus an scríbhneoir ag maireachtáil faoi

scáth an ghalair, faoi bhagairt an bháis. Níl an sceimhle abhaineann le saothar an Ríordánaigh le brath ar na dánta,ach tá an léargas is déine is féidir a fháilar an daonnacht ann, léargas ar bheith anduine faoi scáth an bháis. Tá scata dánta abhaineann leis an mortlaíocht féin, leis anospidéalú (más ceadmhach dom friotalSúilleabhánach a chleachtadh), le mion-sonraí an chóir leighis a bhí á cur air, lecaidreamh othar lena chéile: ‘Ospidéal’(7-13), ‘Fuil’ (14), ‘Rabhadh’ (16), ‘IsBocht an Ní mé...’ (17), ‘Imeacht’ (48),mar shampla. Ba dheacair an dán ‘Fuil’ ashárú mar léiriú ar ghaol an duine lenachorp féin, agus ar an gcoimhthiú a tharlaíonn nuair atá a bheatha ag brath aran Meaisín:

Inniu chonac m’fhuil ag sileadhDe thiúb i bhfeadán gloine,Sruth dearg silteach,Ina slabhra gluaiste.Caise iontach aisteach,Béal – rua – easa;Amhail sruthfhuil muiceA shilfeadh de chiumhais boirdAn bhúistéaraIsteach i mbuicéad mór na bputóg.

Níor chuala sceonscreadNá bás-scréach na scine,Glacadh leis an dtál dearg seoGo réidh fealsúnach –Ba bhúistéir ealaíonta éAn Meaisín seoAr fearr a fheidhmNá easpa duáin! (14)

Tá dán eile a bhaineann leis an Meaisín céanna ar samplaiontach é de ghreann dubh Uí Shúilleabháin. Tugtar le fiosgur ar chostas an stáit, an stát céanna a raibh sé chomh criticiúil sin ina thaobh, atá an file á choinneáil ina bheatha:

DiarmaidÓ Súilleabháin

(Pic. leMarcas Ó Murchú)

Page 19: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201319

NA MAIRBHNA MAIRBH

‘Des na mairbh tú anois’ ar sí,‘Nó maireann tú dar cuisle meaisín’‘Dá stadfadh Stát as bheith dod’ íocBhainfí ní d’fhola díot,Stoithfí tiúb is feadán uaitIs cheilfí sruth na beatha romhatGo grod –Níorbh ionadh san a mhéidDo chostas ar an Stát.’Ba chuma san,Ach nach raibh fhios aici,Banaltra na n-éadaí geal’,Gur fada línte beatha an StáitStoite saor agam. (38)

Tá ilghnéitheacht sa chnuasach filíochta seo agus dánta asheolfadh léitheoirí ar ais go dtí saothair eile de chuid antSúilleabhánaigh. Tá dánta coinbhinsiúnta ina measc, dántamar ‘Duan do Leanbh’ (3) agus ‘In Memoriam’ (18) achomórann na tairseacha móra i saol an duine agus anteaghlaigh. Mórtar áiteanna ar leith (‘Má Nuad’, 4), daoinear leith (‘Sagart’, 5), agus mórtar go háirithe tábhacht namuintire (‘An Stáisiún’, 6; ‘Meitheal’, 25-6, ‘Teach Barr Aille’

27; ‘Mairid na Comharsana’ 28). Filltear ar a chuidfoinsí féin i stair agus i dtírdhreach Bhéarra sa dánfada ‘Cúltroid’ (58-61), beathaisnéis laochúil Dhónaill Uí Shúilleabháin Bhéarra lena loinneog dhrámatúil: ‘Caillte i mbroinn dhomhain dhiamhair an Ama,/ Láithrím tú, a Dhónaill Chaimna Staire.’

TTá teacht chun réitigh leis an saol agus leisan mbás i gceist sna dánta deireanacha sachnuasach, mar is léir ó theideal mar ‘Do

Chuireas-sa Díom m’Éad leat, a Dhia (78-9). Isgeall le teachtaireacht don chéad ghlúin eile andán deireanach ar fad, dán a bhfuil cuma níossimplí air ná mar atá ar fhormhór na ndánta sachnuasach. Cloistear guth teagascach Uí Shúill -eabháin anseo, ach is guth séimh anois é, guth anmhúinteora nó guth an athar ag caint i dteanga athuigfeadh an páiste féin. Ach an oiread leis anRíordánach a thuig nach mbeadh freagra aigeriamh ar na buncheisteanna, gur ‘bás, dar liomfós, freagairt,/ Is beatha fiafraí’ (‘Guí’ in Brosna(1964), 16), is i bhfoirm ceiste atá teachtaireachtan dáin seo á cur abhaile ag Diarmaid Ó Súilleabháin:

Céard sa bhreis a bheadh ionamDá mbeinn im Rí?Rachainn síos....Rachainn síos....

Céard sa bhreis a bheadh ionamDá mbeinn im shaoi?Rachainn síos....Rachainn síos....

Céard sa bhreis a bheadh ionamDá mbeinn im mhilliúnaí?Rachainn síos....Rachainn síos....

Anois go bhfeicim fear lem thaobhNí mé cé hé, ní mé cé hé,Cá bhfios nach strainséir Eile éA mhair i gcéin a mhair i gcéin.

Is céard sa bhreis É féin?Céard sa diabhal sa bhreis É féin?Saoi is Rí is MilliúnaíNó taibhsedhuine ba rúnaíAr Rí is Saoi is Milliúnaí;Céard sa bhreis a ghreim?Céard sa bhreis sa bhreisA ghreim? (80)

TTá moladh mór ag dul d’eagarthóir an leabhair seo,Seosamh Ó Murchú, a thug aire do na dánta seo tharna blianta agus a d’fhéach chuige go gcuirfí ar fáil go

snasta sa leabhar seo iad. Tá réamhrá den scoth curtha leisan leabhar ag Éamon Ó Ciosáin, réamhrá a léiríonnsárthuiscint ar ealaín Uí Shúilleabháin agus a chuireann anleabhar filíochta seo i gcomhthéacs a shaothair ina iomláine.‘Geit a bhaint as an nGaeilge’ a bhí mar chuspóir ag Ó Súilleabháin sna seánraí éagsúla a chleacht sé. Beifear ag súilgo músclóidh foilsiú an leabhair seo spéis as an nua inathionscnamh liteartha agus go spreagfaidh sé athléamha arna leabhair cheannródaíocha a d’fhoilsigh sé.

Ag ócáid a sheolta i gClub na Múinteoirí, léigh a gharmhacMuiris Mac Mathúna dhá dhán a roghnaigh sé féin ónsaothar, an dán ‘Fuil’ a luaitear thuas, agus an dán ‘Teanga’.Is sna dánta seo is mó a chonaic Muiris a ghaol féin lenasheanathair agus, mar a dúirt sé ar an ócáid, is í an teangaagus an spéis i dteangacha go háirithe an oidhreacht abhronn Diarmaid air:

TEANGATEANGA

Ceol cine í Teanga an Duine,Gléas ársa snasta ’sheinneann poirt,Uasnóta is íos, fuaimníonn di,Uain na treise is ansin an cogar croí,Stoirm staire is arís ciúnas cille,Sprid a luaimíonn léi thar cam is cor,A ghnáthaíonn pócaí gleanna ar leataobh,A shiúlann mórbhealach is conair bheag,Gaoth í thar dhroim an tsléibheIs maireann sí thart ar mhuine is cnoc;Is teanga é gach bothán is sráidbhaile,Cinneann a guth Féin na míntíre is na n-oileán,Éan í dá goib go hearrachúil barr craoibhe,Tonn í de gháir ar ghreancheol trá,Leoithne í os íseal ’cheolann coillNó anfa trumpach thar leithne má;Ach is ní eile í fosta beith na Teanga,Óir inti maireann tús is deireadh ár n-annála,Friotal sainiúil ’dheighleann sinn go diamhairÓn bhfimínchultúr a chleachtann lucht na baoithe – Ding-dang-dang laethúil alfraits an éatair,Sid í a luach, sid í a páirt go buan.

——◊——

COSA GRÉINE. Diarmaid Ó Súilleabháin.Coiscéim. Baile átha Cliath, 2013. €10

Page 20: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201320

IIs ea! Beirt a bhí ag éileamh choróin na Breataine ag tabhairt dúshláin a chéile ar pháirc catha in Éirinn taobhle habhainn na Bóinne. Mar is eol dúinn, is leis an Rí Liam

Dúitseach Oráiste a bhí an lá agus comórtar a chaithréimgach bliain ag Oráistigh. An mháirseáil ar an 12ú Iúil atá igceist. Ar an 12ú lá a troideadh an cath de réir angnáthfhéilire, féilire a d’fhógair an Pápa Gréagóir XIII i 1582agus nár ghlac Sasana leis go dtí 1762.

Sa bhliain 1736 rinneadh comóradh ar chath na Bóinne tríoibilisc, a thógáil ar bhruach na Bóinne, cúig chiliméadar (trímhíle) siar ó Dhroichead átha. Bhí na focail seo leanas greanta ar bhun an leachta:

Sacred to the glorious memory of King William theThird, who, on the 1st July, 1690, passed the river nearthis place to attack James the Second at the head of aPopish Army, advantageously posted on the south sideof it, and did, on that day, by a single battle, secure tous and to our posterity, our liberty, laws, and religion.In consequence of this action, James the Second leftthis kingdom and fled to France.

Leacht 52 m (172 troigh) ar airde a bhí ann agus sheas séansin go dtí 1923 nuair a séideadh san aer é. Tá caint anoisann ar an oibilisc a atógáil.

Acht Home RuleAcht Home Rule

In 1886 agus arís in 1891 rinne Rialtas na Breataine iarrachtBille Rialtas Dúchais (Home Rule Bill) d’Éirinn a chur tríd anPharlaimint. Bhí cur-i-gcoinne láidir ann, go háirithe agOráistigh, agus theip ar an dá iarracht. Bunaíodh ComhairleAontachtaithe Uladh (The Ulster Unionist Council) i 1905chun an cur-i-gcoinne sin a eagrú go lán-éifeachtach.Conaidhm a lán eagraíochtaí Aontachtacha a bhí saChomhairle, agus roimh dheireadh 1905 bhí Sir Edward Carson curtha i gceannas acu. I mBaile átha Cliath a rugadh

Carson (1864-1935) agus i1905 bhí sé ina Theachta Parlaiminte i Londain, é tofaag Coláiste na Tríonóide.

Ar an 11 Aibreán 1912 rinnean Rialtas an tríú hiarracht anBille Rialtas Dúchais a thabhairt isteach. An t-amseo glacadh leis sa

Pharlaimint agus bhí sé le teacht i bhfeidhm i 1914. Chuirseo na hOráistigh le báiní. Cumadh ‘Ulster’s Solemn Leagueand Covenant’. Socraíodh ‘Ulster Day’ a chomóradh ar an 28Meán Fómhair 1912 (ar aithris ‘Empire Day’, 24 Bealtaineagus ‘Dominion Day’, 1 Iúil,). Ar an lá sin, tar éis seirbhísí eaglasta ina ndearnadh comparáid idir cás Uladh agus cás Israeil sa Seantiomna, síníodh an cúnant. Timpeall 500,000(fir agus mná, cé nach bhfuil luaite sa chúnant féin ach ‘menof Ulster’) a shínigh an ‘Ulster Covenant’ lenar mhóidigh siadgo gcuirfeadh siad i gcoinne Home Rule ar gach bealach inabhféadfaí.

Ar an 13 Eanáir1913 bunaíodh TheUlster VolunteerForce. Mílístearmtha a bhí sanUVF agus eagraíodh ar nós airm é. Bunaíodh campaítraenála, rannóg leighis agus banaltrais, rannóg iompair agusrannóg cumarsáide raidió. Ar feadh na bliana 1913 bhíothas imbun eagraithe agus traenála. Chuathas a cheannach gunnaí sa Ghearmáin. Chuaigh Carson ar fud Chúige Uladhag gríosadh na nAontachtaithe. I mí an Mheithimh chaith Carson seachtain ar chamchuairt sa Bhreatain, ó Ghlaschúgo Briostó, ag labhairt in aghaidh an Bhille Rialtais Dúchais.

Chorraigh bunú an UVF cúrsaí i measc Náisiúntóirí agus ar an25 Samhain an bhliain sin, 1913, bunaíodh The Irish Volunteers (Óglaigh na hÉireann) i mBaile átha Cliath. Achroimhe sin, i mí Iúil 1913 tharla eachtra ar tugadh móránpoiblíochta dó, cé nach mbíonn mórán tráchta air anois.

Ionradh rúndaIonradh rúnda

Dé Luain, 28 Iúil 1913, labhair Carson le slua mór den UVF abhí bailithe i mBaile na hInse i gContae an Dúin. Le linn aaithisc d’inis sé mar a chuaigh sé go luath an mhaidin sin archuairt chuig campa chór teachtairí gluaisrothar an UVF, abhí lonnaithe i dTuíneán i gContae Ard Mhacha. Seo mar alabhair Carson, de réir na tuairisce in The Irish Times, DéMáirt 29 Iúil, 1913:

I started out at half past three o’clock — in order to paya surprise visit to the camp of despatch riders, whowere out on the other side of Armagh. I got there sometime after four o’clock, and I found a most splendidbody of trained despatch riders. I also found that justafter midnight last night four of their number had goneoff to the banks of the Boyne, and we waited until theycame back. Right cheerily and lustily did we receivethem, and they announced to me that they had placedon the banks of the Boyne a Union Jack and this is whatthey had placarded under it:—

‘Rebel hands may tear down this flag, but they willnever tame the lion hearts of Ulster.’

Lean Carson air ag moladh na heachtra agus na ndaoine abhí páirteach ann, agus ar sé: ‘I do not know whether it is anoffence against the land to plant a Union Jack along theBoyne. I should think probably it is looked upon as a partyemblem.’

Mar sin, is go luath maidin Dé Luain, 28 Iúil 1913, a thos-naigh an eachtra seo. Inlíocht mhíleata a bhí ann, bunaithear imthoscaí samhlaithe — cogadh a bheith tosnaithe idir Rialtas Náisiúnta na hÉireann agus Rialtas Sealadach Uladh.Tuairiscíodh go raibh fórsa timpeall 20,000 ag máirseáil óthuaidh chun an Bhóinn a thrasnú agus chun ionradh adhéanamh ar Chúige Uladh. Ordaíodh do bhuíon den UVFdul láithreach go Droichead átha: ‘Destroy the bridges and

AN BhRATAChAN BhRATACh‘July the first, on a morning fair in 16 and 90 famous,‘July the first, on a morning fair in 16 and 90 famous,

King William did his troops prepare to fight the false King Shamus.’King William did his troops prepare to fight the false King Shamus.’ART Ó MAoLFABhAiLART Ó MAoLFABhAiL

Oibilisc na Bóinne, 3 mhíle óDhroichead átha, mar a bhíodh.

Page 21: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201321

mine the fords: destroy the railway at Drogheda and seizethe rolling stock. Hold the enemy until our guns get into action.’ Is de thoradh an ordaithe sin a cuireadh bratach nahAontachta in airde ar an Oibilisc ar an Bhóinn agus acuireadh postaeir ar dhroichid leis na focail: ‘Captured by‘Captured byUlster Volunteer Force’.Ulster Volunteer Force’.

Tá cuntas an-fhada in The Irish Times ar an gcruinniú i mBailena hInse faoin teideal ‘Sir Edward Carson’s Campaign’. Táocht gceannteideal ar leith go díreach as a chéile leis angcuntas: Speech at Ballynahinch. / Improvement of the Volunteers. / Despatch riders on the Boyne. / Hoisting of theUnion Jack. / A message of Defiance. / The Mistake of the

Government. / Confoundingthe Ulster question with politics. / A battle for King andcountry. Chuaigh an scéal timpeall an domhain go dtíimeall na hImpireachtaBriotanaí. Ar an 10 MeánFómhair 1913 d’fhoilsigh ThePress in Canterbury satSéalainn Nua cuntas ar ghabháil na hOibilisce agus ar

an gcruinniú i mBaile na hInse. Dúradh go raibh an t-eolasbainte as ‘such serious Unionist journals as The Times, TheDaily Telegraph agus The Daily Mail i Londain.

Níor cualathas, ná níor foilsíodh, a thuilleadh i dtaobh ghabháil na hOibilisce agus níl aon fhianaise ghrianghraifann. Tá míniú simplí ar sin agus tosaíonn an míniú i gCathairChorcaí.

Baois na hóigeBaois na hóige

I mí Mheán Fómhair 1912, chláraigh fear óg, John FrancisFullin, do chúrsa innealtóireachta i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Bhí sé tar éis freastail ar scoil na mBráthar Críostaí,an Mhainistir Thuaidh, sa chathair agus bhí scoláireachtOllscoile gnóite aige ón Chomhairle Contae. Ní fios ar chuirsé suim i gcúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt ach is dócha gurchuir, óir b’Ultach é a athair de bhunadh Chontae Dhoire, araibh pinsean aige ón Chonstáblacht. Nuair a tháinig

laethanta saoire an tsamhraidh i 1913chuaigh JFF chun tamall a chaitheamh idteannta a dhearthár, Arthur Fullin, abhí cúpla bliain níos sine ná é, agus abhí ag obair ina thuairisceoir nuachtáini nDroichead átha, Contae Lú, le TheDrogheda Independent.

Maidin Dé Luain, 28 Iúil, d’éirigh anbheirt dearthár go luath chun cuairt athabhairt ar fhothrach na MainistreachMóire (Mellifont) atá timpeall deichgciliméadar siar ó Dhroichead átha. Arrothair a bhí siad agus ar an mbealachdóibh stad siad ag an Oibilisc agus

chonaic siad an bhratach agus na fógraí a chuir an UVF inairde i rith na hoíche. Arsa JFF agus é ag cur síos ar an ócáid:‘I shinned up and took it down.’ Chuir sé an bhratach agus napáipéir faoina sheaicéad agus lean siad ar aghaidh go dtífothrach na Mainistreach Móire. Agus iad ag filleadh arDhroichead átha timpeall a hocht a chlog casadh daoineorthu a bhí ag rothaíocht amach as an mbaile d’aonghnóchun an bhratach agus an fógra a bhreathnú. Sin mar a

tuigedh don deartháir Arthur, óir d’aithin sé na daoine acasadh orthu, ministéirí Protastúnacha. Toisc nach raibh anscéal sna páipéir go dtí an lá dar gcionn caithfidh go raibh ant-eolas ag na daoine sin ón UVF féin. Dé Sathairn, 2 Lúnasa,bhí eagarfhocal scigiúil in The Drogheda Independent faointeideal ‘The Second Battle of the Boyne’ inar tugadh ‘school-boy antics’ ar an eachtra. Thug macléinn ollscoile an bhratach agus an fógra ar ais go Corcaigh.

Iarmhír Iarmhír

Bliain ar aghaidh ón am sin cuireadh tús leis an gCéadChogadh Mór. I mí na Samhna 1914 tosnaíodh ar earcú donarm i gCorcaigh. I Halla na Cathrach, agus an tArd-Mhéara sachathaoir, labhair oifigeach ó Fhiúsailéirí Muimhneacha an Rí(The Royal Munster Fusiliers) faoi stair na mBriogáidí Éireannacha’ (‘Irish Brigades’). Cuireadh postaeir in airde arfud Chorcaí leis an Union Jack orthu agus na focail ‘Comeand fight for your flag’. I mí na Feabhra 1915 thug Fear Ionaid an Rí, Lord Aberdeen, cuairt oifigiúil arCholáiste Ollscoile Chorcaí agus i mí Mhártacuireadh bonn láidir oifigiúil faoin earcú. Aran chúigiú lá Márta eagraíodh ócáid cheiliúrtha i gCathair Chorcaí doMichael O’Leary ó Mhaigh Chromtha,ar bronnadh Crois Victoria air debharr a ghaisce sa chogadh. Agus anlá céanna tionóladh cruinniú sanÓstán Imperial ‘to consider the question of inaugurating a Recruiting Committee of prominent business andprofessional men and residents of thecounty to assist in obtaining a steadyand regular flow of recruits.’ Ard- Fheidhmeannaigh Impireachta a thion -scnaigh an cruinniú sin .i. Ard-Sirriam an Chontae,Ard-Sirriam na Cathrach, agus Ard-Mhéara na Cathrach. Nínach ionadh bunaíodh an Committee. Ansin, mar aon le forlíonadh Lá le Pádraig 1915 The Weekly Freeman, dáileadhan pictiúr clúiteach ‘Rescue of the Nuns of Ypres by the Munster Fusiliers’. Treisíodh leis an tathaint chun liostáil sanarm agus ‘poor little Catholic Belgium’ a chosaint.

De réir Gazette Choláiste Ollscoile Chorcaí, Meitheamh1915, agus gan a chúrsa innealtóireachta críochnaithe aige,bhí John Francis Fullin ‘on active service’. Is dócha go gciall -aíonn sin go raibh tuarastal éigin á fháil aige ón Arm. Bhí aathair i bhfiacha agus níor leor scoláireacht Chomhairle Contae chun mac léinn a choimeád ar an Ollscoil. Chaith JFFan samhradh sin ar champa traenála míleata Moore Park igCill Úird gar do Mhainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí. Ómhí Dheireadh Fómhair 1915 is i Sasana, in Berkhamsted, Hertfordshire, gar do Londain, a rinne John Francis Fullin athraenáil. I mí Lúnasa 1916 coimisiúnaíodh ina oifigeach é ibhFiúsailéirí Muimhneacha an Rí.

Bliain go leith breise a bhí i ndán dó ar an saol seo. Níor fhanJFF leis an ordú clúiteach ‘to the last man’ a d’eisigh Ceannaire an Airm, Sir Douglas Haig ar 11 Aibreán 1918. Trísheachtain roimh an ordú sin, ar 22 Márta 1918, maraíodhSecond Lieutenant John Francis Fullin i dtuaisceart naFraince. Chaomhnaigh a thuismitheoirí trí cinn de theastaissheamrógacha a bronnadh air in ainm ‘The Irish Brigade’,mar aon le crois mhiotail a bhronn Rí Shasana air. Ní bhfuarthas an corp riamh. ◊◊

John Francis FullinFómhair 1917

John Francis & ArthurFullin, Samhradh 1916

Page 22: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201322

IImeasc na gcéad atá le comóradh againn i mbliana, tábunú Óglaigh na hÉireann. Is minic a scéal inste, arndóigh: gur scríobh Eoin Mac Néill alt ag éileamh go

n-eagrófaí fórsa mar aithris ar Óglaigh Uladh, agus go bhfuair a ghairm freagra ag an gcruinniú bunaithe 25Samhain 1913 i Rotunda Bhaile átha Cliath. Ach mar isiondúil, tá an fhírinne níos casta agus níos suimiúla.

Is fíor gur ag an tuaisceart a bhí a thús. Cuireadh ÓglaighUladh sa siúl an bhliain roimhe le cur in aghaidh aon lagú archeangal na hÉireann le himpireacht na Breataine, ag bagairtrialtas sealadach a chur ar bun ar neamhchead do pharlaim -int Westminster. Magadh is mó a thug náisiúntóirí marfhreagra orthu ar dtús, ag fonóid faoi ghunnaí maide i lámhasaighdiúirí maide. Ach nuair a phlódaigh na mílte aondachtóirí isteach agus a d’fhógair cairde cumhachtacha ambáidh leo, cuireadh an magadh ina dháiríre orthu.

Dhá mhí glan sular chuir Mac Néill peann le pár, bhí duineeile i mBaile átha Cliath ag iarraidh lorg na n-aondachtóirí aleanacht ach cor a bhaint as. 26 Lúnasa, an chéad lá denstailc mhór ar thramanna na príomhchathrach, labhair Séamas Ó Lorcáin le slua taobh amuigh de Halla na Saoirse:

If it is right and legal for the men of Ulster to arm,why should it not be right and legal for the men ofDublin to arm themselves to protect themselves?…So arm, and I’ll arm. You have to face hired assassins.If Sir Edward Carson is right in telling the men of Ulster to form a Provisional Government in Ulster, Ithink I must be right, too, in telling you to form aProvisional Government in Dublin.

Bhí smachtíní na bpóilíní ag titim chomh tiubh sin archloigne stailceoirí go mba rud fíornádúrtha acu a bheith agsmaoiniú ar fhórsa cosanta. Smaoiníodh air cheana le bliantabeaga roimhe sin agus aighnis fhoréigneacha ar siúl i gCorcaigh agus Loch Garman. Bhí an iomarca thairis sin ar aaire ag an Lorcánach i 1913, áfach, agus níor dearnadh rudair go mí na Samhna.

Fós féin, bhí Arm Cathartha na n-oibrithe ar an scríob reathatamaillín roimh Óglaigh na hÉireann. Ach bhí dream eilechun tosaigh ar an bpéire díobh, cé beag a n-iomrá. Bhídruileáil ar bun i mBaile átha Luain ó Lúnasa, agus a gcéadmhórshiúl ag an Midland Volunteer Force mí DheireadhFómhair. Thug nuachtáin áitiúla is náisiúnta tuairiscí orthuagus mhol a n-eiseamláir don chuid eile den tír.

D’imigh Óglaigh Lár na Tíre ó chuimhne na staire, nó gurtharrtháil taighde Phádraig Uí Shnodaigh iad. (Tá a aistecheannródaíoch ar an bhfórsa le fáil ina leabhar 1916 AgusMar Sin De, an ceann is deireanaí de shraith Choiscéim,‘Macallaí na Cásca’.) Léiríonn sé go raibh rian na n-óglachseo dá cheilt go luath. Sa gcéad iarracht ar stair Óglaigh nahÉireann a ríomh, i 1915, scríobh Mícheál Ó Rathaille gomba údar mór amhrais é “Whether the Midland Volunteershad any real existence… the organizers of the Irish

Volunteers absolutely failed to discover any Volunteers either in Athlone or the Midlands”.

Tá staraithe mór le rá a ghlac leis seo — agus thug duineamháin ráiteas don Bhúró Staire Míleata ag aithris scéal scéilóna óige, nach raibh sa bhfórsa ach cleas a chum iriseoirmeisciúil! Níl aon bhonn leis, áfach, go mór mór máchuirtear san áireamh giota fianaise eile, ó fhoinse a bhí thara bheith gar don Rathailleach.

Bhí cúram nua air siúd um an dtaca seo, ina bhainisteoir arAn Claidheamh Soluis, agus cruth úr ar pháipéar seo Chonradh na Gaeilge faoina stiúir. 1 Samhain 1913 a tháinigan chéad eagrán den Claidheamh nua amach, aguscruthaíonn tuairisc ar a leathanach cúil go raibh suntastugtha d’óglaigh átha Luain ag an dream a bhí i mbun anpháipéir:

Saighdiúirí Láir ÉireannSaighdiúirí Láir Éireann

Ní thiocfaidh críoch choidhche ar iongtaisidhibh santír seo. Tamall ó shoin cuireadh ar bun Arm Uladhchun Riaghaltas Baile do chosc le neart geug. Anoistá fórsa dár ainm Saighdiúirí Láir Éireann curtha arbun in áth an Luain chun airm an Charsanaigh dothroid. Táid ag cleachtadh gleacaidheachta agusmáirseála go fuadrach agus tá móid dílseachta doRiogh Shasana agus do’n gCóiriúgh [tugtha acu].

Tá an tagairt úd dá ndílseacht do choróin is bunreacht(“cóiriú”) na Breataine ina léiriú ar an meascán polaitiúil abhí coitianta sa tír. Is iomaí duine a bhí sásta fanacht in impireacht na Breataine ach a ligfeadh sí féinriail ar chúrsaíinmheánacha áiride le hÉirinn. Is léir gur eascair Óglaigh Lárna Tíre ó chúinsí na linne, gur gnáthdhaoine a bhí iontu gonagcontrárthachtaí uilig, seachas gníomhaithe polaitiúla ag cloíle polasaí socair.

NNíorbh shin d’Óglaigh na hÉireann. San eagrán céannaúd den Claidheamh Soluis a foilsíodh alt cáiliúil EoinMhic Néill, ach ní ansin atá síol na nÓglach le fáil.

Bhí Bráithreachas na Poblachta ag beartú eagras oscailtemíleata a thionscnamh le tamall roimhe sin. Ba é a scríobhMac Néill nach raibh bac ar bith ar an gcuid eile d’Éirinnóglaigh a bhunú mar a bhí déanta ó thuaidh, ach níor leis anmBráithreachas ab fhaillí an deis sin a thapú lena mbeartféin a chur chun tosaigh. Ba bheag nárbh fhear maide é MacNéill, ceannasaí i gcosúlacht ach an t-eagrú dáiríre ar bun ara chúl — feidhm a bheadh aige aríst i 1916.

Ní fórsa poblachtach a bhí sna hÓglaigh seo: bhí náisiúntóiríde chineálacha éagsúla páirteach, fiú lucht an rialtas dúchaisnuair ba léir dóibh go raibh ag éirí leis. Ní hionadh gur leáighÓglaigh Lár na Tíre isteach san eagras, mar sin, ach bhí asliocht ar a láidre is a bhí an fórsa nua i mBaile átha Luain.

Fórsa ar leith a bhí san Arm Cathartha, áfach, a chuaigh igceann oibre go gairid roimh Óglaigh na hÉireann. Archeardchumannaithe gníomhacha na príomhchathrach a bhí

Na hÓglaigh EileNa hÓglaigh EileAindrias Ó CathasaighAindrias Ó Cathasaigh

Page 23: Feasta | Lúnasa 2013
Page 24: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201324

sé bunaithe, agus leas na n-oibrithe mar chúram air. Bhí andifríocht soiléir chomh luath leis an gcruinniú tionscnaimh saRotunda. Chuir oibrithe sa lucht féachana isteach ar an té aléigh forógra na nÓglach, ó bhí sé ag frithdhúnadh ceard -chumannaithe óna fheilm i bhFine Gall.

Níos deireanaí, ba neamhbhalbh í bolscaireacht an AirmChathartha ar shon éirí amach le riail na Breataine abhriseadh. Neartaigh sin an dream sna hÓglaigh a bhí i bhfách lena leithéid, agus chuir sé leis an teannas idir iad sinagus Óglaigh choimeádacha. Bhí cath inmheánach roimhesin idir lucht an rialtais dúchais agus Óglaigh nach raibh sástatitim isteach le cogadh na Breataine.

Ní líne réidh dhíreach gan bhearnú a bhí i bhforbairt nanÓglach, mar sin. Cé gur liosta le lua na dreamanna ar fad a

mhaígh go mba oidhrí ar Óglaigh 1913 iad — idir airmphoblachtachta neamhdhlíthiúla agus arm an stáit ó dheas— is é fírinne an scéil nach bhfuil aon ghinealas glan soiléirle rianú siar.

Breith chasta a bhí ag na hÓglaigh, ach léiríonn an méidóglachais a bhí ar bun an tráth céanna gur breith aibí a bhíann. Bhí tuiscint ag leathnú in Éirinn go gcaithfeadh daoinelámh a chur ina gcinniúint féin, agus lámh mhíleata ó ba aimsir mhíleata é. D’fhás cairdeas is naimhdeas idir dreamanna éagsúla agus atarraingíodh línte catha go minic.Ní fás simplí aontreo a rinneadh ach fás, scoilt, nascadh,agus ansin athfhás ar bhonn eile. Ba é an teannas cruthaíochseo a thiomáin cúrsaí chun cinn, ach oiread le gach gné bheoeile den chorraíl a bhí ag oscailt roimh mhuintir na hÉireann.

ÉiceolaíÉiceolaíTá bean béal dorais a choinníonn caoi ar a teach, a fear, a mac,is a shíleann gairdín a choinneáil mar iad, go baileach.Beireann sí deimheas ar gach uile rud a fhásann.Ní maith léi fiántas.Ní fhoighníonn le galar ná smál ná féileacán bánná piast ag piastáilis ní maith léi an bláth a ligfeadh a phiotail ar lár.

cuirim feochadáin chuici ar an ngaoth.Téann mo sheilidí de sciuird oíche ag ithe a cuid leitíseSíneann na driseacha agamsa a gcosa faoin bhfál,is ar an bhféar aici siúd a dhéanann mo chaorthainnsecuileanna glasa a thál.

Tá bean béal dorais a choinneodh a gairdín faoi smachtach ní fada go mbainfimid deireadh dúil dá misneach.◊

ÉICEOLAíÉICEOLAíle Biddy Jenkinsonle Biddy Jenkinson

Bhí an scríbhneoir os comhair na cúirte.

‘Mise Deirbhil,’ arsa cailín ard dubh araibh spéaclaí stuama uirthi.

‘Scríobh tusa dán atá ar chúrsa nahArdteiste. San dán sin admhaíonn túgo bhfuil drochmheas agat ar an mbeanbéaldorais mar go bhfuil gairdín néataaici. Cuireann tú seilidí agus feithidíagus fiailí thar claí chuici. Ní dóigh liomsa go bhfuil san ceart.’

Shuigh sí de phrams.

‘Um!’ arsa an scríbhneoir, ‘Lámh inairde iad siúd a aontaíonn le Derbhil.’

Lámh anseo, … lámh ansiúd … Formhórna lámh … …

‘Och, tá reibiliúnachas na hóige imitheanonn sna sean!’ arsa mise liom féin.

DD’fhéadfainn a rá leo go raibh méag tagairt do Dhara Dlí na Teirmidinimice; nach ‘mise’ an

dán, mise an scríbhneoir; go raibh anMháthair Mhór, cruthaitheoir agus marfóir na n-uile, ag caint sa dán; gurmemento mori a bhí ann, nó nach archoincréit a fhásfaidh dán…

Seachas sin rinne mé calaois ar angcomharsa bocht san nach raibh riamhagam.

‘B’í mo chomharsa rúnaí Chumann nanáitritheoirí,’ a dúras. ‘Ghabh sí uirthiféin caighdeán ard néatachta a leagadhar gach éinne sa chomharsanacht.’

Ní fhaca mé rian uafáis ar aghaidh arbith. Thugas faoi ndeara go raibh póstaer, ‘Cathair ghlan; Cathair néata’ar an bhfalla. Ó! Ó!

‘Tá neantóga agamsa sa ghairdín cúilmar gur neantóga is beatha don speigneanta agus do speigeanna anfhéileacáin dé-cheannaigh. Bhí anbhean sin i gcoinne na neantóg.’

Chonaiceas tús comhbhá anseo is ansiúd.

‘Níor thaitin sé léi go mbíodh éiníní ageitilt thar a gairdín chuig na lusannagréine im ghairdínse. Bhíodh na lusannaagamsa lán de shíolta. Ón uair gur thugmuintir Rosenstock leid dom, théinn godtí an zoo gach bliain ag bailiú cac eilifinte mar leasú dóibh.’

Chonaiceas amhras ar aghaidheannaáirithe.

‘Ar ndóigh, dheininn múirín den chac idtosach, le nach mbeadh boladh uaidh.’

Ghlan na haghaidheanna.

‘Agus maidir leis na cuileanna glasa …bhuel, táimse i gcoinne substaintí nimhneacha a úsáid. Mar sin, is dóchago dtéadh créatúirí ó mo ghairdín isteach chuici ó am go chéile. Achmh’anam, go mbíodh sí ag feitheamhorthu le súiste!’

‘D’úsáideadh sí féin substaintí tocsacha?’ d’fhiafraigh Sierra.

‘Agus d’éiligh sí go n-úsáidfinn iadchomh maith: “Tá do ghairdín tosaighlán nóiníní,” ar sise liom lá. “Nach gcuir-feá Green Lawn Compound air le gombeadh glas aonfhoirmeach snagairdíní ar fad?”’

‘Theastaigh uaithi go n-úsáidfeá ceimicí?’ a d’fhiafraigh cailín ard caolnár ith aon ní seachas leitís orgánach,déarfá.

‘Ar nóiníní, ‘ a dúras go truamhéileach.‘Is ansin a scríobhas an dán. An nóinín,bláth na nGael, par excellence…’

Bhuail an clog. Ghabh an múinteoirbuíochas leis an scríbhneoir:

‘Anois go dtuigimid cúlra an dáin,’ arsise, ‘beidh sé i bhfad níos éasca dúinntaithneamh a thabhairt dó.’

áiméan!

Page 25: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201325

AAr thugais faoi deara go bhfuilathrú suaithinseach tagtha ar antslí ina dtuigtear agus a

bpléitear cúrsaí Grá ar na saolta seo?Seans nár thug, rud nár locht ort,b’fhéidir, toisc go bhfuil cúrsaí an tsaoilag dul ar aghaidh faoi mar a bhí riamhanall. Déarfadh Walter Benjamin go bhfuil géarchéim an ama láithrigh sonraithe agam san abairt réamhluaite,áfach, mar NílNíl rudaí ag dul ar aghaidhfaoi mar a bhí riamh anall, ar ndóigh,agus tá athruithe ollmhóra nó réabh-lóideacha, fiú, ag titim amach lá i ndiaidh lae sa tír seo, i ngan fhios dúinngo minic, dhealródh.

Déarfadh Walter Benjamin gogcothaíonn an tuiscint bheagmhaith-easach réamhluaite— ‘tá rudaí ag dul araghaidh faoi mar a bhí riamh anall‘ —cothaíonn sí suaimhneasacht agus tugann sí orainn neamhiontas agusneamhshuim a dhéanamh de nahathruithe réabhlóideacha seo. Godeimhin, más féidir linn traein agimeacht ceann scaoilte a shamhlú leluas lasrach na réabhlóide comhaim-seartha, déarfadh Benjamin gurb é angníomh is réabhlóidí san am i láthair,b’fhéidir, coscán práinne na traenach afháisceadh d’fhonn stad a chur le raonmaidhme na traenach agus nádúr naréabhlóide a scrúdú agus a ghrinniúmar ba chóir. Fágaimis an traein seal,más ea.

Feiniméan comhaimseartha atáaitheanta ag an bhfealsamh SlavojŽižek, is ea an tslí a gcuirtear táirgíáirithe ar an margadh d’fhonn sain -eispéaras comhaimseartha a sholáthardon tomhaltóir. Cad iad na táirgí atá igceist aige, más ea? Caife gan chaiféin,mar shampla. Beoir gan alcól nóuachtar neamhmhéathrais, fiú. Nó cadfaoi ghnéas fíorúil ar an idirlíon? Gnéasgan chomhriachtain is ea é sin munabhfuil breall an-mhór orm … … agus tásúil le Dia agam nach bhfuil!

Pé acusan é, soláthraíonn na táirgíréamhluaite seo saineispéarascomhaimseartha do thomhaltóirí nacruinne. Cuirtear táirge ar fáil ashásaíonn dúil héadónach antomhaltóra sa chaife, mar shampla, ach

ag an am céanna fágtar cáilíochturchóideach an táirge— an chaiféin —ar lár. Tugann Žižek, héadónachascomhaimseartha an mhargaidh ar antuiscint seo. Is féidir linn rud ar bith adhéanamh, taitneamh a bhaint as rudar bith faid is nach mbaineann dainséarar bith leis an táirge úd. Tig linn réaltacht fhíorúil an mhargaidh ashamhlú leis an bpróiseas seo trí chéilearsa Žižek. Nuair a ólann tú caife ganchaiféin, bíonn boladh agus blas caifeuaidh, ach ní caife é, dáiríre.

Cén bhaint atá ag anscéal seo le cúrsaígrá, más ea? Saleabhrán Éloge del’Amour tugann anfealsamh Alain Badiou ‘l’amour zérorisque’ nó grá ganghruaim, b’fhéidir, aran tuiscint nua atátagtha chun cinn idtaca le cúrsaí grá arna saolta seo.Baineadh siar as Badiou nuair achonaic sé póstaerífógraíochta i bPárasdo sheirbhís geandála ar-líne (onlinedating), fógraí a raibh an teachtaireachtchliste seo a leanas orthu: ‘on peut êtreamoureux sans tomber amoureux’... nó‘Tig leat bheith i ngrá GAN titim.’

Tá an próiseas nó an loighic chéanna igceist sa sampla réamhluaite, nach bhfuil? Éilíonn na tomhaltóirí héadónacha Grá, ach ní theastaíonnuathu go mbeidh aon bhaol ann go dtitfidh siad. Réitíonn an margadh antsáinn seo don tomhaltóir. ‘Vous pou-vex parfaitement être amoureux sanssouffrir’ a bhí scríofa ar phóstaer eile. Isféidir leat titim i ngrá gan aon fhulaingt!Geallannn an tseirbhís ar-líne duit gobhfágfar cáilíocht urchóideach anghrá— an titim —ar lár sa phróiseasseo. Conas a deintear sin?

áitíonn Badiou go bhfeidhmíonn nasuíomhanna idirlín seo amhail nabasadóirí nó spéicéirí a bhí suas sa tsaoltraidisiúnta. Tugann tú do shonraí donbhasadóir fíorúil seo agus ar chuma

éigin, is féidir leis páirtí oiriúnach agusgrá a aimsiú duit gan dua, mar dhea. Arndóigh, éiríonn le daoine áirithe páirtíagus grá a aimsiú ar-líne. Is maith athuigeann Badiou sin agus níl aonfhadhb faoin spéir aige leis. Tá fadhb agBadiou le loighic an ghrá ‘zéro-risque’,áfach. Dar le Badiou, séard a dheineannna suíomhanna seo, dáiríre, ná díluacháil iomlán ar an rud a dtugann sé‘la poésie existentielle’ nó filíocht nabeatha uirthi.

Cad atá i gceist ag Badiou le filíocht nabeatha anseo? Nuair a thiteann tú ingrá fulaingíonn tú agus bíonn tú cráitenó craiceáilte uaireanta, leis. Uaireantaeile, áfach, bíonn ardmheanma islúcháir ort. Sin filíocht na beatha. Thuasseal thíos seal ach ní bhíonn aon chinnteacht ann. Nuair a thiteann beirtbhan, beirt fhear, nó fear agus bean ingrá lena chéile, áfach, ní titim gan éirínó titim thubaisteach a bhíonn i gceistmar ar deireadh, éiríonn siad arís idteannta a chéile go haonta. Saphróiseas seo, más ea, is cuid lárnachnó riachtanach, fiú, an titim.

‘L’Amour est à Réinventer’ (Rimbaud)

Diúltaímis don réaltacht fhíorúil asholáthraíonn an grá comhaimsearthaarsa Badiou. Titimis i ngrá is fulaingímisarís is arís eile is bímis ag bitseáil, agbáirseoireacht is ag bruíon feadh anama. Sin í filíocht na beatha. Is deacaircur ina choinne.

— Críoch— Críoch

Grá gan Titim: Grá ComhaimsearthaGrá gan Titim: Grá ComhaimsearthaCaife gan chaiféin, beoir gan alcól, uachtar gan mhéathras …Caife gan chaiféin, beoir gan alcól, uachtar gan mhéathras …

MuiRiS Ó MEARAMuiRiS Ó MEARA

Tugann an fealsamh Alain Badiou‘l’amour zéro risque’ ar an

tuiscint nua!

Page 26: Feasta | Lúnasa 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201326

BlúiríníBlúiríníle

PádraigMac

Fhearghusa

• Báidín Fheidhlimí• Báidín Fheidhlimí

‘Báidín Fheidhlimí’: Cnuasach decheirníní singil Gael Linn, 1968-80, aspreagfaidh cuimhní ar thréimhse araibh na bailéid i mbarr a réime. Clois-tear oirfidigh mar Dónal Lunny, PaulBrady, Clannad agus muintir Uí Dhomh-naill. Chuaigh ceirníní singile mar‘Baidín Fheidhlimí’ le Emmet Spiceland ,‘An Poc ar Buile’ le Seán Ó Sé agus‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’ óThe Johnstons i bhfeidhm go mór arphobal na linne. Sa leabhrán a ghabh -ann leis an albam, tugtar focail nan-amhrán go léir, rud a chuideoidh leosiúd ar mian leo na hamhráin a fhogh-laim. Dlúthdhiosca, €14.99, i siopaí ceoilagus ag www.gael-linn.ie

• Ealaíontóir Traid Cónaithe• Ealaíontóir Traid Cónaithe

Téarma seasta páirtaimseartha ar fáil agan Scoil Cheoil agus Amharclann -aíochta, 1 Deir. Fómh. 2013 go 30 MeánFómh. 2014. Iarratais á lorg ó shár -ealaíontóirí (ceoltóirí, amhránaithe,rinceoirí). Beidh an té a cheapfar marchomhairleoir agus mar mheantóird’ealaíontóirí traidisiúnta nua i bpobalCOC agus cuirfidh sé nó sí sé huaire a’chloig teagmhála ar fáil gach seachtainle ceardlanna, seimineáir agus seisiúinchomhairleoireachta i rith na dtéarmaíollscoile. Iarratais agus CV mar cheang -altán ríomhphoist roimh an 16 Lúnasago dtí an Dr Mel Mercier, An ScoilCheoil agus Amharclannaíochta, COC nó[email protected] Agallaimh i gCorcaighar an 2 Meán Fómhair.

• Uirlis Frithbhulaíochta• Uirlis Frithbhulaíochta

Tá Uirlis Frithbhulaíochta an ISPCC doscoileanna le fáil anois trí mheánGaeilge. Le linn na tréimhse ó thosnaighan feachtas, fuarthas freagra thar abheith dearfach, de dhealramh.Úsáideann scoileanna áirithe an Uirlisféinmheasúnaithe i gcoinne na bulaíochta cheana féin. Táthar sástaanois gur féidir le gaelscoileanna páirt aghlacadh go hiomlán trí mheán naGaeilge. Eolas breise arwww.ispcc.ie/antibullyingtoolkit agus ó:Rhona McGinn (Irish speaker) 01 6767960 / 085 1491445

• Foras na Gaeilge, Samhail Nua • Foras na Gaeilge, Samhail Nua D’fháiltigh Foras na Gaeilge roimh angcinneadh a rinne an ChomhairleAireachta Thuaidh Theas (CATT) ar an10 Iúil 2013: ‘Tá deireadh anois leis anéiginn teacht maidir leis an todhchaí,éiginn teacht a bhí ag cothú míshuaimh-nis, imní agus deacrachtaí le 5 bliana.Caithfidh muid anois obair go dlúth lechéile le cinneadh an CATT a chur i bhfeidhm. Is é atá molta ag an CATT ná:Córas nua maoinithe in áit an chóraisbhunmhaoinithe a bhí ann. An curchuige ná Fóram Comhpháirtíochta de 6cheann-eagraíocht ag feidhmiú arbhonn uile-Éireann ag plé leis na réimsí:◊ 1. Gaeloideachas / Tumoideachasagus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge. ◊2. Oideachas in earnáil an Bhéarla, agusd’aosaigh agus deiseanna úsáide dodhaltaí scoile. ◊ 3. Forbairt Phobail agusEacnamaíochta, ◊ 4. Deiseanna a thac -aíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le BunúGréasán, ◊ 5. Ardú Feasachta, CosaintTeanga agus Ionadaíocht. ◊ 6. ForbairtDeiseanna Úsáidte Gaeilge agusGréasán do Dhaoine Óga ‘Dar le Foras na Gaeilge is réimsí thar abheith tábhachtach iad seo má tá anteanga le brú chun cinn agus má tá anStraitéis 20 bliain agus an DréachtStraitéis ó thuaidh le cur i bhfeidhm gohéifeachtach. Anuas air sin beidh ScéimRaidió Pobail ann agus beidh muid agplé le Coláiste Ollscoile Naomh Muiremaidir le soláthar áiseanna tríd anáisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe sacholáiste. Ní hé go mbeidh Foras naGaeilge ná na sé cheanneagraíocht agdul don obair seo leo féin. Mhol anCATT chomh maith go mbunófaí dhághrúpa ar leith: ‘(A) Fóram Comhpháirtíochta a bheidhcomhdhéanta de cheannasaithe na 6cheann-eagraíocht agus Foras naGaeilge le comhoibriú agus comh-phleanáil a dhéanamh leis an obair ar

fad a chomhtháthú. Beidh an grúpa seoag aontú plean straitéiseach don earnáilagus pleananna a chéile agus ag cinntiúgo mbeidh na ceann-eagraíochtaí agobair go dlúth as lámha a chéile leis anchuid is fearr a dhéanamh don teanga. ‘(B) Fóram Forbartha Teanga don oileána bheidh comhdhéanta de ghrúpaí aguseagrais phobail atá maoinithe ag Forasna Gaeilge. Tabharfaidh an grúpa seoaischothú don Fhóram Comhpháirt -íochta ar fheidhmiú na dtionscadal aran talamh agus déanfaidh siad moltaímaidir leis an bhealach chun tosaigh.’Tiocfaidh na socruithe nua i bhfeidhmón 1 Iúil 2014 agus tá tús curtha leis anbpróiseas athraithe cheana féin.• Éigse: Fintan Lalor• Éigse: Fintan LalorSibhse ar spéis libh stair agus todhchaína hÉireann, a deir Marion Gunn linn,molaim daoibh cuairt a thabhairt arwww.jamesfintanlalor.ie agus áiteannaa chur in áirithe go maith roimh ré, másmian libh freastal ar imeachtaí naScoile, 20 – 21 Meán Fómhair 2013. • Éagóir ar fhoilsitheoirí Gaeilge• Éagóir ar fhoilsitheoirí GaeilgeNíor mhiste ár nguthanna a chur le guthGabriel Rosenstock sa chás seo: ‘Onceagain we have the paper of record [Sinan Irish Times, a léitheoirí dhúra] givingus some helpful advice and insightful reviews in relation to summer readingfor children (I.T. Saturday, 6th July) andonce again Irish-language publishersare completely ignored: Cló Iar-Chonn -acht, Cló Mhaigh Eo, An Gúm, AntSnáthaid Mhór, Walker Éireann, Cois-céim, Móinín, Cois Life, Futa Fata, toname but nine stalwarts of the publish-ing industry, all excluded from yoursummer feature.This blatant imbalanceis insulting not only to hard-workingpublishers in these straitened times butalso to their writers, illustrators, trans-lators,editors, designers, printers, book-sellers - and to the young readers ofIreland, of course.’

Ó chlé anseo, Niall Comer agus Réamonn Ó Ciaráin ó An tUltach, a bhí istigh le Foras na Gaeilge ar an 9 Iúil, i gcomharleis an eagarthóir seo agus Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, chun cás a dhéanamh ar son an dá iris.Iarratais neamhspleácha ar leith a chaithfear a dhéanamh arson Feasta & An tUltach anois, seachas iad a theacht faoi iar-ratas ar bhunmhaoiniú ó Chonradh na Gaeilge. I measc nan-argóintí a deineadh ar son na n-irisí , bhí an comhthéacsdiúltach ina bhfuil scríbhneoirí agus scríbhneoireachtchruthaitheach na Gaeilge: neamhaird na nuachtán áitiúilagus náisiúnta, ciorruithe ar léirmheastóireacht leabhar arRnaG, neamhaird TG4 féin ar fhoilsitheoirí agus ar fhoilsitheoireacht na teanga a bheith inasíorábhar díomá. áitíodh nach bhfuil fáth nach mbeadh scata irisí Gaeilge ann, faoi mar atágo leor irisí staire, seandálaíochta agus ealaíne as Béarla ar fud na tíre, a fhaigheann tacaíochtó fhoinse éigin sa chóras stáit. Saoirse na héagsúlachta atá ó phobal teanga, agus ó scríbh-neoirí cruthaitheacha, seachas guth aonghnéitheach amháin a bheith ag freastal orthu.

Page 27: Feasta | Lúnasa 2013

CEILIÚRADH AN BHLASCAOID 2013CEILIÚRADH AN BHLASCAOID 2013THE BLASCAOD MÓR COMMEMORATION 2013

SAiBhREAS AGuS DÁN NA TEANGASAiBhREAS AGuS DÁN NA TEANGAThe Wealth and Future of the Language

27 - 29 Meán Fómhair / September27 - 29 Meán Fómhair / Septemberionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Co. Chiarraíionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Co. Chiarraí

Arna eagrú ag Fondúireacht an Bhlascaoid, Oidhreacht Chorca Dhuibhne & Ionad an Bhlascaoid (Oifig na nOibreacha Poiblí)

COISTEMáirín Uí Shé

Edna Uí ChinnéideMáire Uí AinínBernie Firtéar

Máirín Ní BhroinFrances Uí Chinnéide

Boscó Ó Conchúir,Máire Uí Shíthigh (Oidhreacht

Chorca Dhuibhne)Micheál de Mórdha.

LE TACAíOCHT Ó:Údarás na Gaeltachta

Foras na GaeilgeBord Oideachais

agus Oiliúna ChiarraíOPW – Oifig na nOibreacha Poiblí

Oidhreacht Chorca DhuibhneComhairle Co. Chiarraí

FULBRIGHT

Dé hAoine, 27 Meán Fómhair Dé hAoine, 27 Meán Fómhair 19.30 Clárú / Registration20.00 oscailt oifigiúil / official opening,

DoNNChA MAC FhioNNLAoiCh TD,Aire Ealaíon, oidhreachta agus Gaeltachta.

20.30 ‘Airde na binne d’fhéar ar an gcuid is fearr dennGaelainn?’ ‘A gable-height of grass on the best ofthe Language?’ Scothchainteoirí ó Chartlann RTÉRnaG in ionad an Bhlascaoid agus foinsí eile.DÁiThÍ DE MÓRDhA, ionad an Bhlascaoid.

Cathaoirleach: Máirín uí Shé21.30 Suí CaidrimhDé Sathairn, 28 Meán FómhairDé Sathairn, 28 Meán Fómhair10.00 Nuachainteoirí Gaeilge – in Éirinn agus thar lear.

New irish speakers at home and abroad. DR. JohNWALSh, Léachtóir Gaeilge, Leas-Déan Taighde,Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus anLéinn Cheiltigh, oÉG/NuiG

10.40 Éire, Meiriceá agus Scéal na Gaeilge / ireland,America and the irish Language. AN DR. TRAoLACh Ó RÍoRDÁiN, An Stiúrthóir ar ChlárLéann na hÉireann, ollscoil Montana.

Cathaoirleach: John Kennedy 11.30 Briseadh tae/caife

12.00 ‘Arbh fhiú an braon allais?’ – gníomhaíocht arson na Gaeilge le glúin nó dhó anuas agus anbealach romhainn. DoNNChA Ó hÉALLAiThE,Taighdeoir is Tráchtaire ar chúrsaí Gaeilge /Gaeltachta ó Chonamara.

Cathaoirleach: Micheál De Mórdha

13.00 LÓN / LuNCh13.00 LÓN / LuNCh14.15 • Bronnadh Sparánacht an Bhlascaoid

• Seoladh Leabhar an CheiliúrthaLéargas ar Scothchainteoirí Dhún Chaoin.

MiChEÁL DE MÓRDhA15.00-16.45 ‘Dob é seo a mbaile tráth....’ Turas timpeall

Dhún Chaoin go dtí ionaid na n-áitreamh a bhí,tráth, ag scothchainteoirí an pharóiste is sia siar inÉirinn. Stiúrthóir: MiChEÁL DE MÓRDhA

20.00-20.30 imirt Cartaí sa Traidisiún agus sa Chaint /Card-playing Traditions: MÍChEÁL Ó SÉ, iarthráchtaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cathaoirleach: helen Ní Shé20.30-22.00 oíche Bhothántaíochta / Evening enter-

tainment: Cluichí Cartaí agus Scrabble as Gaeilge.Dé Domhnaigh 29 Meán FómhairDé Domhnaigh 29 Meán Fómhair11.00 Tae/Caife11.30 ‘Mol an Óige’ / Praise the youth – an cur chuige

is gá do shlánú na teangan i gCorca Dhuibhne -AoiFE NÍ ShÉAGhDhA, Acadamh na hollscolaíochta Gaeilge, ollscoil na hÉireann, Gaillimh. AoiFE NÍ ChoNChúiR, ComhordaitheoirTeangan, Clár Droichead, Pobalscoil Chorca Dhuibhne. ÓRLAiTh RuiSÉAL,Tús Maith,oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Cathaoirleach: Breandán Mac Gearailt12.30 Clabhsúr

——◊——A simultaneous translation from Gaeilge to English

will be available.

CLÁRÚ / REGISTRATION:CLÁRÚ / REGISTRATION: Táille €60 an duine / per person (€40 seanóirí & mic léinn / seniors & students). Tae/ Caife & fáiltithe san áireamh. Níl béilí san áireamh.

Ní mór clárú roimh 6 Meán Fómhair 2013. • Ainm, Seoladh, R-phost & Táille go dtí: Ní mór clárú roimh 6 Meán Fómhair 2013. • Ainm, Seoladh, R-phost & Táille go dtí: An Rúnaí, Ceiliúradh an Bhlascaoid, Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Eolas: 066-91 56100 • R-phost:[email protected] • Suíomh: www.ceiliuradh.comEolas: 066-91 56100 • R-phost:[email protected] • Suíomh: www.ceiliuradh.com

Page 28: Feasta | Lúnasa 2013